Philips 40PFL7007H User manual

!!!"#$%&%#'"()*+!,&()*,
-,.%'/,012)301#0)43(/15641.,/1'3##)0/15/ 78881',0%,'19*50/1:;<1=>
?8@A:7887 ?B@A:7887 CC@A:7887
:D*$&,5E$50
1
1.1
1.2
1.3
1.4
1.5
1.6
1.7
1.8
1.9
1.10
2
2.1
2.2
2.3
2.4
2.5
2.6
2.7
2.8
3
3.1
3.2
3.3
3.4
3.5
3.6
3.7
3.8
3.9
3.10
3.11
4
4.1
4.2
4.3
4.4
4.5
4.6
5
5.1
5.2
5.3
5.4
5.5
5.6
6
6.1
6.2
6.3
6.4
6.5
6.6
6.7
6.8
Turas 3
Smart TV 3 App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) 3 Físeáin ar cíos 3 Teilifís ar líne 3 Líonraí sóisialta 4 Skype 4 Fóin chliste agus táibléid 4 An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí 4 Cluichíocht 5 EasyLink 5
Suiteáil 6
Seastán teilifíse agus gléasadh balla 6 Leideanna maidir le láithriú 6 Cábla cumhachta 7 Aeróg 7 Líonra 7 Nasc gléasanna 9 Roghchlár suiteála 18 Sábháilteacht agus cúram 19
Teilifís 21
Cas air 21 Cianrialtán 21 Ag Féachaint ar an Teilifís 24 Eolaire teilifíse 33 Athraigh go gléasanna 34 Fotheidil agus teangacha 34 Uaineadóirí agus clog 36 Socruithe pictiúr 36 Socruithe fuaime 37 Socruithe Ambilight 38 Rochtain uilíoch 39
3D 41
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait 41 Do spéaclaí 3D 41 Ag féachaint ar 3D 42 Féachaint 3D is fearr 43 Rabhadh sláinte 43 Cúram a thabhairt do na spéaclaí 3D 43
Smart TV 44
Roghchlár Baile 44 Feidhmchláir Smart TV 44 Físeáin, grianghraif agus ceol 47 Cuir teilifís ar sos 49 Taifeadadh 49 Feidhmchlár MyRemote 50
Skype 55
Céard é iTV? 55 Tosaigh Skype 55 Teagmhálaithe 56 Ag déanamh glao ar Skype 57 Creidmheas Skype 58 Socruithe Skype 59 Sínigh amach: 59 Téarmaí Úsáide 59
7
7.1
7.2
8
8.1
8.2
8.3
8.4
8.5
8.6
8.7
8.8
9
9.1
9.2
9.3
9.4
10
10.1
10.2
10.3
10.4
11
11.1
11.2
11.3
11.4
11.5
11.6
Cluichí 60
Cluiche a imirt 60 Cluichí dhá imreoir 60
Sonraíochtaí teilifíse 61
Comhshaol 61 Cumhacht 62 Glacacht 62 Taispeáint 62 Fuaim 62 Ilmheáin 62 Nascacht 63 Toisí agus meáchain 63
Bogearraí teilifíse 64
Leagan bogearraí 64 Nuashonrú bogearraí 64 Bogearraí foinse oscailte 64 Ceadúnas foinse oscailte 65
Tacaíocht 66
Cláraigh 66 Ag úsáid Cabhair agus Cuardach 66 Cabhair ar líne 66 Cúram Custaiméirí 66
Cóipchearta agus ceadúnais 67
HDMI 67 Dolby 67 Skype 67 DivX 67 Microsoft 67 Trádmharcanna eile 67
Innéacs 68
2 Ábhar
1

Turas

1.1

Smart TV

Nasc an Philips Smart LED TV leis an Idirlíon agus bain triail as taithí nua teilifíse. Is féidir leat nasc sreinge a dhéanamh le do ródaire nó is féidir leat nascadh gan aon sreang le Wi-Fi.
Nuair atá an teilifís nasctha le do líonra baile, is féidir le fón cliste grianghraf a thais peáint ar an teilifís, is féidir leat físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a sheinnt nó an teilifís a rialú le do tháibléad.
Nuair atá do theilifís nasctha leis an Idirlíon, is féidir leat féachaint ar fhíseán ar cíos ó shiopa fís eán ar líne, an t-eolaire teilifíse ar líne a léamh nó an clár teilifíse is ansa leat a thaifeadadh ar Dhiosca Crua USB. Bainfidh tú níos mó taitnimh as feidhmchláir Smart TV mar go bhfuil gach cineál seirbhís siamsaíochta agus chaoithiúil iontu.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Smart TV chun tuilleadh eolais a fháil.
1.2

App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)

Oscail App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)i Smart TV chun na feidhmchláir a bhrabhs áil, ar bailiúchán de láithreáin ghréasáin iad atá curtha in oiriúint don teilifís .
Aimsigh an Feidhmchlár d'fhíseáin YouTube, nuachtán náisiúnta, albam grianghraf ar líne, Facebook, Twitter, srl . Tá Feidhmchláir ann chun fís eán a fháil ar cíos ó shiopa fís eán ar líne agus chun féachaint ar chláir a chaill tú. Mura bhfaighidh tú a bhfuil uait s an App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár), bain triail as an nGréasán Domhanda agus bí ag scimeáil ar an Idirlíon ar an teilifís.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) chun tuilleadh eolais a fháil.
1.3

Físeáin ar cíos

Ní gá duit an baile a fhágáil chun féachaint ar fhíseán ar cíos. Díreach faigh an s cannán is nua ar cíos ó do shiopa físeán réigiúnach ar líne.
Tosaigh Smart TV agus cuir Feidhmchlár an tsiopa físeán ar leathanach tosaigh Smart TV. Oscail Feidhmchlár an tsiopa físeán, cruthaigh do chuntas pearsanta féin, roghnaigh an scannán agus brúigh Seinn. Níl aon útamáil le híoslódáil, is féidir leat féachaint ar an scannán láithreach*.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Físeáin ar cíos chun tuilleadh eolais a fháil.
* Ag brath ar sheirbhís fís-sruthaithe an tsiopa físeán atá i gceist.
1.4

Teilifís ar líne

Ligeann Feidhmchláir Teilifís ar líne Smart TV (teilifís sruthaithe) duit féachaint ar chlár teilifíse atá díreach caillte agat nó féachaint ar chlár nuair a fheileann sé is fearr duit. Bí ag faire amach don lógó craoltóra san App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár).
Turas / Teilifís ar líne 3
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Teilifís ar líne chun tuilleadh eolais a fháil.
1.5

Líonraí sóisialta

Ní gá duit dul chuig do ríomhaire chun teachtaireachtaí do chara a sheiceáil. Oscail Smart TV, roghnaigh leathanach do líonra sóisialta agus seol teachtaireacht ar ais díreach ón áit a bhfuil tú i do shuí.
Tacaíonn Smart TV leis na líonraí sóisialta Facebook agus Twitter.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) chun tuilleadh eolais a fháil.
1.6

Skype

Is féidir leat glaonna físeáin a dhéanamh ar do theilifís in aisce le Skype™.
Is féidir leat glaoch ar do chairde áit ar bith ar domhan agus iad a fheiceáil ar an scáileán. Teastaíonn ceamara a bhfuil micreafón ionsuite ann agus nasc maith don Idirlíon chun glao físe a dhéanamh.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Skype chun tuilleadh eolais a fháil.
1.7

Fóin chliste agus táibléid

Íoslódáil an feidhmchlár Philips MyRemote ó shiopa feidhmchlár d'fhóin chliste nó do thaibléid chun d'fhón cliste nó do thaibléad a úsáid mar chianrialtán teilifíse nó mar do rialaitheoir meán.
Oibrigh do theilifís ó d'fhón cliste nó do thaibléad, athraigh an cainéal nó athraigh an airde fuaime. Is féidir leat d'fhón nó do thaibléad a úsáid chun grianghraif, ceol nó físeáin a sheoladh ó do ríomhaire go dtí do theilifís leis an bhfeidhmchlár MyRemote. Agus nuair atá an feidhmchlár MyRemote ar thaibléad agat, is féidir leat an t-eolaire teilifíse a fháil, léamh faoi na cláir teilifíse agus an teilifís a athrú go dtí cainéal eile díreach le brú cnaipe amháin. Tá an feidhmchlár MyRemote ar fáil don iOS agus d'Android.
In Cabhair , brúigh * List agus cuardaigh feidhmchlár MyRemote chun tuilleadh eolais a fháil.
1.8

An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí

Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh ó chainéal teilifíse digití.
Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach bíodh briseadh agat i rith cluiche. Stórálann an teilifís an craoladh ar an Diosca Crua USB agus is féidir leat féachaint air arís ar ball.
4 Turas / An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí
Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat iad a thaifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar an gclár nó clár atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Cuir teilifís ar sosTaifeadadh chun tuilleadh eolais a fháil.
1.9

Cluichíocht

Má roghnaíonn tú consól cluiche sa roghchlár Baile, athraíonn an teilifís go huathoibríoch go dtí na s ocruithe is fearr a fheileann do chluichíocht.
Má imríonn tú cluiche il-imreora a bhfuil scáileáin roinnte ann, is féidir leat an teilifís a shocrú chun gach scáileán a thaispeáint mar scáileán iomlán. Beidh gach imreoir in ann díriú ansin ar a chluiche féin.
Baineann an teilifís úsáid as teicneolaíocht 3D chun an dá scáileán a thaispeáint. Teastaíonn spéaclaí 3D ón dá imreoir chun cluiche dhá imreoir a imirt le dhá scáileán iomlán.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Consól cluiche nó Cluichí dhá imreoir chun tuilleadh eolais a fháil.
1.10

EasyLink

Is féidir leat gléas nasctha, cosúil le seinnteoir Diosca Blu-ray, a oibriú le cianrialtán na teilifís e nuair atá EasyLink agat. Baineann Eas yLink ús áid as HDMI CEC chun cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh EasyLink chun tuilleadh eolais a fháil.
Turas / EasyLink 5
2

Suiteáil

2.1

Seastán teilifíse agus gléasadh balla

Seastán teilifíse
Tá callairí teilifíse ionsuite ag bun an seastáin teilifíse. Tá bosca callairí níos mó sa seastán teilifíse a thugann an fhuaim is fearr i gcomparáid leis na callairí ionsuite a bhíonn ann i dtaispeáint thanaí teilifíse.
Nasc an cábla go teann ag bun an seastáin leis an teilifís i gcónaí le haghaidh fuaime. Chun an fhuaim is fearr a fháil, ná bíodh bun an seastáin ar chairpéad ná ar éadach tiubh.
Is féidir leat treoracha gléasta na teilifíse a fháil sa Treoir Mearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó www.philips.com sa chás gur chaill tú é. Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Gléasadh balla, chun an seastán teilifíse a úsáid chun an teilifís a ghléasadh ar bhalla.
Gléasadh balla
Is féidir an teilifís a ghléasadh ar an mballa freisin le bun agus le muinéal seastán na teilifíse.
Cuir an bun agus an muinéal le chéile chun gléasadh sclóine a dhéanamh nó, mar rogha air sin, ná húsáid ach an bun chun an teilifís a ghléasadh níos gaire don bhalla. Nasc cábla an bhun go teann leis an teilifís i gcónaí le haghaidh fuaime.
Treoracha do ghléasadh balla
Is féidir leat na treoracha do ghléasadh balla a fháil sa Treoir Mearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Sa chás go bhfuil an treoir seo caillte agat, is féidir leat an treoir a íoslódáil ó www.philips.com Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Oiriúint gléasadh balla teilifíse a úsáid
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é). Aimsigh an cód VESA code in aice le huimhir chineál na teilifíse.
- 40PFL7007 - VESA MIS-F 200,200,M6
- 40PFL7007 - VESA MIS-F 200,200,M6
- 40PFL7007 - VESA MIS-F 400,400,M6
- 40PFL8007 - VESA MIS-F 200,200,M6
- 40PFL7007 - VESA MIS-F 200,200,M6
- 40PFL7007 - VESA MIS-F 400,400,M6
- 46PFL9707 - VESA MIS-F 300,300,M6
- 60PFL9607 - VESA MIS-F 400,400,M6
Ullmhúchán
Bain as na 4 scriú ar chúl na teilifíse a chlúdaíonn na poill scriú VESA. Ná húsáid na 4 scriú seo chun an brac ghléasadh balla a fheistiú. Chun an brac a fheistiú go daingean, úsáid fad scriú mar a thaispeántar sa léaráid.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh tú an teilifís. Ní ghlacann TP Vision Netherlands B.V. le haon fhreagracht as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar thoradh air.
2.2

Leideanna maidir le láithriú

Cuir an teilifís in áit nach bhfuil an solas ag lonrú go díreach ar
an scáileán.
Ísligh an solas sa seomra chun na dálaí is fearr a fháil don éifeacht Ambilight.
Cuir an teilifís suas le 25 cm ón mballa chun an éifeacht Ambilight is fearr a fháil.
Is é an fad is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
Cuir an teilifís ar dhromchla crua chun an fhuaim is fearr a fháil.
6 Suiteáil / Leideanna maidir le láithriú
2.3

Cábla cumhachta

Cuir an cábla cumhachta isteach i soicéad POWER na teilifíse. Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go daingean sa teilifís. Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga cumhachta sa soicéad balla. Nuair atá an cábla cumhachta á dínascadh agat, tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh tréimhse fada.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Fuireachas chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi an teilifís a chasadh air agus as.
2.4

Aeróg

Aimsigh an nasc aeróige ar chúl na teilifíse. Cuir isteach cábla na haeróige go daingean i soicéad Aeróga.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte aeróige (atá coitianta i réigiúin áirithe). Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir DVB-T agus DVB-C.
2.5

Líonra

Nasc gan sreang
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Teastaíonn ródaire gan sreang uait chun an teilifís a nascadh gan sreang leis an Idirlíon. Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) don Idirlíon.
Déan an nasc
Lean céimeanna 1 go 5.
Suiteáil / Líonra 7
Bogearraí freastalaí meán
Nuair atá bogearraí freastalaí meán ar do ríomhaire agat, is féidir leat do ghrianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a oscailt ar scáileán do theilifíse. Úsáid leagan de na bogearraí freastalaí meán a eisíodh le gairid, cosúil le Windows Media Player 11, Twonky™ nó rud éigin eile cosúil leis*. Suiteáil na bogearraí ar do ríomhaire agus socraigh suas é chun do chomhaid meán a roinnt leis an teilifís. Léigh treoirleabhar na mbogearraí freastalaí meán chun tuilleadh eolais a fháil. Chun do chomhaid a oscailt ar an teilifís, ní mór don bhogearraí freastalaí meán a bheith ar siúl ar do ríomhaire.
* In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Bogearraí freastalaí meán, tacaithe chun forbhreathnú a fháil ar na bogearraí freastalaí meán atá tacaithe.
Céim 1 - Bí cinnte go bhfuil ródaire do líonra gan sreang casta air.
Céim 2 - Brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Céim 3 - Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK. Céim 4 - Roghnaigh Gan Sreang agus brúigh OK. Céim 5 - Roghnaigh Scan chun scanadh do do líonra gan
sreang. Má tá ródaire agat le WPS (Suiteáil Cosanta Wi-Fi), is féidir leat WPS a roghnú. Déan do rogha agus brúigh OK.
- Scanadh Roghnaigh Scanadh chun scanadh do do líonra gan sreang (do ródaire gan sreang). D'fhéadfadh an teilifís roinnt líonraí gan sreang a aimsiú i do chomharsanacht.
- WPS Má tá WPS ag do ródaire, is féidir leat nascadh go díreach don ródaire gan scanadh. Téigh go dtí an ródaire, brúigh an cnaipe WPS agus téigh ar ais go dtí an teilifís taobh istigh de 2 nóiméad. Ansin brúigh Nasc chun an nasc a dhéanamh. Má tá gléasanna i do líonra gan sreang a úsáideann an córas criptithe slándála WEP, ní féidir leat WPS a úsáid. Má chaitheann tú an cóid pin WPS a úsáid chun nascadh, roghnaigh Scanadh in áit WPS.
Céim 6 - Sa liosta líonraí a aimseofar, roghnaigh do líonra gan sreang agus brúigh OK. Mura bhfuil do líonra sa liosta mar go bhfuil ainm an líonra i bhfolach (chas tú as craoladh SSID an ródaire), roghnaigh
Iontráil de Láimh chun ainm an líonra a chur isteach tú féin.
Céim 7 - Ag brath ar an gcineál ródaire atá agat, is féidir leat
d'eochair criptithe a chur isteach anois (WEP, WPA nó WPA2). Má tá an eochair criptithe don líonra seo curtha isteach agat cheana, is féidir leat Ar Aghaidh a roghnú chun an nasc a dhéanamh láithreach. Má thacaíonn do ródaire le WPS nó le WPS pin, is féidir leat WPS, WPS pinCaighdeánach a roghnú. Déan do rogha agus brúigh OK.
- Caighdeánach Roghnaigh Caighdeánach chun an eochair criptithe (pasfhocal, pasfhrása nó eochair slándála) a chur isteach de láimh. Is féidir leat an méarchlár ar an gcianrialtán a úsáid chun an eochair criptithe a chur isteach. Nuair atá an eochair curtha isteach agat, brúigh Nasc.
- WPS pin Chun nasc daingnithe WPS a dhéanamh le cód PIN, roghnaigh WPS pin agus brúigh OK. Scríobh síos an cód PIN a thaispeánfar a mbeidh ocht n-uimhir ann agus cuir isteach i mbogearraí an ródaire ar do ríomhaire é. Téigh ar ais go dtí an teilifís agus brúigh Nasc. Téigh go dtí treoirleabhar an ródaire chun fáil amach cá bhfuil an cód PIN le hiontráil i mbogearraí an ródaire.
Céim 8 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a éireoidh leis an nasc.
Cumraíocht líonra
Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an ródaire a sheiceáil. Ba cheart socrú an DHCP a athrú go Air. Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait do líonra a shuiteáil le seolachán IP statach, athraigh socrú na teilifíse go IP Statach.
Chun socrú na teilifíse a athrú go IP Statach, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe líonra > Cumraíocht líonra > IP Statach. Nuair atá IP Statach roghnaithe sa roghchlár agat, is féidir leat an seoladh IP agus socruithe riachtanacha eile a athrú in Cumraíocht IP Statach sa roghchlár céanna.
Fadhbanna líonra
Níor aimsíodh an líonra gan sreang nó tá sé díchumtha
Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó gléasanna eile Wi-
Fi 802.11b/g/n i do chomharsanacht in ann cur isteach ar an líonra gan sreang.
Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra rochtain ar nasc gan sreang na teilifíse.
Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do theach, bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil.
Ní oibríonn an tIdirlíon
Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil nasc an
ródaire don Idirlíon.
Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall
Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan sreang chun
eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta aistrithe nó fachtóirí eile a bhaineann le caighdeán an chomhartha.
Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do ródaire.
Nasc sreangaithe
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Teastaíonn ródaire líonra chun an teilifís a nascadh leis an Idirlíon. Úsáid ródaire a bhfuil nasc ardluais (leathanbhanda) aige don Idirlíon.
Suiteáil Lean céimeanna 1 go 5. 1 - Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla
Ethernet**).
2 - Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air. 3 - Brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. 4 - Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK. 5 - Roghnaigh Sreangaithe agus brúigh OK.
Déanann an teilifís cuardach leanúnach don nasc líonra. Taispeánfar teachtaireacht nuair a éireoidh leis an nasc.
Cumraíocht líonra
Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an ródaire a sheiceáil. Ba cheart DHCP a shocrú do Air. Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait do líonra a shuiteáil le seolachán IP statach, athraigh socrú na teilifíse go IP Statach.
8 Suiteáil / Líonra
Chun socrú na teilifíse a athrú go IP Statach, brúigh h agus
Socruithe líonra
Chun na socruithe Líonra a oscailt, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh socruithe Líonra agus brúigh OK.
Socruithe líonra amhairc
Tá gach socrú líonra reatha ar taispeáint anseo. An seoladh IP agus MAC, neart an chomhartha, luas, modh criptithe, srl.
Cineál líonra
Athraíonn sé socrú an líonra do Sreangaithe nó Gan Sreang.
Cumraíocht líonra
Athraíonn sé socrú chumraíocht an líonra do DHCP & IP Uathoibríoch nó IP Statach.
Cumraíocht IP Statach
Má tá IP Statach socraithe, is féidir leat gach socrú IP statach riachtanach a shocrú anseo.
Rindreálaí Meán Digiteach - DMR
Chun glacadh le comhaid ilmheáin ó fhóin chliste nó táibléid, athraigh an DMR do Air.
Ainm an líonra teilifíse
Má tá níos mó ná teilifís amháin i do líonra, is féidir leat na teilifíseanna a athainmniúanseo.
Glan cuimhne Idirlín
Glanann tú gach comhad Idirlín atá stóráilte ar do theilifís le Glan cuimhne Idirlín. Glanann tú clárú do Philips Smart TV agus do shocrú rátála tuismitheoirí, do logálacha do d'fheidhmchlár siopa físeán, gach ceanán feidhmchláir Smart TV, leabharmharcanna agus stair Idirlín. Ta feidhmchláir MHEG idirghníomhacha in ann 'fianáin', mar a thugtar orthu, a shábháil ar do theilifís freisin. Glanfar na comhaid sin freisin.
2.6

Nasc gléasanna

Leideanna maidir le naisc
Treoir maidir le nascacht
Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde caighdeáin atá ar f áil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar chaighdeán maith chun
a chinntiú go n-aistreofar pictiúir agus fuaimeanna go maith.
Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a nascadh leis an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt ar threoir nascachta Philips TV. Tugann an treoir eolas maidir leis an gcaoi nascadh agus maidir leis na cáblaí atá le húsáid.
Téigh go dtí www.connectivityguide.philips.com
Aeróg
Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán agat, nasc cáblaí na haeróige chun comhartha na haeróige a rith tríd an mBosca bairr agus/nó an Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh sé an teilifís. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta.
HDMI
Tá an caighdeán is fearr pictiúir agus fuaime ag nasc HDMI. Tá comharthaí físeáin agus fuaime in aon chábla HDMI. Úsáid cábla HDMI le haghaidh comharthaí teilifíse ardghléine (HD). Chun an t-aistriú comhartha is airde caighdeáin a fháil, ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 méadar.
roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe líonra > Cumraíocht líonra > IP Statach. Nuair atá IP Statach roghnaithe sa roghchlár, is féidir leat an seoladh IP agus socruithe riachtanacha eile a shocrú iCumraíocht IP Statach sa roghchlár céanna.
Bogearraí freastalaí meán
Nuair atá bogearraí freastalaí meán ar do ríomhaire agat, is féidir leat do ghrianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a oscailt ar scáileán do theilifíse. Úsáid leagan de na bogearraí freastalaí meán a eisíodh le gairid, cosúil le Windows Media Player 11, Twonky™ nó rud éigin eile cosúil leis*. Suiteáil na bogearraí ar do ríomhaire agus socraigh suas é chun do chomhaid meán a roinnt leis an teilifís. Léigh treoirleabhar na mbogearraí freastalaí meán chun tuilleadh eolais a fháil. Ní mór do na bogearraí freastalaí meán a bheith ar siúl ar do ríomhaire chun do chomhaid a oscailt ar an teilifís.
* In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Bogearraí freastalaí meán, tacaithe chun forbhreathnú a fháil ar na bogearraí freastalaí meán atá tacaithe.
**Chun rialacháin EMC a chomhlíonadh, úsáid cábla Ethernet FTP Cat. 5E díonta.
Suiteáil / Nasc gléasanna 9
EasyLink HDMI CEC
Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá EasyLink acu, is féidir leat iad a oibriú le cianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink HDMI CEC a chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha. In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh EasyLink HDMI
CEC chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi EasyLink a úsáid.
HDMI ARC
Tá ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag gach ceann de na naisc HDMI ar an teilifís. Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le haon cheann de na naisc HDMI ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC . Is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís seo a úsáid chun an HTS a nascadh ach níl ARC ar fáil ach do 1 gléas/nasc ag aon uair amháin.
Sa chás gur fearr leat ARC a chasadh as ar na naisc HDMI, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardroghanna >
HDMI ARC.
DVI go HDMI
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do ghléas ach nasc DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm) isteach san AUDIO IN VGA/DVI le haghaidh fuaime, ar chúl na teilifíse.
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).
Y Pb Pr
Is nasc ar ardchaighdeán Físchomhartha Comhpháirteanna YPbPr. Is féidir an nasc YPbPr a úsáid do chomhartha teilifíse
ardghléine (HD). Chomh maith leis na comharthaí Y, Pb agus Pr, cuir isteach na comharthaí Fuaim Chlé agus Fuaim Dheas le haghaidh fuaime.
Úsáid an cábla cuibheora YPbPr chun do ghléas a nascadh. Meaitseáil na dathanna nascóra YPbPr (uaine, gorm, dearg) leis na plugaí cábla nuair a nascann tú. Úsáid cábla cuibheora Fuaime RCA go mion-seac (3.5mm) (ní chuirtear ar fáil é) má tá fuaim ag do ghléas freisin.
SCART
Nasc ar ardchaighdeán é SCART. Is féidir an nasc SCART a úsáid le haghaidh comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Bíonn idir comharthaí físe agus fuaime i gceist leis an nasc SCART.
Úsáid an cábla cuibheora SCART atá curtha ar fáil chun do ghléas a nascadh.
Fuaim Amach - Optúil
Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach - Optúil. Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag do ghléas fuaime, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile é (HTS), is féidir leat an cábla fuaime seo a nascadh le nasc Fuaim Isteach - Optúil ar an HTS. Seolfaidh an cábla Fuaime seo fuaim na teilifíse go dtí an HTS.
Is féidir leat cineál an chomhartha fuaime amach a shocrú chun dul in oiriúint do chumais fuaime do Chóras Amharclainne Baile.
10 Suiteáil / Nasc gléasanna
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh socruithe Fuaim Amach chun tuilleadh eolais a fháil.
Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an scáileán, is féidir leat an sioncronú fuaime go físe a choigeartú. In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh sioncronú Fuaime
go Físe chun tuilleadh eolais a fháil.
VGA
Úsáid cábla VGA (nascóir D-sub 15) chun ríomhaire a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire nuair atá nasc VGA agat. Is féidir leat cábla Fuaime Clé/Deas a chur leis le haghaidh fuaime (mion-seac 3.5 mm).
Is féidir leat do ríomhaire a nascadh freisin gan sreang chun féachaint ar na comhaid ilmheáin atá stóráilte ar do ríomhaire ar an teilifís. In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Líonra, gan sreang chun tuilleadh eolais a fháil.
EasyLink HDMI CEC
HDMI CEC
Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na teilifíse le EasyLink. Baineann EasyLink úsáid as HDMI CEC* chun cumarsáid a dhéanamh leis an gléasanna nasctha. Ní mór do na gléasanna a bheith in ann tacú le HDMI CEC agus ní mór dóibh a bheith nasctha le nasc HDMI.
* Rialú Leictreonaic Tomhaltóra
Suiteáil EasyLink
Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go bhfuil na socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na gléasanna EasyLink atá nasctha. Tá an seans ann nach n-oibreoidh EasyLink le gléasanna ó bhrandaí eile.
HDMI CEC ar bhrandaí eile
Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet, Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink.
Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI CEC .
Gléasanna a oibriú
Chun gléas atá nasctha le HDMI a oibriú agus é a shuiteáil le EasyLink, roghnaigh an gléas - nó a ghníomhaíocht - sa liosta de naisc teilifíse. Brúigh c SOURCE, roghnaigh gléas atá nasctha le nasc HDMI agus brúigh OK.
Chomh luath is a bheidh an gléas roghnaithe, is féidir le cianrialtán na teilifíse an gléas a rialú. Mar sin féin, ní chuirtear ar aghaidh chuig an ngléas na heochracha h (Baile) agus o
OPTIONS agus roinnt méaracha tipiciúla teilfíse eile, cosúil le Ambilight.
Mura mbeidh an eochair atá ag teastáil uait ar fáil ar chianrialtán na teilifíse, is féidir leat an eochair a roghnú sa roghchlár Roghanna. Brúigh o OPTIONS agus roghnaigh % Rialtáin ar an mbarra roghchláir. Roghnaigh an eochair gléis atá ag teastáil uait ar an scáileán agus brúigh OK. Tá an seans ann nach mbeidh roinnt méaracha gléis an-sainiúil ar fáil sa roghchlár Rialtáin.
Socruithe EasyLink
Tagann an teilifís le gach socrú EasyLink casta air. Is féidir leat aon socrú EasyLink a chasadh as go neamhspleách.
EasyLink
Chun EasyLink a chasadh as ar fad, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > EasyLink > EasyLink. Roghnaigh As agus brúigh OK.
Cianrialtán EasyLink
Má theastaíonn uait go mbeidh cumarsáid idir gléasanna ach níl tú ag iarraidh iad a oibriú le cianrialtán na teilifíse, is féidir leat cianrialtán EasyLink a chasadh as leis féin. I roghchlár socruithe EasyLink , roghnaigh Cianrialtán EasyLink agus roghnaigh As.
Nasc Pixel Plus
D'fhéadfadh a bpróiseáil chaighdeán pictiúir féin a bheith ag roinnt gléasanna, leithéidí seinnteoir DVD nó Diosca Blu-ray. Chun droch-chaighdeán pictiúir mar thoradh ar thrasnaíocht le próiseáil na teilifíse a sheachaint, ba cheart próiseáil pictiúr na ngléasanna seo a díchumasú. Tagann an teilifís le Pixel Plus link casta air agus díchumasaíonn sé próiseáil caighdeán pictiúr gléasanna Philips a nascadh leis an teilifís le gairid. Chun Pixel Plus link a chasadh as, roghnaigh Pixel Plus link i roghchlár socruithe EasyLink agus roghnaigh As.
Uathathrú fotheideal
Suiteáil / Nasc gléasanna 11
Má sheinneann tú DVD nó Diosca Blu-ray ar sheinnteoir diosca Philips a thacaíonn le fotheidil, is féidir leis an teilifís na fotheidil a bhogadh suas. Beidh fotheidil le feiceáil beag beann ar an bhformáid Pictiúir a roghnaíonn tú. Tagann an teilifís le hUathathrú fotheideal casta air. Chun Uathathrú fotheideal a chasadh as, roghnaigh Uathathrú
fotheideal i roghchlár socruithe EasyLink agus roghnaigh As.
Comhéadan Coiteann CAM
CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag craoltóirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann craoltóir teilifíse na cláir seo agus díscrobhann modúl CI+ réamhíoctha iad. Cuireann craoltóirí teilifíse digití an modúl CI+ seo (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil nuair a liostálann tú lena scothchláir. Bíonn leibhéal an-ard cosaint cóipe ag na cláir sin.
Déan teagmháil le craoltóir teilifís e digití le haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Comhéadan Coiteann CAM chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi CAM a nascadh.
CAM
Cuir isteach modúl CAM
Cas as an teilifís sula gcuirfidh tú CAM isteach. Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus don teilifís.
Úsáid an sliotán don Chomhéadan Coiteann ar thaobh na láimhe clé den teilifís chun an cárta CAM a chur isteach*. Cuir isteach an CAM go deas réidh go dtí nach bhfuil sé in ann dul níos faide agus fág sa sliotán go buan é. D'fhéadfadh sé roinnt nóiméad a thógáil sula ngníomhachtófar an CAM. Má bhaintear amach an CAM, díghníomhachtófar an tseirbhís craolacháin ar an teilifís.
* Glacann an Comhéadan Coiteann le cárta ríomhaire (PCMCIA) a gcuireann tú cárta cliste isteach ann. Ba cheart go gcuirfeadh an craoltóir teilifíse an dá chárta ar fáil.
Má tá CAM curtha isteach agus má tá na táillí liostála íoctha (tá bealaí nasctha in ann a bheith éagsúil), is féidir leat féachaint ar an gcraoladh teilifíse. Is do do theilifís féin go heisiach an CAM atá curtha isteach.
Socruithe CAM
Chun pasfhocail nó cóid PIN a shocrú don chraoladh teilifíse CAM, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe cainéil > Comhéadan coiteann. Roghnaigh craoltóir teilifíse CAM agus brúigh OK.
Bosca bairr STB
Úsáid 2 cábla aeróige chun an aeróg a nascadh leis an mBosca bairr (ar glacadóir digiteach é) agus an teilifís.
In aice leis na naisc aeróige, cuir isteach cábla HDMI chun an Bosca bairr a nascadh leis an teilifís. Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an mBosca bairr.
Cas as an t-amadóir
Cas as an t-uaineadóir uathoibríoch mura n-úsáideann tú ach cianrialtán an bhosca bhairr amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Chun an t-uaineadóir Casadh as a chasadh as, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginéarálta > Cas as
uaineadóir agus roghnaigh As.
Glacadóir satailíte
Nasc cábla na méise aeróige leis an nglacadóir Satailíte.
12 Suiteáil / Nasc gléasanna
In aice leis an nasc aeróige, cuir isteach cábla HDMI chun an gléas a nascadh leis an teilifís. Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
Cas as an t-amadóir
Díghníomhachtaigh an t-uaineadóir Casadh as mura n­úsáideann tú ach cianrialtán an glacadóra satailíte amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Chun é a díghníomhachtú, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Cas as
amadóir agus athraigh an barra sleamhnáin go 0.
Córas Amharclainne Baile (HTS)
Nasc
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile (HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir diosca ionsuite aige.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
HDMI ARC
Má tá nasc HDMI ARC ag do Chóras Amharclainne Baile, is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís a úsáid chun nascadh. Soláthraíonn gach nasc HDMI ar an teilifís an comhartha Cainéal Fillte Fuaime (ARC). Ach nuair a bheidh an Córas Amharclainne Baile nasctha agat, ní féidir leis an teilifís ach an comhartha ARC a sheoladh go dtí an nasc HDMI seo. Ní theastaíonn uait an cábla fuaime breise a nascadh nuair atá HDMI ARC ann. Bíonn an dá chomhartha ann sa nasc HDMI ARC.
Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras Amharclainne Baile, úsáid cábla fuaime optúil chun fuaim na teilifíse a sheoladh go dtí an Córas Amharclainne Baile.
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an scáileán, is féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais Amharclainne Baile DVD chun go mbeidh an fhuaim agus an fhís ag meaitseáil a chéile. Nuair nach mbíonn s iad ag meaitseáil, bíonn sé le tabhairt faoi deara nuair a bhíonn daoine ag caint, agus tá an abairt críochnaithe acu sula stopann a liopaí ag bogadh. In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh sioncronú Fuaime
go Físe chun tuilleadh eolais a fháil.
Sioncronú fuaime go físe
Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis an teilifís, ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís agus an fhuaim ón HTS sioncronaithe. Nuair nach mbíonn siad ag meaitseáil, bíonn sé le tabhairt faoi deara nuair a bhíonn daoine ag caint, agus tá an abairt críochnaithe acu sula stopann a liopaí ag bogadh, nó an bealach eile thart.
Sioncronú uathoibríoch fuaime go físeBíonn an sioncronú fuaime go físe sioncronaithe go huathoibríoch leis na Córais Amharclainne Baile is nua ó Philips, agus bíonn sé i gcónaí ceart.
Moill sionc Fuaime
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans ann go mbeidh ort an mhoill sionc fuaime a choigeartú chun an fhuaim a shioncronú leis an bhfís. Ardaigh an luach moille ar an HTS go dtí go mbeidh an pictiúr agus an fhuaim ag meaitseáil. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a bheith ag teastáil. Léigh treoirleabhar úsáideora an HTS.
Suiteáil / Nasc gléasanna 13
Nuair a bheidh an luach moille socraithe ar an HTS agat, beidh ort an mhoill Fuaim Amach ar an teilifís a chas adh as . Chun moill Fuaim Amach a chasadh as, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > moill Fuaim Amach . Roghnaigh As agus brúigh OK.
Seach-chur Fuaim Amach
Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras Amharclainne Baile, is féidr leat an teilifís a shocrú chun an fhuaim a shioncronú. Chun an fhuaim a shioncronú ar an teilifís, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Seach-chur Fuaim Amach. Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur fuaime a shocrú agus brúigh OK. Déanann an luach a socraítear cúiteamh don méid ama atá ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim phictiúr na teilifíse a phróiseáil. Is féidir leat an seach-chur a shocrú ag eatraimh 5ms. Is é ­60ms an socrú is airde. Ba cheart go mbeadh an socrú don mhoill Fuaime Amach casta air.
Socraithe d'Fhuaim Amach
formáid Fuaim Amach
Is é Ilchainéil an gnáthshocrú d'fhormáid Fuaim Amach. Tá Córais Amharclainne Baile a bhfuil córais fuaime ilchainéil acu (Dolby Digital, DTS® nó a leithéidí) in ann glacadh le comhartha fuaime comhbhrúite ilchainéil ó chainéal teilifíse nó ó s heinnteoir dios ca nasctha.
Chun an fhormáid Fuaim Amach a shocrú, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > formáid Fuaim Amach. Má tá Córas Amharclainne Baile agat nach bhfuil aon chumas aige fuaim ilchainéil a phróiseáil, roghnaigh Steiréó.
Leibhéaladh Fuaime Amach
Úsáid an socrú leibhéaladh Fuaime Amach chun airde fuaime (treis e) na teilifíse agus an Chórais Amharclainne Baile a chothromú nuair a athraíonn tú ó cheann amháin go ceann eile. Is féidir le difríochtaí i bpróiseáil fuaime a bheith in n-údar do dhifríochtaí in airde fuaime.
Chun an difríocht a chothromú, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Leibhéaladh Fuaime Amach. Má tá an difríocht san airde fuaime mór, roghnaigh Níos Mó. Má tá an difríocht san airde fuaime beag, roghnaigh Níos Lú.
Baineann leibhéaladh Fuaime Amach le comharthaí fuaime Fuaim Amach - Optúil agus HDMI-ARC araon.
Seinnteoir Diosca Blu-ray
Úsáid an cábla HDMI chun an seinnteoir Diosca Blu-ray a nascadh leis an teilifís.
Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Blu-ray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifís e . In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh EasyLink HDMI
CEC chun tuilleadh eolais a fháil.
Seinnteoir DVD
Úsáid an HDMI cábla chun an seinnteoir DVD a nascadh leis an teilifís. Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá EasyLink HDMI CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse. In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh EasyLink HDMI
CEC chun tuilleadh eolais a fháil.
Cluiche
Nasc consól cluiche le taobh nó le cúl na teilifíse. Is féidir leat nasc HDMI, YPbPr nó SCART a úsáid. Mura bhfuil ach aschur Fís (CVBS) agus Fuaim Clé/Deas ag do chonsól cluiche, úsáid cuibheoir Físe Fuaime Clé/Deas go SCART chun nascadh leis an nasc SCART.
14 Suiteáil / Nasc gléasanna
Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI chun an consól cluiche a nascadh le taobh na teilifíse. Má tá an consól cluiche nasctha le HDMI agus má tá EasyLink HDMI CEC aige, is féidir leat an consól cluiche a oibriú le cianrialtán na teilifíse.
Mar rogha air sin, úsáid cuibheoir SCART (ní sholáthraítear é) chun an consól cluiche a nascadh leis an teilifís.
Diosca Crua USB
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach (craoladh DVB nó a mhacasamhail). Chomh maith leis sin, is féidir leat Diosca Crua USB a nascadh chun féachaint ar scannáin ó shiopa físeán ar líne (Físeáin Ar Éileamh).
Chun féachaint ar fhíseáin ar cíos
Má tá tú nasctha leis an Idirlíon, is féidir leat scannán a fháil ar cíos ó shiopa físeán ar líne. Oscail Smart TV agus tosaigh Feidhmchlár chun físeán a thógáil ar cíos ó ghailearaí na bhFeidhmchlár. D'fhéadfadh roinnt siopaí físeán ar líne iarradh ort méaróg chuimhne USB nó Diosca Crua USB a nascadh chun an fís­sruthú a mhaolánú (úsáid méaróg chuimhne USB 8 GB). Nuair a suiteálann tú Diosca Crua USB, is féidir leat an rogha a dhéanamh Diosca Crua USB a úsáid chun fís-sruthú ó shiopa físeáin a mhaolánú.
Craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua atá comhoiriúnaithe le USB 2.0 agus a bhfuil ar a laghad 32GB saor ar an Diosca Crua agus luas scríofa de 30MB/s ar a laghad.
Craoladh a thaifeadadh
Chun craoltaí a chur ar sos agus a thaifeadadh, teastaíonn Diosca Crua uait a bhfuil íosmhéid de 250GB air.
Eolaire teilifíse
Sula ndéanfaidh tú an cinneadh Diosca Crua USB a cheannach chun taifeadtaí a dhéanamh, seiceáil an féidir cainéil teilifíse digití a thaifeadadh i do thír. Brúigh GUIDE ar an gcianrialtán. Má tá cnaipe Taifead ar leathanach treorach na teilifíse, is féidir leat cláir a thaifeadadh ó chainéil teilifíse digití. Mura bhfuil an cnaipe Taifead ar fáil, seiceáil an ndéantar nuasonrú ar an eolaire teilifíse ón Idirlíon. Chun seiceáil an bhfaigheann an t-eolaire teilifíse a sonraí ón Idirlíon, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Eolaire teilifíse. Roghnaigh Ón Idirlíon agus brúigh OK.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Diosca Crua USB,
Suiteáil chun Diosca Crua USB a shuiteáil ar an teilifís seo.
Suiteáil
Sula féidir leat craoladh a chur ar sos nó a thaifeadadh, ní mór duit Dios ca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Má theastaíonn uait craoladh a thaifeadadh le sonraí eolaire teilifíse ón Idirlíon, ní mór duit an nasc Idirlín a bheith suiteáilte ar do theilifís sula suiteálann tú an Diosca Crua USB.
1 - Nasc an Diosca Crua USB le nasc USB ar chúl na teilifíse. Is féidir leat aon nasc USB ar an teilifís a ús áid ach is é an nasc díreach in aice le HDMI 1 an ceann is praiticiúla. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá formáidiú ar bun.
2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís. 3 - Nuair atá an teilifís tiúináilte do chainéal teilifíse digití, brúigh
p (Cur ar sos). Tosófar an formáidiú nuair a dhéanfar iarracht é a chur ar sos. Baineann formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB nasctha. Lean na treoracha ar an scáileán. Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág nasctha go buan é.
Rabhadh:
Suiteáil / Nasc gléasanna 15
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Cuir teilifís ar sosTaifeadadh chun cainéil teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh.
Méarchlár nó luch USB
Méarchlár USB
Nasc méarchlár USB (den chineál USB-HID) chun téacs a chur isteach ar do theilifís.
Is féidir leat méarchlár agus luch a nascadh leis an teilifís. Úsáid an nasc USB ar thaobh na teilifíse chun an nasc a dhéanamh.
Suiteáil an méarchlár
Chun an méarchlár USB a shuiteáil, cas air an teilifís agus nasc an méarchlár USB le ceann de na naisc USB ar thaobh na teilifíse. Nuair a aimsíonn an teilifís an méarchlár den chéad uair, is féidir leat leagan amach do mhéarchláir a roghnú agus tástáil a dhéanamh air. Má roghnaíonn tú leagan amach méarchlár Coireallach nó Gréigis i dtosach, is féidir leat leagan amach méarchláir Laidin a roghnú mar rogha tánais teach. Chun leagan amach an mhéarchláir a athrú ina dhiaidh sin, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Luch
agus méarchlár USB > Socruithe méarchláir agus brúigh OK.
Méaracha chun cainéil a athainmniú
- Iontráil = OK
- Cúlspász = scrios an carachtar roimh an gcursóir
- Méaracha saighde = bogadh laistigh de réimse téacs
- Chun athrú idir leaganacha amach méarchláir sa chás go bhfuil leagan amach tánaisteach socraithe, brúigh na heochracha Alt +
Shift ag an am céanna .
Méarcha d'Fheidhmchláir Smart TV agus do leathanaigh Idirlín
- Tab agus Shift Tab = Ar Aghaidh agus Siar
- Home = scrollaigh go dtí barr an leathanaigh
- End = scrollaigh go dtí bun an leathanaigh
- Page Up = téigh leathanach amháin suas
- Page D own = téigh leathanach amháin síos
- + = zúmáil isteach
- - = zúmáil amach
- * = cuir in oiriúint don leithead
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh luch USB, chun luch USB a nascadh.
Luch USB
Is féidir leat Luch USB (den chineál USB-HID) a nascadh chun leathanaigh a nascleanúint ar an Idirlíon. Ar leathanach Idirlín, is féidir leat naisc a roghnú agus cliceáil orthu níos éasca. Ní féidir leis an luch USB nais c a leanúint ar leathanaigh Fheidhmchlár Smart TV ná naisc a leanúint sna roghchláir teilifíse.
An luch a shuiteáil
Cas air an teilifís agus nasc an luch USB le ceann de na naisc USB ar thaobh na teilifíse. Is féidir leat an luch USB a nascadh freisin le méarchlár USB nas ctha.
Cliceanna lucha
- Cléchliceáil = OK
- Deaschliceáil = Siarb Is féidir leat an roth scrolla a úsáid chun leathanaigh a scrolláil suas agus síos.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh méarchlár USB, chun méarchlár USB a nascadh.
Méaróg USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.
Cuir méaróg USB isteach sa nasc USB ar thaobh na láimhe clé den teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé liosta a thaispeánann a bhfuil air.
16 Suiteáil / Nasc gléasanna
Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go huathoibríoch, brúigh c SOURCE, roghnaigh USB agus brúigh OK.
Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón méaróg USB, brúigh t Teilifís nó roghnaigh gníomhaíocht eile. Chun an mhéaróg USB a dínascadh, is féidir leat an mhéaróg USB a tharraingt amach am ar bith.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Físeáin, grianghraif agus ceol, chun féachaint ar nó chun éisteacht le hábhar ó mhéaróg chuimhne USB.
Ceamara grianghraif
Chun féachaint ar ghrianghraif atá stóráilte ar do cheamara grianghraf digiteach, is féidir an ceamara a nascadh go díreach leis an teilifís.
Úsáid an nasc USB ar thaobh na láimhe deise den teilifís chun nascadh. Cas air an ceamara nuair a bheidh an nasc déanta agat.
Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go huathoibríoch, brúigh c SOURCE, roghnaigh USB agus brúigh OK. Tá an seans ann go mbeidh ort do cheamara a shocrú chun an t-ábhar atá air a aistriú le PTP (Protacál Aistrithe Pictiúr). Léigh treoirleabhar úsáideora an cheamara grianghraf digiteach.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Físeáin, grianghraif agus ceol chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi féachaint ar ghrianghraif.
Camthaifeadán
Nasc camthaifeadán le taobh nó le cúl na teilifíse. Is féidir leat nasc HDMI, YPbPr nó SCART a úsáid. Mura bhfuil ach aschur Fís (CVBS) agus Fuaim Clé/Deas ag do chamthaifeadán, úsáid cuibheoir Físe/Fuaime Clé/Deas go SCART chun nascadh leis an nasc SCART.
Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI chun an camthaifeadán a nascadh le taobh na teilifíse.
Nó úsáid cuibheoir SCART chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.
Ríomhaire
Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire.
Le VGA
Úsáid cábla VGA chun an ríomhaire a nascadh leis an nascóir VGA agus cuir cábla fuaime Clé/Deas leis chun an Fhuaim VGA a nascadh le AUDIO IN - VGA/DVI ar chúl na teilifíse.
Le HDMI
Úsáid cábla HDMI chun an ríomhaire a nascadh leis an teilifís.
Suiteáil / Nasc gléasanna 17
DVI go HDMI
Mar rogha air sin, is féidir leat cuibheoir DVI go HDMI a úsáid chun an ríomhaire a nascadh le HD MI agus cábla fuaime Clé/Deas le AUDIO IN - VGA/DVI ar chúl na teilifíse.
An socrú is fearr don mhonatóir
Má chuirtear do ríomhaire isteach sa roghchlár Foinse (liosta nasc) mar ghléas den chineál Ríomhaire, socraítear an teilifís don socrú is fearr Ríomhaire go huathoibríoch.
Má úsáideann tú do ríomhaire chun féachaint ar scannáin nó cluichí a imirt, b'fhéidir go mbeidh uait socrú na teilifíse a athrú ar ais go dtí an socrú is fearr chun féachaint ar chláir teilifíse nó cluichíochta.
Chun an teilifís a athrú go dtí an socrú is fearr de láimh. . .
1 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. 2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Pictiúr > Cluiche nó ríomhaire agus brúigh OK. 3 - Roghnaigh Cluiche (do chluichíocht) nó roghnaigh As (chun féachaint ar s cannán) agus brúigh OK. 4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchár a
dhúnadh. Ná déan dearmad an socrú Cluiche nó ríomhaire a athrú ar ais go Ríomhaire nuair a éiríonn tú as an imirt cluiche.
Formáid pictiúir - Neamhscálaithe
Chomh maith leis na socruithe uathoibríocha, is féidir leat socrú an fhormáid pictiúir a athrú go Neamhscálaithe - mód taispeána sainiúil picteilín ar phicteilín (d'fhéadfadh barraí dubha a bheith le feiceáil). 1 - Brúigh oOPTIONS agus roghnaigh o Roghanna sa roghchlár.
2 - Roghnaigh Formáid pictiúir > Neamhscálaithe agus brúigh OK.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Taifigh taispeána chun forbhreathnú a fháil ar na taifigh ríomhaire atá tacaithe.
2.7

Roghchlár suiteála

Socruithe Mearphictiúir
Socruithe Mearphictiúir
Is féidir leat do bhunroghanna pictiúir a réiteach i gcúpla céim shimplí le socruithe Mearphictiúir. Stóráltar na socruithe a dhéanann tú faoin stíl Pictiúir - Pearsanta. Is féidir leat filleadh ar na roghanna pictiúir atá déanta agat má athraíonn siad. Is féidir leat socrú pictiúir roghnaithe a shocrú do gach gníomhaíocht teilifíse nó do gach gléas atá nasctha ina gceann agus ina gceann.
Chun filleadh ar an socrú pictiúir is fearr leat agus tú ag breathnú ar chainéal teilifíse, brúigh o OPTIONS, roghnaigh j Pictiúr agus fuaim sa roghchlár, roghnaigh Stíl pictiúir agus roghnaigh Pearsanta.
Chun Socruithe Mearphictiúir a shocrú do ghníomhaíocht teilifíse nó ar ghléas nasctha . . . 1 - Brúigh h, roghnaigh gníomhaíocht nó gléas nasctha (nó a nasc) agus brúigh OK.
2 - Brúigh h arís, roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK. 3 - Roghnaigh Socruithe Mearphictiúir agus brúigh OK. Téigh
trí na céimeanna go dtí an deireadh. Beidh do shocruithe pearsanta i bhfeidhm anois don ghníomhaíocht nó don nasc.
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Stíl pictiúir chun tuilleadh eolais a fháil.
Socruithe teilifíse
Socruithe teilifíse
Is féidir leat gach socrú Pictiúir, 3D, Fuaime agus Ambilight a shocrú sa roghchlár Socruithe teilifíse. Tá réimse socruithe sa roghchlár Socruithe ginearálta, leithéidí Teanga roghchláir,
Uaineadóir codlata, Uaineadóir Casta as, Rochtain choinníollach agus míreanna eile nach iad.
In Cabhair, brúigh* List agus cuardaigh an topaic nó an socrú atá uait.
Cuardaigh cainéil
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaighCainéal, nuashonrúCainéil, athshuiteáil, chun tuilleadh eolais a fháil.
Socruithe cainéil
Teangacha In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Teanga fuaime Fotheidil chun tuilleadh eolais a fháil.
Rochtain uilíoch
18 Suiteáil / Roghchlár suiteála
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Rochtain uilíoch chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi an teilifís a réiteach dóibh siúd a bhfuil lagú amhairc nó éisteachta orthu.
Suiteáil cainéil In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Nuashonrú cainéal uathoibríoch nó Teachtaireacht nuashonraithe cainéal.
Cuardaigh Suiteáil láimhe freisin chun cainéil analógacha a shuiteáil nó DVB chun an nasc aeróige a athrú.
Glas leanaí
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Glas leanaí chun tuilleadh eolais a fháil.
Nasc le líonra
Nasc le líonra
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Líonra, gan sreangLíonra, sreangaithechun tuilleadh eolais a fháil.
Socruithe líonra
Socruithe líonra
In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Líonra, gan sreang chun tuilleadh eolais a fháil.
Nuashonraigh bogearraí
Nuashonraigh bogearraí In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Bogearraí, nuashonrú Idirlín nó Bogearraí, nuashonrú USB, chun
tuilleadh eolais a fháil.
Socruithe bogearra
Socruithe bogearra In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Bogearraí, leagan reatha chun tuilleadh eolais a fháil.
Féach ar léiriúcháin
Féach ar léiriúcháin
Is féidir leat breathnú ar roinnt físeán taispeána faoi ghnéithe do theilifíse a bhaineann le caighdeán an phictiúir le Féach ar
shamplaí sa roghchlár Suiteáil.
Rialú gníomhach
Déanann an teilifís monatóireacht ar chaighdeán an phictiúir atá ag teacht isteach, ar an leibhéal gluais ne s a phictiúr, ar radhairc níos gile nó níos dorcha agus ar na coinníollacha solais i do sheomra. Déanann an teilifís coigeartú ar an bpictiúr chun críche na feidhmíochta is fearr i bhfianaise na luachanna sin.
2.8

Sábháilteacht agus cúram

Sábháilteacht
Léigh agus tuig gach treoir sábháilteachta sula n-úsáidfidh tú an teilifís. Má tharlaíonn díobháil mar nár leanadh treoracha, ní bheidh feidhm ag an mbaránta.
Baol turrainge leictrí nó tine!
Ná bíodh an teilifís nochtaithe go deo do bháisteach ná uisce.
Ná cuir coimeadáin a bhfuil leacht iontu, cosúil le vásaí, in aice leis an teilifís. Má dhoirtear leachtanna ar nó sa teilifís, dínasc an teilifís ón asraon cumhachta láithreach. Déan téagmháil le Cúram Custaiméirí chun go seiceálfaí an teilifís sula n-úsáidfí í.
Ná nocht an teilifís, an cianrialtán ná na ceallraí go deo do theas iomarcach. Ná cuir in aice le coinnle ar lasadh nó lasracha gan chos aint iad, ná in aice le foinsí teas a iad, lena n-áirítear teas díreach na gréine.
Ná cuir aon rud isteach sna sliotáin aeraithe go deo, ná sna hoscailtí eile ar an teilifís.
Ná cuir rudaí troma go deo ar an seolán cumhachta.
Ná bíodh aon neart á imirt ar na plugaí cumhachta. Tá plugaí
cumhachta scaoilte in ann a bheith ina n-údar do stuáil nó do thine. Bí cinnte nach mbeidh aon straidhn ar an seolán cumhachta nuair a sclóineann tú scáileán na teilifíse.
Chun an teilifís a dínascadh ó bpríomhchumhacht, ní mór pluga cumhachta na teilifíse a dínascadh. Nuair atá an chumhacht a dínascadh agat, tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán go deo. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta agus ar an s oicéad asraoin i gcónaí.
Baol gortuithe nó díobháil don teilifís!
Teastaíonn beirt chun teilifís atá níos troime ná 25 cileagram
nó 55 punt a iompar.
Má ghléasann tú an teilifís ar sheastán, ná húsáid ach an seastán a thagann leis. Bíodh an seastán daingnithe don teilifís go teann. Cuir an teilifís ar dhromchla réidh, cothrom atá in ann glacadh le meáchan na teilifíse agus an seastáin.
Nuair atá sé gléasta ar an mballa, bí cinnte go bhfuil an gléasadh balla in ann meáchan na teilifíse a iompar go sábháilte. Ní ghlacann TP Vision Netherlands B.V. le haon fhreagracht as gléasadh balla míchuí a mbeidh tionóisc, gortú nó damáis te mar thoradh air.
Is as gloine atá píosaí den táirge déanta. Láimhseáil go cúramach é chun gortú nó damáiste a sheachaint.
Baol damáiste don teilifís!
Sula nascfaidh tú an teilifís leis an asraon cumhachta, cinntigh go bhfuil an voltas cumhachta ag meaitseáil an luach atá priontáilte ar chúl na teilifíse. Ná nasc an teilifís go deo leis an asraon cumhachta má tá voltas éagsúil ann.
Baol gortuithe do pháistí!
Lean na réamhchúraim seo chun nach mbeidh an teilifís ina údar gortuithe do pháistí má thiteann sé ón seastán:
Ná cuir an teilifís go deo ar dhromchla atá clúdaithe le héadach nó le hábhar eile ar féidir é a tharraingt.
Bí cinnte nach bhfuil aon chuid den teilifís ag gobadh amach thar imeall an dromchla gléasta.
Suiteáil / Sábháilteacht agus cúram 19
Ná cuir an teilifís go deo ar throscán ard, cosúil le leabhragán, gan an troscán agus an teilifís araon a bheith daingnithe don bhalla nó do thaca feiliúnach.
Labhair le leanaí faoi na contúirtí a bhaineann le bheith ag dreapadóireacht ar throscán chun dul chomh fada leis an teilifís.
An baol a bhaineann le ceallraí a shlogadh!
D'fhéadfadh ceallraí atá cosúil le boinn airgid a bheith sa chianrialtán agus d'fhéadfadh leanaí óga iad a shlogadh go héasca. Ná bíodh leanaí in ann rochtain a fháil ar na ceallraí seo go deo.
Baol róthéite!
Ná cuir an teilifís go deo in áit a bhfuil an spás cúng ann. Bíodh spás 20 ceintiméadar nó 4 orlach ar a laghad timpeall na teilifíse i gcónaí le haghaidh aeraithe. Bí cinnte nach gclúdaíonn cuirtíní nó rudaí eile sliotáin aeraithe na teilifíse.
Stoirmeacha tintrí
Dínasc an teilifís ón asraon cumhachta agus ón aeróg roimh stoirmeacha tintrí. Ná leag do lámh go deo ar aon phíosa den teilifís, den seolán cumhachta nó de chábla na haeróige i rith stoirmeacha tintrí.
Baol damáiste éisteachta!
Ná húsáid cluasáin ar feadh tréimhsí fada nuair a bhíonn an fhuaim an-ard agat.
Teochtaí ísle
Má iompraítear an teilifís nuair atá an teocht níos lú ná 5°C nó 41°F, díphacáil an teilifís agus fan go dtí go mbeidh teocht an tseomra bainte amach ag an teilifís sula nascfaidh tú an teilifís leis an asraon cumhachta.
Cúram scáileáin
Ná bíodh aon rud i dteagmháil leis an scáileán agus ná húsáid
aon rud chun an scáileán a bhrú, a chuimilt nó a bhualadh.
Bain amach pluga na teilifíse sula nglanann tú í.
Glan an teilifís agus an fráma le ceirt bhog thais agus cuimil go
séimh í. Ná déan teagmháil leis na LEDanna Ambilight ar chúl na teilifíse. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh nó glantóirí tí ar an teilifís.
Chun dífhoirmithe agus téaltú na ndathanna a sheachaint, glan suas braonta uisce chomh tapaidh agus is féidir.
Seachain íomhánna cónaitheacha a mhéid is mó is atá tú in ann. Íomhánna a fhanann ar an scáileán ar feadh tréimhsí fada iad íomhánna cónaitheacha. Áirítear le híomhánna cónaitheacha roghchláir ar an scáileán, barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Má chaitheann tú íomhánna cónaitheacha a úsáid, laghdaigh codarsnacht agus gile an scáileán chun damáiste don scáileán a sheachaint.
Teocht agus bogthaise
Tá sé in ann tarlú go hannamh, ag brath ar theocht agus ar bhogthaise, go mbeidh mion-comhdhlúthú ar an taobh istigh d'aghaidh ghloine na teilifíse (ar roinnt múnlaí). Chun é seo a chosc, ná nocht an teilifís do sholas díreach na gréine, do theas ná do an-bhogthaise. Má bhíonn comhdhlúthú ann, imeoidh sé leis féin tar éis don teilifís a bheith air ar feadh roinnt uaireanta. Ní dhéanfaidh taise an bhogthaise aon dochar don teilifís agus ní bheidh sé ina údar mífheidhme.
20 Suiteáil / Sábháilteacht agus cúram
3

Teilifís

3.1

Cas air

Cas air agus as
Bí cinnte gur phlugáil tú is teach an príomhsheolán cumhachta ar chúl na teilifíse sula gcasfaidh tú air an teilifís. Má tá an solas táscaire dearg casta as, brúigh an eochair bheag A ar thaobh na láimhe deise, ar chúl na teilifíse chun an teilifís a chur ar fuireachas - las faidh an táscaire dearg.
Nuair atá an teilifís ar fuireachas, brúigh A ar an gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air. Mar rogha air sin, is féidir leat an eochair CH+, CH- agus h a úsáid chun an teilifís a chasadh air.
Mearthosach
Chun an teilifís a chasadh air níos tapúla ná mar is gnáth, is féidir leat an an teilifís a s hocrú in mód Mearthosach. In Cabhair, brúigh * List agus cuardaigh Mearthosach chun tuilleadh eolais a fháil.
Athraigh go dtí fuireachas
Chun an teilifís a athrú go dtí fuireachas, brúigh A ar an gcianrialtán.
Cas as
Chun an teilifís a chasadh as, brúigh an eochair bheag A ar thaobh na láimhe deise ar chúl na teilifíse. Ní bheidh an solas dearg táscaire air. Tá an teilifís nasctha leis an bpríomhlíonra i gcónaí, ach tomhaltaíonn sé fuinnimh íseal. Chun an teilifís a chasadh as ar fad, dínasc an pluga cumhachta. Nuair a dínascann tú an pluga cumhachta, tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cum hachta, ar an seolán cumhachta agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.
Mearthosach
Is féidir leis an teilifís tosú níos tapúla ná mar is gnáth le Mearthosach. Má tá Mearthosach gníomhachtaithe, feicfidh tú an pictiúr teilifíse tar éis roinnt soicind nuair a chasann tú an teilifís air ó fhuireachas.
Tá an teilifís in ann cuimhneamh ar an ngnás féachana teilifíse laethúil atá agat. Gníomhachtóidh Mearthosach go huathoibríoch roinnt ama sula a chasann tú air an teilifís de ghnáth, rud a fhágann go mbeidh tú in ann í a chasadh air go tapaidh. Mar rogha air sin, is féidir leat suas le 3 fráma ama seasta a roghnú in aghaidh an lae inar féidir leat an teilifís a chasadh air go tapaidh.
Nuair a athraíonn tú an teilifís ar ais go fuireachas, fanann Mearthosach i bhfeidhm go dtí go dtagann deireadh leis an bhfráma ama.
Gníomhachtaigh
Chun gníomhachtú an Mhearthosaigh a shocrú, brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK chun an roghchlár Socraigh a oscailt. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Mearthosach > Gníomhachtú. Is féidir leat Uathoibríoch nó De Láimh a roghnú.
- Uathoibríoch Roghnaigh Uathoibríoch chun Mearthosach a ghníomhachtú go huathoibríoch. Cuimhneoidh an teilifís ar do ghnás féachana agus gníomhachtóidh sé Mearthosach i rith na bhfrámaí ama sin. Is féidir leis an teilifís suas le 4 fráma ama a mhairfidh ar feadh 1 uair a shocrú le hUathoibríoch.
- De Láimh Roghnaigh De Láimh chun Mearthosach a ghníomhachtú i rith 3 fráma ama seasta in aghaidh an lae. Mar shampla, is féidir leat fráma ama a s hocrú ar maidin, ceann eile ag am nóin agus ceann tráthnóna. Is féidir leat féin an tréimhse ama a shocrú do gach fráma ama. Má athraítear Mearthosach go De Láimh, is féidir leat moill Fuireachais a roghnú freisin. Is féidir leat an teilifís a shocrú chun Mearthosach a choinneáil gníomhach ar feadh tréimhse áirithe tar éis duit an teilifís a athrú go fuireachas le moill Fuireachais. Is féidir leat an mhoill 1 uair a shocrú ag eatraimh de 15 nóiméad.
Sonraí
ní mór do chlog na teilfíse a bheith ag obair i gceart chun Mearthosach a ghníomhachtú. Ní féidir le gníomhachtú Mhearthosach a bheith níos faide ná fráma ama 4 uair. Méadaíonn Mearthosach tomhaltas fuinnimh i rith fuireachais.
Teilifís / Cianrialtán 21
Forbhreathnú ar na heochracha
Leath bairr
1 - A Fuireachas
Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go fuireachas. 2 - Méaracha athsheanma agus taifeadta
• Seinn x, chun athsheinnt
• Cuir ar sos p , chun athsheinnt a chur ar sos
• Stop q, chun athsheinnt a stopadh
• Cúlchas !, chun cúlchasadh
• Mearchas , chun mearchasadh
• Taifead r, chun taifead anois
3 - GUIDE
Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.
4 -c SOURCE
Chun an liosta nasc a oscailt nó a dhúnadh.
5 - h Baile
Chun an roghchlár Baile a oscailt nó a dhúnadh.
6 - L LIST
Chun an liosta cainéal nó do liosta grianghraf, ceoil nó físeán a oscailt nó a dhúnadh.
7 - Eochair OK
Chun roghnú a dhearbhú.
8 - / EXIT
Chun dul ar ais go dtí do ghléas deireanach nasctha, m.sh. glacadóir digiteach.
9 - b BACK
Chun dul ar ais go dtí an cainéal deireanach a roghnaíodh. Chun roghchlár a dhúnadh gan aon socrú a athrú. Chun dul ar ais go dtí an leathanach Téacs nó an leathanach Idirlín Smart TV roimhe sin.
10 - 3D
Chun an roghchlár 3D a oscailt nó a dhúnadh.
11 - AMBILIGHT
Chun Ambilight a chasadh air nó as, agus chun Ambilight a chasadh air ar fuireachas.
12 - f FORMAT
Chun an roghchlár Formáid a oscailt nó a dhúnadh.
13 - TV
Chun athrú go Féach ar Teilifís.
14 - SMART TV
Chun leathanach tosaigh Smart TV a oscailt.
15 - i INFO
Chun Eolas a oscailt nó a dhúnadh.
16 - Méaracha saighde
Chun dul suas, síos, ar chlé nó ar dheas.
17 - oOPTIONS
Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.
Leath íochtair
1 - CH-, Cainéal -
Chun athrú go dtí an cainéal roimhe sin sa liosta cainéal, an leathanach Téacs roimhe sin nó an chaibidil roimhe sin ar dhiosca. 2 - CH+, Cainéal + Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile sa liosta cainéal, an chéad leathanach Téacs eile nó an chéad chaibidil ar dhiosca. 3 - Fuaim - agus + Chun airde na fuaime a athrú.
4 - **** Méaracha dathanna
Roghnú díreacha roghanna. 5 - Méaracha uimhreacha agus eochaircheap téacs Chun cainéal teilifíse a roghnú go díreach nó chun téacs a chur isteach.
6 - FOTHEIDEAL
Chun fotheidil a chasadh air, as nó air nuair atá sé gan fuaim.
7 - TÉACS
Chun Téacs a oscailt nó a dhúnadh. 8 - m, Gan Fuaim Chun an fhuaim a chasadh as, nó chun í a chasadh air arís.
Méarchlár
Úsáid an mhéarchláir
Is féidir leat téacs a chur isteach in aon réimse téacs ar an scáileán leis an méarchlár ar chúl an chianrialtáin. Iompaigh an méachlár béal in airde chun na heochracha méarchláir a ghníomhachtú.
Cuir isteach téacs
22 Teilifís / Cianrialtán
Loading...
+ 49 hidden pages