Philips 46PDL8908, 55PDL8908 User manual

Register your product and get support at

Design Line

 

www.philips.com/welcome

 

 

46PDL890

 

55PDL890

Lámhleabhar

Ábhar

1

Turas

3

 

 

 

 

 

 

7.2

Tosaigh Skype

72

 

 

1.1

Smart TV

3

 

 

 

 

7.3

Teagmhálaithe

73

 

 

1.2

App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)

3

7.4

Ag déanamh glao ar Skype

74

1.3

Físeáin ar cíos

3

 

 

 

7.5

Creidmheas Skype

75

 

1.4

Teilifís ar líne

3

 

 

 

7.6

Socruithe Skype

76

 

 

1.5

Líonraí sóisialta

4

 

 

 

7.7

Sínigh amach:

76

 

 

1.6

Skype

4

 

 

 

 

 

 

7.8

Téarmaí Úsáide

76

 

 

1.7

Fóin chliste agus táibléid 4

 

8

Cluichí

77

 

 

 

 

1.8

An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí

4

 

 

 

 

1.9

Cluichíocht

5

 

 

 

 

8.1

Cluiche a imirt

77

 

 

1.10

EasyLink

5

 

 

 

 

 

8.2

Cluichí dhá imreoir

77

 

2

Suiteáil

6

 

 

 

 

 

 

9

Sonraíochtaí teilifíse

78

 

2.1

Ar an urlár nó ar an mballa

6

 

9.1

Comhshaol

78

 

 

 

2.2

Leideanna maidir le láithriú

6

 

9.2

Cumhacht

79

 

 

 

2.3

Cábla cumhachta

6

 

 

9.3

Glacacht

79

 

 

 

 

2.4

Aeróg

7

 

 

 

 

 

 

9.4

Taispeáint

79

 

 

 

2.5

Mias satailíte

7

 

 

 

9.5

Fuaim

79

 

 

 

 

 

2.6

Líonra

7

 

 

 

 

 

 

9.6

Ilmheáin

80

 

 

 

 

2.7

Nasc gléasanna

9

 

 

 

9.7

Nascacht

80

 

 

 

2.8

Roghchlár suiteála

19

 

 

9.8

Toisí agus meáchain

80

 

2.9

Sábháilteacht agus cúram

20

 

10

Bogearraí teilifíse 81

 

3

Teilifís

22

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

10.1

Leagan bogearraí

81

 

3.1

Cas air

22

 

 

 

 

 

10.2

Nuashonrú bogearraí

81

 

3.2

Cianrialtán

 

22

 

 

 

 

10.3

Bogearraí foinse oscailte 81

3.3

Cainéil teilifíse

26

 

 

 

10.4

Ceadúnas foinse oscailte

81

3.4Eolaire teilifíse 35

3.5

Athraigh go gléasanna

36

11

Tacaíocht

82

3.6

Fotheidil agus teangacha 37

11.1

Cláraigh

82

3.7

Uaineadóirí agus clog

38

11.2

Ag úsáid Cabhair agus Cuardach 82

3.8

Socruithe pictiúr

39

 

11.3

Cabhair ar líne 82

3.9

Socruithe fuaime

43

 

11.4

Cúram Custaiméirí 82

3.10Socruithe Ambilight 45

3.11

Rochtain uilíoch

46

 

 

 

12

Cóipchearta agus ceadúnais

83

4

Cainéil satailíte

48

 

 

 

12.1

HDMI

83

 

 

 

 

 

12.2

Dolby

83

 

 

4.1

Ag féachaint ar chainéil satailíte

48

12.3

DTS 2.0 + Digital Amach™

83

4.2

Liosta cainéal satatilíte

48

 

12.4

Skype

83

 

 

4.3

Cainéil Satailíte Ceanán

48

 

12.5

DLNA Certified®

83

 

4.4

Cainéil satailíte a ghlasáil

49

 

12.6

DivX Certified®

83

 

4.5

Suiteáil saitilíte

50

 

 

 

12.7

Microsoft 83

 

 

5

3D 55

 

 

 

 

12.8

Wi-Fi Alliance 83

 

 

 

 

 

 

12.9

Bogearraí MHEG

84

 

5.1

Na rudaí a bheidh ag teastáil uait

55

12.10

Trádmharcanna eile 84

 

5.2

Do spéaclaí gníomhacha 3D 55

 

Innéacs

85

 

 

 

5.3

Ag féachaint ar 3D

56

 

 

 

 

 

5.4

Féachaint 3D is fearr

57

 

 

 

 

 

 

5.5

Rabhadh sláinte

57

 

 

 

 

 

 

 

 

6 Smart TV 58

6.1Roghchlár Baile 58

6.2

Feidhmchláir Smart TV 58

6.3

Físeáin, grianghraif nó ceol 61

6.4Ilseomra 64

6.5

Cuir teilifís ar sos 65

6.6Taifeadadh 65

6.7

Feidhmchlár MyRemote 66

7 Skype 72

7.1Céard é iTV? 72

2

Ábhar

1

Turas

1.1

Smart TV

Nasc an Philips Smart LED TV leis an Idirlíon agus bain triail as taithí nua teilifíse. Is féidir leat nasc sreinge a dhéanamh le do ródaire nó is féidir leat nascadh gan aon sreang le Wi-Fi.

Nuair atá an teilifís nasctha le do líonra baile, is féidir le fón cliste grianghraf a thaispeáint ar an teilifís, is féidir leat físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a sheinnt nó an teilifís a rialú le do tháibléad.

Nuair atá do theilifís nasctha leis an Idirlíon, is féidir leat féachaint ar fhíseán ar cíos ó shiopa físeán ar líne, an t-eolaire teilifíse ar líne a léamh nó an clár teilifíse is ansa leat a thaifeadadh ar Dhiosca Crua USB. Bainfidh tú níos mó taitnimh as feidhmchláir Smart TV mar go bhfuil gach cineál seirbhís siamsaíochta agus chaoithiúil iontu.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Smart TV chun tuilleadh eolais a fháil.

1.2

App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)

Oscail App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)i Smart TV chun na feidhmchláir a bhrabhsáil, ar bailiúchán de láithreáin ghréasáin iad atá curtha in oiriúint don teilifís.

Aimsigh an Feidhmchlár d'fhíseáin YouTube, nuachtán náisiúnta, albam grianghraf ar líne, Facebook, Twitter, srl . Tá Feidhmchláir ann chun físeán a fháil ar cíos ó shiopa físeán ar líne agus chun féachaint ar chláir a chaill tú. Mura bhfaighidh tú a bhfuil uait san App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár), bain triail as an nGréasán Domhanda agus bí ag scimeáil ar an Idirlíon ar an teilifís.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) chun tuilleadh eolais a fháil.

1.3

Físeáin ar cíos

Ní gá duit an baile a fhágáil chun féachaint ar fhíseán ar cíos. Díreach faigh an scannán is nua ar cíos ó do shiopa físeán réigiúnach ar líne.

Tosaigh Smart TV agus cuir Feidhmchlár an tsiopa físeán ar leathanach tosaigh Smart TV.

Oscail Feidhmchlár an tsiopa físeán, cruthaigh do chuntas pearsanta féin, roghnaigh an scannán agus brúigh Seinn. Níl aon útamáil le híoslódáil, is féidir leat féachaint ar an scannán láithreach*.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Físeáin ar cíos chun tuilleadh eolais a fháil.

* Ag brath ar sheirbhís fís-sruthaithe an tsiopa físeán atá i gceist.

1.4

Teilifís ar líne

Ligeann Feidhmchláir Teilifís ar líne Smart TV (teilifís sruthaithe) duit féachaint ar chlár teilifíse atá díreach caillte agat nó féachaint ar chlár nuair a fheileann sé is fearr duit.

Bí ag faire amach don lógó craoltóra san App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár).

Turas / Teilifís ar líne

3

Philips 46PDL8908, 55PDL8908 User manual

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Teilifís ar líne chun tuilleadh eolais a fháil.

1.5

Líonraí sóisialta

Ní gá duit dul chuig do ríomhaire chun teachtaireachtaí do chara a sheiceáil. Oscail Smart TV, roghnaigh leathanach do líonra sóisialta agus seol teachtaireacht ar ais díreach ón áit a bhfuil tú i do shuí.

Tacaíonn Smart TV leis na líonraí sóisialta Facebook agus Twitter.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) chun tuilleadh eolais a fháil.

1.6

Skype

Is féidir leat glaonna físeáin a dhéanamh ar do theilifís in aisce le

Skype™.

Is féidir leat glaoch ar do chairde áit ar bith ar domhan agus iad a fheiceáil ar an scáileán. Teastaíonn ceamara a bhfuil micreafón ionsuite ann agus nasc maith don Idirlíon chun glao físe a dhéanamh. Tá ceamara agus micreafón ionsuite ag roinnt teilifíseanna de chuid Philips.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Skype chun tuilleadh eolais a fháil.

1.7

Fóin chliste agus táibléid

Íoslódáil an feidhmchlár Philips MyRemote ó shiopa feidhmchlár d'fhóin chliste nó do thaibléid chun d'fhón cliste nó do thaibléad a úsáid mar chianrialtán teilifíse nó mar do rialaitheoir meán.

Oibrigh do theilifís ó d'fhón cliste nó do thaibléad, athraigh an cainéal nó athraigh an airde fuaime. Is féidir leat d'fhón nó do thaibléad a úsáid chun grianghraif, ceol nó físeáin a sheoladh ó do ríomhaire go dtí do theilifís leis an bhfeidhmchlár MyRemote. Agus nuair atá an feidhmchlár MyRemote ar thaibléad agat, is féidir leat an t-eolaire teilifíse a fháil, léamh faoi na cláir teilifíse agus an teilifís a athrú go dtí cainéal eile díreach le brú cnaipe amháin. Tá an feidhmchlár MyRemote ar fáil don iOS agus d'Android.

In Cabhair , brúigh *List agus cuardaigh feidhmchlár MyRemote chun tuilleadh eolais a fháil.

1.8

An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí

Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh ó chainéal teilifíse digití.

4

Turas / An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí

Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach bíodh briseadh agat i rith cluiche. Stórálann an teilifís an craoladh ar an Diosca Crua USB agus is féidir leat féachaint air arís ar ball. Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat iad a thaifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar chlár nó clár atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Cuir teilifís ar sos nó Taifeadadh chun tuilleadh eolais a fháil.

1.9

Cluichíocht

Má roghnaíonn tú consól cluiche sa roghchlár Baile, athraíonn an teilifís go huathoibríoch go dtí na socruithe is fearr a fheileann do chluichíocht.

Má imríonn tú cluiche il-imreora a bhfuil scáileáin roinnte ann, is féidir leat an teilifís a shocrú chun gach scáileán a thaispeáint mar scáileán iomlán ag an am céanna. Beidh gach imreoir in ann díriú ansin ar a chluiche féin.

Baineann an teilifís úsáid as teicneolaíocht 3D chun an dá scáileán a thaispeáint. Teastaíonn spéaclaí 3D ón dá imreoir chun cluiche dhá imreoir a imirt le dhá scáileán iomlán.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Consól cluiche nó Cluichí dhá imreoir chun tuilleadh eolais a fháil.

1.10

EasyLink

Is féidir leat gléas nasctha, cosúil le seinnteoir Diosca Blu-ray, a oibriú le cianrialtán na teilifíse nuair atá EasyLink agat. Baineann EasyLink úsáid as HDMI CEC chun cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh EasyLink chun tuilleadh eolais a fháil.

Turas / EasyLink

5

2

Suiteáil

2.1

Ar an urlár nó ar an mballa

Ina seasamh ar an urlár

Rabhadh:

Úsáid an brac balla atá istigh leis an teilifís i gcónaí chun nach dtitfidh an teilifís. Gléas an brac agus daingnigh an teilifís ar an mbrac, fiú má chuireann tú an teilifís ar an urlár.

Is féidir leat an teilifís a chlaonadh i gcoinne an bhalla leis an mbrac céanna, nó an teilifís a chur ina seasamh díreach - comhthreomhar leis an mballa.

Is féidir leat na treoracha do ghléasadh balla a fháil sa Treoir Mearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Sa chás go bhfuil an treoir seo caillte agat, is féidir leat an treoir a íoslódáil ó www.philips.com

Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.

-46PDL8908 - VESA MIS-F 200x200,M6

-55PDL8908 - VESA MIS-F 400x400,M6

Díghléas an dá bharra miotail ingearacha ó chúl na teilifíse ar dtús. Úsáideann na dá bharra sin poill scriú M6 VESA.

Chun an teilifís a fheistiú ar an mbrac go daingean, úsáid fad scriú mar a thaispeántar sa léaráid.

Rabhadh:

Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh tú an teilifís.

Ní ghlacann TP Vision Netherlands B.V. le haon fhreagracht as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar thoradh air.

Crochta ar an mballa

Is féidir leat an brac balla atá istigh leis an teilifís a úsáid chun an teilifís a chrochadh ar an mballa. Gléas an dá spásaire inathraithe ar chúl na teilifíse chun scáileán na teilifíse a athrú sa chaoi is go mbeidh sé comhthreomhar leis an mballa.

Is féidir leat na treoracha do ghléasadh balla a fháil sa Treoir Mearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Sa chás go bhfuil an treoir seo caillte agat, is féidir leat an treoir a íoslódáil ó www.philips.com

Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.

Rabhadh:

Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh tú an teilifís.

Ní ghlacann TP Vision Netherlands B.V. le haon fhreagracht as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar thoradh air.

Gléasadh balla VESA

Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).

Aimsigh an cód VESA code in aice le huimhir chineál na teilifíse.

2.2

Leideanna maidir le láithriú

Cuir an teilifís in áit nach bhfuil an solas ag lonrú go díreach ar an scáileán.

Ísligh an solas sa seomra chun na dálaí is fearr a fháil don éifeacht Ambilight.

Is é an fad is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.

2.3

Cábla cumhachta

Cuir an cábla cumhachta isteach i soicéad POWER na teilifíse. Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go daingean sa teilifís.

Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga cumhachta sa soicéad balla.

Nuair atá an cábla cumhachta á dínascadh agat, tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.

6

Suiteáil / Cábla cumhachta

D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh tréimhse fada.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Fuireachas chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi an teilifís a chasadh air agus as.

2.4

Aeróg

Aimsigh an nasc aeróige ar chúl na teilifíse. Cuir isteach cábla na haeróige go daingean i soicéad Aeróga.

Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte aeróige (atá coitianta i réigiúin áirithe). Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.

Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir DVB-T agus DVB-C.

2.5

Mias satailíte

Aimsigh an nasc satailíte den chineál-F ar chúl na teilifíse. Ceangail an cábla ó do mhias satailíte - nó do scoilteoir Unicable - leis an nasc seo.

2.6

Líonra

Nasc gan sreang

Na rudaí a bheidh ag teastáil uait

Teastaíonn ródaire gan sreang uait chun an teilifís a nascadh gan sreang leis an Idirlíon. Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) don Idirlíon.

Comhroinnt comhad

Is féidir leis an teilifís comhaid ar ghléasanna eile ar do líonra gan sreang a aimsiú agus a oscailt, cosúil le do ríomhaire nó do ghléas NAS. Is féidir leat ríomhaire a úsáid a bhfuil Microsoft Windows XP, Vista nó Windows 7 air, Mac OSX nó córas oibriúcháin atá bunaithe ar Linux.

Bogearraí freastalaí meán

Nuair atá bogearraí freastalaí meán ar do ríomhaire agat, is féidir leat do ghrianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a oscailt ar scáileán do theilifíse.

Úsáid leagan de na bogearraí freastalaí meán a eisíodh le gairid, cosúil le Windows Media Player 11, Twonky™ nó rud éigin eile cosúil leis*.

Suiteáil na bogearraí ar do ríomhaire agus socraigh suas é chun do chomhaid meán a roinnt leis an teilifís. Léigh treoirleabhar na mbogearraí freastalaí meán chun tuilleadh eolais a fháil.

Chun do chomhaid a oscailt ar an teilifís, ní mór don bhogearraí freastalaí meán a bheith ar siúl ar do ríomhaire.

* In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Bogearraí freastalaí meán, tacaithe chun forbhreathnú a fháil ar na bogearraí freastalaí meán atá tacaithe.

Déan an nasc

Lean céimeanna 1 go 5.

Suiteáil / Líonra

7

Céim 1 - Bí cinnte go bhfuil ródaire do líonra gan sreang casta air.

Céim 2 - Brúigh hagus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh

OK.

Céim 3 - Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK.

Céim 4 - Roghnaigh Gan Sreang agus brúigh OK.

Céim 5 - Roghnaigh Scan chun scanadh do do líonra gan sreang. Má tá ródaire agat le WPS (Suiteáil Cosanta Wi-Fi), is féidir leat WPS a roghnú. Déan do rogha agus brúigh OK.

- Scanadh

Roghnaigh Scanadh chun scanadh do do líonra gan sreang (do ródaire gan sreang). D'fhéadfadh an teilifís roinnt líonraí gan sreang a aimsiú i do chomharsanacht.

- WPS

Má tá WPS ag do ródaire, is féidir leat nascadh go díreach don ródaire gan scanadh. Téigh go dtí an ródaire, brúigh an cnaipe WPS agus téigh ar ais go dtí an teilifís taobh istigh de 2 nóiméad. Ansin brúigh Nasc chun an nasc a dhéanamh.

Má tá gléasanna i do líonra gan sreang a úsáideann an córas criptithe slándála WEP, ní féidir leat WPS a úsáid.

Má chaitheann tú an cóid pin WPS a úsáid chun nascadh, roghnaigh Scanadh in áit WPS.

Céim 6 - Sa liosta líonraí a aimseofar, roghnaigh do líonra gan sreang agus brúigh OK.

Mura bhfuil do líonra sa liosta mar go bhfuil ainm an líonra i bhfolach (chas tú as craoladh SSID an ródaire), roghnaigh Iontráil de Láimh chun ainm an líonra a chur isteach tú féin.

Céim 7 - Ag brath ar an gcineál ródaire atá agat, is féidir leat d'eochair criptithe a chur isteach anois (WEP, WPA nó WPA2). Má tá an eochair criptithe don líonra seo curtha isteach agat cheana, is féidir leat Ar Aghaidh a roghnú chun an nasc a dhéanamh láithreach.

Má thacaíonn do ródaire le WPS nó le WPS pin, is féidir leat WPS, WPS pin nó Caighdeánach a roghnú. Déan do rogha agus brúigh OK.

- Caighdeánach

Roghnaigh Caighdeánach chun an eochair criptithe (pasfhocal, pasfhrása nó eochair slándála) a chur isteach de láimh. Is féidir leat an méarchlár ar an gcianrialtán a úsáid chun an eochair criptithe a chur isteach. Nuair atá an eochair curtha isteach agat, brúigh Nasc.

- WPS pin

Chun nasc daingnithe WPS a dhéanamh le cód PIN, roghnaigh WPS pin agus brúigh OK. Scríobh síos an cód PIN a thaispeánfar a mbeidh ocht n-uimhir ann agus cuir isteach i mbogearraí an ródaire ar do ríomhaire é. Téigh ar ais go dtí an teilifís agus brúigh Nasc. Téigh go dtí treoirleabhar an ródaire chun fáil amach cá bhfuil an cód PIN le hiontráil i mbogearraí an ródaire.

Céim 8 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a éireoidh leis an nasc.

Cumraíocht líonra

Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an ródaire a sheiceáil. Ba cheart socrú an DHCP a athrú go Air.

Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait do líonra a shuiteáil le seolachán IP statach, athraigh socrú na teilifíse go IP Statach.

Chun socrú na teilifíse a athrú go IP Statach, brúigh hagus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe líonra > Cumraíocht líonra > IP Statach. Nuair atá IP Statach roghnaithe sa roghchlár agat, is féidir leat an seoladh IP agus socruithe riachtanacha eile a athrú in Cumraíocht IP Statach sa roghchlár céanna.

Fadhbanna líonra

Níor aimsíodh an líonra gan sreang nó tá sé díchumtha

•Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó gléasanna eile WiFi 802.11b/g/n i do chomharsanacht in ann cur isteach ar an líonra gan sreang.

•Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra rochtain ar nasc gan sreang na teilifíse.

•Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do theach, bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil.

Ní oibríonn an tIdirlíon

• Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil nasc an ródaire don Idirlíon.

Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall

•Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan sreang chun eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta aistrithe nó fachtóirí eile a bhaineann le caighdeán an chomhartha.

Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do ródaire.

Nasc sreangaithe

Na rudaí a bheidh ag teastáil uait

Teastaíonn ródaire líonra chun an teilifís a nascadh leis an Idirlíon. Úsáid ródaire a bhfuil nasc ardluais (leathanbhanda) aige don Idirlíon.

Suiteáil

Lean céimeanna 1 go 5.

1 - Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla Ethernet**).

2 - Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air.

3 - Brúigh hagus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. 4 - Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK.

5 - Roghnaigh Sreangaithe agus brúigh OK.

Déanann an teilifís cuardach leanúnach don nasc líonra. Taispeánfar teachtaireacht nuair a éireoidh leis an nasc.

Cumraíocht líonra

Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an ródaire a sheiceáil. Ba cheart DHCP a shocrú do Air.

Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait do líonra a shuiteáil le seolachán IP statach, athraigh socrú na teilifíse go IP Statach.

8

Suiteáil / Líonra

Chun socrú na teilifíse a athrú go IP Statach, brúigh hagus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.

Roghnaigh Socruithe líonra > Cumraíocht líonra > IP Statach. Nuair atá IP Statach roghnaithe sa roghchlár, is féidir leat an seoladh IP agus socruithe riachtanacha eile a shocrú iCumraíocht IP Statach sa roghchlár céanna.

Comhroinnt comhad

Is féidir leis an teilifís comhaid ar ghléasanna eile ar do líonra gan sreang a aimsiú agus a oscailt, cosúil le do ríomhaire. Is féidir leat ríomhaire a úsáid a bhfuil Microsoft Windows XP, Vista nó Windows 7 air, Mac OSX nó córas oibriúcháin atá bunaithe ar Linux.

Bogearraí freastalaí meán

Nuair atá bogearraí freastalaí meán ar do ríomhaire agat, is féidir leat do ghrianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a oscailt ar scáileán do theilifíse.

Úsáid leagan de na bogearraí freastalaí meán a eisíodh le gairid, cosúil le Windows Media Player 11, Twonky™ nó rud éigin eile cosúil leis*.

Suiteáil na bogearraí ar do ríomhaire agus socraigh suas é chun do chomhaid meán a roinnt leis an teilifís. Léigh treoirleabhar na mbogearraí freastalaí meán chun tuilleadh eolais a fháil.

Ní mór do na bogearraí freastalaí meán a bheith ar siúl ar do ríomhaire chun do chomhaid a oscailt ar an teilifís.

* In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Bogearraí freastalaí meán, tacaithe chun forbhreathnú a fháil ar na bogearraí freastalaí meán atá tacaithe.

**Chun rialacháin EMC a chomhlíonadh, úsáid cábla Ethernet FTP Cat. 5E díonta.

Socruithe líonra

Chun na socruithe Líonra a oscailt, brúigh hagus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.

Roghnaigh socruithe Líonra agus brúigh OK.

Socruithe líonra amhairc

Tá gach socrú líonra reatha ar taispeáint anseo. An seoladh IP agus MAC, neart an chomhartha, luas, modh criptithe, srl.

Cineál líonra

Athraíonn sé socrú an líonra do Sreangaithe nó Gan Sreang.

Cumraíocht líonra

Athraíonn sé socrú chumraíocht an líonra do DHCP & IP Uathoibríoch nó IP Statach.

Cumraíocht IP Statach

Má tá IP Statach socraithe, is féidir leat gach socrú IP statach riachtanach a shocrú anseo.

Rindreálaí Meán Digiteach - DMR

Chun glacadh le comhaid ilmheáin ó fhóin chliste nó táibléid, athraigh an DMR do Air.

Wi-Fi Miracast

Chun tuilleadh eolais faoi Wi-Fi Miracast a fháil, brúigh *List agus déan cuardach do Wi-Fi Miracast™.

Naisc Wi-Fi Miracast

Suiteáil / Nasc gléasanna

Chun tuilleadh eolais faoi Wi-Fi Miracast a fháil, brúigh *List agus déan cuardach do Wi-Fi Miracast™.

Scáileán cliste Wi-Fi

Chun tuilleadh eolais faoi Wi-Fi a fháil, brúigh *List agus déan cuardach do Feidhmchlár MyRemote, Scáileán Cliste WiFi.

Ainm an líonra teilifíse

Má tá níos mó ná teilifís amháin i do líonra, is féidir leat na teilifíseanna a athainmniúanseo.

Glan cuimhne Idirlín

Glanann tú gach comhad Idirlín atá stóráilte ar do theilifís le Glan cuimhne Idirlín. Glanann tú clárú do Philips Smart TV agus do shocrú rátála tuismitheoirí, do logálacha do d'fheidhmchlár siopa físeán, gach ceanán feidhmchláir Smart TV, leabharmharcanna agus stair Idirlín. Ta feidhmchláir MHEG idirghníomhacha in ann 'fianáin', mar a thugtar orthu, a shábháil ar do theilifís freisin. Glanfar na comhaid sin freisin.

2.7

Nasc gléasanna

Leideanna maidir le naisc

Treoir maidir le nascacht

Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar chaighdeán maith chun a chinntiú go n-aistreofar pictiúir agus fuaimeanna go maith.

Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a nascadh leis an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt ar threoir nascachta Philips TV. Tugann an treoir eolas maidir leis an gcaoi nascadh agus maidir leis na cáblaí atá le húsáid.

Téigh go dtí www.connectivityguide.philips.com

Aeróg

Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán agat, nasc cáblaí na haeróige chun comhartha na haeróige a rith tríd an mBosca bairr agus/nó an Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh sé an teilifís. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta.

9

HDMI

HDMI CEC

Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físeáin agus fuaime araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid cábla HDMI le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.

EasyLink HDMI CEC

Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá EasyLink acu, is féidir leat iad a oibriú le cianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink HDMI CEC a chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha. In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh EasyLink HDMI CEC chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi EasyLink a úsáid.

DVI go HDMI

Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do ghléas ach nasc DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm) isteach san AUDIO IN VGA/DVI le haghaidh fuaime, ar chúl na teilifíse.

Cosaint ar chóipeáil

Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).

HDMI ARC

Tá HDMI ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag gach ceann de na naisc HDMI ar an teilifís.

Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar gnách gur

Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le haon cheann de na naisc HDMI ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.

Is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís seo a úsáid chun an HTS a nascadh ach níl ARC ar fáil ach do 1 gléas/nasc ag aon uair amháin.

Sa chás gur fearr leat ARC a chasadh as ar na naisc HDMI, brúigh hagus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardroghanna > HDMI ARC.

Y Pb Pr

Is nasc ar ardchaighdeán Físchomhartha Comhpháirteanna YPbPr. Is féidir an nasc YPbPr a úsáid do chomhartha teilifíse ardghléine (HD). Chomh maith leis na comharthaí Y, Pb agus Pr, cuir isteach na comharthaí Fuaim Chlé agus Fuaim Dheas le haghaidh fuaime.

Úsáid an cábla cuibheora YPbPr chun do ghléas a nascadh. Meaitseáil na dathanna nascóra YPbPr (uaine, gorm, dearg) leis na plugaí cábla nuair a nascann tú.

Úsáid cábla cuibheora Fuaime Clé/Deas go mion-seac (3.5mm) (ní chuirtear ar fáil é) má tá fuaim ag do ghléas freisin.

SCART

Nasc ar ardchaighdeán é SCART. Is féidir an nasc SCART a úsáid le haghaidh comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Bíonn idir comharthaí físe agus fuaime i gceist leis an nasc SCART.

10

Suiteáil / Nasc gléasanna

Úsáid an cábla cuibheora SCART atá curtha ar fáil chun do ghléas a nascadh.

Fuaim Amach - Optúil

Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach - Optúil. Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag do ghléas fuaime, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile é (HTS), is féidir leat an cábla fuaime seo a nascadh le nasc Fuaim Isteach - Optúil ar an HTS. Seolfaidh an cábla Fuaime seo fuaim na teilifíse go dtí an HTS.

Is féidir leat cineál an chomhartha fuaime amach a shocrú chun dul in oiriúint do chumais fuaime do Chóras Amharclainne Baile.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh socruithe Fuaim Amach chun tuilleadh eolais a fháil.

Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an scáileán, is féidir leat an sioncronú fuaime go físe a choigeartú.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh sioncronú Fuaime go Físe chun tuilleadh eolais a fháil.

EasyLink HDMI CEC

EasyLink

Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na teilifíse le EasyLink. Baineann EasyLink úsáid as HDMI CEC* chun cumarsáid a dhéanamh leis an gléasanna nasctha. Ní mór do na gléasanna a bheith in ann tacú le HDMI CEC agus ní mór dóibh a bheith nasctha le nasc HDMI.

* Rialú Leictreonaic Tomhaltóra

Suiteáil EasyLink

Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go bhfuil na socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na gléasanna EasyLink atá nasctha. Tá an seans ann nach n-oibreoidh EasyLink le gléasanna ó bhrandaí eile.

HDMI CEC ar bhrandaí eile

Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet, Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink.

Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI CEC .

Gléasanna a oibriú

Chun gléas atá nasctha le HDMI a oibriú agus é a shuiteáil le EasyLink, roghnaigh an gléas - nó a ghníomhaíocht - sa liosta de naisc teilifíse. Brúigh cSOURCE, roghnaigh gléas atá nasctha le nasc HDMI agus brúigh OK.

Chomh luath is a bheidh an gléas roghnaithe, is féidir le cianrialtán na teilifíse an gléas a rialú. Mar sin féin, ní chuirtear ar aghaidh chuig an ngléas na heochracha h(Baile) agus o OPTIONS agus roinnt méaracha tipiciúla teilfíse eile, cosúil le

Ambilight.

Mura mbeidh an eochair atá ag teastáil uait ar fáil ar chianrialtán na teilifíse, is féidir leat an eochair a roghnú sa roghchlár Roghanna. Brúigh oOPTIONS agus roghnaigh % Rialtáin ar an mbarra roghchláir. Roghnaigh an eochair gléis atá ag teastáil uait ar an scáileán agus brúigh OK.

Tá an seans ann nach mbeidh roinnt méaracha gléis an-sainiúil ar fáil sa roghchlár Rialtáin.

Socruithe EasyLink

Tagann an teilifís le gach socrú EasyLink casta air. Is féidir leat aon socrú EasyLink a chasadh as go neamhspleách.

EasyLink

Chun EasyLink a chasadh as ar fad, brúigh hagus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.

Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta >

EasyLink > EasyLink. Roghnaigh As agus brúigh OK.

Cianrialtán EasyLink

Má theastaíonn uait go mbeidh cumarsáid idir gléasanna ach níl tú ag iarraidh iad a oibriú le cianrialtán na teilifíse, is féidir leat cianrialtán EasyLink a chasadh as leis féin.

I roghchlár socruithe EasyLink , roghnaigh Cianrialtán EasyLink agus roghnaigh As.

Nasc Pixel Plus

D'fhéadfadh a bpróiseáil chaighdeán pictiúir féin a bheith ag roinnt gléasanna, leithéidí seinnteoir DVD nó Diosca Blu-ray. Chun droch-chaighdeán pictiúir mar thoradh ar thrasnaíocht le próiseáil na teilifíse a sheachaint, ba cheart próiseáil pictiúr na ngléasanna seo a díchumasú. Tagann an teilifís le Pixel Plus link casta air agus díchumasaíonn sé próiseáil caighdeán pictiúr gléasanna Philips a nascadh leis an teilifís le gairid.

Chun Pixel Plus link a chasadh as, roghnaigh Pixel Plus link i roghchlár socruithe EasyLink agus roghnaigh As.

Suiteáil / Nasc gléasanna

11

Uathathrú fotheideal

Má sheinneann tú DVD nó Diosca Blu-ray ar sheinnteoir diosca Philips a thacaíonn le fotheidil, is féidir leis an teilifís na fotheidil a bhogadh suas. Beidh fotheidil le feiceáil beag beann ar an bhformáid Pictiúir a roghnaíonn tú. Tagann an teilifís le hUathathrú fotheideal casta air.

Chun Uathathrú fotheideal a chasadh as, roghnaigh Uathathrú fotheideal i roghchlár socruithe EasyLink agus roghnaigh As.

Má tá CAM curtha isteach agus má tá na táillí liostála íoctha (tá bealaí nasctha in ann a bheith éagsúil), is féidir leat féachaint ar an gcraoladh teilifíse. Is do do theilifís féin go heisiach an CAM atá curtha isteach.

Socruithe CAM

Chun pasfhocail nó cóid PIN a shocrú don chraoladh teilifíse CAM, brúigh hagus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe cainéil > Comhéadan coiteann.

Roghnaigh craoltóir teilifíse CAM agus brúigh OK.

Comhéadan Coiteann CAM

CI+

Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.

Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag craoltóirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann craoltóir teilifíse na cláir seo agus díscrobhann modúl CI+ réamhíoctha iad.

Cuireann craoltóirí teilifíse digití an modúl CI+ seo (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil nuair a liostálann tú lena scothchláir. Bíonn leibhéal an-ard cosaint cóipe ag na cláir sin.

Déan teagmháil le craoltóir teilifíse digití le haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Comhéadan Coiteann CAM chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi CAM a nascadh.

CAM

Cuir isteach modúl CAM

Cas as an teilifís sula gcuirfidh tú CAM isteach.

Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus don teilifís.

Úsáid an sliotán don Chomhéadan Coiteann chun an cárta CAM a chur isteach*. Cuir isteach an CAM go deas réidh go dtí nach bhfuil sé in ann dul níos faide agus fág sa sliotán go buan é. D'fhéadfadh sé roinnt nóiméad a thógáil sula ngníomhachtófar an CAM. Má bhaintear amach an CAM, díghníomhachtófar an tseirbhís craolacháin ar an teilifís.

* Glacann an Comhéadan Coiteann le cárta ríomhaire (PCMCIA) a gcuireann tú cárta cliste isteach ann. Ba cheart go gcuirfeadh an craoltóir teilifíse an dá chárta ar fáil.

Bosca bairr STB

Úsáid 2 cábla aeróige chun an aeróg a nascadh leis an mBosca bairr (ar glacadóir digiteach é) agus an teilifís.

In aice leis na naisc aeróige, cuir isteach cábla HDMI chun an Bosca bairr a nascadh leis an teilifís. Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an mBosca bairr.

Cas as an t-amadóir

Cas as an t-uaineadóir uathoibríoch seo mura n-úsáideann tú ach cianrialtán an bhosca bhairr amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.

Chun an t-uaineadóir Casadh as a chasadh as, brúigh hagus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.

Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Cas as amadóir agus athraigh an barra sleamhnáin go 0.

Glacadóir satailíte

Nasc cábla na méise aeróige leis an nglacadóir Satailíte.

12

Suiteáil / Nasc gléasanna

In aice leis an nasc aeróige, cuir isteach cábla HDMI chun an gléas a nascadh leis an teilifís. Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.

Cas as an t-amadóir

Díghníomhachtaigh an t-uaineadóir Casadh as mura n- úsáideann tú ach cianrialtán an ghlacadóra Satailíte amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.

Chun é a díghníomhachtú, brúigh hagus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.

Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Cas as amadóir agus athraigh an barra sleamhnáin go 0.

Córas Amharclainne Baile (HTS)

Nasc

Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile (HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir diosca ionsuite aige.

Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.

HDMI ARC

Má tá nasc HDMI ARC ag do Chóras Amharclainne Baile, is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís a úsáid chun nascadh. Soláthraíonn gach nasc HDMI ar an teilifís an comhartha Cainéal Fillte Fuaime (ARC). Ach nuair a bheidh an Córas Amharclainne Baile nasctha agat, ní féidir leis an teilifís ach an comhartha ARC a sheoladh go dtí an nasc HDMI seo.

Ní theastaíonn uait an cábla fuaime breise a nascadh nuair atá HDMI ARC ann. Bíonn an dá chomhartha ann sa nasc HDMI ARC.

Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras Amharclainne Baile, úsáid cábla fuaime optúil chun fuaim na teilifíse a sheoladh go dtí an Córas Amharclainne Baile.

Sioncronú fuaime go físe (sionc)

Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an scáileán, is féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais Amharclainne Baile DVD chun go mbeidh an fhuaim agus an fhís ag meaitseáil a chéile. Nuair nach mbíonn siad ag meaitseáil, bíonn sé le tabhairt faoi deara nuair a bhíonn daoine ag caint, agus tá an abairt críochnaithe acu sula stopann a liopaí ag bogadh nó an bealach eile thart.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh sioncronú Fuaime go Físe chun tuilleadh eolais a fháil.

Socraithe d'Fhuaim Amach

Moill ar Fhuaim Amach

Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis an teilifís, ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís agus an fhuaim ón HTS sioncronaithe. Nuair nach mbíonn siad ag meaitseáil, bíonn sé le tabhairt faoi deara nuair a bhíonn daoine ag caint, agus tá an abairt críochnaithe acu sula stopann a liopaí ag bogadh, nó an bealach eile thart.

Sioncronú uathoibríoch fuaime go físeBíonn an sioncronú fuaime go físe sioncronaithe go huathoibríoch leis na Córais Amharclainne Baile is nua ó Philips, agus bíonn sé i gcónaí ceart.

Moill sionc Fuaime

Suiteáil / Nasc gléasanna

13

I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an bhfís. Ardaigh an luach moille ar an gCóras Amharclainne Baile go dtí go meaitseálann an pictiúr agus an fhuaim. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a bheith ag teastáil. Léigh treoir úsáideora an Chórais Amharclainne Baile. Beidh ort an mhoill ar Fhuaim amach ar an teilifís a chasadh as nuair atá luach moille socraithe ar an gCóras Amharclainne Baile.

Chun an mhoill ar Fhuaim amach a chasadh as . . .

1 - Brúigh hagus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > Moill ar Fhuaim Amach.

3 - Roghnaigh As agus brúigh OK.

4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Seach-chur Fuaim Amach

Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras Amharclainne Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú chun an fhuaim a shioncronú. Is féidir leat seach-chur a shocrú a dhéanann cúiteamh don mhéid ama atá ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim phictiúr na teilifíse a phróiseáil. Is féidir leat an luach a shocrú i gcéimeanna 5ms. Is -60ms an socrú is airde. Ba cheart an socrú Moill ar Fhuaim Amach a chasadh air.

Chun an fhuaim ar an teilifís a shioncronú. . .

1 - Brúigh hagus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > Seach-chur Fuaim Amach.

3 - Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur fuaime a shocrú agus brúigh OK.

4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

formáid Fuaim Amach

Má tá Córas Amharclainne Baile agat a bhfuil an cumas aige fuaim ilchainéil a phróiseáil, leithéidí Dolby Digital, DTS® nó a macasamhail, athraigh an socrú don fhormáid Fuaim Amach go Ilchainéal. Ligeann an socrú Ilchainéal don teilifís an comhartha fuaime ilchainéil comhbhrúite a sheoladh ó chainéal teilifíse nó seinnteoir nasctha go dtí an Córas Amharclainne Baile. Má tá Córas Amharclainne Baile agat nach bhfuil próiseáil fuaime ilchainéil aige, roghnaigh Steiréó.

Chun an fhormáid Fuaim Amach a shocrú. . .

1 - Brúigh hagus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > Formáid Fuaim Amach.

3- Roghnaigh Ilchainéal nó Steiréó.

4- Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Leibhéaladh Fuaim Amach

Úsáid an socrú leibhéaladh Fuaime Amach chun airde fuaime (treise) na teilifíse agus an Chórais Amharclainne Baile a leibhéaladh nuair a athraíonn tú ó cheann amháin go ceann eile. Is féidir le difríochtaí i bpróiseáil fuaime a bheith in n-údar do dhifríochtaí in airde fuaime.

Chun an difríocht san airde fuaime a leibhéaladh . . .

1 - Brúigh hagus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > Leibhéaladh Fuaim Amach.

3 - Má tá an difríocht san airde fuaime mór, roghnaigh Níos Mó. Má tá an difríocht san airde fuaime beag, roghnaigh Níos Lú.

4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Baineann leibhéaladh Fuaime Amach le comharthaí fuaime Fuaim Amach - Optúil agus HDMI-ARC araon.

Fabhtcheartú

Fuaim le torann ard

Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne USB nó ríomhaire nasctha, d'fhéadfadh an torann ó do Chóras Amharclainne Baile a bheith díchumtha. Bíonn an torann sin ann nuair atá DTS ag an gcomhad fuaime nó físeáin ach gan próiseáil fuaime DTS a bheith ag an gCóras Amharclainne Baile. Is féidir leat caoi a chur air sin trí fhormáid Fuaim Amach na teilifíse a athrú go Stéireó. Téigh go dtí Baile > Suiteáil >

Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > formáid Fuaim Amach

Níl aon fhuaim ann

Mura bhfuil tú in ann an fhuaim ó do theilifís a chloisteáil ar do Chóras Amharclainne Baile, déan seiceáil do na rudaí seo a leanas . . .

Seiceáil ar nasc tú an cábla HDMI le nasc HDMI ARC ar an gCóras Amharclainne Baile. Is naisc HDMI ARC gach nasc HDMI ar an teilifís.

Seiceáil an bhfuil an socrú HDMI ARC ar an teilifís casta Air. Téigh go dtí Baile > Suiteáil > Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > HDMI ARC

Seinnteoir Diosca Blu-ray

Úsáid cábla HDMI ardluais chun an seinnteoir Diosca Blu-ray a nascadh leis an teilifís.

14

Suiteáil / Nasc gléasanna

Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Blu-ray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse .

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh EasyLink HDMI CEC chun tuilleadh eolais a fháil.

Mura bhfuil ach aschur Físeáin (CVBS) agus Fuaime Clé/Deas ag do chonsól cluiche, úsáid cuibheoir Clé/Deas go Scart Fuaime Físeáin chun nascadh leis an nasc SCART.

Seinnteoir DVD

Úsáid an HDMI cábla chun an seinnteoir DVD a nascadh leis an teilifís.

Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.

Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá EasyLink HDMI CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh EasyLink HDMI CEC chun tuilleadh eolais a fháil.

Consól cluichí

HDMI

Is féidir leat consól cluiche a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat nasc HDMI, YPbPr nó SCART a úsáid.

Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI ardluais chun an consól cluiche a nascadh leis an teilifís.

Má tá an consól cluiche nasctha le HDMI agus má tá EasyLink HDMI CEC aige, is féidir leat an consól cluiche a oibriú le cianrialtán na teilifíse.

Clé/Deas / Scart Fuaime Físeáin

Is féidir leat consól cluiche a nascadh leis an teilifís.

Diosca Crua USB

Na rudaí a bheidh ag teastáil uait

Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach (craoladh DVB nó a mhacasamhail).

Craoladh a chur ar sos

Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a laghad 32GB spás ar an Diosca Crua.

Craoladh a thaifeadadh

Chun craoladh a thaifeadadh nó a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait a bhfuil ar a laghad 250GB spás ar an Diosca Crua.

Eolaire teilifíse

Sula ndéanfaidh tú an cinneadh Diosca Crua USB a cheannach chun taifeadtaí a dhéanamh, seiceáil an féidir cainéil teilifíse digití a thaifeadadh i do thír.

Brúigh GUIDE ar an gcianrialtán. Má tá cnaipe Taifead ar leathanach treorach na teilifíse, is féidir leat cláir a thaifeadadh ó chainéil teilifíse digití.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Diosca Crua USB, Suiteáil chun Diosca Crua USB a shuiteáil ar an teilifís seo.

Suiteáil / Nasc gléasanna

15

Suiteáil

Sula féidir leat craoladh a chur ar sos nó a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Má theastaíonn uait craoladh a thaifeadadh le sonraí eolaire teilifíse ón Idirlíon, ní mór duit an nasc Idirlín a bheith suiteáilte ar do theilifís sula suiteálann tú an Diosca Crua USB.

1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.

2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.

3 - Nuair atá an teilifís tiúináilte do chainéal teilifíse digití, brúigh p (Cur ar sos). Tosófar an formáidiú nuair a dhéanfar iarracht é a chur ar sos. Baineann formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB nasctha.

Lean na treoracha ar an scáileán.

Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág nasctha go buan é.

Rabhadh:

Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Cuir teilifís ar sos nó Taifeadadh chun cainéil teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh.

Méarchlár nó luch USB

Méarchlár USB

Nasc méarchlár USB (den chineál USB-HID) chun téacs a chur isteach ar do theilifís.

Is féidir leat méarchlár agus luch a nascadh leis an teilifís. Úsáid ceann de na naisc USB ar an teilifís chun nascadh.

Suiteáil an méarchlár

Chun an méarchlár USB a shuiteáil, cas air an teilifís agus nasc an méarchlár USB le ceann de na naisc USB ar an teilifís. Nuair a aimsíonn an teilifís an méarchlár den chéad uair, is féidir leat leagan amach do mhéarchláir a roghnú agus tástáil a dhéanamh air.

Má roghnaíonn tú leagan amach méarchlár Coireallach nó Gréigis i dtosach, is féidir leat leagan amach méarchláir Laidin a roghnú mar rogha tánaisteach.

Chun leagan amach an mhéarchláir a athrú ina dhiaidh sin, brúigh hagus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Luch agus méarchlár USB > Socruithe méarchláir agus brúigh OK.

Méaracha chun cainéil a athainmniú

-Iontráil = OK

-Cúlspász = scrios an carachtar roimh an gcursóir

-Méaracha saighde = bogadh laistigh de réimse téacs

-Chun athrú idir leaganacha amach méarchláir sa chás go bhfuil leagan amach tánaisteach socraithe, brúigh na heochracha Alt + Shift ag an am céanna .

Méarcha d'Fheidhmchláir Smart TV agus do leathanaigh Idirlín

-Tab agus Shift Tab = Ar Aghaidh agus Siar

-Home = scrollaigh go dtí barr an leathanaigh

-End = scrollaigh go dtí bun an leathanaigh

-Page Up = téigh leathanach amháin suas

-Page Down = téigh leathanach amháin síos

-+ = zúmáil isteach

-- = zúmáil amach

-* = cuir in oiriúint don leithead

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh luch USB, chun luch USB a nascadh.

Luch USB

Nasc

Is féidir leat Luch USB (den chineál USB-HID) a nascadh chun leathanaigh a nascleanúint ar an Idirlíon.

Is féidir leat naisc a roghnú agus a chliceáil níos éasca ar leathanach Idirlín.

16

Suiteáil / Nasc gléasanna

Nasc an luch

Cas air an teilifís agus nasc an luch USB le ceann de na naisc USB ar an teilifís. Is féidir leat an luch USB a nascadh freisin le méarchlár USB nasctha.

Cliceanna lucha

-Cléchliceáil = OK

-Deaschliceáil = Siarb

Is féidir leat an roth scrolla a úsáid chun leathanaigh a scrolláil suas agus síos.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh méarchlár USB, chun méarchlár USB a nascadh.

Luas

Is féidir leat luas na luiche, luas na luiche ag bogadh ar an scáileán a athrú.

Chun an luas a athrú. . .

1 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh Socruithe ginearálta > Luas pointeora agus luiche agus brúigh OK.

4 - Brúigh na saigheada u (Suas) nó v (Síos) chun na luas a ardú nó a ísliú.

5 - Brúigh an saighead x (Deas) chun an luas atá socraithe agat a thástáil.

6 - Brúigh an saighead w (Clé) chun filleadh ar an socrú sin. Is féidir leat an socrú a athrú arís.

7 - Brúigh OK chun an socrú a stóráil agus chun dúnadh.

8 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé liosta a thaispeánann a bhfuil air.

Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go huathoibríoch, brúigh c SOURCE, roghnaigh USB agus brúigh OK.

Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón mhéaróg USB, brúigh t Teilifís nó roghnaigh gníomhaíocht eile.

Chun an mhéaróg USB a dínascadh, is féidir leat an mhéaróg USB a tharraingt amach am ar bith.

In Cabhair, brúigh *Liosta agus cuardaigh Físeáin, grianghraif agus ceol, chun féachaint ar nó chun éisteacht le hábhar ó mhéaróg chuimhne USB.

Ceamara grianghraif

Chun féachaint ar ghrianghraif atá stóráilte ar do cheamara grianghraf digiteach, is féidir an ceamara a nascadh go díreach leis an teilifís.

Úsáid ceann de na naisc USB ar an teilifís chun nascadh. Cas air an ceamara tar éis duit an nasc a dhéanamh.

Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go huathoibríoch, brúigh c SOURCE, roghnaigh USB agus brúigh OK.

Tá an seans ann go mbeidh ort do cheamara a shocrú chun an t-ábhar atá air a aistriú le PTP (Protacál Aistrithe Pictiúr). Léigh treoirleabhar úsáideora an cheamara grianghraf digiteach.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Físeáin, grianghraif agus ceol chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi féachaint ar ghrianghraif.

Méaróg USB

Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.

Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.

Camthaifeadán

Is féidir leat nasc HDMI, YPbPr nó SCART a úsáid chun do chamthaifeadán a nascadh. Mura bhfuil ach aschur Fís (CVBS) agus Fuaim Clé/Deas ag do chamthaifeadán, úsáid cuibheoir Físe Fuaime Clé/Deas go SCART chun nascadh leis an nasc SCART.

Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.

Suiteáil / Nasc gléasanna

17

Nó úsáid cuibheoir SCART chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.

Ríomhaire

Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire.

Le HDMI

Úsáid cábla HDMI chun an ríomhaire a nascadh leis an teilifís.

DVI go HDMI

Mar rogha air sin, is féidir leat cuibheoir DVI go HDMI a úsáid chun an ríomhaire a nascadh le HDMI agus cábla fuaime Clé/Deas le AUDIO IN - L/R ar chúl na teilifíse.

An socrú is fearr don mhonatóir

Má chuirtear do ríomhaire isteach sa roghchlár Foinse (liosta nasc) mar ghléas den chineál Ríomhaire, socraítear an teilifís don socrú is fearr Ríomhaire go huathoibríoch.

Má úsáideann tú do ríomhaire chun féachaint ar scannáin nó cluichí a imirt, b'fhéidir go mbeidh uait socrú na teilifíse a athrú ar ais go dtí an socrú is fearr chun féachaint ar chláir teilifíse nó cluichíochta.

Chun an teilifís a athrú go dtí an socrú is fearr de láimh. . .

1 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Pictiúr > Cluiche nó ríomhaire agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh Cluiche (do chluichíocht) nó roghnaigh As (chun féachaint ar scannán) agus brúigh OK.

4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchár a dhúnadh. Ná déan dearmad an socrú Cluiche nó ríomhaire a athrú ar ais go Ríomhaire nuair a éiríonn tú as an imirt cluiche.

Formáid pictiúir - Neamhscálaithe

Anuas air sin, is féidir leat socrú an fhormáid pictiúir a athrú go Neamhscálaithe - mód taispeána sainiúil picteilín ar phicteilín (d'fhéadfadh barraí dubha a bheith le feiceáil).

1 - Brúigh oOPTIONS agus roghnaigh o Roghanna sa roghchlár.

2 - Roghnaigh Formáid pictiúir > Neamhscálaithe agus brúigh OK.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Taifigh taispeána chun forbhreathnú a fháil ar na taifigh ríomhaire atá tacaithe.

Cluasáin

Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc H ar an teilifís. Mion-seac 3.5mm an nasc. Is féidir leat airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.

Chun an airde fuaime a athrú. . .

1 - Brúigh o OPTIONS agus roghnaigh j Pictiúr agus fuaim sa roghchlár.

2 - Brúigh v (síos) agus roghnaigh Airde fuaime na gcluasán agus brúigh OK.

3 - Brúigh u (suas) nó v (síos) chun an airde fuaime a athrú. 4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

18

Suiteáil / Nasc gléasanna

2.8

Roghchlár suiteála

Socruithe Mearphictiúir

Is féidir leat do bhunroghanna pictiúr a réiteach i gcúpla céim shimplí le socruithe Mearphictiúir. Stóráltar na socruithe a dhéanann tú faoin stíl Pictiúir - Pearsanta. Is féidir leat filleadh ar na roghanna pictiúir atá déanta agat má athraíonn siad. Is féidir leat socrú pictiúir roghnaithe a shocrú do gach gníomhaíocht teilifíse nó do gach gléas atá nasctha ina gceann agus ina gceann.

Chun filleadh ar an socrú pictiúir is fearr leat agus tú ag breathnú ar chainéal teilifíse, brúigh o OPTIONS, roghnaigh jPictiúr agus fuaim sa roghchlár, roghnaigh Stíl pictiúir agus roghnaigh Pearsanta.

Chun socrú Mearphictiúir a shocrú . . .

1 - Brúigh h, roghnaigh gníomhaíocht nó gléas nasctha (nó a nasc) agus brúigh OK.

2 - Brúigh harís, roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh Socruithe Mearphictiúir agus brúigh OK. Téigh trí na céimeanna go dtí an deireadh. Beidh do shocruithe pearsanta i bhfeidhm anois don ghníomhaíocht nó don nasc.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Stíl pictiúir chun tuilleadh eolais a fháil.

Socruithe teilifíse

Is féidir leat gach socrú Pictiúir, 3D, Fuaime agus Ambilight a shocrú sa roghchlár Socruithe teilifíse. Tá réimse socruithe sa roghchlár Socruithe ginearálta, leithéidí Teanga roghchláir, Uaineadóir codlata, Uaineadóir Casta as, Rochtain choinníollach agus míreanna eile nach iad.

In Cabhair, brúigh*List agus cuardaigh an topaic nó an socrú atá uait.

Socruithe cainéil

Teangacha

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Teanga fuaime nó Fotheidil chun tuilleadh eolais a fháil.

Rochtain uilíoch

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Rochtain uilíoch chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi an teilifís a réiteach dóibh siúd a bhfuil lagú amhairc nó éisteachta orthu.

Suiteáil cainéil

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Nuashonrú cainéal uathoibríoch nó Teachtaireacht nuashonraithe cainéal. Cuardaigh Suiteáil láimhe freisin chun cainéil analógacha a shuiteáil nó DVB chun an nasc aeróige a athrú.

Glas leanaí

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Glas leanaí chun tuilleadh eolais a fháil.

Cuardaigh satailít

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Suiteáil satailíte chun tuilleadh eolais a fháil.

Socruithe satailíte

Teangacha

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Teanga fuaime nó Fotheidil chun tuilleadh eolais a fháil.

Suiteáil cainéil

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Satailít, nuashonrú cainéal uathoibríoch nó Satailít, teachtaireacht nuashonraithe cainéal nó Satailít, roghanna nuashonruithe uathoibríocha chun tuilleadh eolais a fháil.

Glas leanaí

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Satailít, glas cainéil chun tuilleadh eolais a fháil.

Nasc le líonra

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Líonra, gan sreang nó Líonra, sreangaithechun tuilleadh eolais a fháil.

Cuardaigh cainéil

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaighCainéal, nuashonrú nó Cainéil, athshuiteáil, chun tuilleadh eolais a fháil.

Socruithe líonra

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Líonra, gan sreang chun tuilleadh eolais a fháil.

Suiteáil / Roghchlár suiteála

19

Nuashonraigh bogearraí

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Bogearraí, nuashonrú Idirlín nó Bogearraí, nuashonrú USB, chun tuilleadh eolais a fháil.

Socruithe bogearra

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Bogearraí, leagan reatha chun tuilleadh eolais a fháil.

Féach ar léiriúcháin

Is féidir leat breathnú ar roinnt físeán taispeána faoi ghnéithe do theilifíse a bhaineann le caighdeán an phictiúir le Féach ar shamplaí sa roghchlár Suiteáil.

Rialú gníomhach

Déanann an teilifís monatóireacht ar chaighdeán an phictiúir atá ag teacht isteach, ar an leibhéal gluaisne sa phictiúr, ar radhairc níos gile nó níos dorcha agus ar na coinníollacha solais i do sheomra. Déanann an teilifís coigeartú ar an bpictiúr chun críche na feidhmíochta is fearr i bhfianaise na luachanna sin.

2.9

Sábháilteacht agus cúram

Sábháilteacht

Léigh

Léigh agus tuig gach treoir sábháilteachta sula n-úsáidfidh tú an teilifís. Má tharlaíonn díobháil mar nár leanadh treoracha, ní bheidh feidhm ag an mbaránta.

Daingnigh an teilifís sa chaoi is nach dtitfidh sí

Úsáid an brac balla atá istigh leis an teilifís i gcónaí chun nach dtitfidh an teilifís. Gléas an brac agus daingnigh an teilifís ar an mbrac, fiú má chuireann tú an teilifís ar an urlár.

Is féidir leat na treoracha do ghléasadh balla a fháil sa Treoir Mearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Sa chás go bhfuil an treoir seo caillte agat, is féidir leat an treoir a íoslódáil ó www.philips.com

Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.

Baol turrainge leictrí nó tine!

Ná bíodh an teilifís nochtaithe go deo do bháisteach ná uisce. Ná cuir coimeadán a bhfuil leacht iontu, cosúil le vásaí, in aice leis an teilifís. Má dhoirtear leachtanna ar nó sa teilifís, dínasc an teilifís ón asraon cumhachta láithreach. Déan téagmháil le Consumer Care chun go seiceálfaí an teilifís sula n-úsáidfí í.

Ná nocht an teilifís, an cianrialtán ná na ceallraí go deo do theas iomarcach. Ná cuir in aice le coinnle ar lasadh nó lasracha gan chosaint iad, ná in aice le foinsí teasa iad, lena n-áirítear teas díreach na gréine.

Ná cuir aon rud isteach sna sliotáin aeraithe go deo, ná sna hoscailtí eile ar an teilifís.

Ná cuir rudaí troma go deo ar an seolán cumhachta.

Ná bíodh aon neart á imirt ar na plugaí cumhachta. Tá plugaí cumhachta scaoilte in ann a bheith ina n-údar do stuáil nó do thine. Bí cinnte nach mbeidh aon straidhn ar an seolán cumhachta nuair a sclóineann tú scáileán na teilifíse.

Chun an teilifís a dínascadh ó bpríomhchumhacht, ní mór pluga cumhachta na teilifíse a dínascadh. Nuair atá an chumhacht a dínascadh agat, tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán go deo. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.

Baol gortuithe nó díobháil don teilifís!

Teastaíonn beirt chun teilifís atá níos troime ná 25 cileagram nó 55 punt a ardú agus a iompar.

Má ghléasann tú an teilifís ar sheastán, ná húsáid ach an seastán a thagann leis. Bíodh an seastán daingnithe don teilifís go teann. Cuir an teilifís ar dhromchla réidh, cothrom atá in ann glacadh le meáchan na teilifíse agus an seastáin.

Nuair atá sé gléasta ar an mballa, bí cinnte go bhfuil an gléasadh balla in ann meáchan na teilifíse a iompar go sábháilte. Ní ghlacann TP Vision Netherlands B.V. le haon fhreagracht as gléasadh balla míchuí a mbeidh tionóisc, gortú nó damáiste mar thoradh air.

Is as gloine atá píosaí den táirge déanta. Láimhseáil go cúramach é chun gortú nó damáiste a sheachaint.

Baol damáiste don teilifís!

Sula nascfaidh tú an teilifís leis an asraon cumhachta, cinntigh go bhfuil an voltas cumhachta ag meaitseáil an luach atá priontáilte ar chúl na teilifíse. Ná nasc an teilifís go deo leis an asraon cumhachta má tá voltas éagsúil ann.

Baol gortuithe do pháistí!

Lean na réamhchúraim seo chun nach mbeidh an teilifís ina údar gortuithe do pháistí má thiteann sé ón seastán:

Ná cuir an teilifís go deo ar dhromchla atá clúdaithe le héadach nó le hábhar eile ar féidir é a tharraingt.

Bí cinnte nach bhfuil aon chuid den teilifís ag gobadh amach thar imeall an dromchla gléasta.

Ná cuir an teilifís go deo ar throscán ard, cosúil le leabhragán, gan an troscán agus an teilifís araon a bheith daingnithe don bhalla nó do thaca feiliúnach.

Labhair le leanaí faoi na contúirtí a bhaineann le bheith ag dreapadóireacht ar throscán chun dul chomh fada leis an teilifís.

An baol a bhaineann le ceallraí a shlogadh!

20

Suiteáil / Sábháilteacht agus cúram

D'fhéadfadh ceallraí atá cosúil le boinn airgid a bheith sa chianrialtán agus d'fhéadfadh leanaí óga iad a shlogadh go héasca. Ná bíodh leanaí in ann rochtain a fháil ar na ceallraí seo go deo.

Baol róthéite!

Ná cuir an teilifís go deo in áit a bhfuil an spás cúng ann. Bíodh spás 20 ceintiméadar nó 4 orlach ar a laghad timpeall na teilifíse i gcónaí le haghaidh aeraithe. Bí cinnte nach gclúdaíonn cuirtíní nó rudaí eile sliotáin aeraithe na teilifíse.

Stoirmeacha tintrí

Dínasc an teilifís ón asraon cumhachta agus ón aeróg roimh stoirmeacha tintrí. Ná leag do lámh go deo ar aon phíosa den teilifís, den seolán cumhachta nó de chábla na haeróige i rith stoirmeacha tintrí.

Baol damáiste éisteachta!

Ná húsáid cluasáin ar feadh tréimhsí fada nuair a bhíonn an fhuaim an-ard agat.

Teochtaí ísle

Má iompraítear an teilifís nuair atá an teocht níos lú ná 5°C nó 41°F, díphacáil an teilifís agus fan go dtí go mbeidh teocht an tseomra bainte amach ag an teilifís sula nascfaidh tú an teilifís leis an asraon cumhachta.

Stoirmeacha tintrí

Dínasc an teilifís ón asraon cumhachta agus ón aeróg roimh stoirmeacha tintrí. Ná leag do lámh go deo ar aon phíosa den teilifís, den seolán cumhachta nó de chábla na haeróige i rith stoirmeacha tintrí.

Baol damáiste éisteachta!

Ná húsáid cluasáin ar feadh tréimhsí fada nuair a bhíonn an fhuaim an-ard agat.

Teochtaí ísle

Má iompraítear an teilifís nuair atá an teocht níos lú ná 5°C nó 41°F, díphacáil an teilifís agus fan go dtí go mbeidh teocht an tseomra bainte amach ag an teilifís sula nascfaidh tú an teilifís leis an asraon cumhachta.

• Seachain íomhánna cónaitheacha a mhéid is mó is atá tú in ann. Íomhánna a fhanann ar an scáileán ar feadh tréimhsí fada iad íomhánna cónaitheacha. Áirítear le híomhánna cónaitheacha roghchláir ar an scáileán, barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Má chaitheann tú íomhánna cónaitheacha a úsáid, laghdaigh codarsnacht agus gile an scáileán chun damáiste don scáileán a sheachaint.

Teocht agus bogthaise

Tá sé in ann tarlú go hannamh, ag brath ar theocht agus ar bhogthaise, go mbeidh mion-comhdhlúthú ar an taobh istigh d'aghaidh ghloine na teilifíse (ar roinnt múnlaí). Chun é seo a chosc, ná nocht an teilifís do sholas díreach na gréine, do theas ná do an-bhogthaise. Má bhíonn comhdhlúthú ann, imeoidh sé leis féin tar éis don teilifís a bheith air ar feadh roinnt uaireanta. Ní dhéanfaidh taise an bhogthaise aon dochar don teilifís agus ní bheidh sé ina údar mífheidhme.

Cúram scáileáin

Ná bíodh aon rud i dteagmháil leis an scáileán agus ná húsáid aon rud chun an scáileán a bhrú, a chuimilt nó a bhualadh.

Bain amach pluga na teilifíse sula nglanann tú í.

Glan an ghloine ar aghaidh na teilifíse le glantóir fuinneog tí.

Glan cásáil na teilifíse le ceirt bhog thais agus cuimil go séimh í. Seachain teagmháil leis na LEDanna Ambilight ar chúl na teilifíse. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh nó glantóirí tí ar chásáil teilifíse. Triomaigh braonta uisce chomh sciobtha agus is féidir chun dífhoirmíochtaí agus tréigean dathanna a sheachaint.

Suiteáil / Sábháilteacht agus cúram

21

3

Teilifís

3.1

Cas air

Cas air agus as

Bí cinnte gur phlugáil tú isteach an príomhsheolán cumhachta ar chúl na teilifíse sula gcasfaidh tú air an teilifís.

Má tá an solas táscaire dearg casta as, brúigh an eochair bheag A ar thaobh na láimhe deise ar chúl na teilifíse chun an teilifís a chur ar fuireachas - lasfaidh an táscaire dearg.

Nuair atá an teilifís ar fuireachas, brúigh A ar an gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air. Mar rogha air sin, is féidir leat an eochair CH+, CHagus ha úsáid chun an teilifís a chasadh air.

Mearthosach

Chun an teilifís a chasadh air níos tapúla ná mar is gnáth, is féidir leat an an teilifís a shocrú in mód Mearthosach.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Mearthosach chun tuilleadh eolais a fháil.

Athraigh go dtí fuireachas

Chun an teilifís a athrú go dtí fuireachas, brúigh A ar an gcianrialtán.

Cas as

Chun an teilifís a chasadh as, brúigh an eochair bheag A ar thaobh na láimhe deise ar chúl na teilifíse. Ní bheidh an solas dearg táscaire air. Tá an teilifís nasctha leis an bpríomhlíonra i gcónaí, ach tomhaltaíonn sé fuinnimh íseal. Chun an teilifís a chasadh as ar fad, dínasc an pluga cumhachta.

Nuair a dínascann tú an pluga cumhachta, tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cumhachta, ar an seolán cumhachta agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.

Mearthosach

Is féidir leis an teilifís tosú níos tapúla ná mar is gnáth le Mearthosach. Má tá Mearthosach gníomhachtaithe, feicfidh tú an pictiúr teilifíse tar éis roinnt soicind nuair a chasann tú an teilifís air ó fhuireachas.

Tá an teilifís in ann cuimhneamh ar an ngnás féachana teilifíse laethúil atá agat. Gníomhachtóidh Mearthosach go huathoibríoch roinnt ama sula a chasann tú air an teilifís de ghnáth, rud a fhágann go mbeidh tú in ann í a chasadh air go tapaidh. Mar rogha air sin, is féidir leat suas le 3 fráma ama seasta a roghnú in aghaidh an lae inar féidir leat an teilifís a chasadh air go tapaidh.

Nuair a athraíonn tú an teilifís ar ais go fuireachas, fanann Mearthosach i bhfeidhm go dtí go dtagann deireadh leis an bhfráma ama atá socraithe agat.

Gníomhachtaigh

Chun gníomhachtú an Mhearthosaigh a shocrú, brúigh hagus roghnaigh SSuiteáil agus brúigh OK chun an roghchlár Socraigh a oscailt.

Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta >

Mearthosach > Gníomhachtú. Is féidir leat Uathoibríoch nó De Láimh a roghnú.

- Uathoibríoch

Roghnaigh Uathoibríoch chun Mearthosach a ghníomhachtú go huathoibríoch. Cuimhneoidh an teilifís ar do ghnás féachana agus gníomhachtóidh sé Mearthosach i rith na bhfrámaí ama sin. Is féidir leis an teilifís suas le 4 fráma ama a mhairfidh ar feadh 1 uair a shocrú le hUathoibríoch.

- De Láimh

Roghnaigh De Láimh chun Mearthosach a ghníomhachtú i rith 3 fráma ama seasta in aghaidh an lae. Mar shampla, is féidir leat fráma ama a shocrú ar maidin, ceann eile ag am nóin agus ceann tráthnóna. Is féidir leat féin an tréimhse ama a shocrú do gach fráma ama.

Má athraítear Mearthosach go De Láimh, is féidir leat moill Fuireachais a roghnú freisin. Is féidir leat an teilifís a shocrú chun Mearthosach a choinneáil gníomhach ar feadh tréimhse áirithe tar éis duit an teilifís a athrú go fuireachas le moill Fuireachais. Is féidir leat an mhoill suas le 1 uair a shocrú ag eatraimh de 15 nóiméad.

Sonraí

ní mór do chlog na teilfíse a bheith ag obair i gceart chun Mearthosach a ghníomhachtú.

Ní féidir le gníomhachtú Mhearthosach a bheith níos faide ná fráma ama 4 uair.

Méadaíonn Mearthosach tomhaltas fuinnimh i rith fuireachais.

22

Teilifís / Cianrialtán

Forbhreathnú ar na heochracha

Barr

1 - A Fuireachas

Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go fuireachas. 2 - Méaracha athsheanma agus taifeadta

Seinn x, chun athsheinnt

Cuir ar sos p, chun athsheinnt a chur ar sos

Stop q, chun athsheinnt a stopadh

Cúlchas !, chun cúlchasadh

Mearchas ‹, chun mearchasadh

Taifead r, chun taifead anois

3 - GUIDE

Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.

4 -cSOURCE

Chun an liosta nasc a oscailt nó a dhúnadh.

5 - 3D

Chun an roghchlár 3D a oscailt nó a dhúnadh.

6 - AMBILIGHT

Chun Ambilight a chasadh air nó as, agus chun Ambilight a chasadh air ar fuireachas.

7 - f FORMAT

Chun an roghchlár Formáid a oscailt nó a dhúnadh.

8 - TV

Chun athrú ar ais do chainéil.

Lár

Chun leathanach tosaigh Smart TV a oscailt.

6 - i INFO

Chun Eolas a oscailt nó a dhúnadh.

7 - Eochair OK

Chun roghnú a dhearbhú.

8 - Eochracha saighde

Chun dul suas, síos, ar chlé nó ar dheas.

8 - o OPTIONS

Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.

Bun

1 - CH-, Cainéal - / Leathanach roimhe sin

Chun athrú go dtí an cainéal roimhe sin sa liosta cainéal, an leathanach Téacs roimhe sin nó an chaibidil roimhe sin ar dhiosca.

2 - CH+, Cainéal + / An Chéad Leathanach eile

Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile sa liosta cainéal, an chéad leathanach Téacs eile nó an chéad chaibidil ar dhiosca.

3 - Fuaim - agus +

Chun airde na fuaime a athrú.

4 - ****Méaracha dathanna

Roghnú díreach roghanna. Eochair ghorm *eolas air sin atá roghnaithe agus nasc díreach do Chabhair.

5 - Méaracha uimhreacha agus eochaircheap téacs

Chun cainéal teilifíse a roghnú go díreach nó chun téacs a chur isteach.

6 - FOTHEIDEAL

Chun fotheidil a chasadh air, as nó air nuair atá sé gan fuaim.

7 - TÉACS

Chun Téacs a oscailt nó a dhúnadh.

8 - m, Gan Fuaim

Chun an fhuaim a chasadh as, nó chun í a chasadh air arís.

1 - hBaile

Chun an roghchlár Baile a oscailt nó a dhúnadh.

2 - L LIST

Chun an liosta cainéal nó do liosta grianghraf, ceoil nó físeán a oscailt nó a dhúnadh.

3 - / EXIT

Chun feidhmchlár teilifíse idirghníomhach a fhágáil, leithéidí Hbb TV.

4 - bSiar

Chun dul ar ais go dtí an cainéal deireanach a roghnaigh tú. Chun roghchlár a dhúnadh gan aon socrú a athrú. Chun dul ar ais go dtí an leathanach Idirlín Smart TV roimhe sin.

5 - SMART TV

Méarchlár

Forbhreathnú

Qwerty agus Azerty

Forbhreathnú ar mhéarchlár Qwerty / Azerty.*

Teilifís / Cianrialtán

23

1 - Eochair feidhme - Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a chlóscríobh.

2 - (Iomlaoid - Chun litreacha a chlóscríobh i gcás uachtair.

3 - ySpásbharra

4 - Saigheada nascleanúna.

5 - Iontráil - Chun an téacs a chur tú isteach a dhearbhú.

6 - Cúlspás - Scriosann sé an carachtar roimh an gcursóir téacs. 7 - Ω Carachtar speisialta - Chun an méarchlár ar an scáileán a oscailt chun litreacha a bhfuil aicinn orthu nó siombailí a roghnú. 8 - Litreacha Azerty - Na litreacha atá ar fáil má athraítear leagan amach an mhéarchláir go Azerty sa roghchlár Suiteáil.

* Tá méarchlár Qwerty / Azerty nó Qwerty / Coireallach ar do chianrialtán, ag brath ar do réigiún.

Qwerty agus Coireallach

Forbhreathnú ar mhéarchlár Qwerty / Coireallach.*

1 - Eochair feidhme - Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a chlóscríobh.

2 - (Iomlaoid - Chun litreacha a chlóscríobh i gcás uachtair.

3 - ySpásbharra

4 - Saigheada nascleanúna.

5 - Iontráil - Chun an téacs a chur tú isteach a dhearbhú.

6 - Cúlspás - Scriosann sé an carachtar roimh an gcursóir téacs. 7 - Ω Carachtar speisialta - Chun an méarchlár ar an scáileán a oscailt chun litreacha a bhfuil aicinn orthu nó siombailí a roghnú.

8 - îLasc don mhéarchlár Coireallach - Chun athrú go dtí an méarchlár Coireallach nó ar ais go Qwerty.

9 - Litir Choireallach - Litreacha atá ar fáil má athraítear an méarchlár go Coireallach.

* Tá méarchlár Qwerty / Azerty nó Qwerty / Coireallach ar do chianrialtán, ag brath ar do réigiún.

Téacs a scríobh

Is féidir leat an méarchlár ar chúl an chianrialtáin a úsáid chun téacs a scríobh in aon réimse téacs ar an scáileán. Athraigh an méarchlár i do threo chun eochracha an chianrialtáin a ghníomhachtú. Beir ar an gcianrialtán le do dhá láimh agus úsáid do dhá ordóg chun clóscríobh.

Cuir isteach téacs

Nuair atá uait téacs a chur isteach i réimse téacs ar an scáileán, roghnaigh réimse téacs agus tosaigh ag clóscríobh.

Brúigh Iontráil chun an téacs a dhearbhú.

Cás uachtair agus cás íochtair

Chun litir i gcás uachtair a chlóscríobh, brúigh an eochair (Iomlaoide) (díreach sula gclóscríobhann tú an litir. Chun roinnt litreacha a chlóscríobh i gcás uachtair, brúigh agus

coinnigh síos an eochair (agus tú i mbun clóscríofa. Chun an méarchlár a athrú go cás uachtair, brúigh an eochair (ar feadh 2 soicind chun an méarchlár a athrú go mód cáis uachtair. Chun an méarchlár a athrú amach as cás uachtair, brúigh an eochair (arís. Mura mbrúfar aon eochair ar feadh tréimhse 20 soicind, casann mód cáis uachtair as go huathoibríoch. Chomh maith leis sin, má bhrúnn tú eochair mhionathraithe eile, leithéid Fn nó Ω, fágann tú mód cáis uachtair.

Uimhreacha agus carachtair poncaíochta

Chun uimhir nó carachtar poncaíochta a chlóscríobh, brúigh an eochair Fn díreach sula gclóscríobhann tú an uimhir nó an carachtar poncaíochta atá uait. Is féidir leat an mód Fn a chasadh air nó as díreach mar a dhéanann tú do mhód cáis uachtair.

Idirlíon

Is féidir leat an eochair Fn a úsáid chun www. nó .com a iontráil.

Litreacha a bhfuil aicinn orthu agus siombailí

Níl fáil ar litreacha a bhfuil aicinn orthu agus siombailí ar mhéarchlár do chianrialtáin. Chun a leithéid de charachtar a chlóscríobh, is féidir leat an méarchlár ar an scáileán a oscailt.

Chun an méarchlár ar an scáileán a oscailt, brúigh Ω. Ar an méarchlár ar an scáileán, is féidir leat an carachtar atá uait a fháil. Athraigh leagan amach an mhéarchláir leis na heochracha dathanna. Brúigh OK chun carachtar a chur isteach. Imíonn an méarchlár ar an scáileán as amharc nuair a bhrúnn tú carachtar ar mhéarchlár an chianrialtáin.

24

Teilifís / Cianrialtán

Mar rogha air sin, is féidir leat carachtair speisialta a chur isteach le heochaircheap SMS/téacs an chianrialtáin ar aghaidh an chianrialtáin.

Méarchlár Qwerty, Azerty agus Coireallach

Is é QWERTY leagan amach caighdeánach mhéarchlár an chianrialtáin.

Méarchlár Azerty

Is féidir méarchlár an chianrialtáin a athrú go Azerty, ag brath ar an réigiún ina bhfuil tú. Tá na carachtair Azerty ar taispeáint ar bharr na n-eochracha ábhartha ar thaobh na láimhe deise.

Chun leagan amach an mhéarchláir a athrú go Azerty, . . .

1 - Brúigh h agus roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK chun an roghchlár Suiteáil a oscailt.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearáltaMéarchlár cianrialtáin.

3 - Roghnaigh QWERTY nó AZERTY.

Méarchlár Coireallach

Is féidir méarchlár an chianrialtáin a athrú go carachtair Choireallacha ag brath ar an réigiún ina bhfuil tú.

Tá na carachtair Choireallacha ar taispeáint ar bharr eochracha an mhéarchláir ar thaobh na láimhse deise.

Chun carachtair Choireallacha a scríobh, brúigh î ar an gcianrialtán.

Brúigh î chun athrú ar ais go Qwerty.

Pointeoir

Maidir leis an bpointeoir

In áit na heochracha saighde a úsáid chun bogadh ar an scáileán, is féidir leat an pointeoir a úsáid. Is féidir leat an pointeoir - ar ciorcal gorm é - a bhogadh anonn is anall ar an scáileán teilifíse tríd an cianrialtán a bhogadh, díreach mar a bhogann tú an cursóir ar scáileán ríomhaireachta leis an luchóg.

Is féidir leat an pointeoir a úsáid chun Feidhmchláir Smart TV * agus leathanaigh Idirlín ar an teilifís a nascleanúint. D'fhéadfadh roinnt Feidhmchláir Smart TV a bheith ann nach bhféadfaí pointeoir a úsáid leo. Nuair nach bhfuil fáil ar an bpointeoir, is féidir leat na heochracha saighde a úsáid chun bogadh ar an scáileán.

Is féidir leat luas an phointeora a athrú nó é a chasadh as mura bhfuil uait é a úsáid go deo.

*Beidh fáil ar níos mó Feidhmchlár Smart TV de réir a chéile le haghaidh a n-úsáide leis an bpointeoir.

An pointeoir a úsáid

Nuair a osclaíonn leathanach tosaigh Smart TV, beidh an pointeoir i lár an scáileáin teilifíse.

Cuir d'ordóg ar an eochair OK - ná brúigh é - agus bog an cianrialtán ó chaol do láimhe, ní gá do lámh féin a bhogadh. Is féidir leat an eochair OK a scaoileadh agus an pointeoir a fhágáil san áit ina bhfuil sé. Is féidir leat an cianrialtán a bhogadh agus an pointeoir a fháil arís nuair a chuireann tú d'ordóg ar ais ar an eochair OK.

Nuair a bhrúnn tú eochair saighde chun bogadh, imíonn an pointeoir as amharc. Chun an pointeoir a fháil ar ais, cuir d'ordóg ar an eochair OK agus corraigh an cianrialtán ar feadh soicind.

Nuair a ainlíonn tú an pointeoir thar nasc. . .

1 - Lastar an pointeoir.

2 - BrúighOK chun an nasc a oscailt.

Nuair a ainlíonn tú an pointeoir thar réimse téacs. . .

Brúigh OK chun téacs a chur isteach.

Luas

Is féidir leat luas an phointeora, arb é an luas ag a mbogann an pointeoir ar an scáileán, a athrú.

Chun an luas a athrú. . .

1 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh Socruithe ginearálta > Luas pointeora agus luiche agus brúigh OK.

4 - Brúigh na saigheada u (Suas) nó v (Síos) chun na luas a ardú nó a ísliú.

5 - Brúigh an saighead x (Deas) chun an luas atá socraithe agat a thástáil.

6 - Brúigh an saighead w (Clé) chun filleadh ar an socrú sin. Is féidir leat an socrú a athrú arís.

7 - Brúigh OK chun an socrú a stóráil agus chun dúnadh.

Cas as

Má tá uait leathanaigh Smart TV agus Idirlín a nascleanúint le heochracha saighde amháin, is féidir leat an pointeoir a chasadh as.

Chun an pointeoir a chasadh as . . .

1 - Brúigh h, roghnaigh S Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh Socruithe ginearálta > Pointeoir an chianrialtáin agus roghnaigh As.

4 - Brúigh b, arís agus arís eile más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Teilifís / Cianrialtán

25

Braiteoir IR

Úsáideann cianrialtán na teilifíse RF (radaimhinicíocht) chun a orduithe a sheoladh chuig an an teilifís. Ní gá an cianrialtán a phointeáil i dtreo na teilifíse nuair atá RF ann.

Mar sin féin, tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin ar aghaidh na teilifíse.

Péireáil

Úsáideann an cianrialtán seo radaimhinicíocht (RF) chun a orduithe a sheoladh chuig an teilifís. I gcodarsnacht le cianrialtáin a úsáideann comharthaí infridhearg, is féidir leat orduithe a sheoladh leis an gcianrialtán seo gan pointeáil i dtreo na teilifíse.

Mar nach bhfuil gá an cianrialtán a phointeáil, tá sé éasca an méarchlár ar an gcúl a úsáid nó orduithe a sheoladh ó sheomra eile - airde na fuaime nó cainéil a athrú. Chomh maith leis sin, tá an teilifís in ann tú a chur ar an eolas nuair atá cumhacht cheallra an chianrialtáin íseal.

An cianrialtán a phéireáil

Chun go mbeidh an cianrialtán in ann cumarsáid leis an teilifís, ba cheart an teilifís agus an cianrialtán araon a bheith péireáilte lena chéile. Nuair a péireáilfear den chéad uair iad, ní féidir leat an cianrialtán a úsáid chun teilifís eile a rialú.

Nuair a chuir tú tús le suiteáil na teilifíse, thug an teilifís cuireadh duit an eochair OK a bhrú, agus leis sin, rinneadh an phéireáil. Nuair a chasann tú as an teilifís, stóráiltear an phéireáil. Is féidir suas le 5 chianrialtán a phéireáil leis an teilifís seo.

Péireáil arís

Is féidir leat cianrialtán eile a phéireáil leis an teilifís seo.

Ní mar a chéile an modh péireála i gcás cianrialtán atá péireáilte le teilifís eile cheana féin seachas cianrialtán nár péireáileadh fós.

• Tá an cianrialtán péireáilte le teilifís eile

Chun an phéireáil a dhéanamh, beir ar an gcianrialtán gar do lógó Philips (thart ar 10cm uaidh) agus brúigh na heochracha *Dearg agus *Gorm ag an am céanna. Má éiríonn le péireáil, beidh teachtaireacht ann.

• Níl an cianrialtán péireáilte fós

Chun an phéireáil a dhéanamh, beir ar an gcianrialtán gar do lógó Philips (thart ar 10cm uaidh) agus brúigh OK. Má éiríonn le péireáil, beidh teachtaireacht ann.

Do mhiondíol

Chun teilifís nua - nár péireáileadh fós - a phéireáil le cianrialtán atá péireáilte cheana féin le teilifís eile, beir ar an gcianrialtán gar do lógó Philips (thart ar 10cm uaidh) agus brúigh na heochracha *Dearg agus *Gorm ag an am céanna. Má éiríonn le péireáil, beidh teachtaireacht ann.

Ceallraí

Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú nuair a bheidh cumhacht cheallraí an chianrialtáin íseal.

Chun na ceallraí a athsholáthar, oscail raca na gceallraí ar thaobh an mhéarchláir den chianrialtán.

1 - Úsáid bior fiacal nó rud beag, maol eile agus brúigh an cnaipe beag oscailte a bhfuil cruth cearnóige air chun an clúdach a oscailt.

2 - Brúigh an luamhán beag in aice leis an bhfáiscín gorm chun an fáiscín a scaoileadh.

3 - Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra alcaileacha den chineál AAA-LR03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí + agus - de na ceallraí isteach i gceart.

4 - Brúigh an fáiscín gorm go dtí go gcliceálann sé.

5 - Cuir clúdach na gceallraí ar ais agus brúigh é go dtí go gcliceálann sé.

Leag síos an cianrialtán ar feadh 15 soicind nó mar sin chun an pointeoir a chalabrú.

Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid agat ar feadh tréimhse fada.

Diúscair ceallraí de réir na dtreoracha atá tugtha maidir le deireadh úsáide.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Deireadh úsáide chun tuilleadh eolais a fháil.

Glanadh

Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán.

Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná glantóirí tí nó an cianrialtán.

26

Teilifís / Cainéil teilifíse

3.3

Cainéil teilifíse

Ag breathnú ar chainéil teilifíse

Cainéil a athrú

Chun féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh tTV. Tiúinfidh an teilfís go dtí an cainéal teilifíse ar fhéach tú air an uair dheireanach a raibh tú ag féachaint ar an teilifís.

Mar rogha air sin, brúigh hchun an roghchlár Baile a oscailt agus roghnaigh Féach ar teilifís agus brúigh OK.

Roghanna ar chainéil

Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, bíonn roinnt roghanna ar fáil, ag brath ar an gcineál cainéil (analóg nó digiteach) a bhfuil tú ag féachaint air nó ar na socruithe atá athraithe agat ar an teilifís.

Oscail na roghanna

Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh o OPTIONS agus roghnaigh an táb o Options ar an mbarra roghchláir.

Cainéil a athrú

Chun cainéil a athrú, brúigh CH+ nó CH-. Má tá uimhir an chainéil ar ar eolas agat, cuir isteach an uimhir leis na heochracha uimhreach. Brúigh OK tar éis duit an uimhir a chur isteach chun an cainéal a athrú.

Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte cheana féin, brúigh b.

Chun athrú go cainéal ó liosta cainéal

Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh L LIST chun liosta na gcainéal a oscailt.

Roghnaigh liosta sa ró táb.

I liosta cainéal, téigh go dtí cainéal teilifíse nó stáisiún raidió. Nuair atá a dheilbhín roghnaithe agat, brúigh OK chun athrú go dtí cainéal teilifíse nó chun éisteacht leis an stáisiún raidió. D'fhéadfadh roinnt leathanach cainéal a bheith sa liosta cainéal. Chun féachaint ar an gcéad leathanach eile nó ar an leathanach roimhe sin, brúigh CHnó CH+.

Chun na liostaí cainéal a dhúnadh gan an cainéal a athrú, brúigh L LIST arís.

Cainéil raidió

Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin raidió digiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal raidió díreach ar an gcaoi chéanna is a athraíonn tú go cainéal teilifíse. Is iondúil go lonaíonn suiteáil cainéal cábla (DVB-C) stáisiúin raidió ó uimhir cainéil 1001 ar aghaidh.

Teilifís / Cainéil teilifíse

Rochtain uilíoch

Nuair atá rochtain uilíoch casta air, is féidir leat roinnt roghanna a shocrú dóibh siúd a bhfuil lagú amhairc nó éisteachta orthu. In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Rochtain uilíoch chun tuilleadh eolais a fháil.

Roghnú físe

Tá cainéil teilifíse digiteacha in ann comharthaí il-fhíse(craoltaí ilfhotha) a thairiscint, uillinneacha ceamara éagsúla a thabhairt den eachtra chéanna nó cláir éagsúla a thaispeáint ar aon chainéal teilifíse amháin. Taispeánann an teilifís teachtaireacht má tá a leithéid de chainéil teilifíse ar fáil.

Fotheidil

Cas Fotheidil air nó Fotheidil as leis an rogha seo. Roghnaigh Air i rith balbhaithe chun fotheidil a thaispeáint díreach nuair atá an fhuaim balbhaithe le m.

Teanga fotheideal

I gcás craolta digitigh, is féidir leat teanga fotheideal atá ar fáil a roghnú ar bhonn sealadach mura bhfuil aon cheann de na teangacha ab fhearr leat ar fáil.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Fotheidil chun tuilleadh eolais a fháil.

Teangacha fuaime

I gcás craolta digitigh, is féidir leat teanga fuaime a roghnú ar bhonn sealadach mura bhfuil aon cheann de na teangacha ab fhearr leat ar fáil.

In Cabhair, brúigh *List agus cuardaigh Teangacha fuaime chun tuilleadh eolais a fháil.

Dual I-II

Má tá dhá theanga fuaime ag comhartha fuaime, ach níl aon tásc teanga ag teanga amháin - nó ag an dá theanga, beidh an rogha seo ar fáil.

Comhéadan coitianta

Má tá scothábhar réamhíoctha ar fáil ó CAM, is féidir leat socraithe an tsoláthróra a shocrú leis an rogha seo.

Hbb TV ar an gcainéal seo

Is féidir leat leathanaigh HbbTV ó chainéal a bhfuil HbbTV air a bhlocáil.

27

Loading...
+ 61 hidden pages