Philips 49PUS7170, 49PUS7180, 55PUS7170, 55PUS7180 Manual [gd]

0 (0)

Register your product and get support at

7170/7180 series

www.philips.com/welcome

Lámhleabhar

49PUS7170

49PUS7180

55PUS7170

55PUS7180

Ábhar

1 Turas Teilifíse

 

4

 

 

 

 

 

8.5 Téacs / Teilithéacs

37

 

 

 

 

 

 

 

 

 

8.6

Teilifís Idirghníomhach

38

 

 

1.1 Ultra HD TV

 

4

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

9 Sár-Roghanna

40

 

 

 

1.2 Philips Android TV™

4

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

1.3 Feidhmchláir a úsáid

4

 

 

 

9.1 Maidir le Sár-Roghanna

40

 

 

1.4

Imirt Cluichí

4

 

 

 

 

 

 

 

9.2

Ar Theilifís Anois

40

 

 

 

1.5

Scannáin agus cláir a cailleadh

4

 

9.3

Teilifís ar Éileamh

40

 

 

 

1.6

Cuir teilifís ar sos agus Taifeadtaí

5

 

9.4

Físeáin ar Éileamh

41

 

 

 

1.7

Líonraí Sóisialta

 

5

 

 

 

 

 

10 Naisc, Liosta

42

 

 

 

1.8

Ambilight

 

5

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

10.1 Athraigh go gléas

 

 

 

 

1.9 Ambilight + Hue

 

5

 

 

 

 

 

42

 

 

 

2 Suiteáil

 

6

 

 

 

 

 

 

 

10.2

Braith Gléis

42

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

10.3 Seinn Aon-Iarrachta

42

 

 

2.1 Léigh Sábháilteacht

6

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

11 Feidhmchláir

43

 

 

 

2.2 Seastán Teilifíse agus Gléasadh Balla

6

 

 

 

11.1

Maidir le Feidhmchláir

 

 

 

2.3

Leideanna maidir le Láithriú

 

6

 

43

 

 

2.4 Cábla Cumhachta

 

6

 

 

 

 

 

11.2 Feidhmchlár a shuiteáil

43

 

 

2.5 Cábla na hAeróige

7

 

 

 

 

 

11.3 Tosaigh Feidhmchlár

43

 

 

2.6

Mias Satailíte

7

 

 

 

 

 

 

12 Meáin

 

44

 

 

 

 

3 Líonra

9

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

12.1 Ó Nasc USB

44

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

3.1 Smart TV agus Idirlíon

 

9

 

 

 

12.2 Ó Ríomhaire nó NAS

 

44

 

 

3.2 Nasc le Líonra

9

 

 

 

 

 

 

13 3D

45

 

 

 

 

 

3.3 Socruithe Líonra

 

10

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

13.1 A bhfuil de dhíth ort

 

 

 

 

3.4 Gléasanna Líonra

 

12

 

 

 

 

 

45

 

 

3.5 Comhroinnt Comhad

 

12

 

 

 

13.2 Spéaclaí 3D

45

 

 

 

 

4 Naisc

13

 

 

 

 

 

 

 

13.3 Socruithe 3D

45

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

13.4 Féachaint 3D is fearr

 

45

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.1 Leideanna maidir le Naisc

 

13

 

 

13.5 Cúram a thabhairt do na Spéaclaí 3D

46

4.2 CI+ CAM le Cárta Cliste

 

15

 

 

13.6 Rabhadh Sláinte

46

 

 

 

4.3 Glacadóir - Bosca Bairr

 

 

17

 

 

14 Ilamharc

 

47

 

 

 

 

4.4 Córas Amharclainne Baile - HTS

17

 

 

 

 

 

 

 

14.1

Téacs agus Teilifís

 

 

 

 

4.5

Seinnteoir Diosca Blu-ray

 

19

 

 

47

 

 

 

4.6 Seinnteoir DVD

 

19

 

 

 

 

 

14.2 Gailearaí na bhFeidhmchlár agus Teilifís

47

4.7

Cluasáin

 

19

 

 

 

 

 

 

 

14.3

HDMI agus teilifís

47

 

 

 

4.8 Consóil Cluiche

 

20

 

 

 

 

 

15 Socruithe

48

 

 

 

 

4.9 Ceap Stiúrtha

20

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

15.1 Pictiúr

 

 

 

 

 

 

 

4.10 Diosca Crua USB

 

21

 

 

 

 

 

 

48

 

 

 

 

 

4.11 Méarchlár, nasc

 

21

 

 

 

 

 

15.2 Fuaim

 

53

 

 

 

 

 

4.12 Méaróg Chuimhne USB

 

 

22

 

 

15.3 Ambilight

57

 

 

 

 

4.13 Ceamara grianghraif

 

22

 

 

 

15.4 Éicea-Socruithe

60

 

 

 

4.14 Camthaifeadán

 

22

 

 

 

 

 

15.5 Socruithe Ginearálta

61

 

 

4.15 Ríomhaire

23

 

 

 

 

 

 

 

15.6 Clog, Réigiún agus Teanga

64

 

5 Ag Casadh Air agus As

24

 

15.7

Rochtain Uilíoch

67

 

 

 

 

15.8 Gan sreang agus Líonraí

68

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

5.1 Air nó ar fuireachas

24

 

 

 

 

15.9 Socruithe Android

69

 

 

 

5.2 Gile Logó Philips

 

24

 

 

 

 

 

16

Suiteáil Cainéal

70

 

 

5.3

Méaracha teilifíse

 

24

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

16.1 Suiteáil Aeróige/Cábla

 

 

 

5.4 Uaineadóir Codlata

24

 

 

 

70

 

 

5.5

Amadóir Casta As

 

25

 

 

 

 

 

16.2

Suiteáil Satailíte

73

 

 

 

6 Cianrialtán

26

 

 

 

 

 

17 Bogearaí

 

77

 

 

 

 

6.1 Forbhreathnú ar na heochracha

26

 

17.1 Nuashonrú Bogearraí

 

77

 

 

6.2 Méarchlár

 

27

 

 

 

 

 

 

 

17.2 Leagan Bogearraí

77

 

 

 

6.3

Nasc leis an teilifís

28

 

 

 

 

 

17.3

Bogearraí Foinse Oscailte

 

77

 

6.4 Braiteoir IR

29

 

 

 

 

 

 

 

17.4 Open Source License

78

 

 

6.5

Ceallraí

 

29

 

 

 

 

 

 

 

17.5

Fógraí

 

112

 

 

 

 

 

6.6 Glanadh

 

29

 

 

 

 

 

 

 

18 Sonraíochtaí

113

 

 

 

7 Roghchlár Baile agus Teilifíse

30

 

 

 

18.1 Comhshaol

113

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

7.1 Oscail an Roghchlár Baile

 

 

30

 

 

18.2 Cumhacht

 

113

 

 

 

 

8 Cainéil

 

31

 

 

 

 

 

 

 

18.3 Córas Oibriúcháin

114

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

18.4 Glacacht

114

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

8.1

Liostaí Cainéal

31

 

 

 

 

 

18.5

Taispeáint

 

114

 

 

 

 

8.2 Ag féachaint ar Chainéil

 

 

32

 

 

18.6 Toisí agus Meáchain

 

114

 

 

8.3 Cainéil Cheanáin

 

35

 

 

 

 

 

18.7 Nascacht

114

 

 

 

 

8.4

Eolaire Teilifíse

 

36

 

 

 

 

 

18.8

Fuaim

 

115

 

 

 

 

 

2

18.9 Ilmheáin

115

19 Cúnamh agus Tacaíocht

116

19.1

Cláraigh

116

 

 

19.2

Fadhbanna

 

116

 

19.3

Cabhair

117

 

 

19.4

Cabhair Ar Líne

118

 

19.5

Athdheisiú

 

118

 

20 Sábháilteacht agus Cúram

119

20.1 Sábháilteacht

119

 

 

20.2 Cúram Scáileáin

120

 

 

21 Téarmaí Úsáide_TV

121

 

22 Téarmaí Úsáide_Smart TV

122

23 Cóipchearta

123

 

 

23.1 Ultra HD

123

 

 

 

23.2 HDMI

123

 

 

 

23.3 Dolby Digital Plus

123

 

23.4 DTS Premium Sound ™

123

 

23.5 DLNA Certified®

123

 

 

23.6 Microsoft

123

 

 

 

23.7 Wi-Fi Alliance

124

 

 

23.8 Kensington

124

 

 

23.9 Trádmharcanna Eile

124

 

Innéacs

125

 

 

 

 

3

1

Turas Teilifíse

1.1

Ultra HD TV

Tá taispeáint Ultra HD ag an teilifís seo. Tá an taifeach atá aici ceithre oiread níos fearr ná an taispeáint a bhíonn ag gnáthHD. Is é atá i gceist le Ultra HD ná 8 milliún picteilín chun an pictiúr is míne agus is fearr a thabhairt ar an teilifís.

Anuas air sin, tiontaíonn an tInneall Ultra Pixel HD nua aon chomhartha teilifíse atá ag teacht isteach go taifeach Ultra HD ar bhonn leanúnach. Is féidir leat taitneamh a bhaint as an ardchaighdeán pictiúir seo ón nóiméad a chasann tú do theilifís air. Nó is féidir leat féachaint ar fhíseáin dhúchasacha Ultra HD trí nasc HDMI. Nuair a fhéachann tú ar theilifís le Ultra HD, tá an pictiúr glan agus dea-shainithe, fiú ar scáileán mór.

1.2

Philips Android TV™

Philips Android TV™ le UHD an teilifís seo.

Is féidir leat na mílte scannán, clár teilifíse agus cluiche a fháil ar do Android TV ó Google Play, YouTube agus ó na feidhmchláir is ansa leat.

Fágann moltaí pearsantaithe go bhfuil níos mó ama agat le haghaidh siamsaíochta agus go mbeidh tú ag caitheamh níos lú ama i mbun cuardaigh. Nuair atá Google Cast ionsuite, is féidir leat scannán, cláir teilifíse agus grianghraif a theilgean ó do Chromebook nó do ghléas Android go dtí do theilifís.**

Nuair atá an Philips TV Remote App ar d'fhón cliste nó do thaibléad, bíonn do chainéil teilifíse ar fáil agat ar do chaoithiúlacht. Seol grianghraif chuig an scáileán teilifíse mór nó féach ar an gclár cócaireachta is ansa leat sa chistin ar do thaibléad. As seo amach, is cuid de do theach soghluaiste do theilifís.

Nasc an teilifís le do líonra baile agus leis an Idirlíon.

*Ní mór don teilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon. D'fhéadfadh suibscríbhinní a bheith ag teastáil do roinnt soláthróirí ábhair.

** Tá teilgean optamaithe do sheirbhísí faoi leith amháin. D'fhéadfadh caighdeán an tsrutha i gcás ábhar eile a bheith athraitheach. Is iad seo a leanas

na córais oibriúcháin agus na gléasanna a dtacaítear leo: Android 2.3 agus níos airde, iOS® 7 agus níos airde, Windows® 7 agus níos airde, Mac OS® 10.7 agus níos airde agus Chrome OS (leagan 38 agus níos airde).

Is trádmharcanna de chuid Google Inc Google, Android, Google Play agus marcanna eile. Atáirgtear nó mionathraítear an róbat Android ó obair atá cruthaithe agus roinnte ag Google agus baintear úsáid as de réir na dtéarmaí a bhfuil cur síos orthu sa Creative Commons 3.0 Attribution License.

http://creativecommons.org/licenses/by/3.0/legalco de

1.3

Feidhmchláir a úsáid

Tá roinnt Feidhmchlár praiticiúil réamhshuiteáilte ar do theilifís mar thús.

Taispeánann na leathanaigh Feidhmchlár an bailiúcháin Feidhmchlár ar do theilifís. Díreach cosúil le Feidhmchláir ar d'fhón cliste nó do thaibléad, tairgeann na Feidhmchláir ar do theilifís feidhmeanna sonracha chun d'eispéireas teilifíse a shaibhriú. Feidhmchláir cosúil le cluichí teilifíse nó tuartha aimsire (i measc feidhmchlár eile). Nó oscail Feidhmchlár Brabhsálaí Idirlín chun an tIdirlíon a scimeáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Feidhmchláir.

1.4

Imirt Cluichí

Is í an teilifís seo an scáileán mór atá ag teastáil uait le haghaidh cluichíochta. Tá sé sách mór do bheirt.

Is féidir leat cluiche a imirt ó Chonsól Cluiche nasctha, ó Fheidhmchlár suiteáilte nó díreach cluiche ar líne ar láithreán gréasáin. Is féidir leat an teilifís a athrú go dtí na socruithe is fearr a fheileann do chluichíocht chun gluaiseachtaí tapaidh a éascú. Má imríonn tú cluiche il-imreora a bhfuil scáileáin roinnte i gceist, is féidir leat an teilifís a shocrú chun gach scáileán a thaispeáint mar scáileán iomlán ag an am céanna. Is féidir le gach imreoir díriú ar imirt a chluiche féin.

1.5

Scannáin agus cláir a

cailleadh

Níl ort an teach a fhágáil chun scannán ar cíos a fháil.

4

Oscail Físeán ar Éileamh agus faigh an scannán is déanaí ar do theilifís go díreach. Oscail an Feidhmchlár siopa físeáin, cruthaigh do chuntas pearsanta, roghnaigh an scannán agus brúigh seinn.

Tá Físeán ar Éileamh ar fáil i dtíortha faoi leith.

Chun tuilleadh eolais a fháil,

brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Físeán ar Éileamh.

1.6

Cuir teilifís ar sos agus

Taifeadtaí

Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh ó chainéal teilifíse digití.

Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach bíodh briseadh agat i rith cluiche spóirt. Stórálann an teilifís an craoladh ar an Diosca Crua USB agus is féidir leat féachaint air arís níos deireanaí.

Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat taifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar chlár, nó clár atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú.

1.7

Líonraí Sóisialta

Ní gá duit éirí chun teachtaireachtaí ó do chara a sheiceáil ar do ríomhaire.

Faigheann tú teachtaireachtaí ó do líonra sóisialta ar do scáileán teilifíse. Is féidir leat teachtaireacht a sheoladh ar ais agus tú i do shuí i do sheomra suite.

1.8

Ambilight

Is é Ambilight an ghné is grástúla agus is eisiaiche de do theilifís Philips nua.

Luisne fhíneáilte solais daite atá ann a dhealraíonn ó chúl an scáileáin, rud a chuireann le d'eispéireas súl. Ligeann do chuid súile a scíth le Ambilight ach bíonn d'intinn gafa go hiomlán lena bhfuil le feiceáil.

Is féidir leat cur le Ambilight tuilleadh

le Ambilight+hue. Tabhairt isteach bolgáin Philips Hue* a rialaítear gan sreang. Nuair a socraíonn tú iad, líonfar do sheomra le dathanna a bheidh in oiriúint don mhéid atá ar an teilifís.

Áireoidh tú uait Ambilight nuair a chasann tú as é.

* Díoltar astu féin iad.

1.9

Ambilight + Hue

Do theilifís Ambilight

Teicneolaíocht faoi leith atá in Ambilight Philips. Ní hamháin go bhfeicfear duit go bhfuil do scáileán i bhfad níos leithne, fágann sé go mbeidh eispéireas súl níos tumthaí agat mar go gcaitheann sé luise leathan amach as dá thaobh do theilifís ar na ballaí atá timpeall uirthi. Bogann dathanna agus beocht amach as an scáileán agus isteach i do sheomra suite agus iad ag tabhairt leo eispéireas súl níos aoibheallaí, níos déine agus níos tumthaí.

Ambilight + Hue

Líon do spás – agus do shaol – le hiontas Ambilight. Ligeann Ambilight + hue* duit an t-eispéireas Ambilight a leathnú ar fud do sheomra.

Is féidir leat cur le Ambilight tuilleadh

le Ambilight+hue. Tabhairt isteach bolgáin Philips Hue* a rialaítear gan sreang. Nuair a socraíonn tú iad, líonfar do sheomra le dathanna a bheidh in oiriúint don mhéid atá ar an teilifís.

'Labhraíonn' do theilifís Ambilight agus na bolgáin lí le chéile gan sreang, agus leis sin áireodh tú cumhacht agus dath Ambilight i do thimpeall.

*Díoltar an trealamh lí as féin.

5

2

Suiteáil

2.1

Léigh Sábháilteacht

Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n- úsáideann tú an teilifís.

Chun na treoracha a léamh, brúigh an eochair datha Eochairfhocail agus déan cuardach do

Treoracha Sábháilteachta.

2.2

Seastán Teilifíse agus

Gléasadh Balla

Seastán teilifíse

Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó

www.philips.com sa chás gur chaill tú í.

Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.

Gléasadh Balla

Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).

Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an gléasadh balla á cheannach agat . . .

• 43PUx7100, 43PUx7150

VESA MIS-F 300x200, M6

• 49PUx7100, 49PUx7150, 49PUx7170, 49PUx7180

VESA MIS-F 300x300, M6

• 55PUx7100, 55PUx7150, 55PUx7170, 55PUx7180

VESA MIS-F 300x300, M6

• 65PUx7120

VESA MIS-F 400x400, M6

Ullmhúchán

Bain na 4 scriú chlaibín plaisteacha amach as na boisc shnáithithe ar chúl na teilifíse.

Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.

Rabhadh

Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh tú an teilifís.

Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar thoradh air.

2.3

Leideanna maidir le Láithriú

Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go díreach ar an scáileán.

Ísligh an solas sa seomra chun na dálaí is fearr a fháil don éifeacht Ambilight.

Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.

Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.

2.4

Cábla Cumhachta

• Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER ar chúl na teilifíse.

Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go daingean sa nascóir.

Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga cumhachta sa soicéad balla.

Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta, tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.

6

D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh tréimhse fada.

Brúigh an eochair datha Eochairfhocail agus déan cuardach do Casadh air chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi an teilifís a chasadh air agus as.

2.5

Cábla na hAeróige

Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa soicéad Aeróige ar chúl na teilifíse.

Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.

Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir DVB-T agus DVB-C.

2.6

Mias Satailíte

Cúnamh sainiúil

Seans go mbeidh ort cúnamh sainiúil a fháil nuair atá córas mhias satailíte á shocrú suas agat. D'fhéadfaí suiteáil do chórais satailíte a bheith níos casta mar gheall ar shuiteáil atá déanta cheana ach nach bhfuil fhios agat fúithi nó coinníollacha áitiúla na glacachta satailíte. Mura ndéanfaí an tsuiteáil i gceart, d'fhéadfaí damáiste leictreach a dhéanamh don teilifís.

Rabhadh:

Nuair atá LNB Uilíoch ar do mhias satailíte, ná húsáid

scoilteoirí cábla mura bhfuil suiteáil Unicable á úsáid agat.

Tuner amháin

Ní mór duit 2 chábla comhionanna a nascadh ó do mhias satailíte go dtí an teilifís chun féachaint ar chainéal satailíte agus chun cainéal eile a thaifeadadh ag an am céanna. Mura bhfuil ar fáil agat ach 1 cábla, ní féidir leat féachaint ar aon chainéal ach amháin an ceann a bhfuil tú ag taifeadadh air.

Nasc an cábla ón mias satailíte go díreach go dtí an nasc SAT 1. Úsáid cábla comhaiseach atá in ann mias aeróige satailíte a nascadh. Cinntigh go bhfuil do mhias satailíte ailínithe go foirfe sula dtosóidh tú an tsuiteáil.

Roghnaigh Tiúnóir Amháin i rith na suiteála satailíte.

Dhá Thiúnóir

Ní mór duit 2 chábla comhionanna a nascadh ó do mhias satailíte go dtí an teilifís chun féachaint ar chainéal satailíte agus chun cainéal eile a thaifeadadh ag an am céanna.

Nasc an chéad chábla ón mias satailíte go díreach leis an nasc SAT 1 agus nasc an dara cábla le SAT 2. Úsáid cábla comhaiseach atá in ann mias aeróige satailíte a nascadh. Cinntigh go bhfuil do mhias satailíte ailínithe go foirfe sula dtosóidh tú an tsuiteáil.

Roghnaigh Dhá Tiúnóir i rith na suiteála satailíte.

7

Unicable nó MDU

Má tá córas Unicable á úsáid agat, nasc an cábla leis an nasc SAT 1. Úsáid cábla comhaiseach chun mias aeróige satailíte a nascadh agus ná húsáid ach scoilteoirí cábla atá oiriúnach le Unicable. Cinntigh go bhfuil do mhias satailíte ailínithe go foirfe sula dtosóidh tú an tsuiteáil.

Roghnaigh Dhá Thiúnóir agus Unicable ina dhiaidh sin i rith na suiteála satailíte.

8

3

Líonra

3.1

Smart TV agus Idirlíon

Ní ann don Smart TV gan an tIdirlíon.

Níl an Smart TV seo cliste mura bhfuil sé nasctha le do líonra baile agus leis an Idirlíon. Molaimid go nascfaidh tú leis an Idirlín comhuain is a thosaíonn tú ag úsáid do Smart TV nua. Níl deireadh leis na buntáistí.

Is féidir leat do theilifís a nascadh le do ródaire líonra gan sreang nó sreangaithe.

3.2

Nasc le Líonra

Nasc gan Sreang

A bhfuil de dhíth ort

Teastaíonn ródaire Wi-Fi a bhfuil nasc don Idirlíon aige chun an teilifís a nascadh leis an Idirlíon gan sreang.

Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) leis an Idirlíon.

Déan an Nasc

Gan sreang

 

Chun nasc gan sreang a dhéanamh…

 

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

 

2 -

Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus

brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 -

Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi >

Nasc le

Líonra agus brúigh OK.

 

4 -

Roghnaigh Gan sreang agus brúigh

OK.

5 -

Cliceáil ar do líonra gan sreang sa liosta de na

líonraí a aimsíodh. Mura bhfuil do líonra sa liosta mar go bhfuil ainm an líonra i bhfolach (chas tú as craoladh SSID an ródaire), roghnaigh Cuir Líonra Nua

leis an liosta chun ainm an líonra a chur isteach tú féin.

6 - Ag brath ar chineál an ródaire, cuir isteach d'eochair criptithe - WEP, WPA nó WPA2. Más rud é gur chuir tú isteach an eochair chriptithe don líonra seo cheana féin, is féidir leat OK a chliceáil chun an nasc a dhéanamh láithreach.

7 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an nasc.

WPS

Má tá WPS ag do ródaire, is féidir leat nascadh leis an ródaire go díreach gan scanadh a dhéanamh do líonraí. Má tá gléasanna agat i do líonra gan sreang a úsáideann an córas slándála criptithe WEP, ní féidir leat WPS a úsáid.

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

 

2 -

Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus

brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 -

Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi >

Nasc le

Líonra agus brúigh OK.

 

4 -

Roghnaigh WPS agus ansin brúigh

OK.

5 - Téigh go dtí an ródaire, brúigh an cnaipe WPS agus téigh ar ais go dtí an teilifís laistigh de 2 nóiméad.

6 - Cliceáil Nasc chun an nasc a dhéanamh.

7 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an nasc.

WPS le cód PIN

Má tá WPS a bhfuil cód PIN air ag do ródaire, is féidir leat nascadh go díreach leis an ródaire gan scanadh a dhéanamh do líonraí. Má tá gléasanna agat i do líonra gan sreang a úsáideann an córas slándála criptithe WEP, ní féidir leat WPS a úsáid.

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Nasc le Líonra agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh WPS le cód PIN agus brúigh OK.

5 - Scríobh síos an cód PIN a bhfuil 8 digit ann atá ar taispeáint ar an scáileán agus cuir isteach i mbogearraí an ródaire ar do ríomhaire é. Faigh comhairle ó threoirleabhar an ródaire faoin áit a bhfuil an cód PIN le cur isteach i mbogearraí an ródaire.

6 - Cliceáil Nasc chun an nasc a dhéanamh.

7 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an nasc.

9

Fabhtcheartú

Níor aimsíodh an líonra gan sreang nó tá sé

díchumtha

Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó gléasanna eile Wi-Fi 802.11b/g/n i do chomharsanacht in ann cur isteach ar an líonra gan sreang.

Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra rochtain ar nasc gan sreang na teilifíse.

Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do theach, bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil.

Ní oibríonn an tIdirlíon

• Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil nasc an ródaire don Idirlíon.

Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall

Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan sreang chun eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta aistrithe nó fachtóirí eile a bhaineann le caighdeán an chomhartha.

Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do ródaire.

DHCP

• Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP (Prótacal Óstchumraíochta Dinimiciúla) an ródaire a sheicéail. Ba cheart go mbeadh DHCP casta air.

Nasc Sreangaithe

A bhfuil de dhíth ort

Teastaíonn ródaire líonra uait atá nasctha leis an an Idirlíon chun an teilifís a nascadh leis an

Idirlíon. Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) leis an Idirlíon.

Déan an Nasc

Chun nasc sreangaithe a dhéanamh…

1 - Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla Ethernet**).

2 - Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air.

3 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

5 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Nasc le Líonra agus brúigh OK.

6 - Roghnaigh Sreangaithe agus

brúigh OK. Déanann an teilifís cuardach leanúnach don nasc líonra.

7 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an nasc.

Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an ródaire a sheiceáil. Ba cheart go mbeadh DHCP casta air.

**Chun rialacháin EMC a chomhlíonadh, úsáid cábla Ethernet FTP Cat. 5E díonta.

3.3

Socruithe Líonra

Féach ar Shocruithe Líonra

Is féidir leat gach socrú líonra reatha a fheiceáil anseo. An seoladh IP agus MAC, neart an chomhartha, luas, modh criptithe, etc.

Chun na socruithe líonra reatha a fheiceáil…

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 -

Roghnaigh

Gan sreang agus Líonraí agus

brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 -

Roghnaigh

Sreangaithe nó Wi-Fi > Féach ar

Shocruithe Líonra agus brúigh OK.

4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Cumraíocht Líonra

Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait do líonra a shuiteáil le seolachán IP Statach, athraigh socrú na teilifíse go IP Statach.

Chun an teilifís a shocrú go IP Statach…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi >

Cumraíocht

Líonra agus brúigh OK.

 

4 - Roghnaigh IP Statach agus brúigh

OK chun

Cumraíocht IP Statach a chumasú.

 

5 - Roghnaigh Cumraíocht IP Statach agus cumraigh an nasc.

6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

10

Cas air leis an líonra

Is féidir leat an teilifís seo a chasadh air ó d'fhón cliste nó do thaibléad má tá an teilifís i staid fuireachais. Ní mór an socrú Cas air le Wi-Fi (WoWLAN) a bheith casta air.

Chun athrú go WoWLAN…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Cas air le WiFi (WoWLAN) agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Air agus brúigh OK.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Scáileán cliste Wi-Fi

Ní mór duit Scáileán Cliste Wi-Fi a chasadh air chun féachaint ar chainéil teilifíse dhigiteacha ar d'fhón cliste nó taibléad leis an Philips TV Remote App. Tá an seans ann nach mbeidh roinnt cainéal scrofa ar fáil ar do ghléas soghluaiste.

Chun Scáileán Cliste Wi-Fi a chasadh air…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Scáileán Cliste Wi-Fi agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Air agus brúigh OK.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Cas air nasc Wi-Fi

Is féidir leat an nasc Wi-Fi a chasadh air nó as ar do theilifís.

Chun Wi-Fi a chasadh air…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Wi-Fi Air/As agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Air agus brúigh OK.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Rindreálaí Meán Digiteach - DMR

Mura seinneann do chomhaid meán ar do theilifís, cinntigh go bhfuil an Rindreálaí Meán Digiteach casta air. Bíonn DMR casta air mar réamhshocrú.

Chun DMR a chasadh air…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 -

Roghnaigh

Gan sreang agus Líonraí agus

brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 -

Roghnaigh

Sreangaithe nó Wi-Fi > Digital

Media Renderer - DMR agus brúigh OK.

4 -

Roghnaigh Air agus brúigh OK.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Ainm an Líonra Teilifíse

Má tá níos mó ná teilifís amháin i do líonra baile agat, is féidir leat ainm uathúil a thabhairt don teilifís.

Chun ainm na teilifíse a athrú…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Ainm Líonra Teilifíse agus brúigh OK.

4 - Úsáid an méarchlár ar an scáileán nó an méarchlár ar an gcianrialtán (más ann dó) chun an t- ainm a chur isteach.

5 - Roghnaigh chun an t-athrú a dheimhniú.

6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Glan Cuimhne Idirlín

Glanann tú gach comhad Idirlín atá stóráilte ar do theilifís le Glan cuimhne Idirlín. Glanann tú do chlárú do Philips Smart TV agus do shocrú rátála tuismitheoirí, do logálacha do d'fheidhmchlár siopa físeán, gach ceanán feidhmchláir Smart TV, leabharmharcanna agus stair Idirlín. Ta feidhmchláir MHEG idirghníomhacha in ann 'fianáin', mar a thugtar orthu, a shábháil ar do theilifís freisin. Glanfar na comhaid sin freisin.

Chun an chuimhne Idirlín a ghlanadh…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Sreangaithe nó Wi-Fi > Glan Cuimhne Idirlín agus brúigh OK.

11

4 -

Roghnaigh OK chun deimhniú.

5 -

Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an

roghchlár a dhúnadh.

3.4

Gléasanna Líonra

Tá an teilifís in ann nascadh le gléasanna eile i do líonra gan sreang, cosúil le do ríomhaire nó d'fhón cliste. Is féidir leat ríomhaire a úsáid a bhfuil Microsoft Windows nó Apple OS X air.

3.5

Comhroinnt Comhad

Is féidir leat grianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a oscailt ar an teilifís seo.

12

4

Naisc

4.1

Leideanna maidir le Naisc

Treoir maidir le Nascacht

Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar chaighdeán maith chun a chinntiú go mbeidh aistriú maith pictiúr agus fuaimeanna ann.

Nuair a nascann tú gléas, aithníonn an teilifís a chineál agus tugann sé ainm cineáil ceart do gach gléas. Is féidir leat an t-ainm cineáil a athrú más mian leat. Má shocraítear ainm cineáil ceart do ghléas, athraíonn an teilifís go huathoibríoch go dtí na socruithe teilifíse is fearr a fheileann di nuair a athraíonn tú go dtí an gléas seo sa roghchlár Foinsí.

Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a nascadh leis an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt ar threoir nascachta Philips TV. Tugann an treoir eolas maidir leis an gcaoi nascadh agus maidir leis na cáblaí atá le húsáid.

Téigh go dtí www.connectivityguide.philips.com

Poirt HDMI

Cáilíócht HDMI

Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid cábla HDMI le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD) nó Ultra HD (UHD).

Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.

Cosaint ar chóipeáil

Tacaíonn cáblaí HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).

Port aeróige

Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán agat, nasc cáblaí na haeróige chun comhartha na haeróige a rith tríd an mBosca bairr agus/nó an Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh sé an teilifís. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta.

HDMI ARC

Tá HDMI ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag gach ceann de na naisc HDMI ar an teilifís.

Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le haon cheann de na naisc HDMI ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.

Is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís seo a úsáid chun an HTS a nascadh ach níl ARC ar fáil ach do 1 gléas/nasc ag aon uair amháin.

HDMI Ultra HD

Is féidir leat féachaint ar fhíseáin a rinneadh i dtaifech 'dúchasach' Ultra HD - 3840x2160 picteilín - ar an teilifís seo.

Nasc seinnteoir Diosca Blu-ray, consól cluiche nó ríomhaire atá in ann físeáin Ultra HD a sheinnt le ceann de na naisc HDMI. Úsáid cábla HDMI ardluais chun an nasc a dhéanamh. Tá ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag na naisc HDMI UHD.

13

HDMI CEC - EasyLink

EasyLink

Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid cábla HDMI le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD) nó Ultra HD (UHD). Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.

EasyLink HDMI CEC

Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá EasyLink acu, is féidir leat iad a oibriú leis an gcianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink HDMI CEC a chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.

Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na teilifíse le EasyLink. Úsáideann EasyLink HDMI CEC (Consumer Electronics Control) chun cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha. Ní mór do ghléasanna tacú le HDMI CEC agus a bheith nasctha le nasc HDMI.

Suiteáil EasyLink

Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go bhfuil na socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na gléasanna EasyLink atá nasctha. Tá an seans ann nach n-oibreoidh EasyLink le gléasanna ó bhrandaí eile.

HDMI CEC ar bhrandaí eile

Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet, Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink.

Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI CEC .

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi EasyLink, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do EasyLink HDMI CEC.

Gléasanna a Oibriú

Chun gléas atá nasctha le HDMI a oibriú agus é a shuiteáil le EasyLink, roghnaigh an gléas nó a ghníomhaíocht sa liosta nasc teilifíse. Brúigh

SOURCES , roghnaigh gléas atá nasctha le nasc HDMI agus brúigh OK.

Chomh luath is a bheidh an gléas roghnaithe, is féidir le cianrialtán na teilifíse an gléas a rialú. Mar sin féin, ní chuirtear ar aghaidh chuig an ngléas na heochracha

HOME agus OPTIONS agus roinnt méaracha teilfíse eile, cosúil le Ambilight .

Mura bhfuil an eochair atá uait ar chianrialtán na teilifíse, is féidir leat an eochair a roghnú sa roghchlár Roghanna.

Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Rialuithe ar an mbarrachlár. Roghnaigh an eochair gléis atá uait ar an scáileán agus brúigh OK.

Tá an seans ann nach mbeidh roinnt méaracha gléis an-sainiúil ar fáil sa roghchlár Rialtáin.

Ní fhreagróidh ach gléasanna a thacaíonn leis an bhfeidhm cianrialtán Easylink do chianrialtán na teilifíse.

Socruithe EasyLink

Bíonn na socruithe EasyLink casta air ar an teilifís mar réamhshocrú.

EasyLink

Chun EasyLink a chasadh as go hiomlán…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh EasyLink, brúigh (deas) agus roghnaigh EasyLink céim amháin eile.

4 - Roghnaigh As.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Cianrialtán EasyLink

Má theastaíonn uait go mbeidh cumarsáid idir gléasanna ach níl tú ag iarraidh iad a oibriú le cianrialtán na teilifíse, is féidir leat cianrialtán EasyLink a chasadh as leis féin.

I roghchlár socruithe EasyLink , roghnaigh Cianrialtán EasyLink agus roghnaigh As.

DVI go HDMI

Má tá gléas agat i gcónaí nach bhfuil air ach gléas DVI, is féidir leat an gléas a nascadh le haon ceann de na naisc HDMI le cuibheoir DVI go HDMI.

Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do ghléas ach nasc DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm) isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na teilifíse.

14

Cosaint ar chóipeáil

Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).

Y Pb Pr - Comhpháirt

Is nasc ardchaighdeánY Pb Pr - Fís Chomhpháirte.

Is féidir an nasc YPbPr a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Cuir isteach na comharthaí Fuaime Clé agus Deas in aice leis na comharthaí Y, Pb agus Pr.

Meaitseáil do dhathanna nascóra YPbPr (uaine, gorm, dearg) leis na plugaí cábla nuair a nascann tú.

Úsáid cábla Fuaime Deas/Clé cinch má tá fuaim ag do ghléas freisin.

Fuaim Amach - Optúil

Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach - Optúil.

Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ar do ghléas, ar ghnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Fuaime Isteach - Optúil ar an HTS. Seolann an nasc Fuaime Amach - Optúil an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.

Is féidir leat cineál an chomhartha fuaime amach a shocrú chun dul in oiriúint do chumais fuaime do Chóras Amharclainne Baile.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Socruithe Fuaim Amach.

Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an scáileán, is féidir leat an sioncronú fuaime go fís a choigeartú.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Sionc Fuaim go Fís.

4.2

SCART

Is nasc ar chaighdeán maith é SCART.

Is féidir an nasc SCART a úsáid le haghaidh comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Tá comharthaí físe agus fuaime sa nasc SCART. Tacaíonn an nasc SCART freisin le hathsheinm NTSC.

15

CI+ CAM le Cárta Cliste

CI+

Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.

Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann oibritheoirí teilifíse na cláir seo agus díscrobhann modúl CI+ réamhíoctha iad.

Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá

scothchláir. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag an cláir seo.

Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.

Cárta Cliste Amháin

Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá scothchláir.

Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar an treoir a fuair tú ón oibritheoir.

Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…

1 - Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus don teilifís.

2 - Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.

3 - Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé. Fág sa sliotán go buan é.

Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.

Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste. Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.

Dhá Chárta Cliste

Is féidir le roinnt oibritheoirí teilifíse digití an dara modúl CI+ (CAM) agus cárta cliste a chur ar fáil. Teastaíonn an dara CAM agus cárta cliste nuair atá uait féachaint ar chainéal amháin agus taifeadadh ar chainéal eile ón oibritheoir teilifíse céanna.

Más féidir leat féachaint ar an líon céanna cainéal leis an dá chárta, tá na cearta féachana céanna ag an dá chárta. Má tá tú in ann féachaint ar níos lú cainéal le ceann amháin de na cártaí, níl cearta féachana na gcártaí mar a chéile.

Má tá na cearta féachana céanna ag do chártaí, is cuma cé acu de na cártaí a chuireann tú sna sliotáin. Má tá cearta féachana níos mó ag ceann amháin de na cártaí, cuir an cárta a bhfuil níos mó cearta féachana aige sa sliotán COMMON INTERFACE 1. Cuir an cárta a bhfuil níos lú cearta féachana aige sa sliotán COMMON INTERFACE 2.

Cuir na cártaí cliste isteach sna modúil CAM. Féach ar an treoir a fuair tú ón oibritheoir.

Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…

1 - Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus don teilifís.

2 - Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go réidh sa sliotán.

3 - Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé. Fág sa sliotán go buan é.

Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.

Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste. Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.

Pasfhocail nó cóid PIN

Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís a dhíghlasáil.

Chun an cód PIN a shocrú don CAM…

1 - Brúigh SOURCES .

2 - Cliceáil ar an gcineál cainéil atá in úsáid agat don

CAM.

3 - Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Comhéadan Coiteann.

16

4 - Roghnaigh oibritheoir teilifíse an CAM. Is ón oibritheoir teilifíse a thagann na scáileáin seo a leanas. Lean na treoracha ar an scáileán chun an cód PIN a fháil.

4.3

Glacadóir - Bosca Bairr

Bosca Cábla

Úsáid 2 cábla aeróige chun an aeróg a nascadh leis an mBosca bairr (ar glacadóir digiteach é) agus an teilifís.

Cuir isteach cábla HDMI in aice leis na naisc aeróige chun an Bosca bairr a nascadh leis an teilifís.

Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an mBosca bairr.

Amadóir Casta As

Cas an t-amadóir uathoibríoch seo as mura n- úsáideann tú ach cianrialtán an Bhosca Bhairr amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.

In Cabhair, brúigh an eochair

datha Eochairfhocail agus déan cuardach do Cas as Amadóir chun tuilleadh eolais a fháil.

Tiúnóir Satailíte

Nasc cábla na méise aeróige leis an nglacadóir Satailíte.

Cuir isteach cábla HDMI in aice leis an nasc aeróige chun an gléas a nascadh leis an teilifís.

Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.

Amadóir Casta As

Cas an t-amadóir uathoibríoch seo as mura n- úsáideann tú ach cianrialtán an Bhosca Bhairr amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.

In Cabhair, brúigh an eochair

datha Eochairfhocail agus déan cuardach do Cas as Amadóir chun tuilleadh eolais a fháil.

4.4

Córas Amharclainne Baile -

HTS

Nasc le HDMI ARC

Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile (HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir diosca ionsuite aige.

HDMI ARC

Má tá nasc HDMI ARC ag do Chóras Amharclainne Baile, is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís a úsáid chun nascadh. Ní gá an cábla fuaime breise a nascadh nuair atá HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.

Tá gach nasc HDMI ar an teilifís in ann an comhartha Cainéal Fillte Fuaime (ARC) a thairiscint. Ach a thúisce is atá an Córas Amharclainne Baile nasctha agat, ní féidir leis an teilifís ach an comhartha ARC a sheoladh chuig an nasc HDMI seo.

Sioncronú fuaime go físe (sionc)

Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais

17

Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Sionc Fuaim le Fís.

Nasc le HDMI

Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile (HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir diosca ionsuite aige.

Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras Amharclainne Baile, úsáid cábla fuaime optúil (Toslink) chun fuaim na teilifíse a sheoladh go dtí an Córas Amharclainne Baile.

Sioncronú fuaime go físe (sionc)

Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Sionc Fuaim le Fís.

Socraithe d'Fhuaim Amach

Formáid Fuaime Amach

Má tá Córas Amharclainne Baile agat a bhfuil an cumas aige fuaim ilchainéil a phróiseáil, leithéidí Dolby Digital, DTS® nó a macasamhail, athraigh an socrú don fhormáid Fuaim Amach go Ilchainéal. Ligeann an socrú Ilchainéal don teilifís an comhartha fuaime ilchainéil comhbhrúite a sheoladh ó chainéal teilifíse nó seinnteoir nasctha go dtí an Córas Amharclainne Baile. Má tá Córas Amharclainne Baile agat nach bhfuil próiseáil fuaime ilchainéil aige, roghnaigh Steiréó.

Chun an Fhormáid Fuaime Amach a shocrú…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Ardsocruithe > Formáid Fuaime Amach agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Ilchainéal nó Steiréó, ansin brúigh OK.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Leibhéaladh Fuaime Amach

Úsáid an socrú Leibhéaladh Fuaime Amach chun airde fuaime (treise) na teilifíse agus an Chórais Amharclainne Baile a chothromú nuair a athraíonn tú ó cheann amháin go ceann eile. Is féidir le difríochtaí i bpróiseáil fuaime a bheith in n-údar do dhifríochtaí in airde fuaime.

Chun an difríocht san airde fuaime a leibhéaladh…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Ardsocruithe > Leibhéaladh Fuaime Amach agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Níos mó, Meánach, nó Níos lú, ansin brúigh OK.

5 - Má tá difríocht mhór san airde fuaime, roghnaigh

Níos Mó. Má tá difríocht bheag san airde fuaime, roghnaigh Níos Lú.

6 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Baineann Leibhéaladh Fuaime Amach le comharthaí fuaime Fuaim Amach - Optúil agus HDMI ARC araon.

Moill ar Fhuaim Amach

Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis an teilifís, ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís agus an fhuaim ón HTS sioncronaithe.

Sioncronú uathoibríoch fuaime go físe

Bíonn an fhuaim sioncronaithe le fís go huathoibríoch leis na Córais Amharclainne Baile is nuaí ó Philips, agus bíonn sé i gcónaí ceart.

Moill sionc Fuaime

I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an bhfís. Ardaigh an luach moille ar an gCóras Amharclainne Baile go dtí go meaitseálann an pictiúr agus an fhuaim. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a bheith ag teastáil. Léigh treoir úsáideora an Chórais Amharclainne Baile. Beidh ort an mhoill ar Fhuaim amach ar an teilifís a chasadh as nuair atá luach moille socraithe ar an gCóras Amharclainne Baile.

Chun an Mhoill ar Fhuaim Amach a chasadh as…

18

(deas) chun
(deas) chun

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Ardsocruithe > Mhoill ar Fhuaim Amach agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh As.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Seach-chur Fuaim Amach

Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras Amharclainne Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú chun an fhuaim a shioncronú. Is féidir leat seach-chur a shocrú a dhéanann cúiteamh don mhéid ama atá ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim phictiúr na teilifíse a phróiseáil. Is féidir leat an luach a shocrú i gcéimeanna 5ms. Is -60ms an socrú is airde.

Ba cheart an socrú Moill ar Fhuaim Amach a chasadh air.

Chun sioncronú leis an bhfuaim ar an teilifís…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Fuaim agus brúigh an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Ardsocruithe > Seach-chur Fuaime Amach agus brúigh OK.

4 - Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur fuaime a shocrú agus brúigh OK.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Fadhbanna le fuaim HTS

Fuaim le torann ard

Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne USB atá plugáilte isteach nó ríomhaire nasctha, d'fhéadfadh an torann ó do Chóras Amharclainne Baile a bheith díchumtha. Cloistear an torann sin nuair atá fuaim DTS ag an gcomhad fuaime nó físeáin ach gan próiseáil fuaime DTS a bheith ag an gCóras Amharclainne Baile. Is féidir leat caoi a chur air sin trí

Formáid Fuaim Amach na teilifíse a athrú go Steiréó.

Brúigh le haghaidh Suiteáil > Fuaim >

Ardsocruithe > Formáid Fuaime Amach.

Níl aon fhuaim ann

Mura bhfuil tú in ann an fhuaim a chloisteáil ón teilifís ar do Chóras Amharclainne Baile, seiceáil ar nasc tú an cábla HDMI le nasc HDMI ARC ar an gCóras Amharclainne Baile. Is nasc HDMI ARC gach nasc HDMI ar an teilifís.

4.5

Seinnteoir Diosca Blu-ray

Úsáid cábla HDMI ardluais chun an seinnteoir Diosca Blu-ray a nascadh leis an teilifís.

Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Bluray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse .

In Cabhair, brúigh an eochair

datha Eochairfhocail agus déan cuardach do

EasyLink HDMI CEC chun tuilleadh eolais a fháil.

4.6

Seinnteoir DVD

Úsáid an HDMI cábla chun an seinnteoir DVD a nascadh leis an teilifís.

Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.

Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá EasyLink CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi EasyLink, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do EasyLink HDMI CEC.

4.7

Cluasáin

Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar chúl na teilifíse. Is mion-seac 3.5mm an nasc. Is féidir leat airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.

19

Philips 49PUS7170, 49PUS7180, 55PUS7170, 55PUS7180 Manual

Chun an airde fuaime a athrú…

 

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

 

2 -

Roghnaigh Fuaim agus brúigh

(deas) chun

an roghchlár a oscailt.

 

3 -

Roghnaigh Airde fuaime Cluasán agus brúighOK.

4 -

Brúigh na saigheada (suas) nó

(síos) chun

an luach a athrú.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

4.8

Consóil Cluiche

HDMI

Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla HDMI ardluais chun an caighdeán is fearr a fháil.

YPbPr

Nasc an consól cluiche le cábla físchomhartha comhpháirteanna (Y Pb Pr) agus le cábla fuaim Deas/Clé leis an teilifís.

Clé/Deas / Scart Fuaime-Físe

Nasc an consól cluiche leis an teilifís le cábla ilchodach (CVBS) agus le cábla fuaime Deas/Clé leis an teilifís.

Mura bhfuil ach aschur Físeáin (CVBS) agus Fuaime Clé/Deas ag do chonsól cluiche, úsáid cuibheoir Físe Fuaime Clé/Deas go Scart chun nascadh leis an nasc SCART.

4.9

Ceap Stiúrtha

Nasc Ceap Stiúrtha

Chun cluichí ón Idirlíon a sheinnt ar an teilifís seo, is féidir leat raon roghnaithe Ceapa Stiúrtha gan sreang a nascadh. Nuair a nascann tú an Ceap Stiúrtha, is féidir leat é a úsáid láithreach.

Chun Ceap Stiúrtha a nascadh…

1 - Plugáil isteach an nanaghlacadóir beag i gceann amháin de na naisc USB ar thaobh na teilifíse. Tagann an nanaghlacadóir gan sreang leis an gCeap Stiúrtha.

2 - Má tá an Ceap Stiúrtha casta air, is féidir leat an Ceap Stiúrtha a úsáid.

Is féidir leat an dara Ceap Stiúrtha a nascadh sa dara nasc USB ar thaobh na teilifíse.

Ceapa Stiúrtha

Tá tástáil déanta ar raon roghnaithe Ceap Stiúrtha agus tá siad feiliúnach don teilifís seo. D'fhéadfadh Ceapa Stiúrtha eile gan a bheith inoiriúnaithe go hiomlán.

Is iad na Ceapa Stiúrtha atá feiliúnach…

Logitech F710

Logitech F510

Xbox 360 Wireless Controller for Windows

Speedlink Strike FX Wireless Gamepad

20

Trioblóid le Trasnaíocht

Chun trasnaíocht fhéideartha le gléasanna gan sreang eile ar an teilifís a réiteach…

Úsáid a seolán sínidh USB agus bog an nanaghlacadóir thart ar 1 méadar ón teilifís.

Mar rogha air sin, is féidir leat mol USB a bhfuil cumhacht aige agus atá nasctha leis an teilifís a úsáid agus na nanaghlacadóirí a phlugáil isteach sa mhol USB.

4.10

Diosca Crua USB

A bhfuil de dhíth ort

Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach (craoladh DVB nó a mhacasamhail).

Chun craoladh a chur ar sos

Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a laghad 4GB de spás air.

Chun craoladh a thaifeadadh

Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 250GB de spás saor air. Má tá uait craoladh a thaifeadadh le sonraí eolaire teilifíse ón Idirlíon, ní mór an nasc Idirlín a bheith suiteáilte ar do theilifís sula suiteálann tú an Diosca Crua USB.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi Diosca Crua USB a shuiteáil, brúigh an eochair datha

Eochairfhocail agus déan cuardach do Diosca Crua USB, Suiteáil.

Suiteáil

Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB.

1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc

USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.

2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.

3 - Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití, brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú.

Lean na treoracha ar an scáileán.

Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág nasctha go buan é.

Rabhadh:

Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.

4.11

Méarchlár, nasc

Nasc

Nasc méarchlár USB (den chineál USB-HID) chun téacs a chur isteach ar do theilifís.

Is féidir leat méarchlár agus luch a nascadh leis an teilifís.

Úsáid ceann de na naisc USB chun nascadh.

Suiteáil agus cumraigh an Méarchlár

Cas air an teilifís agus nasc an méarchlár USB le ceann de na naisc USB ar an teilifís chun an méarchlár USB a shuiteáil. Nuair a bhraitheann an teilifís an méarchlár den chéad uair, is féidir leat leagan amach do mhéarchláir a roghnú agus do rogha a thástáil. Má roghnaíonn tú leagan amach méarchláir Choireallaigh nó Ghréigise ar dtús, is féidir leat leagan amach méarchláir Laidinigh a roghnú mar cheann tánaisteach.

Chun socrú leagan amach an mhéarchláir a athrú nuair a roghnaíodh leagan amach…

21

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Socruithe Méarchláir USB , agus brúigh OK chun tús a chur le suiteáil an mhéarchláir.

Eochracha Speisialta

Méaracha chun téacs a chur isteach

Eochair iontrála = OK

Cúlspás = scrios an carachtar roimh an gcursóir

Méaracha saighde = bogadh laistigh de réimse téacs

Chun athrú ó leagan amach méarchláir amháin go ceann eile, má tá leagan amach tánaisteach socraithe, brúigh na méaracha Ctrl + Spásbharra ag an am céanna.

Méaracha d'Fheidhmchláir Smart TV agus do

leathanaigh Idirlín

Táb agus Iomlaoid + Táb = Ar Aghaidh agus Siar

Baile = scrollaigh go dtí barr an leathanaigh

Deireadh = scrollaigh go dtí bun an leathanaigh

Leathanach Suas = téigh leathanach amháin suas

Leathanach Síos = téigh leathanach amháin síos

+ = zúmáil isteach céim amháin

- = zúmáil amach céim amháin

* = cuir an leathanach gréasáin in oiriúint do leithead an scáileáin.

4.12

Méaróg Chuimhne USB

Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.

Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.

Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé liosta a thaispeánann a bhfuil air.

Mura bhfuil liosta na n-ábhar le feiceáil go huathoibríoch, brúigh SOURCES agus cliceáil USB.

Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón méaróg chuimhne USB, brúigh EXIT nó roghnaigh gníomhaíocht eile.

Chun an mhéaróg USB a dínascadh, is féidir leat an mhéaróg USB a tharraingt amach am ar bith.

Ultra HD ar USB

Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif i dtaifeach Ultra

HD ó ghléas nasctha USB nó ó mhéaróg chuimhne. Laghdóidh an teilifís an mhéid go Ultra HD má tá taifeach an ghrianghraif níos airde.

4.13

Ceamara grianghraif

Chun féachaint ar ghrianghraif atá stóráilte ar do cheamara grianghraf digiteach, is féidir an ceamara a nascadh go díreach leis an teilifís.

Úsáid ceann de na naisc USB ar an teilifís chun nascadh. Cas air an ceamara tar éis duit an nasc a dhéanamh.

Mura bhfuil liosta na n-ábhar le feiceáil go huathoibríoch, brúigh SOURCES agus cliceáil USB.

Tá an seans ann go mbeidh ort do cheamara a shocrú chun an t-ábhar atá air a aistriú le PTP (Protacál Aistrithe Pictiúr). Léigh treoirleabhar úsáideora an cheamara grianghraf digiteach.

Ultra HD ar USB

Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif i dtaifeach Ultra HD ó ghléas nasctha USB nó ó mhéaróg chuimhne. Laghdóidh an teilifís an mhéid go Ultra HD má tá taifeach an ghrianghraif níos airde. Ní féidir leat físeán Ultra HD dúchasach a sheinnt ar aon cheann de na naisc USB.

4.14

Camthaifeadán

HDMI

Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.

22

Clé/Deas / Scart Fuaime-Físe

Is féidir leat nasc HDMI, YPbPr nó SCART a úsáid chun do cheamthaifeadán a nascadh. Mura bhfuil ach aschur Físe (CVBS) agus Fuaime Clé/Deas ag do cheamthaifeadán, úsáid cuibheoir Físe Fuaime Clé/Deas go SCART (díoltar as féin é) chun nascadh leis an nasc SCART.

4.15

Ríomhaire

Nasc

Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire.

Le HDMI

Úsáid cábla HDMI chun an ríomhaire a nascadh leis an teilifís.

DVI go HDMI

Mar rogha air sin, is féidir leat cuibheoir DVI go HDMI a úsáid (díoltar as féin é) chun an ríomhaire a nascadh le HDMI agus cábla fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5mm) le AUDIO IN - L/R ar chúl na teilifíse.

Socruithe

Má chuirtear do ríomhaire isteach sa roghchlár Foinse (liosta nasc) mar ghléas den chineál Ríomhaire, socraítear an teilifís don socrú is fearr Ríomhaire go huathoibríoch.

Má úsáideann tú do ríomhaire chun féachaint ar scannáin nó cluichí a imirt, b'fhéidir go mbeidh uait socrú na teilifíse a athrú ar ais go dtí an socrú is fearr chun féachaint ar chláir teilifíse nó cluichíochta.

Chun an teilifís a shocrú de láimh go dtí an socrú is fearr a fheileann…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Pictiúr agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Ardsocruithe > Cluiche nó Ríomhaire, agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Cluiche (do chluichíocht) nó roghnaigh Ríomhaire (chun féachaint ar scannán).

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Ná déan dearmad an socrú Cluiche nó Ríomhaire a athrú go As nuair a éiríonn tú as imirt an chluiche.

23

5

Ag Casadh Air agus

As

5.1

Air nó ar fuireachas

Sula gcasfaidh tú an teilifís air, cinntigh go bhfuil an príomhlíonra cumhachta plugáilte isteach sa nascóir

POWER ar chúl na teilifíse.

Chun an teilifís a chur ar Fuireachas nuair atá an solas táscaire casta as, brúigh an eochair bheag luamháin stiúrtha ar chúl na teilifíse. Lasfaidh an táscaire.

Nuair atá an teilifís i bhFuireachas, brúigh ar an gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air. Mar rogha air sin, brúigh HOME .

Athraigh ar ais go Fuireachas

Chun an teilifís a athrú go dtí Fuireachas, brúigh ar an gcianrialtán.

Bain amach an pluga cumhachta chun an teilifís a chasadh as ar fad.

Nuair a dínascann tú an pluga cumhachta, tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.

5.2

Gile Logó Philips

Is féidir leat gile an lógó Philips ar aghaidh na teilifíse a chasadh as nó a choigeartú.

Chun é a choigeartú nó a chasadh as…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Gile Lógó Philips, agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

4 - Roghnaigh Íosmhéid, Meánach, Uasmhéid, nó As chun soilsiú an lógó a chasadh as, ansin brúigh OK.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

5.3

Méaracha teilifíse

Má tá an cianrialtán caillte agat, nó má tá a cheallraí caite, is féidir leat roinnt oibríochtaí bunúsacha teilifíse a dhéanamh i gcónaí.

Chun an roghchlár bunúsach a oscailt…

1 - Agus an teilifís casta air agat, brúigh an eochair luamháin stiúrtha ar chúl na teilifíse chun an roghchlár bunúsach a oscailt.

2 - Brúigh clé nó deas chun Airde fuaime, Cainéal nó Foinsí a roghnú.

3 - Brúigh suas nó síos chun an airde fuaime a athrú nó tiúnáil go dtí an chéad chainéal eile, nó an ceann roimhe sin. Brúigh suas nó síos chun dul trí liosta na bhfoinsí, lena n-áirítear roghnú tiúnóra. Brúigh an eochair luamháin stiúrtha chun an ceamara a shleamhnú amach.

4 - Imeoidh an roghchlár as amharc go huathoibríoch.

Chun an teilifís a chasadh go dtí fuireachas, roghnaigh agus brúigh eochair an luamháin stiúrtha.

5.4

Uaineadóir Codlata

Is féidir leat an teilifís a shocrú chun athrú go dtí an staid fuireachais go huathoibríoch tar éis tréimhse ama shainiúil leis an Amadóir Codlata.

Chun an tAmadóir Codlata a shocrú…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Amadóir Codlata agus

brúigh (deas). Is féidir leat an t-am a shocrú ar feadh suas le 180 nóiméad in eatraimh de 5 nóiméad leis an mbarra sleamhnáin. Má shocraítear go 0 nóiméad é, castar an t-amadóir codlata as. Is féidir

24

leat i gcónaí do theilifís a chasadh as níos luaithe nó an t-am a athshocrú i rith an chomhairimh síos.

4 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

5.5

Amadóir Casta As

Má fhaigheann an teilifís comhartha teilifíse ach mura mbrúfaidh tú méar ar an gcianrialtán i rith thréimhse 4 uair, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch chun fuinneamh a choigilt. Anuas air sin, mura bhfhaigheann an teilifís comhartha teilifíse nó ordú cianrialtáin ar feadh 10 nóiméad, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch.

Má úsáideann tú an teilifís mar mhonatóir nó má úsáideann tú glacadóir digiteach chun féachaint ar an teilifís (Bosca bairr - STB) agus mura n-úsáideann tú cianrialtán na teilifíse, ba cheart duit an socrú chun an gléas a chasadh as go huathoibríoch a dhíghníomhachtú.

Chun an tAmadóir Casta As a dhíghníomhachtú …

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

 

brúigh OK.

 

 

2 -

Roghnaigh Socruithe teilifíse agus

 

brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

 

3 -

Roghnaigh Amadóir Casta As agus brúigh

OK.

4 -

Brúigh na saigheada (suas) nó

(síos) chun

an luach a athrú. Díghníomhachtóidh an luach

0 an

casadh as uathoibríoch.

 

 

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Chun tuilleadh eolais faoi shocruithe teilifíse atá báúil don timpeallacht a fháil, brúigh an eochair datha

Eochairfhocail agus déan cuardach do Éiceasocruithe.

25

6

Cianrialtán

6.1

Forbhreathnú ar na

heochracha

Barr

1 - Fuireachas / Air

Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go Fuireachas.

2 - Athsheinm agus Taifead

Brúigh , chun athsheinm.

Cuir ar sos , chun athsheinnt a chur ar sos

Brúigh , chun athsheinnt a stopadh

Brúigh , chun athochras.

Brúigh , chun mearchasadh

Brúigh , chun taifeadadh a thosú

3 - Ambilight

Chun ceann de na stíleanna Ambilight a roghnú.

4 - TV GUIDE

Chun an tEolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.

5 -

Chun an roghchlárNETFLIX a oscailt.

6 - Socruithe

Chun an roghchlár Socruithe a oscailt.

7 - TOP PICKS

Chun go gcuirfí i do láthair mar shár-roghanna na cláir teilifíse is ansa leat, na scannáin is déanaí nó na cainéil teilifíse Ar líne is mó a úsáidtear.

8 - LIST

Chun an liosta cainéal a oscailt nó a dhúnadh.

Lár

1 -

Chun roghchláir teilifíse a oscailt.

2 - SOURCES

Chun an roghchlár Foinsí a oscailt.

3 - Méaracha datha

Roghnú díreach roghanna. Osclaíonn an eochair ghorm , Cabhair.

4 - INFO

Chun eolas cláir a oscailt nó a dhúnadh.

5 - BACK

Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a roghnaigh tú roimhe sin.

Chun roghchlár a dhúnadh gan socrú a athrú.

Chun filleadh ar an bhFeidhmchlár/leathanach Idirlín roimhe sin.

6 - - EXIT

Chun athrú ar ais d'fhéachaint teilifíse. Chun feidhmchlár teilifíse idirghníomach a fhágáil.

7 - OPTIONS

Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.

8 - Eochair OK

Chun rogha nó socrú a dhearbhú.

9 - Eochracha saighde/ nascleanúna

Chun dul suas, síos, ar chlé nó ar dheas.

10 - HOME

Chun an roghchlár Baile a oscailt.

Bun

26

1 - MULTIVIEW

Chun scáileán beag breise a oscailt.

2 - Airde fuaime

Chun airde na fuaime a athrú.

3 - Eochracha uimhreach

Chun cainéal a roghnú go díreach.

4 - SUBTITLE

Chun Fotheidil a chasadh air, as nó air i rith balbhaithe.

5 - Cainéal

Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an cainéal roimhe sin, chun an chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin in Téacs/Teilithéacs a oscailt nó chun an chéad chaibidil eile nó an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú. Chun an chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin a oscailt in Téacs/Teilithéacs. Chun an chéad chaibidil eile nó an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú.

6 - Balbhaigh

Chun an fhuaim a chasadh as, nó chun í a chasadh air arís.

7 - TEXT

Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.

6.2

Méarchlár

Forbhreathnú

Qwerty agus Azerty

Forbhreathnú ar mhéarchlár Qwerty / Azerty.*

1 - carachtar Azerty

Suíomh carachtair má tá leagan amach an mhéarchláir athraithe go Azerty.

2 - Iomlaoid

Chun carachtair a chlóscríobh i gcás uachtair.

3 - Ω Carachtair speisialta

Chun an méarchlar ar an scáileán a oscailt chun carachtair aiceannta nó siombailí a roghnú.

4 - Eochair Fn

Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a chlóscríobh.

5 - Spásbharra

6 - Nascleanúint agus OK

7 - Roinn é seo

Chun a bhuil tú ag féachaint air faoi láthair a roinnt ar líne.

* Tá méarchlár Qwerty / Azerty nó Qwerty / Coireallach ar do chianrialtán, ag brath ar do réigiún.

Qwerty agus Coireallach

Forbhreathnú ar mhéarchlár Qwerty / Coireallach.*

1 - Carachtair Choireallacha

Na carachtair atá ar fáil nuair a athraítear an méarchlár go Coireallach.

2 - Lascadh méarchláir Coireallach

Chun an méarchlár a athrú go carachtair Choireallacha nó ar ais go Qwerty.

3 - Iomlaoid

Chun carachtair a chlóscríobh i gcás uachtair.

4 - Ω Carachtair speisialta

Chun an méarchlar ar an scáileán a oscailt chun carachtair aiceannta nó siombailí a roghnú.

5 - Eochair Fn

Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a chlóscríobh

6 - Spásbharra

27

7 - Roinn é seo

Chun a bhuil tú ag féachaint air faoi láthair a roinnt ar líne.

8 - Nascleanúint agus OK

* Tá méarchlár Qwerty/Azerty nó Qwerty/Coireallach ar do chianrialtán, ag brath ar do réigiún.

Téacs a Scríobh

Is féidir leat an méarchlár ar chúl an chianrialtáin a úsáid chun téacs a scríobh in aon réimse téacs ar an scáileán. Athraigh an méarchlár i do threo chun eochracha an chianrialtáin a ghníomhachtú. Beir ar an gcianrialtán le do dhá láimh agus úsáid do dhá ordóg chun clóscríobh.

Cuir isteach téacs

Nuair atá uait téacs a chur isteach i réimse téacs ar an scáileán, roghnaigh réimse téacs agus tosaigh ag clóscríobh.

Brúigh OK chun an téacs a dhearbhú.

Cás uachtair agus Cás íochtair

Chun carachtar i gcás uachtair a chlóscríobh, brúigh an eochair (Iomlaoid) díreach sula gclóscríobhann tú an carachtar.

Chun roinnt carachtar i gcás uachtair a chlóscríobh i ndiaidh a chéile, brúigh agus coinnigh síos an eochair

agus tú ag clóscríobh.

Chun carachtair i gcás uachtair a chlóscríobh go leanúnach, brúigh an eochair ar feadh 2 soicind chun an méarchlár a athrú go mód cáis uachtair. Chun an méarchlár a athrú amach as cás uachtair, brúigh an eochair arís. Mura mbrúfar aon eochair ar feadh tréimhse 20 soicind, casann mód cáis uachtair as go huathoibríoch. Chomh maith leis sin, má bhrúnn tú eochair mhionathraithe eile, leithéid Fn nó Ω, fágann tú mód cáis uachtair.

Uimhreacha agus Carachtair

Poncaíochta

Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a chlóscríobh, brúigh an eochair Fn díreach sula gclóscríobhann tú an uimhir nó an carachtar poncaíochta atá uait. Is féidir leat an mód Fn a chasadh air nó as díreach mar

a dhéanann tú do mhód cáis uachtair.

Idirlíon

Is féidir leat an eochair Fn a úsáid chun www. nó .com a iontráil.

Litreacha a bhfuil Aicinn orthu agus

Siombailí

Níl carachtair aiceannta agus siombailí ar fáil go díreach ar Mhéarchlár an Chianrialtáin.

Is féidir leat an méarchlár ar an scáileán a oscailt chun a leithéid de charachtar a chlóscríobh.

Chun an méarchlár ar an scáileán a oscailt, brúigh Ω. Ar an méarchlár ar an scáileán, is féidir leat an carachtar atá uait a fháil. Athraigh leagan amach an mhéarchláir leis na heochracha dathanna. Brúigh OK chun carachtar a chur isteach. Imíonn an méarchlár ar an scáileán as amharc nuair a bhrúnn tú carachtar ar Mhéarchlár an Chianrialtáin.

Méarchlár Qwerty, Azerty agus

Coireallach

Is é QWERTY leagan amach caighdeánach Mhéarchlár an Chianrialtáin.

Méarchlár Azerty

Is féidir Méarchlár an Chianrialtáin a athrú go Azerty, ag brath ar an réigiún ina bhfuil tú. Tá na carachtair Azerty ar taispeáint ar bharr na n-eochracha ábhartha ar thaobh na láimhe deise.

Chun méarchlár an chianrialtáin a shocrú go Azerty…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Méarchlár an Chianrialtáin agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh AZERTY nó QWERTY agus brúigh OK.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Méarchlár Coireallach

Is féidir Méarchlár an Chianrialtáin a athrú go carachtair Choireallacha ag brath ar an réigiún ina bhfuil tú.

Tá na carachtair Choireallacha ar taispeáint ar bharr eochracha an mhéarchláir ar thaobh na láimhse deise.

Chun carachtair Choireallacha a scríobh…

1 - Brúigh ar an gcianrialtán.

2 - Brúigh chun athrú ar ais go Qwerty.

28

6.3

Nasc leis an teilifís

Péireáil

Úsáideann an cianrialtán seo radaimhinicíocht (RF) chun a orduithe a sheoladh chuig an teilifís. I gcodarsnacht le cianrialtáin a úsáideann comharthaí infridhearg, is féidir leat orduithe a sheoladh leis an gcianrialtán seo gan pointeáil i dtreo na teilifíse.

Chun go mbeidh an cianrialtán in ann cumarsáid leis an teilifís, ba cheart an teilifís agus an cianrialtán araon a bheith péireáilte (nasctha) lena chéile. A thúisce is a bheidh siad péireáilte, ní féidir leat an cianrialtán a úsáid chun teilifís eile a rialú.

Nuair a chuir tú tús le suiteáil na teilifíse, thug an teilifís cuireadh duit an eochair OK a bhrú, agus leis sin, rinneadh an phéireáil. Nuair a chasann tú as an teilifís, stóráltar an phéireáil. Is féidir suas le 5 chianrialtán a phéireáil leis an teilifís seo.

6.4

Braiteoir IR

Úsáideann cianrialtán na teilifíse RF (radaimhinicíocht) chun a orduithe a sheoladh chuig an an teilifís. Ní gá an cianrialtán a phointeáil i dtreo na teilifíse nuair atá RF ann.

Mar sin féin, tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin ar aghaidh na teilifíse.

Péireáil Arís

Is féidir leat cianrialtán eile a phéireáil leis an teilifís seo.

Ní mar a chéile an modh péireála i gcás cianrialtán atá péireáilte le teilifís eile cheana féin seachas cianrialtán nár péireáileadh fós.

• Tá an cianrialtán péireáilte le teilifís eile

Chun an phéireáil a dhéanamh, beir ar an gcianrialtán gar do lógó Philips (thart ar 10cm uaidh) agus brúigh na heochracha Dearg agus Gorm ag an am céanna. Má éiríonn le péireáil, beidh teachtaireacht ann.

• Níl an cianrialtán péireáilte fós

Chun an phéireáil a dhéanamh, beir ar an gcianrialtán gar do lógó Philips (thart ar 10cm uaidh) agus brúigh

OK. Má éiríonn le péireáil, beidh teachtaireacht ann.

Miondíól

Chun teilifís nua — nár péireáileadh fós — a phéireáil le cianrialtán atá péireáilte cheana féin le teilifís eile, beir ar an gcianrialtán gar do lógó Philips (thart ar 10cm uaidh) agus brúigh na heochracha Dearg agus Gorm ag an am céanna.

Feicfidh tú teachtaireacht más rud é gur éirigh leis an bpéireáil.

6.5

Ceallraí

Mura bhfreagraíonn an teilifís do bhrú eochrach ar an gcianrialtán, d'fhéadfadh na ceallraí a bheith caite.

Chun na ceallraí a athsholáthar, oscail raca na gceallraí ar thaobh an mhéarchláir den chianrialtán.

1 - Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léirítear ar an tsaighead.

2 - Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra den chineál AAA-R03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí + agus - de na ceallraí isteach i gceart.

3 - Cuir doras na gceallraí ar ais arís agus sleamhnaigh é go dtí go gcliceálann sé.

Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid agat ar feadh tréimhse fada.

Faigh réidh le do sheancheallraí de réir na dtreoracha a thugtar maidir le deireadh úsáide.

Chun tuilleadh eolais a fháil,

brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Deireadh Úsáide.

6.6

Glanadh

Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán.

Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná glantóirí tí nó an cianrialtán.

29

7

Roghchlár Baile

agus Teilifíse

7.1

Oscail an Roghchlár Baile

Maidir leis an Roghchlár Baile

Nasc an teilifís leis an Idirlíon chun an leas is fearr a bhaint as do theilifís Android.

Díreach cosúil le d'fhón cliste Android nó do thaibléad, is é an roghchlár Baile croí do theilifíse. Is féidir leat aon fheidhmchlár a thosú ón roghchlár Baile, athrú go cainéal teilifíse, scannán a fháil ar cíos, láithreán gréasáin a oscailt nó athrú go gléas nasctha. Tá míreanna éagsúla in ann a bheith ar an roghchlár Baile, ag brath ar shuiteáil do theilifíse agus ar do thír.

Nuair nach bhfuil nasc Idirlín agat, is féidir leat an roghchlár teilifíse a úsáid chun an teilifís a fheidhmiú.

Eagraítear an roghchlár Baile i rónna.

Molann an chéad ró físeáin, físeáin ceoil nó láithreáin ghréasáin a a bhfuil mór-ráchairt orthu. Is féidir leat na socruithe Príobháideachta a shocrú sna Téarmaí Úsáide chun moltaí a cheadú atá bunaithe ar do ghnásanna féachana pearsanta.

Bailiúchán Philips

Tagann na moltaí sa ó seo ón liosta Feidhmchlár.

Feidhmchláir

Tagann na Feidhmchláir sa ró seo ón teilifís nó is Feidhmchláir iad atá íoslódáilte agat féin ón Google Play. Gheobhaidh tú na Feidhmchláir don Teilifís sa ró seo, cosúil le Féach ar Theilifís, Foinsí, Meáin agus eile. Beidh na Feidhmchláir atá tosaithe agat le gairid ar aghaidh an ró.

Cluichí

Is féidir leat cluiche a thosú ar an teilifís anseo. Má íoslódálann tú cluiche, beidh sé le feiceáil sa ró seo.

Foinsí

Is féidir leat athrú go dtí raon ionchur teilifís anseo. Mar sin féin, chun gach ionchur a aimsiú,

brúigh chun an roghchlár Foinsí a oscailt.

Socruithe

Is féidir leat raon socruithe a oscailt anseo. Mar sin féin, chun gach socrú a aimsiú, brúigh SETTINGS agus roghnaigh Gach socrú. Is féidir leat Cabhair a oscailt anseo freisin.

Oscail an Roghchlár Baile

Chun an roghchlár Baile a oscailt agus mír a oscailt…

1 -

Brúigh HOME.

2 -

Roghnaigh mír agus brúigh OK chun é a oscailt

nó a thosú.

3 -

Brúigh BACK chun an roghchlár Baile a

dhúnadh gach aon rud a thosú.

30

Loading...
+ 97 hidden pages