3.14 Cluasáin (Do mhúnlaí teilifíse 4000, 4100, 4200,
6300)13
4 Cas air 14
4.1 Air nó Fuireachas (Do mhúnlaí teilifíse 4000, 5210)
14
5 Cianrialtán 15
5.1 Forbhreathnú ar eochracha (Do mhúnlaí teilifíse
4000, 4100, 4200, 5210)15
5.2 Braiteoir IR 16
5.3 Ceallraí 16
5.4 Glanadh 16
6 Cainéil teilifíse 17
6.1 Ag breathnú ar chainéil teilifíse 17
6.2 Suiteáil cainéil 21
7 Cainéil satailíte (Do mhúnlaí PxK) 25
7.1 Ag féachaint ar chainéil satailíte 25
7.2 Liosta cainéal satatilíte 25
7.3 Cainéil Satailíte Ceanán 25
7.4 Cainéil satailíte a ghlasáil 26
7.5 Suiteáil saitilíte 27
7.6 Fadhbanna le satailítí 30
8 Eolaire teilifíse 32
8.1 An t-eolaire teilifíse a úsáid 32
8.2 Taifeadtaí 32
8.3 Ag fáil sonraí ón eolaire teilifíse 32
9 Foinsí 34
9.1 Liosta foinsí 34
9.2 Ó fhuireachas 34
9.3 EasyLink 34
10 Uaineadóirí agus clog 35
10.1 Uaineadóir codlata 35
10.2 Clog 35
10.3 Múch go huathoibríoch 35
11 Do ghrianghraif, físeáin agus ceol 36
11.1 Ó nasc USB 36
12 Cuir teilifís ar sos 38
12.1 Cuir teilifís ar sos 38
13 Taifeadadh 39
13.1 Na rudaí a bheidh ag teastáil uait 39
13.2 Clár a thaifead 39
13.3 Féach ar thaifeadadh 39
14 Socruithe 41
14.1 Pictiúr 41
14.2 Cluiche nó ríomhaire 43
14.3 Formáid agus ciumhaiseanna 43
14.4 Fuaim 43
14.5 Ambilight (Do mhúnlaí teilifíse 6300) 45
15 Sonraíochtaí 47
15.1 Comhshaol 47
15.2 Glacacht do mhúnlaí PxK 47
15.3 Taispeáint 48
15.4 Cumhacht 48
15.5 Toisí agus meáchain 48
15.6 Nascacht do Pxx4000 49
15.7 Fuaim 50
15.8 Ilmheáin 50
16 Bogearaí 51
16.1 Nuashonrú bogearraí 51
16.2 Leagan bogearraí 51
16.3 Bogearraí foinse oscailte 51
17 Fabhtcheartú agus tacaíocht 52
17.1 Fabhtcheartú 52
17.2 Cláraigh 53
17.3 Cabhair 53
17.4 Cabhair ar líne 54
17.5 Cúram Custaiméirí / Athdheisiú 54
18 Sábháilteacht agus cúram 55
18.1 Sábháilteacht 55
18.2 Cúram scáileáin 56
19 Téarmaí Úsáide, cóipchearta agus
ceadúnais 57
19.1 Téarmaí Úsáide 57
19.2 Cóipchearta agus ceadúnais 57
Innéacs59
2
1
Do theilifís nua
1.1
An teilifís a chur ar sos agus
taifeadtaí
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh
a chur ar sos agus a thaifeadadh ó chainéal teilifíse
digití.
Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach
bíodh briseadh agat i rith cluiche. Stórálann an teilifís
an craoladh ar an Diosca Crua USB agus is féidir leat
féachaint air arís ar ball.
1.2
EasyLink
Is féidir leat gléas nasctha, cosúil le seinnteoir Diosca
Blu-ray, a oibriú le cianrialtán na teilifíse nuair atá
EasyLink agat.
Baineann EasyLink úsáid as HDMI CEC chun
cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha.
3
2
Suiteáil
2.1
Léigh sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula núsáideann tú an teilifís.
- 32PHx4100/12 - VESA MIS-F 100x100,
M4 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 14 mm)
- 32PHx4100/88 - VESA MIS-F 100x100,
M4 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 14 mm)
- 32PHT4100/60 - VESA MIS-F 100x100,
M4 (Íosmhéid 12 mm, Uasmhéid 16 mm)
- 40Pxx4100 - VESA MIS-F 200x200, M4 (Íosmhéid
12 mm, Uasmhéid 16 mm)
- 48Pxx4100 - VESA MIS-F 200x200, M6 (Íosmhéid
12 mm, Uasmhéid 16 mm)
In Cabhair, téigh go Sábháilteacht agus cúram >
Sábháilteacht.
2.2
Seastán teilifíse agus
gléasadh balla
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a
ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig
leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó
www.philips.com sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach
a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le
híoslódáil.
Gléasadh balla
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla
atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).
Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat . . .
Úsáid scriúnna a bhfuil fad acu atá léirithe sa léaráid
chun an brac a ghléasadh go daingean.
- 32Pxx4200 - VESA MIS-F 100x100, M4 (Íosmhéid
10 mm, Uasmhéid 14 mm)
- 40Pxx4200 - VESA MIS-F 200x200, M4 (Íosmhéid
12 mm, Uasmhéid 16 mm)
- 40Pxx6300 - VESA MIS-F 200x200, M6 (Íosmhéid
14 mm, Uasmhéid 24 mm)
- 48Pxx6300 - VESA MIS-F 400x400, M6 (Íosmhéid
14 mm, Uasmhéid 24 mm)
- 55Pxx6300 - VESA MIS-F 400x400, M6 (Íosmhéid
14 mm, Uasmhéid 24 mm)
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula
suífidh tú an teilifís.
Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht
as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh
tionóisc nó gortú mar thoradh air.
2.3
Leideanna maidir le láithriú
- Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go
díreach ar an scáileán.
- Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.
- Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an
teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an
scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh
do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
- 22Pxx4000 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 10
mm, Uasmhéid 10.5 mm)
- 24Pxx4000 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 10
mm, Uasmhéid 10.5 mm)
- 24PHx5210 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 10
mm, Uasmhéid 10.5 mm)
- 32PFx4100 - VESA MIS-F 100x100, M4 (Íosmhéid
10 mm, Uasmhéid 14 mm)
2.4
Cábla cumhachta
- Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER
ar chúl na teilifíse.
- Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha
isteach go daingean sa nascóir.
- Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an
bpluga cumhachta sa soicéad balla.
- Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta,
tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go
4
deo.
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal
ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain
amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a
shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh
tréimhse fada.
2.5
Cábla na haeróige
Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa
soicéad ANTENNA ar chúl na teilifíse.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a
dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte
aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir
DVB-T agus DVB-C.
2.6
Mias satailíte
- Do mhúnlaí PxK
Ceangail an nascóir satailíte den chineál F leis an
nasc satailíte SAT ar chúl na teilifíse.
5
3
Naisc
3.1
Leideanna maidir le naisc
EasyLink HDMI CEC
Treoir maidir le nascacht
Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde
caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar
chaighdeán maith chun a chinntiú
go mbeidh aistriú maith pictiúr agus fuaimeanna ann..
Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a
nascadh leis an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt
ar threoir nascachta Philips TV. Tugann an treoir eolas
maidir leis an gcaoi nascadh agus maidir leis na cáblaí
atá le húsáid.
Téigh go dtí www.connectivityguide.philips.com
Aeróg
Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán
agat, nasc cáblaí na haeróige chun comhartha na
haeróige a rith tríd an mBosca bairr agus/nó an
Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh sé an teilifís.
Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca
bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an
Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta.
Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá
EasyLink acu, is féidir leat iad a oibriú leis an
gcianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink HDMI CEC a
chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.
DVI go HDMI
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do
ghléas ach nasc DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI
agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm)
isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na
teilifíse.
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint
Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha
chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar
chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray.
Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach).
HDMI ARC
Tá HDMI ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag an nasc
HDMI 1 ar an teilifís. Má tá nasc HDMI ARC ag an
ngléas freisin, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile
(HTS) é, nasc le haon cheann de na naisc HDMI 1 ar
an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime breise a
sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat
nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha
sa nasc HDMI ARC.
HDMI
HDMI CEC
Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le
nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime
araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid
cábla HDMI le haghaidh comharthaí teilifíse
Ardghléine (HD) nó Full HD (FHD). Úsáid cábla HDMI
Ardluais chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil
agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.
Sa chás gur fearr leat ARC a chasadh as ar na naisc
HDMI, brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh
Nasc ar chaighdeán maith é SCART. Is féidir an nasc
SCART a úsáid le haghaidh comharthaí físe CVBS
agus RGB ach ní féidir é a úsáid le haghaidh
comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Bíonn idir
comharthaí físe agus fuaime i gceist leis an nasc
SCART.
Úsáid an cábla cuibheora SCART chun do ghléas a
nascadh.
6
Fuaim Amach - Optúil
Nasc ar ardchaighdeán é Fuaim Amach - Optúil. Tá
an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar.
Mura bhfuil nasc HDMI ARC ag do ghléas, ar gnách
gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is féidir leat an
nasc seo a úsáid leis an nasc Optúil - Fuaim Amach ar
an HTS. Seolann an nasc Optúil - Fuaim Amach an
fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
Suiteáil EasyLink
Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go
bhfuil na socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na
gléasanna EasyLink atá nasctha. Tá an seans ann
nach n-oibreoidh EasyLink le gléasanna ó bhrandaí
eile.
HDMI CEC ar bhrandaí eile
Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC
ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet,
Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink
agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go
hiomlán le EasyLink.
Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI
CEC .
Gléasanna a oibriú (Do mhúnlaí 4000,
4100, 4200, 5210 TV)
Chun gléas atá nasctha le
Is féidir leat cineál an chomhartha fuaime amach a
shocrú chun dul in oiriúint do chumais fuaime do
Chóras Amharclainne Baile.
Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an
scáileán, is féidir leat an sioncronú fuaime go físe a
choigeartú.
3.2
EasyLink HDMI CEC
EasyLink
HDMI a oibriú agus é a
shuiteáil le EasyLink,
roghnaigh an gléas - nó a
ghníomhaíocht - sa liosta
nasc teilifíse.
Brúigh SOURCES ,
roghnaigh gléas atá nasctha
le nasc HDMI agus
brúigh OK..
Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na
teilifíse le EasyLink. Úsáideann EasyLink HDMI CEC
(Consumer Electronics Control) chun cumarsáid a
dhéanamh leis na gléasanna nasctha. Ní mór do
ghléasanna tacú le HDMI CEC agus a bheith nasctha
le nasc HDMI.
Chomh luath is a bheidh an gléas roghnaithe, is féidir
le cianrialtán na teilifíse an gléas a rialú. Mar sin féin,
ní chuirtear ar aghaidh chuig an ngléas na heochracha
agus OPTIONS agus roinnt méaracha teilfíse
eile.
Mura bhfuil an eochair atá uait ar chianrialtán na
teilifíse, is féidir leat an eochair a roghnú sa roghchlár
Roghanna.
Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Rialuithe ar an
mbarra roghchláir. Roghnaigh an eochair gléis atá uait
7
ar an scáileán agus brúigh OK.
Tá an seans ann nach mbeidh roinnt méaracha gléis
an-sainiúil ar fáil sa roghchlár Rialtáin.
3.3
Comhéadan Coiteann - CAM
Nóta: Ní fhreagróidh ach gléasanna a thacaíonn leis
an bhfeidhm cianrialtán Easylink do chianrialtán na
teilifíse.
Socruithe EasyLink
Tagann an teilifís le gach socrú EasyLink casta air. Is
féidir leat aon socrú EasyLink a chasadh as go
neamhspleách.
EasyLink
Chun EasyLink a chasadh as go hiomlán . . .
1. Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
5. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Cianrialtán EasyLink
Má theastaíonn uait go mbeidh cumarsáid idir
gléasanna ach níl tú ag iarraidh iad a oibriú le
cianrialtán na teilifíse, is féidir leat cianrialtán EasyLink
a chasadh as leis féin.
Is féidir leat ilghléasanna atá oiriúnach le HDMI-CEC a
rialú le cianrialtán do theilifíse.
I roghchlár socruithe EasyLink, roghnaigh Cianrialtán
EasyLink agus roghnaigh As.
CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag craoltóirí
teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann craoltóir
teilifíse na cláir seo agus díscrobhann modúl CI+
réamhíoctha iad.
Cuireann craoltóirí teilifíse digití an modúl CI+ seo
(Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil nuair a
liostálann tú lena scothchláir. Bíonn leibhéal an-ard
cosaint cóipe ag na cláir sin.
Déan teagmháil le craoltóir teilifíse digití le haghaidh
tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.
CAM
Cuir isteach modúl CAM
Cas as an teilifís sula gcuirfidh tú CAM isteach.
Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le
feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart
é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus
don teilifís.
Seinn aon-iarracht
Nuair a sheinneann tú gléas atá oiriúnach le HDMICEC, athraíonn an teilifís ó fuireachas go dtí an
fhoinse cheart.
Fuireachas aon-iarracht
Nuair a bhrúnn tú ar chianrialtán na teilifíse,
athraíonn an teilifís agus gach gléas atá oiriúnach le
HDMI-CEC go dtí mód fuireachais.
Rialú fuaime córais
Má nascann tú gléas atá oiriúnach le HDMI-CEC a
bhfuil callairí san áireamh leis tríd an nascóir HDMI
ARC, is féidir leat an rogha a dhéanamh fuaim na
teilifíse a chloisteáil ó na callairí sin seachas callairí na
teilifíse.
Úsáid sliotán an Chomhéadain Choitianta ar an teilifís
chun an cárta CAM a chur isteach.
Agus tú ag féachaint ar aghaidh an chárta, cuir isteach
an CAM go réidh chomh fada is atá tú in ann.
Fág an cárta sa sliotán go buan.
D'fhéadfadh roinnt nóiméad a bheith i gceist sula
ngníomhófar an CAM. Díghníomhófar an tseirbhís
craolta ar an teilifís má bhaintear an CAM amach.
Má tá CAM curtha isteach agus má tá na táillí liostála
íoctha (tá bealaí nasctha in ann a bheith éagsúil), is
féidir leat féachaint ar an gcraoladh teilifíse. Is do do
theilifís féin go heisiach an CAM atá curtha isteach.
8
3.4
Bosca bairr - STB
Úsáid 2 cábla aeróige chun an aeróg a nascadh leis
an mBosca bairr (ar glacadóir digiteach é) agus an
teilifís.
Múch go huathoibríoch
Cas as an t-uaineadóir uathoibríoch seo mura núsáideann tú ach cianrialtán an bhosca bhairr amháin.
Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go
huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon
eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Cuir isteach cábla HDMI in aice leis na naisc aeróige
chun an Bosca bairr a nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an mBosca bairr.
Múch go huathoibríoch
Cas as an t-uaineadóir uathoibríoch seo mura n-
úsáideann tú ach cianrialtán an bhosca bhairr amháin.
Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go
huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon
eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Chun an t-uaineadóir Casadh as a chasadh as, brúigh
agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta >
Cas as uathoibríoch agus athraigh an barra
sleamhnáin go As.
3.5
Glacadóir satailíte
Nasc cábla na méise aeróige leis an nglacadóir
Satailíte.
Chun an t-uaineadóir Casadh as a chasadh as, brúigh
agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta >
Cas as uathoibríoch agus athraigh an barra
sleamhnáin go As.
3.6
Córas Amharclainne Baile HTS
Nasc HTS
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile
(HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips
Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir
diosca ionsuite aige.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
HDMI ARC
Tá HDMI ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag an nasc
HDMI 1 ar an teilifís. Má tá nasc HDMI ARC ag an
ngléas freisin, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile
(HTS) é, nasc le haon cheann de na naisc HDMI 1 ar
an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime breise a
sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat
nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha
sa nasc HDMI ARC.
Cuir isteach cábla HDMI in aice leis an nasc aeróige
chun an gléas a nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
9
Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras
Amharclainne Baile, úsáid cábla fuaime optúil
(Toslink) chun fuaim na teilifíse a sheoladh go dtí an
Córas Amharclainne Baile.
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is
féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais
Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu
chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.
Seach-chur Fuaim Amach
Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras
Amharclainne Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú
chun an fhuaim a shioncronú. Is féidir leat seach-chur
a shocrú a dhéanann cúiteamh don mhéid ama atá
ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim
phictiúr na teilifíse a phróiseáil. Is féidir leat an luach a
shocrú i gcéimeanna 1ms. Is 12ms an socrú is airde. Ba
cheart an socrú Moill ar Fhuaim Amach a chasadh air.
Chun an fhuaim ar an teilifís a shioncronú. . .
1. Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
3. Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur
fuaime a shocrú agus brúigh OK.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
formáid Fuaim Amach
Socraithe d'Fhuaim Amach
Moill ar Fhuaim Amach
Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis
an teilifís, ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís
agus an fhuaim ón HTS sioncronaithe.
Sioncronú uathoibríoch fuaime go físe
Bíonn an sioncronú fuaime go físe sioncronaithe go
huathoibríoch leis na Córais Amharclainne Baile is
nua ó Philips, agus bíonn sé i gcónaí ceart.
Moill sionc Fuaime
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans
ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a
mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an
bhfís. Ardaigh an luach moille ar an gCóras
Amharclainne Baile go dtí go meaitseálann an pictiúr
agus an fhuaim. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a
bheith ag teastáil. Léigh treoir úsáideora an Chórais
Amharclainne Baile. Beidh ort an mhoill ar Fhuaim
amach ar an teilifís a chasadh as nuair atá luach
moille socraithe ar an gCóras Amharclainne Baile.
Chun an mhoill ar Fhuaim amach a chasadh as . . .
1. Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Má tá Córas Amharclainne Baile agat a bhfuil an
cumas aige fuaim ilchainéil a phróiseáil, leithéidí
Dolby Digital, DTS® nó a macasamhail, athraigh an
socrú don fhormáid Fuaim Amach go Ilchainéal.
Ligeann an socrú Ilchainéal don teilifís an comhartha
fuaime ilchainéil comhbhrúite a sheoladh ó chainéal
teilifíse nó seinnteoir nasctha go dtí an Córas
Amharclainne Baile. Má tá Córas Amharclainne Baile
agat nach bhfuil próiseáil fuaime ilchainéil aige,
roghnaigh Steiréó.
Chun an fhormáid Fuaim Amach a shocrú. . .
1. Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Leibhéaladh Fuaime Amach
Úsáid an socrú leibhéaladh Fuaime Amach chun airde
fuaime (treise) na teilifíse agus an Chórais
Amharclainne Baile a leibhéaladh nuair a athraíonn tú
ó cheann amháin go ceann eile. Is féidir le difríochtaí i
bpróiseáil fuaime a bheith in n-údar do dhifríochtaí in
airde fuaime.
Chun an difríocht san airde fuaime a leibhéaladh . . .
1. Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
3. Má tá difríocht mhór san airde fuaime, roghnaigh
Níos Mó. Má tá difríocht bheag san airde fuaime,
roghnaigh Níos Lú.
Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
10
roghchlár a dhúnadh.
Baineann leibhéaladh Fuaime Amach le comharthaí
fuaime Fuaim Amach - Optúil agus HDMI ARC araon.
Fadhbanna le fuaim HTS
Fuaim le torann ard
Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne
USB atá plugáilte isteach nó ó ríomhaire nasctha,
d'fhéadfadh an fhuaim ó do Chóras Amharclainne
Baile a bheith díchumtha.
1. Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim >
Ardsocruithe > Formáid Fuaim Amach.
Níl aon fhuaim ann
Mura bhfuil tú in ann an fhuaim ó do theilifís a
chloisteáil ar do Chóras Amharclainne Baile, déan
seiceáil do na rudaí seo a leanas . . .
- Seiceáil ar nasc tú an cábla HDMI le nasc HDMIARC ar an gCóras Amharclainne Baile. Is naisc HDMI
ARC gach nasc HDMI ar an teilifís.
- Seiceáil an bhfuil an socrú HDMI ARC ar an teilifís
casta Air.
Téigh go dtí > Suiteáil > Socruitheteilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > HDMI1 -ARC.
3.8
Seinnteoir DVD
Úsáid an HDMI cábla chun an seinnteoir DVD a
nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá
EasyLink CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú
le cianrialtán na teilifíse.
3.9
Consól cluichí
HDMI
3.7
Seinnteoir Blu-ray
Úsáid cábla HDMI ardluais chun an seinnteoir Diosca
Blu-ray a nascadh leis an teilifís.
Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Bluray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na
teilifíse .
Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla HDMI
ardluais chun an caighdeán is fearr a fháil
3.10
Diosca Crua USB
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh
teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don
chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach
(craoladh DVB nó a mhacasamhail).
Craoladh a chur ar sos
11
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a
laghad 32GB spás air.
Craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn ar a laghad 250GB spáis ar dhiosca.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a
fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an
méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh
athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá
suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le
ríomhaire.
3.11
Méaróg USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.
Eolaire teilifíse
Sula ndéanfaidh tú an cinneadh Diosca Crua USB a
cheannach chun taifeadtaí a dhéanamh, seiceáil an
féidir cainéil teilifíse digití a thaifeadadh i do thír.
Brúigh TV GUIDE ar an gcianrialtán. Má tá cnaipe
Taifead ar leathanach treorach na teilifíse, is féidir leat
taifeadadh.
Suiteáil
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos nó a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú.
1. Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc USB
ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB
eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na
naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé
liosta a thaispeánann a bhfuil air.
Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go
huathoibríoch, brúigh SOURCE , roghnaigh USB
agus brúigh OK.
Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón méaróg
chuimhne USB, brúigh EXIT nó roghnaigh
gníomhaíocht eile.
Chun an mhéaróg USB a dínascadh, is féidir leat an
mhéaróg USB a tharraingt amach am ar bith.
2. Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3. Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití,
brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a
chur ar sos, tosóidh an formáidiú.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a
úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus
ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua
USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
3.12
Camthaifeadán
HDMI
Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI
chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.
12
Ná déan dearmad an socrú Cluiche nó ríomhaire a
chur ar ais go Ríomhaire nuair a éiríonn tú as imirt an
chluiche.
3.14
Cluasáin (Do mhúnlaí teilifíse
4000, 4100, 4200, 6300)
Is féidir leat cluasáin a
3.13
Ríomhaire
Nasc
Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís
agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire.
Le HDMI
Úsáid cábla HDMI chun an ríomhaire a nascadh leis
an teilifís.
DVI go HDMI
Mar rogha air sin, is féidir leat cuibheoir DVI go HDMI
a úsáid chun an ríomhaire a nascadh le HDMI agus
cábla fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5mm) le AUDIO
IN - L/R ar chúl na teilifíse.
Socruithe
An socrú is fearr don mhonatóir
nascadh leis an nasc ar
an teilifís. Mion-seac 3.5mm
an nasc. Is féidir leat airde
fuaime na gcluasán a athrú
leo féin.
Chun an airde fuaime a athrú. . .
1. Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Airdefuaime cluasán agus brúigh OK.
3. Brúigh (suas) nó (síos) chun an airde fuaime
a athrú.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Má chuirtear do ríomhaire isteach sa roghchlár Foinse
(liosta nasc) mar ghléas den chineál Ríomhaire,
socraítear an teilifís don socrú is fearr Ríomhaire go
huathoibríoch.
Má úsáideann tú do ríomhaire chun féachaint ar
scannáin nó cluichí a imirt, b'fhéidir go mbeidh uait
socrú na teilifíse a athrú ar ais go dtí an socrú is fearr
chun féachaint ar chláir teilifíse nó cluichíochta.
Chun an teilifís a athrú go dtí an socrú is fearr de
láimh. . .
1. Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Pictiúr >
Ardsocruithe > Cluiche nó ríomhaire agus brúigh OK.
3. Roghnaigh Cluiche (do chluichíocht) nó roghnaigh
Ríomhaire (chun féachaint ar scannán) agus OK.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
13
4
Cas air
4.1
Air nó Fuireachas (Do
mhúnlaí teilifíse 4000, 5210)
Bí cinnte gur phlugáil tú
isteach an príomhsheolán
cumhachta ar chúl na teilifíse
sula gcasfaidh tú air an teilifís.
Má tá an solas táscaire dearg casta as, brúigh an
cnaipe cumhachta ar thaobh na teilifíse chun an
teilifís a chur ar fuireachas - lasfaidh an táscaire
dearg.
Nuair atá an teilifís ar fuireachas, brúigh ar an
gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air.
Athraigh go dtí fuireachas
Chun an teilifís a athrú go dtí fuireachas, brúigh ar
an gcianrialtán.
Cas as
Brúigh an cnaipe cumhachta ar thaobh na teilifíse
chun an teilifís a chasadh as. Tá an solas táscaire
dearg casta as. Tá an teilifís nasctha leis an
gcumhacht príomhlíonra i gcónaí ach ní ídíonn sé
mórán fuinnimh.
Bain amach an pluga cumhachta chun an teilifís a
chasadh as ar fad.
Nuair a dínascann tú an pluga cumhachta, tarraing an
pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán. Bí
cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga
cumhachta, ar an seolán cumhachta agus ar an
soicéad asraoin i gcónaí.
14
5
Cianrialtán
5.1
Forbhreathnú ar eochracha
(Do mhúnlaí teilifíse 4000,
Leanann feidhm na gcnaipí na treoracha ar an
scáileán.
3. INFO
Chun eolas cláir a oscailt nó a dhúnadh.
4. BACK
Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a roghnaigh tú
roimhe sin.
Chun roghchlár a dhúnadh gan socrú a athrú.
4100, 4200, 5210)
Barr
Fuireachas / Air
1.
Chun an teilifís a chasadh Air nó ar ais go Fuireachas.
2. Eochracha athsheanma
- Brúigh , chun athsheinm.
- Cuir ar sos , chun athsheinnt a chur ar sos
- Brúigh , chun athsheinnt a stopadh
- Brúigh , chun athochras.
- Brúigh , chun mearchasadh
Brúigh , chun taifeadadh anois
3. TV GUIDE
Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.
5. HOME
Chun an roghchlár Baile a oscailt nó a dhúnadh.
6. EXIT
Chun athrú ar ais d'fhéachaint ar an teilifís.
7. OPTIONS
Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.
8. Eochair OK
Chun rogha nó socrú a dhearbhú.
9. Eochracha saighde/ nascleanúna
Chun dul suas, síos, ar chlé nó ar dheas.
10. LIST
Chun liosta na gcainéal a oscailt nó a dhúnadh.
Bun
4. SETUP
Chun an roghchlár Socruithe a oscailt.
5. FORMÁIDIGH
Chun an roghchlár Formáid pictiúir a oscailt nó a
dhúnadh.
Lár
1. SOURCES
Chun an roghchlár Foinsí a oscailt nó a dhúnadh liosta na ngléasanna nasctha.
2. Eochracha dathanna
1. Airde Fuaime
Chun airde na fuaime a athrú.
2.Eochracha uimhreacha agus eochaircheap téacs
Chun cainéal teilifíse a roghnú go díreach nó chun
téacs a chur isteach.
3.SUBTITLE
Chun fotheidil a chasadh air, as nó Uathoibríoch.
4. Balbhaigh
Chun an fhuaim a chasadh as, nó chun í a chasadh air
arís.
5. Cainéal
Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an
cainéal roimhe sin, chun an chéad leathanach eile nó
an leathanach roimhe sin in Téacs a oscailt nó chun
an chéad chaibidil eile nó an chaibidil roimhe sin ar
dhiosca a thosú.
6. TEXT
15
Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.
5.2
Braiteoir IR
Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó
chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun
orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de
chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an
cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin
ar aghaidh na teilifíse.
5.3
Ceallraí
1. Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léiríonn
an tsaighead.
2. Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra den
chineál AAA-LR03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí +
agus - de na ceallraí isteach i gceart.
3. Cuir doras na gceallraí ar ais.
4. Sleamhnaigh siar é go dtí go gcliceálann sé.
Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid
agat ar feadh tréimhse fada.
Faigh réidh le do sheancheallraí de réir na dtreoracha
a thugtar maidir le deireadh úsáide.
5.4
Glanadh
Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán.
Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais.
Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná
glantóirí tí nó an cianrialtán.
16
6
Cainéil teilifíse
6.1
Ag breathnú ar chainéil
teilifíse
Athraigh cainéal (Do mhúnlaí teilifíse
nó .
Chun na liostaí cainéal a dhúnadh gan an cainéal a
athrú, brúigh LIST arís.
Cainéil raidió
Má tá craoladh digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin
raidió dhigiteacha i rith na suiteála. Athraigh go
cainéal raidió díreach mar a athraíonn tú go cainéal
teilifíse.
4000, 4100, 4200, 5210)
Chun féachaint ar chainéil
teilifíse, brúigh . Tiúinfidh
an teilfís go dtí an cainéal
teilifíse ar fhéach tú go
deireanach air.
Mar rogha air sin, brúigh chun an roghchlár Baile a
oscailt agus roghnaigh Teilifís agus brúigh OK.
Chun cainéil a athrú, brúigh or . Má tá
uimhir an chainéil ar eolas agat, clóscríobh an uimhir
leis na heochracha uimhreach.
Liosta cainéal
Féach ar an liosta cainéal ina iomlán
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an liosta cainéal a oscailt.
2. Brúigh OPTIONS chun an roghchlár Roghanna
oscailt.
3. Roghnaigh Liosta, ansin roghnaigh Gach Ceann,
Ceanáin, Raidió, agus Cainéil nua.
Cainéil a athainmniú
Is féidir leat cainéil a athainmniú i liosta na gcainéal.
1. Roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a athainmniú i
gceann de na liostaí cainéal.
2. Brúigh OPTIONS .
3. Roghnaigh Athainmnigh agus brúigh OK.
Cainéal a ghlasáil
Chun cosc a chur ar leanaí ó bheith ag féachaint ar
chainéal nó ar chlár, is féidir leat cainéil a ghlasáil nó
cláir a bhfuil rátáil aoise orthu a ghlasáil.
BrúighOK tar éis duit an uimhir a chur isteach chun
an cainéal a athrú.
Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte
cheana féin, brúigh .
Chun athrú go cainéal ó liosta cainéal
Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun na liostaí cainéal a oscailt.
D'fhéadfadh roinnt leathanach cainéal a bheith sa
liosta cainéal. Chun féachaint ar an gcéad leathanach
eile nó ar an leathanach roimhe sin, brúigh +
Cainéal a ghlasáil
Is féidir leat cainéal a ghlasáil chun cosc a chur ar
leanaí féachaint air. Ní mór duit an Cód glais leanaí a
chur isteach chun féachaint ar chainéal atá glasáilte.
Ní féidir cláir a ghlasáil ó ghléasanna nasctha.
Chun cainéal a ghlasáil . . .
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an Liosta cainéal a oscailt.
2. In aon cheann de na liostaí, roghnaigh an cainéal a
bhfuil uait é a ghlasáil.
3. Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Glasáil
cainéal. I liosta cainéal, marcáltar cainéal glasáilte le
glas .
Chun cainéal a díghlasáil, roghnaigh an cainéal atá
glasáilte sa liosta cainéal, brúigh OPTIONS , agus
roghnaigh Díghlasáil cainéal. Beidh ort an Cód glais
leanaí a chur isteach.
Rátáil tuismitheoirí
Is féidir leat rátáil aoise a úsáid chun leanaí a stopadh
17
ó bheith ag féachaint ar chlár nach bhfuil feiliúnach
dá n-aois.
Athraigh an fhormáid pictiúir de réir na foinse
ionchuir.
Tá rátáil aoise déanta ag roinnt craoltóirí ar a gcuid
clár. Nuair atá rátáil aoise cláir cothrom le nó níos
airde ná an aois atá socraithe agat mar rátáil aoise do
do leanbh, glasálfar an clár.
Chun féachaint ar chlár atá glasáilte, ní mór duit an
cód glais leanaí a chur isteach. Tá an rátáil aoise
tuismitheoirí socraithe do gach cainéal.
Chun rátáil aoise a shocrú. . .
1. Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe cainéil > Glas leanaí > Rátáiltuismitheora agus brúigh OK.
3. Cuir isteach cód Glas leanaí le 4 digit agus
dearbhaigh. Is féidir leat rátáil aoise a shocrú anois.
4. Socraigh an aois agus brúigh OK.
5. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
6. Chun rátáil aoise tuismitheora a chasadh as,
roghnaigh Gan aon aoismar shocrú aoise.
Iarrfaidh an teilifís ort an cód a sholáthar chun an clár
a dhíghlasáil. I gcás roinnt craoltóirí / oibreoirí, ní
chuireann an teilifís glas ach ar chláir a bhfuil rátáil
níos airde orthu.
- Ollzúmáil
Baineann sé na barraí dubha as ar thaobhanna
craoltaí 4:3. Déantar coigeartú ar an bpictiúr chun an
scáileán a líonadh.
- Fairsingiú scannán 16:9
Scála formáid 4:3 go 16:9. Ní mholtar do HD nó do PC
é.
- Scáileán leathan
Síneann sé an pictiúr go formáid 16:9.
- Neamhscálaithe
Mód sainiúil d'ionchur HD nó ríomhaire. Taispeáint
picteilín ar phicteilín. D'fhéadfadh barraí dubha a
bheith le feiceáil i gcás pictiúr ó ríomhaire.
- 4:3
Taispeáin an leagan amach caighdeánach 4:3.
Téacs / Teilithéacs
Leathanaigh téacs (Do mhúnlaí teilifíse 4000, 4100,
4200, 5210)
Chun an cód glais a shocrú nó a athrú
Chun an cód glais a shocrú nó chun an cód reatha a
athrú . . .
1. Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe cainéal > Glas leanaí >
Athraigh cód agus brúigh OK.
3. Má tá an cód socraithe cheana féin, cuir isteach an
cód glais leanaí atá ann faoi láthair agus ansin cuir
isteach an cód nua faoi dhó.
Tá an cód nua socraithe.
An bhfuil do chód dearmadtha agat?
Chun an cód glais leanaí a shárú má tá sé
dearmadtha agat agus ceann nua a chur isteach, cuir
isteach 8888.
Formáid pictiúir
Má tá barraí dubha le feiceáil ag barr agus ag bun an
phictiúir nó ar gach taobh de, is féidir leat an fhormáid
pictiúir a choigeartú go formáid pictiúir a líonann an
scáileán.
Chun an fhormáid pictiúr a athrú . . .
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
chun an roghchlár Formáid pictiúir a oscailt.
2. Roghnaigh formáid ón liosta agus brúigh OK.
Tá an fhormáid seo a leanas in ann a bheith ar fáil ag
brath ar an bpictiúr ar an scáileán. . .
- Uathoibríoch
Chun Téacs (Teilitéacs) a
oscailt agus tú ag féachaint ar
chainéil teilifíse, brúigh
TEXT.
Chun téacs a dhúnadh, brúigh TEXT arís.
Roghnaigh leathanach téacs
Chun leathanach a roghnú...
1. Cuir isteach uimhir an leathanaigh leis na
heochracha uimhreacha.
2. Úsáid na heochracha saighde chun nascleanúint.
3. Brúigh eochair datha chun ábhar atá dathchódaithe
a roghnú ag bun an scáileáin.
Foleathanaigh téacs
Tá roinnt foleathanach in ann a bheith ag leathanach
téacs. Taispeántar uimhreacha na bhfoleathanach ar
bharra in aice le huimhir an phríomhleathanaigh.
Chun foleathanach a roghnú, brúigh nó .
18
Loading...
+ 42 hidden pages
You need points to download manuals.
1 point = 1 manual.
You can buy points or you can get point for every manual you upload.