Philips 65PUS6523/12 user manual

Register your product and get support at
www.philips.com/TVsupport
6523 series
Lámhleabhar
43PUS6523
50PUS6523
55PUS6523
65PUS6523
1 Faigh Tacaíocht 3
1.1 Aithin agus Cláraigh do theilifís 3
1.2 Cabhair teilifíse agus Treoir Úsáideora 3
1.3 Cabhair Ar Líne agus Treoir Úsáideora 3
1.4 Cúram Custaiméirí / Athdheisiú 3
2 Bogearaí 5
2.1 Nuashonrú Bogearraí 5
2.2 Leagan Bogearraí 5
3 Mear-Treoir 6
3.1 Cianrialtán 6
3.2 Braiteoir IR 7
3.3 Luamhán stiúrtha - Rialú Áitiúil 7
4 Suiteáil 9
4.1 Léigh Sábháilteacht 9
4.2 Lonnú Teilifíse 9
4.3 Cas air an teilifís 9
5 Naisc 11
5.1 Treoir maidir le nascacht 11
5.2 Aeróg 11
5.3 Satailít 11
5.4 Gléas Físe 11
5.5 Gléas Fuaime 12
5.6 Gléas soghluaiste 13
5.7 Gléas eile 14
6 Athraigh Foinse 17
6.1 Liosta Foinse 17
6.2 Athainmnigh Gléas 17
7 Cainéil 18
7.1 Maidir le Cainéil agus Athraigh Cainéil 18
7.2 Suiteáil Cainéal 18
7.3 Liosta Cainéal 24
7.4 Cainéil Cheanáin 25
7.5 Téacs / Teilithéacs 26
8 Eolaire Teilifíse 28
8.1 A bhfuil de dhíth ort 28
8.2 An Eolaire Teilifíse a Úsáid 28
8.3 Freeview Play 29
9 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos
30
9.1 Taifeadadh 30
9.2 Cuir teilifís ar sos 31
10 Meáin 32
10.1 Ó Nasc USB 32
10.2 Grianghraif 32
10.3 Físeáin 32
10.4 Ceol 33
11 Oscail na Roghchláir Socruithe Teilifíse
34
11.1 Forbhreathnú ar an Roghchlár Baile 34
11.2 Socruithe Minice agus Gach Socrú 34
11.3 Gach Socrú 34
12 Líonra 44
12.1 Líonra Baile 44
12.2 Nasc le Líonra 44
12.3 Socruithe Líonra 45
13 Smart TV 47
13.1 Smart TV a shuiteáil 47
13.2 Leathanach tosaigh Smart TV 47
13.3 Gailearaí na bhFeidhmchlár 47
14 Teilifís ar Éileamh/ Físeán ar Éileamh
48
15 Netflix 49 16 Comhshaol 50
16.1 Lipéad Fuinnimh na hEorpa 50
16.2 Comhad Táirge 50
16.3 Deireadh Úsáide 50
17 Sonraíochtaí 51
17.1 Cumhacht 51
17.2 Glacacht 51
17.3 Taifeach Taispeána 51
17.4 Taifeach Ionchuir Tacaithe - Fís 51
17.5 Taifeach Ionchuir Tacaithe - Ríomhaire 52
17.6 Fuaim 52
17.7 Ilmheáin 52
17.8 Nascacht 52
18 Fadhbanna 53
18.1 Leideanna 53
18.2 Cas As 53
18.3 Cianrialtán 54
18.4 Cainéil 54
18.5 Satailít 54
18.6 Pictiúr 55
18.7 Fuaim 56
18.8 HDMI - UHD 56
18.9 USB 56
18.10 Wi-Fi agus Idirlíon 56
18.11 Teanga Mhícheart Roghchláir 57
19 Sábháilteacht agus Cúram 58
19.1 Sábháilteacht 58
19.2 Cúram Scáileáin 59
20 Téarmaí Úsáide 60 21 Cóipchearta 61
21.1 MHL 61
21.2 HDMI 61
21.3 Fuaim Dolby 61
21.4 DTS-HD (iodálach) 61
21.5 Wi-Fi Alliance 61
21.6 Trádmharcanna Eile 61
22 Foinse Oscailte 62
22.1 Bogearraí Foinse Oscailte 62
22.2 Ceadúnas Foinse Oscailte 62
23 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
67 Innéacs 68
2
1
Faigh Tacaíocht
* Is do mhúnlaí a thacaíonn leis an bhfeidhm Ambilight amháin an socrú Ambilight.
1.1
Aithin agus Cláraigh do theilifís
Aithin do theilifís - múnla agus sraithuimhir an táirge teilifíse
D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an táirge teilifíse agus an tsraithuimhir a thabhairt. Aimsigh na huimhreacha seo ar an lipéad pacáistithe nó ar an lipéad cineáil ar chúl nó ar bhun na teilifíse.
Cláraigh do theilifís
Cláraigh do theilifís agus bain leas as raon tairbhí lena n-áirítear tacaíocht iomlán (íoslódálacha san áireamh), rochtain phribhléideach a fháil ar fhaisnéis maidir le táirgí nua, tairiscintí agus lascainí eisiacha agus an deis duaiseanna a bhuachan agus fiú páirt a ghlacadh i suirbhéanna speisialta faoi eisiúintí nua.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport
1.2
1.3
Cabhair Ar Líne agus Treoir Úsáideora
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport. Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil
linn i do thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta, chomh maith le freagraí do cheisteanna coitianta (CCanna). Is féidir leat dul i mbun comhrá le duine dár gcomhoibrithe i roinnt tíortha agus do cheist a chur go díreach nó ceist a sheoladh trí ríomhphost. Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil, nó an treoir úsáideora chun í a léamh ar do ríomhaire.
Chun níos mó eolais faoi fhabhtcheartú teilifíse agus ceisteanna a chuirtear go minic a fháil (CCanna)...
Téigh go dtí http://philips-tvconsumercare.kxondemand.com/
portal/en/ModelSelect
Cabhair teilifíse agus Treoir Úsáideora
Socruithe > Cabhair Is féidr leat an fheidhm Cabhair a úsáid chun do
theilifís a dhiagnóisiú agus chun tuilleadh eolais a fháil.
An chaoi le - Is féidir leat treoracha a fháil faoin
gcaoi cainéil a shuiteáil nó a shórtáil, bogearraí na teilifíse a nuashonrú, gléasanna seachtracha a nascadh agus feidhmeanna cliste do theilifíse a úsáid.
Seiceáil an teilifís - Is féidr leat seiceáil an bhfuil an pictiúr, fuaim, Ambilight* ag obair i gceart trí fhíseán beag a sheinnt.
Seiceáil an líonra - Seiceáil an nac leis an líonra.
Nuashonraigh bogearraí - Seiceáil na nuashonruithe bogearraí atá ar fáil.
Treoir Úsáideora - Léigh an treoir úsáideora chun eolas faoin teilifís a fháil.
Fabhtcheartú - Aimsigh réiteach do cheisteanna a chuirtear go minic.
Socruithe réamhshainithe - Athshocraigh gach socrú go dtí na socruithe réamhshainithe.
• - Athshuiteáil teilifís - Athshuiteáil an teilifís go hiomlán.
Eolas teagmhála - Taispeáin an uimhir theileafóin nó suíomh gréasáin do do thír nó do réigiún.
Cabhair teilifíse ar do tháibléad, d'fhón cliste nó do ríomhaire
Chun go n-éascófaí seichimh fada treoracha, is féidir leat Cabhar teilifís a íoslódáil i bhformáid PDF le haghaidh a léite ar d'fhón cliste, taibléad nó ríomhaire. Mar rogha air sin, is féidir leat an leathanach ábhartha ó Chabhair a phriontáil ó do ríomhaire. Chun Cabhair (an treoir úsáideora) a íoslódáil, téigh go dtí www.philips.com/TVsupport
1.4
Cúram Custaiméirí / Athdheisiú
Is féidir leat glaoch ar an mbeolíne Chúram Custaiméirí i do thír chun tacaíocht nó athdheisiú a fháil. Déanfaidh ár n-innealltóirí seirbhíse athdheisiú, más gá.
Aimsigh an uimhir teileafóin ar an doiciméadúchán priontáilte a tháinig leis an teilifís. Nó tabhair cuairt ar ár láithreán gréasáin
www.philips.com/TVsupport agus roghnaigh do thír
má gá.
3
Uimhir mhúnla agus sriathuimhir na teilifíse
D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an táirge teilifíse agus an tsraithuimhir a thabhairt. Aimsigh na huimhreacha seo ar an lipéad pacáistithe nó ar an lipéad cineáil ar chúl nó ar bhun na teilifíse.
Rabhadh
Ná triail an teilifís a athdheisiú tú féin. D'fhéadfá tú féin a ghortú go dona, damáiste nach féidr é a leigheas a dhéanamh do do theilifís nó do bharánta a chur ar ceal.
4
2
Bogearaí
2.1
Nuashonrú Bogearraí
Déan cuardach do Nuashonruithe
Nuashonrú ón Idirlíon
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe > Idirlíon (molta)
Déan cuardach do nuashonrú bogearraí tú féin.
• Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, d'fhéadfá teachtaireacht a fháil chun bogearraí na teilifíse a nuashonrú. Teastaíonn nasc ardluais (leathanbhanda) leis an Idirlíon. Má fhaigheann tú an teachtaireacht seo, molaimid go ndéanfá an nuashonrú.
• Níl aon phictiúr i rith an nuashonraithe bogearraí agus casfar an teilifís as agus air arís. D'fhéadfadh sé sin tarlú roinnt uaireanta. D'fhéadfadh an nuashonrú roinnt nóiméad a thógáil.
• Fan go dtí go dtiocfaidh pictiúr na teilifíse ar ais. Ná brúigh an lasc cumhachta ar an teilifís nó ar an gcianrialtán i rith an nuashonruithe bogearraí.
4 - Nuashonraigh bogearraí na teilifíse
Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach sa teilifís arís. Tosaíonn an nuashonrú go huathoibríoch. Casann an teilfís í féin as ar feadh 10 soicind agus ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Ná. . . . .
• úsáid an cianrialtán
• bain an gléas cuimhne USB amach ón teilifís
• brúigh faoi dhó
• brúigh an lasc cumhachta ar an teilifís Casann an teilfís í féin as (ar feadh 10 soicind) agus ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Tá bogearraí na teilifíse nuashonraithe. Is féidir leat an teilifís a úsáid arís. Scrios an comhad autorun.upg ón ngléas cuimhne USB chun nuashonrú tionóisceach bhogearraí na teilifíse a chosc.
Nuashonruithe Áitiúla
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe > USB> Nuashonruithe áitiúla.
Do mhiondíoltóirí agus sainúsáideoirí
Nuashonraigh ó USB
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe > USB
• Teastaíonn ríomhaire uait le nasc ardluais don Idirlíon agus méaróg chuimhne USB chun na bogearraí a uaslódáil ar an teilifís.
• Úsáid gléas cuimhne USB a bhfuil 512MB de spás saor air. Bí cinnte go bhfuil cosaint ar scríobh casta as.
1 - Cuir tús leis an nuashonrú ar an teilifís
Roghnaigh Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe > USB, ansin brúigh OK. 2 - Aithin an teilifís
Cuir an maide USB isteach i gceann de naisc USB na teilifíse. Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK. Scríobhtar comhad aitheantais ar an gnléas cuimhne USB.
3 - Íoslódáil bogearraí na teilifíse
- Cuir an gléas cuimhne USB isteach i do ríomhaire.
- Ar an ngléas cuimhne USB, aimsigh an comhad update.html agus cliceáil faoi dhó air.
- Cliceáil ar Seol ID.
- Má tá bogearraí nua ar fáil, íoslódáil an comhad .zip.
- Nuair atá an íoslódáil déanta, dízipeáil an comhad agus cóipeáil an comhad autorun.upg go dtí an gléas cuimhne USB.
- Ná cuir an comhad seo i bhfillteán.
Déan cuardach do nuashonruithe OAD (Íoslódáil tríd an aer)
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe > Déan cuardach do nuashonruithe OAD.
Déan scan chun cuardach a dhéanamh do nuashonrú bogearraí tríd an aer.
2.2
Leagan Bogearraí
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Faisnéis bogearraí reatha
Chun féachaint ar leagan reatha bogearraí na teilifíse.
5
3
Mear-Treoir
3.1
Cianrialtán
Cadhnraí agus Glanadh
1 - Fuireachas / Àir
Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go Fuireachas. 2 - Athsheinm agus Taifead
• Seinn , chun athsheanma.
• Cuir ar sos , chun athsheinm a chur ar sos
• Stop , chun athsheinm a stopadh
• Atochras , chun atochras
• Mearchasadh , chun mearchasadh
• Taifead , chun tús a chur le taifeadadh
Cadhnraí a athsholáthar
Mura bhfreagraíonn an teilifís do bhrú eochrach ar an gcianrialtán, d'fhéadfadh na ceallraí a bheith caite.
Chun na ceallraí a athsholáthar, oscail raca na gceallraí ar chúl an chianrialtáin.
1 - Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léirítear ar an tsaighead. 2 - Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra den chineál AAA-R03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí + agus - de na ceallraí isteach i gceart.
3 - Cuir doras na gceallraí ar ais arís agus sleamhnaigh é go dtí go gcliceálann sé.
• Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid agat ar feadh tréimhse fada.
• Faigh réidh le do sheancheallraí de réir na dtreoracha a thugtar maidir le deireadh úsáide.
Glanadh
3 - Brabhsálaí meán
Chun roghchlár an Bhrabhsálaí meán a oscailt nó a dhúnadh.
4 - TV GUIDE Chun an tEolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.
5 - Cuardach Chun an leathanach cuardaigh Smart TV a oscailt.
6 - Socruithe Chun an roghchlár Mearsocruithe a oscailt.
7 - SOURCES Chun an roghchlár Foinsí a oscailt.
8 - LIST Chun an liosta cainéal a oscailt nó a dhúnadh.
Lár
Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán. Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais.
Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná glantóirí tí nó an cianrialtán.
Forbhreathnú ar na hEochracha
Barr
1 - Baile
Chun an roghchlár Baile a oscailt. 2 - SMART TV
Chun leathanach tosaigh Smart TV a oscailt. 3 - Eochracha datha
Roghnú díreach roghanna. Osclaíonn an eochair ghorm , Cabhair.
4 - INFO Chun eolas cláir a oscailt nó a dhúnadh.
5 - BACK Chun roghchlár a dhúnadh gan socrú a athrú.
6 - - EXIT
6
Chun athrú ar ais d'fhéachaint ar theilifís. Chun feidhmchlár teilifíse idirghníomach a stopadh.
7 - OPTIONS Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.
8 - OK eochair Chun rogha nó socrú a dhearbhú. Chun an liosta cainéal a oscailt agus tú ag féachaint ar an teilifís.
9 - Eochracha saighde / nascleanúint Chun bogadh suas, síos, ar chlé nó ar dheas.
10 - Formáid Pictiúir Chun an roghchlár a oscailt nó a dhúnadh.
Bun
3.2
Braiteoir IR
Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin ar aghaidh na teilifíse.
Rabhadh
Ná cuir aon rud os comhair braiteoir IR na teilifíse mar go bhféadfadh sé an comhartha IR a bhlocáil.
1 - Chun an feidhmchlár Netflix a oscailt go díreach. Nuair atá an teilifís casta air nó ó fhuireachas.
• Má tá suibscríbhinn agat le Netflix, is féidir leat taitneamh a bhaint as Netflix ar an teilifís seo. Ní mór do do theilifís a bheith nasctha leis an Idirlíon.
• Chun Netflix a oscailt, brúigh chun an Feidhmchlár Netflix a oscailt. Is féidir leat Netflix a oscailt láithreach ó theilifís ar fuireachas. Is féidir leat Netflix a oscailt láithreach ó theilifís atá ar fuireachas. www.netflix.com
2 - Airde fuaime Chun airde na fuaime a athrú.
3 - Eochracha uimhreach Chun cainéal a roghnú go díreach.
4 - SUBTITLE Chun fotheidil a chasadh air nó as chun iad a thaispeáint go huathoibríoch.
5 - Cainéal Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an cainéal roimhe sin i liosta na gcainéal. Chun an chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin a oscailt in Téacs/Teilithéacs. Chun an chéad chaibidil eile nó an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú.
3.3
Luamhán stiúrtha - Rialú Áitiúil
Méaracha teilifíse Má tá an cianrialtán caillte agat, nó má tá a cheallraí
caite, is féidir leat roinnt oibríochtaí bunúsacha teilifíse a dhéanamh i gcónaí.
Chun an roghchlár bunúsach a oscailt…
1 - Agus an teilifís casta air agat, brúigh an eochair luamháin stiúrtha ar chúl na teilifíse chun an roghchlár bunúsach a oscailt. 2 - Brúigh clé nó deas chun Airde Fuaime, Cainéal nó Foinsí a roghnú. Roghnaigh Físeán taispeána chun físeán taispeána a thosú.
6 - Mute Chun an fhuaim a bhalbhú nó a dhíbhalbhú.
7 - TEXT Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.
3 - Brúigh suas nó síos chun an airde fuaime a athrú nó tiúnáil go dtí an chéad chainéal eile, nó an ceann
7
roimhe sin. Brúigh suas nó síos chun dul trí liosta na bhfoinsí, lena n-áirítear roghnú an tiúnóra.
Imeoidh an roghchlár as amharc go huathoibríoch.
8
4
Gléasadh Balla
Suiteáil
4.1
Léigh Sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n­úsáideann tú an teilifís.
Chun na treoracha a léamh, in Cabhair > Treoir úsáidreora, brúigh an eochair datha Eochairfhocail agus déan cuardach do Sábháilteacht agus Cúram.
4.2
Lonnú Teilifíse
Leideanna maidir le Láithriú
• Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go díreach ar an scáileán.
• Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.
• Is é an t-achar féachana is fearr chun féachaint ar Ultra HD TV ná idir is 2 agus 5 oiread airde a scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
Tá do theilifís ullmhaithe freisin do bhrac atá comhlíontach le VESA chun í a ghléasadh ar an mballa (díoltar leis féin é). Úsáid an cód VESA seo a leanas nuair atá an gléasadh balla á cheannach agat. . .
• 43PUS65x3
VESA MIS-F 200x200, M6 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 14 mm)
• 50PUS65x3
VESA MIS-F 200x200, M6 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 16 mm)
• 55PUS65x3
VESA MIS-F 300x200, M6 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 14 mm)
• 65PUS65x3
VESA MIS-F 400x200, M6 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 16 mm)
Ullmhúchán
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó www.philips.com/TVsupport sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir múnla na teilifíse chun cuardach a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Bain amach na 4 scriúchlaibín phlaisteacha as na boisc snáithithe ar chúl na teilifíse ar dtús. Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís a ghléasadh leis an mbrac VESA-comhlíontach.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís. Léigh na réamhchúraim shábháilteachta ar dtús freisin sula lonnóidh tú an teilifís. Ní bheidh TP Vision Europe B.V. freagrach as aon ghléasadh míchuí ná gléasadh ar bith a éiríoinn timpiste nó gortú as.
4.3
Cas air an teilifís
9
Nasc Cábla Cumhachta
• Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER ar chúl na teilifíse.
• Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go daingean sa nascóir.
• Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga cumhachta sa soicéad balla.
• Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta, tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh tréimhse fada.
tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ní an cábla. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.
Air nó ar Fuireachas
Sula gcasfaidh tú an teilifís air, cinntigh go bhfuil an príomhlíonra cumhachta plugáilte isteach sa nascóir
POWER ar chúl na teilifíse. Cas As
• Brúigh eochair an luamháin stiúrtha bhig ar chúl na teilifíse.
Athraigh go dtí fuireachas
Chun an teilifís a athrú go dtí fuireachas, brúigh ar an gcianrialtán. Is féidir leat freisin an luamhán stiúrtha beag ar chúl na teilifíse a bhrú freisin.
Agus í i bhfuireachas, tá an teilifís nasctha leis an bpríomhlíonra cumhachta i gcónaí ach is beag fuinneamh atá á tomhailt aici.
Chun an teilifís a chasadh as go hiomlán, dínasc an pluga cumhachta. Nuair atá an pluga cumhachta á dhínascadh agat,
10
5
Naisc
5.1
Treoir maidir le nascacht
Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar chaighdeán maith chun a chinntiú go mbeidh aistriú maith pictiúr agus fuaimeanna ann.
Nuair a nascann tú gléas, aithníonn an teilifís a chineál agus tugann sé ainm cineáil ceart do gach gléas. Is féidir leat an t-ainm cineáil a athrú más mian leat. Má shocraítear ainm cineáil ceart do ghléas, athraíonn an teilifís go huathoibríoch go dtí na socruithe teilifíse is fearr a fheileann di nuair a athraíonn tú go dtí an gléas seo sa roghchlár Foinsí.
5.2
Aeróg
Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa soicéad Aeróige ar chúl na teilifíse.
5.4
Gléas Físe
HDMI
Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le nasc HDMI.
Chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI ardluais agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m, agus nasc freisin gléasanna a thacaíonn le HDR ar HDMI 2/HDMI 3.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir DVB-T agus DVB-C.
5.3
Satailít
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn cáblaí HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).
Ceangail an nascóir satailíte den chineál F leis an nasc satailíte SAT ar chúl na teilifíse.
11
Comhpháirt
Is nasc ardchaighdeánY Pb Pr- Fís Chomhpháirte.
5.5
Gléas Fuaime
Is féidir an nasc YPbPr a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Cuir isteach na comharthaí Fuaime Clé agus Deas in aice leis na comharthaí Y, Pb agus Pr.
Meaitseáil na dathanna nascóra YPbPr (uaine, gorm, dearg) le plugaí na gcábla nuair a nascann tú. Úsáid cábla Fuaime Clé/Deas má tá fuaim ag do ghléas chomh maith.
HDMI ARC
Níl HDMI ARC ach ag HDMI 1 ar an teilifís (Cainéal Fillte Fuaime).
Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le HDMI 1 ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.
Comhábhar
Is nasc ar ghnáthchaighdeán CVBS - Fís Ilchodach. Tá na comharthaí Fuaime Clé agus Deas
in aice leis an gcomhartha CVBS.
• Roinneann Y an seac céanna le CVBS.
• Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaiceanna fuaime.
Fuaim Amach Dhigiteach - Optúil
Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach ­Optúil.
Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ar do ghléas, ar ghnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Fuaime Isteach - Optúil ar an HTS. Seolann an nasc Fuaime Amach - Optúil an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
12
Cluasáin
Miracast a úsáid
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar thaobh na teilifíse. Is mion-seac 3.5mm an nasc. Is féidir leat airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.
5.6
Gléas soghluaiste
Wi-Fi Direct / Miracast
Maidir le Wi-Fi Miracast
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghraif nó do cheol agus físeáin a sheinnt ó ghléas soghluaiste ar do theilifís le Wi-Fi Miracast™. Ba cheart don ghléas soghluaiste agus an teilifís a bheith laistigh den raon, sa seomra céanna go hiondúil.
Seiceáil an bhfuil do ghléas soghluaiste réidh do Miracast.
Is gléas Wi-Fi CERTIFIED Miracast™ do theilifís. Is féidir leat breathnú ar scáileán d'fhón cliste, taibléad nó ríomhaire ar scáileán do theilifíse le Miracast™, nó é a roinnt gan sreang. Is féidir leat físeáin a shruthú (fuaim agus fís), grianghraif a roinnt nó rud ar bith eile atá ar scáileán an ghléis. Ní gá an gléas a nascadh le do líonra baile. Ní mór don teilifís agus don ghléas a bheith ina ngléasanna Wi-Fi Wi-Fi CERTIFIED Miracast™ agus ní mór do Miracast a bheith casta air.
Tá Miracast ar an teilifís seo faoi réir ag an bprótacal HDCP agus ní féidir leis scothábhar a seoltar trí ghléas agus a bhfuil cosaint ar chóipeáil air a thaispeáint. Is é an taifeach físeáin is airde a dtacaítear leis ná 720p do 2.4GHz Wi-Fi nó 1080p do 5GHz Wi-Fi.
Téigh go dtí www.wi-fi.org chun tuilleadh eolais a fháil ar Wi-Fi Wi-Fi CERTIFIED Miracast™.
Is trádmharcanna cláraithe de chuid an Wi-Fi Alliance Wi-Fi®, an logó Wi-Fi CERTIFIED, an logó Wi-Fi. Is trádmharcanna de chuid an Wi-Fi Alliance Wi-Fi
CERTIFIED Miracast™, Miracast™.
Cas air Miracast Brúigh  SOURCES > Miracast Scáileán a roinnt ar an teilifís
1 - Gníomhachtaigh Miracast (Scáthánú scáileáin) ar do ghléas soghluaiste. 2 - Roghnaigh an teilifís ar do ghléas soghluaiste. (Taispeánfar an teilifís seo mar ainm mhúnla na teilifíse ) 3 - Roghnaigh ainm na teilifíse ar do ghléas soghluaiste, agus beidh tú in ann Miracast a úsáid tar éis an nasc a bheith déanta.
Éirigh as Roinnt
Is féidir leat éirí as roinnt ón teilifís nó ón ngléas soghluaiste.
Ón ngléas
Is féidir leat an feidhmchlár a d'úsáid tú chun Miracast a thosú a úsáid chun dínascadh agus éirí as féachaint ar scáileán an ghléis ar an teilifís. Athróidh an teilifís ar ais go dtí an clár deireanach a bhí roghnaithe.
Ón teilifís
Chun éirí as féachaint ar scáileán an ghléis ar an teilifís, is féidir leat . . .
• brúigh EXIT chun féachaint ar theilifís
• brúigh (Baile) chun gníomhaíocht eile ar an teilifís a thosú
• brúigh SOURCES chun an roghchlár Foinsí a oscailt agus gléas nasctha a roghnú.
Athshocraigh naisc Wi-Fi Miracast
Tá gach gléas a nascadh roimhe seo stóráilte i liosta nasc Wi-Fi Miracast.
Chun gach gléas nasctha Miracast a ghlanadh…
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Líonra > Athshocraigh naisc Wi-Fi Miracast.
Moill Scáileáin
Isteach is amach le 1 soicind an ghnáthmhoill nuair atáthar ag roinnt scáileán le Miracast. D'fhéadfadh an mhoill a bheith níos faide má tá gléasanna/ríomhairí níos sine in úsáid agat a bhfuil níos lú cumhachta próiseála acu.
13
MHL
Tá an teilifís seo oiriúnach le MHL™.
5.7
Gléas eile
Má tá do ghléas soghluaiste oiriúnach le MHL, is féidir leat do ghléas soghluaiste a nascadh leis an teilifís le cábla MHL. Nuair atá an cábla MHL nasctha, is féidir leat a bhfuil ar do ghléas soghluaiste ar scáileán na teilifíse a roinnt. Luchtaíonn do ghléas soghluaiste a cheallra ag an am céanna. Feileann an nasc MHL go maith d'fhéachaint ar scannáin nó cluichí a imirt ó do ghléas soghluaiste ar an teilifís ar feadh tréimhse níos faide.
Luchtú
Nuair atá an cábla MHL nasctha, luchtóidh do ghléas nuair atá an teilifís casta air (ní ar fuireachas).
Cábla MHL
Teastaíonn cábla MHL fulangach (HDMI go dtí Micro USB) uait chun do ghléas soghluaiste a nascadh leis an teilifís Tá an seans ann go mbeidh cuibheoir breise ag teastáil uait chun do ghléas soghluaiste a nascadh. Úsáid an nasc HDMI 3 MHL chun an cábla MHL a nascadh leis an teilifís.
CAM le Cárta Cliste - CI+
Maidir le CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+. Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Déanann an t-oibritheoir teilifíse scrobhadh ar na cláir seo agus díscrobhtar iad le modúl CI+ réamhíoctha. Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl Rochtana Coinníollach - CAM) ar fáil mar aon le cárta cliste a ghabhann leis, nuair a liostálann tú lena gcláir phréimhe. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag an cláir seo.
Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.
Is trádmharcanna de chuid an MHL, LLC iad MHL, Mobile High-Definition Link agus Lógó MHL.
Feidhmchláir - Philips TV Remote App
Is é an Philips TV Remote App nua ar d'fhón cliste nó ar do thaibléad do chara nua.
Tá tú i gceannas ar na meáin atá mórthimpeall ort leis an TV Remote App. Seol grianghraif, ceol nó físeáin chuig do scáileán teilifíse. Fiosraigh a bhfuil uait féachaint air san Eolaire Teilifíse agus féach air ar an teilifís. * Nuair a úsáideann tú d'fhón mar chianrialtán, is féidir an teilifís a chasadh air nó as le d’fhón leis an bhFeidhmchlár Remote TV.
Íoslódáil an Philips TV Remote App ón siopa feidhmchlár is ansa leat inniu.
Tá TV Remote App Philips ar fáil in aisce do iOS agus Android.
Cárta Cliste
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1. Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus don teilifís.
2. Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.
3. Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé. Fág sa sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
14
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste. Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
Socraigh Pasfhocail agus cóid PIN
Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís a dhíghlasáil.
Chun an cód PIN a shocrú don CAM…
1. Brúigh SOURCES .
2. Roghnaigh an cineál cainéil atá in úsáid agat don CAM.
3. Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Comhéadan Coiteann. 4 Roghnaigh oibritheoir teilifíse an CAM. Is ón oibritheoir teilifíse a thagann na scáileáin seo a leanas. Lean na treoracha ar an scáileán chun an cód PIN a fháil.
Méaróg Chuimhne USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha. Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Braitheann an teilifís an mhéaróg chuimhne agus osclaíonn sí liosta a thaispeánann a bhfuil ann. Mura dtaispeántar a bhfuil ann go huathoibríoch, brúigh SOURCES agus roghnaigh USB.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi féachaint ar ábhar ó mhéaróg chuimhne USB nó é a sheinnt, in Cabhair, brúigh an eochair datha Eochairfhocail agus déan cuardach do
Ghrianghraif, Físeáin agus Ceol.
Diosca Crua USB
Suiteáil
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach (craoladh DVB nó a mhacasamhail).
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB.
Chun craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait atá comhoiriúnach le USB agus a bhfuil ar a laghad 4GB de spás air.
Chun craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 250GB de spás saor air. Má tá uait craoladh a thaifeadadh le sonraí eolaire teilifíse ón Idirlíon, ní mór an nasc Idirlín a bheith suiteáilte ar do theilifís sula suiteálann tú an Diosca Crua USB.
1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís. 3 - Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse
digití, brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú.
Lean na treoracha ar an scáileán. Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
15
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.
2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís. 3 - Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse
digití, brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú. Lean na treoracha ar an scáileán. 4 - Fiafróidh an teilifís díot an bhfuil uait an Diosca Crua USB a úsáid chun feidhmchláir a stóráil, aontaigh leis an gceist más ea. 5 - Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág nasctha go buan é.
Chun na treoracha a léamh, in Cabhair, brúigh an eochair datha Eochairfhocail agus déan cuardach do Diosca Crua USB.
Formáidiú
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB. Má tá uait craoltaí a thaifeadadh le sonraí ón Eolaire Teilifíse ón Idirlíon, ní mór duit an nasc Idirlín a shuiteáil sula suiteálann tú an Diosca Crua USB.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.
Chun Diosca Crua USB a fhormáidiú… 1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc
USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
16
6
Athraigh Foinse
6.1
Liosta Foinse
• Chun an roghchlár Foinsí a oscailt, brúigh SOURCES .
• Chun athrú go dtí gléas nasctha, roghnaigh an gléas leis na saigheada (Deas) nó (Clé) agus brúigh OK.
• Chun an roghchlár foinse a dhúnadh gan athrú go dtí gléas, brúigh SOURCES arís.
6.2
Athainmnigh Gléas
• Ní féidir ach foinsí CVBS, YPbPr, HDMI a athainmniú nó a ndeilbhín gléis a athsholáthar.
(Baile) > Socruithe > Gach socrú > Socruithe ginearálta > Foinsí ionchuir > Foinse> Cuir in eagar
1 - Roghnaigh ceann de na deilbhíní gléis agus brúigh
OK, taispeánfar an t-ainm réamhshainaithe sa réimse.clóscríbhneoireachta. 2 - Brúigh (suas) chun bogadh go dtí an réimse clóscríbhneoireachta, brúigh OK, ansin cuir isteach ainm nua trí úsáid a bhaint as an méarchlár ar an scáileán.
- Brúigh an eochair (dearg) chun téacs a chur isteach i gcás íochtair
- Brúigh an eochair (uaine) chun téacs a chur isteach i gcás uachtair
- Brúigh an eochair (buí) chun uimhir agus siombail a chur isteach
- Brúigh an eochair (gorm) chun carachtar a scriosadh 3 - Roghnaigh Déanta nuair atá tú réidh.
17
7
Aeróg agus Cábla
Cainéil
7.1
Maidir le Cainéil agus Athraigh Cainéil
Chun féachaint ar chainéil teilifíse
• Brúigh . Tiúinfidh an teilfís go dtí an cainéal teilifíse ar fhéach tú go deireanach air.
• Brúigh (Baile) > TV > Cainéil agus brúigh OK.
• Brúigh + - chun cainéil a athrú.
• Má tá uimhir an chainéil ar eolas agat, clóscríobh an uimhir leis na heochracha uimhreach. Brúigh OK tar éis an uimhir a chur isteach chun cainéil a athrú.
• Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte cheana féin, brúigh BACK.
Chun athrú go cainéal ó liosta cainéal
• Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh LIST chun na liostaí cainéal a oscailt.
• D'fhéadfadh roinnt leathanach le cainéil a bheith ar an liosta cainéal. Chun féachaint ar an gcéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin, brúigh + -.
• Chun na liostaí cainéal a dhúnadh gan an cainéal a athrú, brúigh LIST arís.
Deilbhíní cainéal
Tar éis do Nuashonrú Cainéal Uathoibríoch a bheith déanta ar an liosta cainéal, marcáltar cainéil nua le (réalta). Má ghlasálann tú cainéal, marcálfar le (glas) é.
Cainéil raidió
Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin raidió dhigiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal raidió díreach ar an gcaoi chéanna is a athraíonn tú go cainéal teilifíse.
Déan cuardach de láimh do Chainéil agus do Shocruithe Chainéil
Déan cuardach do chainéil Cainéil a nuashonrú
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil aeróige/cábla > Déan cuardach do chainéil
1 - Roghnaigh Tosaigh anois agus brúigh OK. 2 - Roghnaigh Nuashonraigh cainéil chun díreach
cainéil nua dhigiteacha a chur leis an liosta. 3 - Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK chun cainéil a nuashonrú. D'fhéadfadh sé sin roinnt nóiméad a thógáil.
Athshuiteáil thapaidh (Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil
aeróige/cábla > Déan cuardach do chainéil
1 - Roghnaigh Tosaigh anois agus brúigh OK. 2 - Roghnaigh Athshuiteáil thapaidh chun gach
cainéal a athshuiteáil arís leis na réamhshocruithe. 3 - Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK chun cainéil a nuashonrú. D'fhéadfadh sé sin roinnt nóiméad a thógáil.
Athshuiteáil chasta (Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil
aeróige/cábla > Déan cuardach do chainéil
1 - Roghnaigh Tosaigh anois agus brúigh OK. 2 - Roghnaigh Athshuiteáil chasta chun athshuiteáil
iomlán a dhéanamh céim ar chéim. 3 - Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK chun cainéil a nuashonrú. D'fhéadfadh sé sin roinnt nóiméad a thógáil.
Socruithe Cainéal
Is féidir leis an teilifís seo teilifís dhigiteach ar chaighdeán DVB a fháil. D'fhéadfadh an teilifís gan oibriú i gceart le roinnt oibritheoirí teilifíse digití, neamhchomhlíonadh le riachtanais an chaighdeáin ina n-iomláine.
7.2
Suiteáil Cainéal
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil aeróige/cábla > Déan cuardach do chainéil > Athshuiteáil cainéil
1 - Roghnaigh Tosaigh anois agus brúigh OK. 2 - Roghnaigh Athshuiteáil chasta chun athshuiteáil
iomlán a dhéanamh céim ar chéim.
3 - Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK. 4 - Roghnaigh an tír ina bhfuil tú anois agus brúigh
OK.
5 - Roghnaigh Aeróg (DVB-T)Cábla (DVB-C) , agus roghnaigh mír amháin a dteastaíonn uait é a athshuiteáil.
6 - Roghnaigh Cainéil dhigiteacha agus analógacha, Cainéil dhigiteacha amháin, nó Cainéil analógacha amháin.
7 - Roghnaigh Socruithe agus brúigh OK. 8 - Brúigh Athshocraigh chun athshocrú, nó
18
brúigh Déanta nuair atá na socruithe athraithe. Scan minicíochta
Roghnaigh an modh chun cuardach a dhéanamh do chainéil.
Mearscanadh: roghnaigh an modh níos tapúla agus úsáid na socruithe réamhshainithe atá á n-úsáid ag an gcuid is mó de na soláthróirí cábla i do thír.
Iomlán: Má fhágann sé sin nach mbeidh aon chainéal suiteáilte nó má tá roinnt cainéal ar iarraidh, is féidir leat an modh Iomlán a úsáid. Bíonn níos mó ama ag teastáil ón modh sin chun cainéil a chuardach agus a shuiteáil.
Má tá suibscríbhinn agus CAM - Modúl Rochtana Coinníollaí agat le haghaidh seirbhísí teilifíse nach mór íoc astu, roghnaigh Saor + Scrofa. Mura bhfuil suibscríbhinn agat chun cainéil nó seirbhísí teilifíse nach mór íoc astu a fháil, is féidir leat Cainéil in Aisce
Amháin a roghnú.
Déan Cuardach Uathoibríoch do Chainéil
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil> Suiteáil aeróige/cábla > Nuashonrú cainéal uathoibríoch
Ardsocruithe: Má fuair tú luach sonrach minicíocht líonra chun cainéil a chuardach, roghnaigh
Ardsocruithe. Méid eatraimh minicíochta
Déanann an teilifís cuardach do chainéil in eatraimh de 8MHz. Má fhágann sé sin nach mbeidh aon chainéal suiteáilte nó má tá roinnt cainéal ar iarraidh, is féidir leat cuardach a dhéanamh in eatraimh níos lú de 1MHz. Má bhaintear úsáid as na heatraimh 1MHz, beidh níos mó ama ag teastáil chun cainéil a chuardach agus a shuiteáil.
Mód minicíochta líonra
Má tá sé ar intinn agat an modh tapaidh Mearscanadh sa Scanadh Minicíochta a úsáid chun cainéil a chuardach, roghnaigh Uathoibríoch. Úsáidfidh an teilifís 1 de na minicíochtaí líonra réamhshainithe (nó HC - cainéal frithinge) mar atá in úsáid ag an gcuid is mó de sholáthróirí cábla i do thír. Má fuair tú luach sonrach minicíocht líonra chun cainéil a chuardach, roghnaigh De Láimh.
Minicíocht líonra Nuair atá an socrú De Láimh i bhfeidhm don Mhód minicíochta líonra, is féidir leat an luach minicíochta
líonra a fuair tú ó d'oibritheoir cábla a chur isteach anseo. Úsáid na heochracha uimhreach chun an luach a chur isteach.
ID Líonra
Cuir isteach an ID líonra a chuir do sholáthróir cábla ar fáil.
Má fhaigheann tú cainéil dhigiteacha, is féidir leat an teilifís a shocrú chun an liosta a nuashonrú leis na cainéil nua.
Mar rogha air sin, is féidir leat nuashonrú cainéal a thosú tú féin.
Nuashonrú cainéal uathoibríoch
Déanann an teilifís nuashonrú ar na cainéil agus stórálann sé cainéil nua uair amháin in aghaidh an lae, ag 6 AM. Stóráltar cainéil nua sa liosta Gach cainéal ach sa liosta Cainéil nua freisin. Baintear cainéil fholmha as. Má aimsítear cainéil nua nó má dhéantar nuashonrú ar chainéil nó má bhaintear as iad, taispeántar teachtaireacht ar an teilifís nuair a chastar air í. Ní mór don teilifís a bheith ar Fuireachas chun cainéil a nuashonrú go huathoibríoch.
Teachtaireacht Nuashonrú cainéil
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil aeróige/cábla > Teachtaireacht nuashonruithe cainéal
Nuair a aimsítear cainéil nua nó má dhéantar nuashonrú ar chainéil nó má bhaintear as iad, taispeántar teachtaireacht ar an teilifís nuair a chastar air í. Is féidir leat an teachtaireacht sin a chasadh as ionas nach dtaispeánfar í i ndiaidh gach nuashonrú cainéal.
Mód ráta siombaile Murar thug do sholáthróir cábla luach ráta siombaile sonrach duit chun na cainéil teilifíse a shuiteáil, fág an socrú Mód ráta siombaile ar Uathoibríoch.
Má tá luach ráta siombaile sonrach faighte agat, roghnaigh De láimh.
Symbol rate Nuair atá an Mód ráta siombaile socraithe do De láimh, is féidir leat an mód ráta siombaile a chur
isteach trí úsáid a bhaint as na heochracha uimhreach.
Saor/Scrofa
Digiteach: Tástáil Ghlacachta
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil aeróige/cábla > Digiteach: tástáil glacachta
Taispeánfar an mhinicíocht dhigiteach don chainéal seo. Má tá an ghlacacht lag, is féidir suíomh na haeróige a athrú. Chun caighdeán comhartha na minicíochta a sheiceáil arís, roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK. Chun minicíocht dhigiteach shonrach a chur isteach tú féin, úsáid eochracha an chianrialtáin. Mar rogha air sin, roghnaigh an mhinicíocht, lonnaigh na saigheada ar uimhir le agus agus athraigh an uimhir
19
le agus . Chun an mhinicíocht a sheiceáil, roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK.
Analógach: Suiteáil de Láimh
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil aeróige/cábla > Analógach: suiteáil de láimh
Is féidir cainéil teilifíse analógacha a shuiteáil de láimh, cainéal i ndiaidh cainéil.
Córas Chun córas na teilifíse a shuiteáil, roghnaigh Córas. Roghnaigh do thír nó an chuid sin den domhan a bhfuil tú anois ann agus brúigh OK.
Déan cuardach do chainéal Chun cainéal a aimsiú, roghnaigh Cuardaigh Cainéal agus brúigh OK. Is féidir leat minicíocht a chur isteach tú féin chun cainéal a aimsiú nó ligint don teilifís cuardach a dhéanamh don chainéal. Brúigh OK, roghnaigh Cuardach agus brúigh OK chun cuardach uathoibríoch a dhéanamh do chainéal. Taispeánfar an cainéal a aimseofar ar an scáileán agus má tá an ghlacacht go dona, brúigh Cuardaigh arís. Má tá uait an cainéal a stóráil, roghnaigh Déanta agus brúigh OK.
Míntiúnáil Chun cainéal a mhíntiúnáil, roghnaigh Míntiúnáil agus brúigh OK. Is féidir leat an cainéal a mhíntiúnáil le . Má tá uait an cainéal a aimsíodh a stóráil, roghnaigh Déanta agus brúigh OK.
Stóráil Is féidir leat an cainéal a stóráil ar uimhir an chainéil reatha nó mar uimhir cainéil nua. Roghnaigh Stóráil agus brúigh OK. Taispeánfar an uimhir nua cainéal.
Is féidir leat na céimeanna seo a dhéanamh arís agus arís eile go dtí go bhfuil gach cainéal teilifíse analógach aimsithe agat.
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil satailíte > Déan cuardach do satailít > Nuashonraigh cainéil
Athsuiteáil gach cainéal (Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil
satailíte > Déan cuardach do shatailít > Athsuiteáil cainéil
• Roghnaigh an grúpa cainéal a bhfuil uait iad a shuiteáil.
• Is féidir le hoibritheoirí satailíte pacáistí cainéal a thairiscint a chuachann cainéil shaora agus a thairgeann sórtáil a fheileann do thír. Tairgeann roinnt satailítí pacáistí suibscríbhinne - cnuasach cainéal a n­íocann tú astu.
Socruithe Satailíte
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil satailíte > Déan cuardach do shatailít > Athsuiteáil cainéil
1 - Roghnaigh Ó phacáiste sórtáilteGach cainéal neamhshórtáilte.
2 - Roghnaigh Socruithe agus brúigh OK. 3 - Brúigh Athshocraigh chun athshocrú, nó
brúigh Déanta nuair atá na socruithe athraithe agat.
Cineál naisc
Roghnaigh an líon satailítí a bhfuil uait iad a shuiteáil. Socraíonn an teilifís an cinéal naisc cuí go huathoibríoch
Suas le 4 Satailít - Is féidr leat suas le 4 satailít (4 LNBanna) a shuiteáil ar an teilifís seo. Roghnaigh díreach an líon satailítí ar mian leat iad a shuiteáil ag tús na suiteála. Éascóidh sé sin an tsuiteáil.
Unicable - Is féidir leat córas Unicable a úsáid chun an mhias aeróige a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Unicable a roghnú do shatailít 1 nó 2 satailít ag tús na suiteála.
Socruithe LNB
Satailít
Déan cuardach do Shatailít agus do Shocruithe Satailíte
Déan cuardach do Chainéal Satailíte
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil satailíte > Déan cuardach do
shatailít
Nuashonraigh liosta cainéal reatha
Is féidir leat na sainsocruithe don trasfhreagróir frithinge agus do gach LNB a athrú i roinnt tíortha. Ná húsáid ná athraigh na socruithe sin nuair atá teiptha ar ghnáthshuiteáil. Má tá trealamh satailíte nach bhfuil caighdeánach agat, is féidir leat na socruithe sin a úsáid chun na gnáthshocruithe a shárú. D'fhéadfadh roinnt soláthróirí luachanna don trasfhreagróir nó don LNB a thabhairt duit ar féidir leat iad a chur isteach anseo.
• Cumhacht LNB - Is é an socrú réamhshainithe don Chumhacht LNB ná Air.
• Ton 22 kHz - Is é an socrú réamhshainithe don Ton ná Uathoibríoch.
20
• Minicíocht LO Íseal/ Minicíocht LO Ard - Socraítear minicíochtaí na n-ascaltóirí áitiúla do luachanna caighdeánacha. Ná hathraigh na luachanna ach amháin i gcás trealaimh eisceachtúil a bhfuil luachanna éagsúla ag teastáil uaidh.
Cuir Satailít leis an liosta nó Bain Satailít ón liosta
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil satailíte > Déan cuardach do shatailít > Cuir Satailít leis an liosta , Bain Satailít ón liosta
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil satailíte > Déan cuardach do shatailít > Cuir Satailít leis an liosta
• Is féidir leat satailít bhreise a chur le do shuiteáil satailíte reatha. Ní dhéanann sé aon difríocht do na satailítí suiteáilte ná dá gcainéil. Ní cheadaíonn roinnt oibritheoirí satailíte duit satailít a chur leis an liosta.
• Ba cheart caitheamh leis an satailít bhreise mar rud breise. Ní hé do phríomhshuibscríbhinn satailíte é ná an phríomhshatailít a bhfuil a pacáiste cainéal á úsáid agat. Chuirfeá an 4ú satailít leis an liosta nuair atá 3 shatailít suiteáilte agat cheana féin. Má tá 4 shatailít suiteáilte agat cheana féin, d'fhéadfá breithniú a dhéanamh ar cheann a bhaint as chun go mbeifeá in ann satailít nua a shuiteáil.
• Mura bhfuil ach 1 nó 2 satailít suiteáilte agat, tá an seans ann nach ligfidh na socruithe suiteála reatha duit satailít bhreise a chur leis an liosta. Má chaitheann tú na socruithe suiteála a athrú, ní mór duit an tsuiteáil satailíte a athdhéanamh ina iomlán. Ní féidir leat Cuir satailít leis an liosta a úsáid má tá athrú socruithe ag teastáil.
thosú tú féin.
Nuashonrú cainéal uathoibríoch
Déanann an teilifís nuashonrú ar na cainéil agus stórálann sé cainéil nua uair amháin in aghaidh an lae, ag 6 AM. Stóráltar cainéil nua sa liosta Gach cainéal ach sa liosta Cainéil nua freisin. Baintear cainéil fholmha as. Má aimsítear cainéil nua nó má dhéantar nuashonrú ar chainéil nó má bhaintear as iad, taispeántar teachtaireacht ar an teilifís nuair a chastar air í. Ní mór don teilifís a bheith ar Fuireachas chun cainéil a nuashonrú go huathoibríoch.
* Níl fáil air ach amháin nuair atá an Liosta cainéal
satailíte socraithe do Ó phacáiste sórtáilte
Teachtaireacht Nuashonrú cainéil
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil satailíte > Teachtaireacht nuashonruithe cainéal
Nuair a aimsítear cainéil nua nó má dhéantar nuashonrú ar chainéil nó má bhaintear as iad, taispeántar teachtaireacht ar an teilifís nuair a chastar air í. Is féidir leat an teachtaireacht sin a chasadh as ionas nach dtaispeánfar í i ndiaidh gach nuashonrú cainéal.
Rogha Nuashonruithe Uathoibríoch
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil satailíte > Rogha Nuashonruithe Uathoibríoch
Díroghnaigh satailít mura bhfuil uait é a nuashonrú go huathoibríoch.
* Níl fáil air ach amháin nuair atá an Liosta cainéal satailíte socraithe do Ó phacáiste sórtáilte
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil satailíte > Déan cuardach do shatailít > Bain Satailít ón liosta
Is féidir leat satailít amháin nó níos mó a bhaint as ó do shuiteáil satailíte reatha. Baineann tú an tsatailít agus a cainéil as. Tá roinnt oibritheoirí satailíte ann nach gceadaíonn satailít a bhaint as.
Déan Cuardach Uathoibríoch do Chainéil
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil satailíte > Nuashonrú cainéal uathoibríoch
Má fhaigheann tú cainéil dhigiteacha, is féidir leat an teilifís a shocrú chun an liosta a nuashonrú leis na cainéil nua.
Mar rogha air sin, is féidir leat nuashonrú cainéal a
Suiteáil de Láimh
(Baile) > Socruithe > Suiteáil Cainéil > Suiteáil satailíte > Suiteáil de láimh
Suiteáil satailít de láimh.
• LNB - Roghnaigh an LNB a bhfuil uait cainéil nua a chur leis.
• Polarú - Roghnaigh an polarú atá uait.
• Mód ráta siombaile - Roghnaigh De láimh chun ráta siombaile a chur isteach.
• Minicíocht - Cuir isteach an mhinicíocht don trasfhreagróir.
• Cuardaigh - Déan cuardach don trasfhreagróir.
21
Loading...
+ 49 hidden pages