Philips 42PFH6309, 42PFT6309, 47PFH6309, 47PFT6309, 55PFH6309 User Manual [gd]

...

Register your product and get support at Smart LED TV www.philips.com/welcome

42PFH6309

42PFT6309

42PFT6309

47PFH6309

47PFT6309

47PFT6309

55PFH6309

55PFT6309

Lámhleabhar

Ábhar

1 Mo theilifís nua 4

1.1Smart TV 4

1.2App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) 4

1.3Físeáin ar cíos 4

1.4Líonraí sóisialta 4

1.5Ambilight+lí 4

1.6Skype 5

1.7Fóin chliste agus táibléid 5

1.8An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí 5

1.9Cluichíocht 5

1.10EasyLink 6

2 Suiteáil 7

2.1Léigh sábháilteacht 7

2.2Seastán teilifíse agus gléasadh balla 7

2.3Leideanna maidir le láithriú 7

2.4Cábla cumhachta 7

2.5Cábla na haeróige 8

3 Líonra 9

3.1Líonra gan sreang 9

3.2Líonra sreangaithe 10

3.3Socruithe líonra 10

4 Naisc 12

4.1Leideanna maidir le naisc 12

4.2EasyLink HDMI CEC 13

4.3Comhéadan Coiteann - CAM 14

4.4Bosca bairr - STB 15

4.5Córas Amharclainne Baile - HTS 15

4.6Seinnteoir Blu-ray 17

4.7Seinnteoir DVD 17

4.8Consól cluichí 17

4.9Diosca Crua USB 18

4.10Méarchlár nó luch USB 19

4.11Méaróg USB 20

4.12Ceamara grianghraif 20

4.13Camthaifeadán 20

4.14Ríomhaire 21

4.15Cluasáin 21

5 Cas air 23

5.1Air nó Fuireachas 23

5.2Eochracha ar an teilifís 23

5.3Gile an fhocalmhairc 23

6 Cianrialtán 24

6.1Forbhreathnú ar na heochracha 24

6.2Braiteoir IR do chianrialtán nach RF é 25

6.3Ceallraí 25

6.4Glanadh 25

7 Cainéil teilifíse 26

7.1Ag breathnú ar chainéil teilifíse 26

7.2Suiteáil cainéil 31

8Roghchlár baile 36

9Eolaire teilifíse 37

9.1 Na rudaí a bheidh ag teastáil uait 37

9.2An t-eolaire teilifíse a úsáid 37

9.3Taifeadtaí 37

10 Foinsí 38

10.1Liosta foinsí 38

10.2Ó fhuireachas 38

10.3EasyLink 38

11 Uaineadóirí agus clog 39

11.1Uaineadóir codlata 39

11.2Clog 39

11.3Cas as an t-amadóir 39

12 3D 40

12.1Na rudaí a bheidh ag teastáil uait 40

12.2Na spéaclaí 3D 40

12.3Cúram a thabhairt do na spéaclaí 3D 40

12.4Ag féachaint ar 3D 40

12.5Féachaint 3D is fearr 40

12.6Rabhadh sláinte 41

13 Cluichí 42

13.1Cluiche a imirt 42

13.2Cluichí dhá imreoir 42

14 Do ghrianghraif, físeáin agus ceol 43

14.1Ó nasc USB nó ríomhaire líonra 43

14.2Wi-Fi Miracast 44

15Cuir teilifís ar sos 46

16Taifeadadh 47

16.1Na rudaí a bheidh ag teastáil uait 47

16.2Clár a thaifead 47

16.3Féach ar thaifeadadh 47

17 Skype 49

17.1Maidir le Skype 49

17.2Na rudaí a bheidh ag teastáil uait 49

17.3Tosaigh le Skype 49

17.4Roghchlár Skype 50

17.5Mo phróifíl 50

17.6Daoine 51

17.7Ag déanamh glao ar Skype 52

17.8Creidmheas Skype 53

17.9Socruithe Skype 54

17.10Sínigh amach: 55

17.11Fág Skype 55

17.12Téarmaí úsáide & Beartas Príobháideachta 55

18 Smart TV 57

18.1Maidir le Smart TV 57

18.2Na rudaí a bheidh ag teastáil uait 57

18.3Smart TV a shuiteáil 57

18.4Feidhmchláir Smart TV 57

18.5Ilamharc 59

18.6Athshocraigh Smart TV 59

19 Ilseomra 60

19.1Maidir le hIlseomra 60

19.2Na rudaí a bheidh ag teastáil uait 60

2

19.3 Ag úsáid Ilseomra 60

20 Socruithe 62

20.1Roghchlár suiteála 62

20.2Pictiúr 63

20.3Fuaim 65

20.4Ambilight 68

20.5Rochtain uilíoch 71

21 Sonraíochtaí 73

21.1Comhshaol 73

21.2Taispeáint 73

21.3Cumhacht 74

21.4Toisí agus meáchain (sraith 6309) 74

21.5Nascacht 74

21.6Ilmheáin 74

22 Bogearaí 76

22.1Nuashonrú bogearraí 76

22.2Leagan bogearraí 76

22.3Bogearraí foinse oscailte 76

22.4Open source license 76

23 Fabhtcheartú agus tacaíocht 82

23.1Fabhtcheartú 82

23.2Cláraigh 83

23.3Cabhair 83

23.4Cabhair ar líne 83

23.5Cúram Custaiméirí / Athdheisiú 83

24 Sábháilteacht agus cúram 85

24.1Sábháilteacht 85

24.2Cúram scáileáin 86

25 Téarmaí Úsáide, cóipchearta agus ceadúnais

87

25.1Téarmaí Úsáide 87

25.2Cóipchearta agus ceadúnais 87

Innéacs 90

3

1

Mo theilifís nua

1.1

Smart TV

Nasc an Philips Smart LED TV leis an Idirlíon agus bain triail as taithí nua teilifíse. Is féidir leat nasc sreinge a dhéanamh le do ródaire nó is féidir leat nascadh gan aon sreang le Wi-Fi.

Nuair atá an teilifís nasctha le do líonra baile, is féidir le fón cliste grianghraf a thaispeáint ar an teilifís, is féidir leat físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a sheinnt nó an teilifís a rialú le do tháibléad.

Má nascann tú do theilifís leis an Idirlíon, is féidir leat breathnú ar fhíseán ar cíos ó shiopa físeáin ar líne, an t-eolaire teilifíse ar líne a léamh nó an clár teilifíse is fearr leat a thaifeadadh ar Dhiosca Crua USB.

Cuireann na Feidhmchláir Smart TV leis an spraoi le gach cineál siamsaíochta agus seirbhísí caoithiúla.

In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh Smart TV chun tuilleadh eolais a fháil.

1.2

App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)

Oscail an App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) i Smart TV chun na feidhmchláir a bhrabhsáil, ar bailiúchán de láithreáin ghréasáin iad atá curtha in oiriúint don teilifís.

Aimsigh an Feidhmchlár d'fhíseáin YouTube, nuachtán náisiúnta, albam grianghraf ar líne, Facebook, Twitter, etc.

Tá Feidhmchláir ann chun físeán a fháil ar cíos ó shiopa físeáin ar líne agus Feidhmchláir chun breathnú ar chláir atá caillte agat.

Mura bhfuil an rud atá de dhíth ort ar fáil sa (gailearaí na bhFeidhmchlár), bain triail as an nGréasán Domhanda agus scimeáil an tIdirlíon ar an teilifís.

In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) chun tuilleadh eolais a fháil.

1.3

Físeáin ar cíos

Níl ort do theach a fhágáil chun féachaint ar fhíseán ar cíos. Díreach tóg amach an scannán atá uait ó do shiopa físeáin ar líne réigiúnach.

Tosaigh Smart TV agus cuir Feidhmchlár an tsiopa físeán ar leathanach tosaigh an Smart TV.

Oscail Feidhmchlár an tsiopa físeán, cruthaigh do chuntas pearsanta féin, roghnaigh an scannán agus brúigh Seinn.

Níl aon útamáil le híoslódáil, is féidir leat féachaint ar an scannán láithreach*.

In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh Físeáin ar cíos chun tuilleadh eolais a fháil.

* Ag brath ar sheirbhís fís-sruthaithe an tsiopa físeán atá i gceist.

1.4

Líonraí sóisialta

Ní gá duit éirí chun teachtaireachtaí ó do chara a sheiceáil ar do ríomhaire.

Oscail Smart TV, roghnaigh do leathanach líonra sóisialta agus seol teachtaireacht ar ais ó do tholg.

Tacaíonn Smart TV leis na líonraí sóisialta Facebook agus Twitter.

In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) chun tuilleadh eolais a fháil.

1.5

Ambilight+lí

Is féidir leat do lampaí lí Philips a shocrú chun na dathanna Ambilight ar an teilifís a leanúint le Ambilight+lí.

Leathnóidh na lampaí lí Philips an éifeacht Ambilight ar fud an tseomra. Mura bhfuil aon lampa lí Philips agat fós, ceannaigh an Paca Tionscnaimh lí Philips (a bhfuil drochead lí ann mar aon le 3 bolgán lí) agus suiteáil na bolgáin agus an droichead. Is féidir leat bolgáin lí Philips breise a cheannacht ina gceann agus ina

4

gceann.

1.6

Skype

Is féidir leat glaonna físeáin a dhéanamh ar do theilifís in aisce le

Skype™.

Is féidir leat glaoch ar do chairde agus iad a fheiceáil in aon áit ar domhan.

Teastaíonn ceamara a bhfuil micreafón ionsuite aige agus nasc maith leis an Idirlíon uait chun físghlao a dhéanamh. Tá ceamara agus micreafón ionsuite ag roinnt teilifíseanna Philips.

In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh Skype chun tuilleadh eolais a fháil.

1.7

Fóin chliste agus táibléid

Íoslódáil an feidhmchlár Philips MyRemote ó shiopa feidhmchlár d'fhóin chliste nó do thaibléid chun d'fhón cliste nó do thaibléad a úsáid mar chianrialtán teilifíse nó mar do rialaitheoir meán.

Oibrigh do theilifís ó d'fhón cliste nó do thaibléad, athraigh an cainéal nó athraigh an airde fuaime. Is féidir leat d'fhón nó do thaibléad a úsáid chun grianghraif, ceol nó físeáin a sheoladh ó do ríomhaire go dtí do theilifís leis an bhfeidhmchlár MyRemote. Agus nuair atá an feidhmchlár MyRemote ar thaibléad agat, is féidir leat an t-eolaire teilifíse a fháil, léamh faoi na cláir teilifíse agus an teilifís a athrú go dtí cainéal eile díreach le tapa amháin méir. Tá an feidhmchlár MyRemote ar fáil don iOS agus d'Android.

In Cabhair , brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh feidhmchlár MyRemote chun tuilleadh eolais a fháil.

1.8

An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí

Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh ó chainéal teilifíse digití.

Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach bíodh briseadh agat i rith cluiche. Stórálann an teilifís an craoladh ar an Diosca Crua USB agus is féidir leat féachaint air arís ar ball. Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat taifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar chlár, nó clár atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú.

In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh Cuir teilifís ar sos nó Taifeadadh chun tuilleadh eolais a fháil.

1.9

Cluichíocht

Má roghnaíonn tú consól cluiche sa roghchlár Baile, athraíonn an teilifís go huathoibríoch go dtí na socruithe is fearr a fheileann do chluichíocht.

Má imríonn tú cluiche il-imreora a bhfuil scáileáin roinnte i gceist, is féidir leat an teilifís a shocrú chun gach scáileán a thaispeáint mar scáileán iomlán go comhuaineach.

Is féidir le gach imreoir díriú ar imirt a chluiche féin.

5

Baineann an teilifís úsáid as teicneolaíocht 3D chun an dá scáileán a thaispeáint. Teastaíonn spéaclaí 3D ón dá imreoir chun cluiche dhá imreoir a imirt le dhá scáileán iomlán.

In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh Consól cluiche nó Cluichí dhá imreora chun tuilleadh eolais a fháil.

1.10

EasyLink

Is féidir leat gléas nasctha, cosúil le seinnteoir Diosca Blu-ray, a oibriú le cianrialtán na teilifíse nuair atá EasyLink agat.

Baineann EasyLink úsáid as HDMI CEC chun cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha.

In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh EasyLink chun tuilleadh eolais a fháil.

6

2

Suiteáil

2.1

Léigh sábháilteacht

Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n-úsáideann tú an teilifís.

In Cabhair, téigh go Sábháilteacht agus cúram > Sábháilteacht.

2.2

Seastán teilifíse agus gléasadh balla

Seastán teilifíse

Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó www.philips.com sa chás gur chaill tú í.

Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.

Gléasadh balla

Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).

Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an gléasadh balla á cheannach agat . . .

Úsáid scriúnna a bhfuil fad acu atá léirithe sa léaráid chun an brac a ghléasadh go daingean.

Don teilifís den tsraith 6309 47-orlach/55-orlach VESA MIS-F 400x400,M6

Don teilifís den tsraith 6309 42-orlach

VESA MIS-F 200x200,M6

Don teilifís den tsraith 6109 55-orlach VESA MIS-F 400x400,M6

Don teilifís den tsraith 6109 42-orlach/47-orlach VESA MIS-F 400x400,M6

Rabhadh

Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an

mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh tú an teilifís.

Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar thoradh air.

2.3

Leideanna maidir le láithriú

Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go díreach ar an scáileán.

Ísligh an solas sa seomra chun na dálaí is fearr a fháil don éifeacht Ambilight.

Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.

Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.

2.4

Cábla cumhachta

Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER ar chúl na teilifíse.

Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go daingean sa nascóir.

Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga cumhachta sa soicéad balla.

Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta, tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.

D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain amach an cábla cumhachta

7

chun fuinneamh a shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh tréimhse fada.

In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Casadh Air chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi an teilifís a chasadh air agus as.

2.5

Cábla na haeróige

Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa soicéad ANTENNA ar chúl na teilifíse.

Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.

Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir DVB-T agus DVB-C.

8

3

Líonra

3.1

Líonra gan sreang

Na rudaí a bheidh ag teastáil uait

Teastaíonn ródaire gan sreang uait chun an teilifís a nascadh gan sreang leis an Idirlíon. Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) don Idirlíon.

Gléasanna líonra

Tá an teilifís in ann nascadh le gléasanna eile i do líonra gan sreang, cosúil le do ríomhaire nó d'fhón cliste. Is féidir leat ríomhaire a úsáid a bhfuil Microsoft Windows nó Apple OS X air.

Comhroinnt comhad

Is féidir leat grianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a oscailt ar an teilifís seo. Úsáid leagan úrnua de bhogearraí freastalaí meán cosúil le Philips MediaManager*, Windows Media Player 11, Twonky™ nó a leithéid.

Suiteáil na bogearraí freastalaí meán ar do ríomhaire agus socraigh é chun do chomhaid meán a roinnt leis an teilifís. Léigh an treoirleabhar don bhogearraí freastalaí meán chun tuilleadh eolais a fháil. Ní mór do na bogearraí seo a bheith ag rith ar do ríomhaire chun do chomhaid a fheiceáil nó a sheinnt ar an teilifís. * Is féidir leat na bogearraí Philips MediaManager a íoslódáil ó láithreán tacaíochta Philips www.philips.com/support

Déan an nasc

Lean céimeanna 1 go 5.

Céim 1 - Bí cinnte go bhfuil ródaire do líonra gan sreang casta air.

Céim 2 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK. Céim 3 - Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK.

Céim 4 - Roghnaigh Nasc agus brúigh OK.

Céim 5 - Roghnaigh Gan Sreang agus brúigh OK.

Céim 6 - Roghnaigh Scan chun scanadh do do líonra gan sreang.

Má tá ródaire agat le WPS (Suiteáil Cosanta Wi-Fi), is féidir leat WPS a roghnú. Déan do rogha agus brúigh OK.

• Scan

Roghnaigh Scanadh chun scanadh do do líonra gan sreang (do ródaire gan sreang). D'fhéadfadh an teilifís roinnt líonraí gan sreang a aimsiú i do chomharsanacht.

• WPS

Má tá WPS ag do ródaire, is féidir leat nascadh go díreach don ródaire gan scanadh. Téigh go dtí an ródaire, brúigh an cnaipe WPS agus téigh ar ais go dtí an teilifís taobh istigh de 2 nóiméad. Ansin brúigh Nasc chun an nasc a dhéanamh.

Má tá gléasanna i do líonra gan sreang a úsáideann an córas criptithe slándála WEP, ní féidir leat WPS a úsáid.

Má chaitheann tú an cód UAP don WPS a úsáid chun nascadh, roghnaigh Scan in áit WPS.

Céim 7 - Sa liosta líonraí a aimseofar, roghnaigh do líonra gan sreang agus brúigh OK.

Mura bhfuil do líonra sa liosta mar go bhfuil ainm an líonra i bhfolach (chas tú as craoladh SSID an ródaire), roghnaigh Iontráil de Láimh chun ainm an líonra a chur isteach tú féin.

Céim 8 - Ag brath ar an gcineál ródaire atá agat, is féidir leat d'eochair criptithe a chur isteach anois (WEP, WPA nó WPA2). Má tá an eochair criptithe don líonra seo curtha isteach agat cheana, is féidir leat Ar Aghaidh a roghnú chun an nasc a dhéanamh láithreach.

Má thacaíonn do ródaire le WPS nó le UAP WPS, roghnaíonn tú WPS, WPS PIN nó Caighdeánach a roghnú. Déan do rogha agus brúigh OK.

• Caighdeánach

Roghnaigh Caighdeánach chun an eochair criptithe (pasfhocal, pasfhrása nó eochair slándála) a chur isteach de láimh. Is féidir leat an méarchlár ar an gcianrialtán a úsáid chun an eochair criptithe a chur isteach. Nuair atá an eochair curtha isteach agat, brúigh Nasc.

• UAP WPS

Chun nasc daingnithe WPS a dhéanamh le cód UAP, roghnaigh WPS PIN agus brúigh OK. Scríobh síos an cód UAP 8-ndigit a thaispeánfar agus cuir isteach i mbogearraí an ródaire ar do ríomhaire é. Téigh ar ais go dtí an teilifís agus brúigh Nasc. Téigh go dtí treoirleabhar an ródaire chun fáil amach cá bhfuil an cód UAP le hiontráil i mbogearraí an ródaire.

Céim 9 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a bheidh an nasc déanta.

Cumraíocht líonra

Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an ródaire a sheiceáil. Ba cheart DHCP a shocrú do Air.

Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait do líonra a shuiteáil le seolachán IP Statach, athraigh socrú na teilifíse go IP Statach.

Chun socrú na teilifíse a athrú go IP Statach, brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK Roghnaigh Socruithe líonra >

Socruithe líonra > Cumraíocht líonra > IP Statach. Nuair atá IP Statach roghnaithe sa roghchlár agat, is féidir leat an seoladh IP agus socruithe riachtanacha eile a athrú in Cumraíocht IP

9

Statach sa roghchlár céanna.

Fadhbanna líonra

Níor aimsíodh an líonra gan sreang nó tá sé díchumtha

Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó gléasanna eile WiFi 802.11b/g/n i do chomharsanacht in ann cur isteach ar an líonra gan sreang.

Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra rochtain ar nasc gan sreang na teilifíse.

Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do theach, bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil.

Ní oibríonn an tIdirlíon

• Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil nasc an ródaire don Idirlíon.

Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall

Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan sreang chun eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta aistrithe nó fachtóirí eile a bhaineann le caighdeán an chomhartha.

Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do ródaire.

3.2

Líonra sreangaithe

Na rudaí a bheidh ag teastáil uait

Teastaíonn ródaire líonra uait chun an teilifís a nascadh leis an Idirlíon. Úsáid ródaire a bhfuil nasc ardluais (leathanbhanda) aige don Idirlíon.

Comhroinnt comhad

Is féidir leat grianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a oscailt ar an teilifís seo. Úsáid leagan úrnua de bhogearraí freastalaí meán cosúil le Philips MediaManager*, Windows Media Player 11, Twonky™ nó a leithéid. Suiteáil na bogearraí freastalaí meán ar do ríomhaire agus

socraigh é chun do chomhaid meán a roinnt leis an teilifís. Léigh an treoirleabhar don bhogearraí freastalaí meán chun tuilleadh eolais a fháil. Ní mór do na bogearraí seo a bheith ag rith ar do ríomhaire chun do chomhaid a fheiceáil nó a sheinnt ar an teilifís. * Is féidir leat na bogearraí Philips MediaManager a íoslódáil ó

láithreán tacaíochta Philips www.philips.com/support

In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do

Bogearraí freastalaí meán, tacaithe chun forbhreathnú a fháil ar na bogearraí freastalaí meán atá tacaithe.

Nasc an ródaire

Lean céimeanna 1 go 5 chun an ródaire a nascadh agus a shuiteáil.

1 - Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla Ethernet**).

2 - Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air.

3 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK. 4 - Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK.

5 - Roghnaigh Sreangaithe agus brúigh OK.

Déanann an teilifís cuardach leanúnach don nasc líonra. Taispeánfar teachtaireacht nuair a éireoidh leis an nasc.

Cumraíocht líonra

Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an ródaire a sheiceáil. Ba cheart DHCP a shocrú do Air.

Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait do líonra a shuiteáil le seolachán IP statach, athraigh socrú na teilifíse go IP Statach.

Chun socrú na teilifíse a athrú go IP Statach, brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

Roghnaigh Socruithe líonra > Socruithe líonra > Cumraíocht líonra >IP Statach. Nuair atá IP Statach roghnaithe sa roghchlár, is féidir leat an seoladh IP agus socruithe riachtanacha eile a shocrú in Cumraíocht IP Statachsa roghchlár céanna.

**Chun rialacháin EMC a chomhlíonadh, úsáid cábla Ethernet FTP Cat. 5E díonta.

3.3

Socruithe líonra

Chun na socruithe Líonra a oscailt. . .

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK. 2 - Roghnaigh Socruithe líonra agus brúigh OK.

• Socruithe líonra amhairc

Tá gach socrú líonra reatha ar taispeáint anseo. An seoladh IP agus MAC, neart an chomhartha, luas, modh criptithe, srl.

Socruithe líonra - Cineál líonra

Athraíonn sé socrú an líonra do Sreangaithe nó Gan Sreang.

- Cumraíocht líonra

Socraíonn sé an chumraíocht líonra go DHCP nó IP Statach.

Athsheinm meán Wi-Fi

Socraigh an DMR go Air chun comhaid ilmheáin a fháil ó fhóin

10

chliste nó ó thaibléid.

• Cumraíocht IP Statach

Má tá IP Statach roghnaithe i roghchlár na Socruithe Líonra, is féidir leat gach socrú riachtanach IP statach a shocrú anseo.

• Wi-Fi Miracast

Chun tuilleadh eolais faoi Wi-Fi Miracast a fháil, brúigh

Eochairfhocail agus déan cuardach do Wi-Fi Miracast™.

• Athshocraigh an grúpa Wi-Fi Miracast

Glan an liosta gléasanna nasctha agus blocáilte atá á n-úsáid le Miracast.

• Ainm an líonra teilifíse

Má tá níos mó ná teilifís amháin i do líonra, is féidir leat na teilifíseanna a athainmniú anseo.

• Socruithe Netflix

Coigeartaigh na socruithe Netflix.

• Glan cuimhne Idirlín

Glanann tú gach comhad Idirlín atá stóráilte ar do theilifís le Glan cuimhne Idirlín. Glanann tú do chlárú do Philips Smart TV agus do shocrú rátála tuismitheoirí, do logálacha do d'fheidhmchlár siopa físeán, gach ceanán feidhmchláir Smart TV, leabharmharcanna agus stair Idirlín. Ta feidhmchláir MHEG idirghníomhacha in ann 'fianáin', mar a thugtar orthu, a shábháil ar do theilifís freisin. Glanfar na comhaid sin freisin.

11

4

Naisc

4.1

Leideanna maidir le naisc

Treoir maidir le nascacht

Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar chaighdeán maith chun a chinntiú go mbeidh aistriú maith pictiúr agus fuaimeanna ann.

Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a nascadh leis an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt ar threoir nascachta Philips TV. Tugann an treoir eolas maidir leis an gcaoi nascadh agus maidir leis na cáblaí atá le húsáid.

Téigh go dtí www.connectivityguide.philips.com

Aeróg

Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán agat, nasc cáblaí na haeróige chun comhartha na haeróige a rith tríd an mBosca bairr agus/nó an Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh sé an teilifís. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta.

HDMI

HDMI CEC

Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t- aistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.

12

EasyLink HDMI CEC

Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá EasyLink acu, is féidir leat iad a oibriú leis an gcianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink HDMI CEC a chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi EasyLink a úsáid, brúigh

Eochairfhocail agus déan cuardach do EasyLink CEC.

DVI go HDMI

Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do ghléas ach nasc DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm) isteach san AUDIO IN le haghaidh fuaime, ar chúl na teilifíse.

Cosaint ar chóipeáil

Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).

HDMI ARC

Tá HDMI ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag gach ceann de na naisc HDMI ar an teilifís.

Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le haon cheann de na naisc HDMI ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.

Is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís seo a úsáid chun an HTS a nascadh ach níl ARC ar fáil ach do 1 gléas/nasc ag aon uair amháin.

Sa chás gur fearr leat ARC a chasadh as ar na naisc HDMI, brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

Roghnaigh Socruithe Teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > HDMI ARC.

Y Pb Pr - Fuaim Clé Deas

Is nasc ar ardchaighdeán YPbPr - Físchomhartha Comhpháirteanna. Is féidir an nasc YPbPr a úsáid do chomhartha teilifíse ardghléine (HD). Chomh maith leis na comharthaí Y, Pb agus Pr, cuir isteach na comharthaí Fuaim Chlé agus Fuaim Dheas le haghaidh fuaime.

Roinneann Y an seac céanna le CVBS.

Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.

• Do theilifíseanna a bhfuil nascóirí compháirte acu amháin.

CVBS - Fuaim Clé Deas

Is nasc ar ardchaighdeán CVBS - Fís Ilchodach. Is féidir na comharthaí Fuaime Clé agus Deas a chasadh air in aice leis an gcomhartha CVBS.

Roinneann Y an seac céanna le CVBS.

Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.

• Do theilifíseanna a bhfuil nascóirí comhpháirte/ilchodacha acu amháin.

SCART

Nasc ar chaighdeán maith é SCART. Is féidir an nasc SCART a úsáid le haghaidh comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Bíonn idir comharthaí físe agus fuaime i gceist leis an nasc SCART.

Úsáid an cábla cuibheora SCART chun do ghléas a nascadh.

Fuaim Amach - Optúil

Nasc ar ardchaighdeán é Fuaim Amach - Optúil. Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar. Mura bhfuil nasc HDMI ARC ag do ghléas, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Optúil - Fuaim Amach ar an HTS. Seolann an nasc Optúil - Fuaim Amach an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.

Is féidir leat cineál an chomhartha fuaime amach a shocrú chun dul in oiriúint do chumais fuaime do Chóras Amharclainne Baile. Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Socruithe Fuaim Amach.

Mura bhfuil an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an scáileán, is féidir leat an sioncronú fuaime go físe a choigeartú.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Sionc Fuaim go Fís.

4.2

EasyLink HDMI CEC

EasyLink

Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na teilifíse le EasyLink. Úsáideann EasyLink HDMI CEC (Consumer Electronics Control) chun cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha. Ní mór do ghléasanna tacú le HDMI CEC agus a bheith nasctha le nasc HDMI.

Suiteáil EasyLink

Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go bhfuil na socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na gléasanna EasyLink atá nasctha. Tá an seans ann nach n-oibreoidh EasyLink le gléasanna ó bhrandaí eile.

HDMI CEC ar bhrandaí eile

Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet, Aquos Link, Bravia Theatre

13

Sync, Kuro Link, Simplink agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink.

Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI CEC .

Gléasanna a oibriú

Chun gléas atá nasctha le HDMI a oibriú agus é a shuiteáil le EasyLink, roghnaigh an gléas - nó a ghníomhaíocht - sa liosta nasc teilifíse. Brúigh SOURCES, roghnaigh gléas atá nasctha le nasc HDMI agus brúigh OK.

Chomh luath is a bheidh an gléas roghnaithe, is féidir le cianrialtán na teilifíse an gléas a rialú. Mar sin féin, ní chuirtear ar aghaidh chuig an ngléas na heochracha agus OPTIONS agus roinnt méaracha teilfíse eile.

Mura bhfuil an eochair atá uait ar chianrialtán na teilifíse, is féidir leat an eochair a roghnú sa roghchlár Roghanna.

Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Rialuithe ar an mbarra roghchláir. Roghnaigh an eochair gléis atá uait ar an scáileán agus brúigh OK.

Tá an seans ann nach mbeidh roinnt méaracha gléis an-sainiúil ar fáil sa roghchlár Rialtáin.

Tabhair faoi deara: Ní fhreagróidh ach gléasanna a thacaíonn leis an bhfeidhm cianrialtán Easylink do chianrialtán na teilifíse.

Socruithe EasyLink

Tagann an teilifís le gach socrú EasyLink casta air. Is féidir leat aon socrú EasyLink a chasadh as go neamhspleách.

EasyLink

Chun EasyLink a chasadh as go hiomlán . . .

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta >

EasyLink agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh As agus brúigh OK.

4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Cianrialtán EasyLink

Má theastaíonn uait go mbeidh cumarsáid idir gléasanna ach níl tú ag iarraidh iad a oibriú le cianrialtán na teilifíse, is féidir leat cianrialtán EasyLink a chasadh as leis féin.

I roghchlár socruithe EasyLink, roghnaigh Cianrialtán EasyLink agus roghnaigh As.

Nasc Pixel Plus

D'fhéadfadh a bpróiseáil chaighdeán pictiúir féin a bheith ag roinnt gléasanna, leithéidí seinnteoir DVD nó Diosca Blu-ray. Chun droch-chaighdeán pictiúir mar thoradh ar thrasnaíocht le próiseáil na teilifíse a sheachaint, ba cheart próiseáil pictiúr na ngléasanna seo a díchumasú. Tagann an teilifís le Pixel Plus link casta air agus díchumasaíonn sé próiseáil caighdeán pictiúr gléasanna Philips a nascadh leis an teilifís le gairid.

Chun Pixel Plus link a chasadh as, roghnaigh Pixel Plus link i roghchlár socruithe EasyLink agus roghnaigh As.

Uathathrú fotheideal

Má sheinneann tú DVD nó Diosca Blu-ray ar sheinnteoir diosca Philips a thacaíonn le fotheidil, is féidir leis an teilifís na fotheidil a bhogadh suas. Beidh fotheidil le feiceáil beag beann ar an bhformáid Pictiúir a roghnaíonn tú. Tagann an teilifís le hUathathrú fotheideal casta air.

Chun Uathathrú fotheideal a chasadh as, roghnaigh Uathathrú fotheideal i roghchlár socruithe EasyLink agus roghnaigh As.

Uath-chasadh as gléasanna

Is féidir leat an teilifís a shocrú chun na gléasanna atá oiriúnach le HDMI-CEC a chasadh as murab iad an fhoinse ghníomhach. Athraíonn an teilifís an gléas nasctha go fuireachas tar éis é a bheith díomhaoin ar feadh 10 nóiméad.

4.3

Comhéadan Coiteann - CAM

CI+

Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.

Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag craoltóirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann craoltóir teilifíse na cláir seo agus díscrobhann modúl CI+ réamhíoctha iad.

Cuireann craoltóirí teilifíse digití an modúl CI+ seo (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil nuair a liostálann tú lena scothchláir. Bíonn leibhéal an-ard cosaint cóipe ag na cláir sin.

Déan teagmháil le craoltóir teilifíse digití le haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi modúl CAM a nascadh, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Comhéadan Coitianta CAM.

14

CAM

Cuir isteach modúl CAM

Cas as an teilifís sula gcuirfidh tú CAM isteach.

Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus don teilifís.

Úsáid sliotán an Chomhéadain Choitianta ar an teilifís chun an cárta CAM a chur isteach.

Agus tú ag féachaint ar aghaidh an chárta, cuir isteach an CAM go réidh chomh fada is atá tú in ann.

Fág an cárta sa sliotán go buan.

D'fhéadfadh roinnt nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhófar an CAM. Díghníomhófar an tseirbhís craolta ar an teilifís má bhaintear an CAM amach.

Má tá CAM curtha isteach agus má tá na táillí liostála íoctha (tá bealaí nasctha in ann a bheith éagsúil), is féidir leat féachaint ar an gcraoladh teilifíse. Is do do theilifís féin go heisiach an CAM atá curtha isteach.

Socruithe CAM

Chun pasfhocail nó cóid UAP a shocrú don chraoladh teilifíse CAM, brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK. Roghnaigh Socruithe cainéil > Comhéadan coiteann. Roghnaigh craoltóir teilifíse CAM agus brúigh OK.

4.4

Bosca bairr - STB

Úsáid 2 cábla aeróige chun an aeróg a nascadh leis an mBosca bairr (ar glacadóir digiteach é) agus an teilifís.

Cuir isteach cábla HDMI in aice leis na naisc aeróige chun an Bosca bairr a nascadh leis an teilifís.

Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an mBosca bairr.

Cas as an t-amadóir

Cas as an t-uaineadóir uathoibríoch seo mura n-úsáideann tú ach cianrialtán an bhosca bhairr amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.

Chun an t-uaineadóir Casadh as a chasadh as, brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Cas uaineadóir as agus athraigh an barra sleamhnáin go As.

4.5

Córas Amharclainne Baile - HTS

Nasc HTS

Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile (HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir diosca ionsuite aige.

Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.

HDMI ARC

Má tá nasc HDMI ARC ag do Chóras Amharclainne Baile, is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís a úsáid chun nascadh. Ní gá an cábla fuaime breise a nascadh nuair atá HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.

Tá gach nasc HDMI ar an teilifís in ann an comhartha Cainéal Fillte Fuaime (ARC) a thairiscint. Ach nuair atá an Córas Amharclainne Baile nasctha agat, ní féidir leis an teilifís ach an comhartha ARC a sheoladh chuig an nasc HDMI seo.

Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras Amharclainne Baile, úsáid cábla fuaime optúil (Toslink) chun fuaim na teilifíse a sheoladh go dtí an Córas Amharclainne Baile.

15

Sioncronú fuaime go físe (sionc)

Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Sionc Fuaim go Fís.

Socraithe d'Fhuaim Amach

Moill ar Fhuaim Amach

Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis an teilifís, ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís agus an fhuaim ón HTS sioncronaithe.

Sioncronú uathoibríoch fuaime go físe

Bíonn an sioncronú fuaime go físe sioncronaithe go huathoibríoch leis na Córais Amharclainne Baile is nua ó Philips, agus bíonn sé i gcónaí ceart.

Moill sionc Fuaime

I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an bhfís. Ardaigh an luach moille ar an gCóras Amharclainne Baile go dtí go meaitseálann an pictiúr agus an fhuaim. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a bheith ag teastáil. Léigh treoir úsáideora an Chórais Amharclainne Baile. Beidh ort an mhoill ar Fhuaim amach ar an teilifís a chasadh as nuair atá luach moille socraithe ar an gCóras Amharclainne Baile.

Chun an mhoill ar Fhuaim amach a chasadh as . . .

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse >Fuaim > Ardsocruithe > Moill ar Fhuaim Amach.

3 - Roghnaigh As agus brúigh OK.

4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Seach-chur Fuaim Amach

Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras Amharclainne Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú chun an fhuaim a shioncronú. Is

féidir leat seach-chur a shocrú a dhéanann cúiteamh don mhéid ama atá ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim phictiúr na teilifíse a phróiseáil. Is féidir leat an luach a shocrú i gcéimeanna 5ms. Is -60ms an socrú is airde. Ba cheart an socrú Moill ar Fhuaim Amach a chasadh air.

Chun an fhuaim ar an teilifís a shioncronú. . .

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse >Fuaim > Ardsocruithe > Seach-chur Fuaim Amach.

3 - Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur fuaime a shocrú agus brúigh OK.

4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

formáid Fuaim Amach

Má tá Córas Amharclainne Baile agat a bhfuil an cumas aige fuaim ilchainéil a phróiseáil, leithéidí Dolby Digital, DTS® nó a macasamhail, athraigh an socrú don fhormáid Fuaim Amach go Ilchainéal. Ligeann an socrú Ilchainéal don teilifís an comhartha fuaime ilchainéil comhbhrúite a sheoladh ó chainéal teilifíse nó seinnteoir nasctha go dtí an Córas Amharclainne Baile. Má tá Córas Amharclainne Baile agat nach bhfuil próiseáil fuaime ilchainéil aige, roghnaigh Steiréó.

Chun an fhormáid Fuaim Amach a shocrú. . .

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > Formáid Fuaim Amach.

3 - Roghnaigh Ilchainéal nó Steiréó.

4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Leibhéaladh Fuaime Amach

Úsáid an socrú leibhéaladh Fuaime Amach chun airde fuaime (treise) na teilifíse agus an Chórais Amharclainne Baile a leibhéaladh nuair a athraíonn tú ó cheann amháin go ceann eile. Is féidir le difríochtaí i bpróiseáil fuaime a bheith in n-údar do dhifríochtaí in airde fuaime.

Chun an difríocht san airde fuaime a leibhéaladh . . .

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > Leibhéaladh Fuaime Amach.

3 - Má tá difríocht mhór san airde fuaime, roghnaigh Níos Mó. Má tá difríocht bheag san airde fuaime, roghnaigh Níos Lú.

4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Baineann leibhéaladh Fuaime Amach le comharthaí fuaime Fuaim Amach - Optúil agus HDMI ARC araon.

16

Fadhbanna le fuaim HTS

Fuaim le torann ard

Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne USB atá plugáilte isteach nó ríomhaire nasctha, d'fhéadfadh an torann ó do Chóras Amharclainne Baile a bheith díchumtha. Bíonn an torann sin ann nuair atá fuaim DTS ag an gcomhad fuaime nó físeáin ach gan próiseáil fuaime DTS a bheith ag an gCóras Amharclainne Baile. Is féidir leat caoi a chur air sin trí fhormáid Fuaim Amach na teilifíse a athrú go Stéireó.

Brúigh agus roghnaigh Suiteáil > Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > Formáid Fuaim Amach.

Níl aon fhuaim ann

Mura bhfuil tú in ann an fhuaim ó do theilifís a chloisteáil ar do Chóras Amharclainne Baile, déan seiceáil do na rudaí seo a leanas . . .

Seiceáil ar nasc tú an cábla HDMI le nasc HDMI ARC ar an gCóras Amharclainne Baile. Is naisc HDMI ARC gach nasc HDMI ar an teilifís.

Seiceáil an bhfuil an socrú HDMI ARC ar an teilifís casta Air. Brúigh agus rognaigh Suiteáil > Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > HDMI ARC.

4.6

Seinnteoir Blu-ray

Úsáid cábla HDMI ardluais chun an seinnteoir Diosca Blu-ray a nascadh leis an teilifís.

Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Blu-ray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse .

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi EasyLink,

brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do EasyLink HDMI CEC.

4.7

Seinnteoir DVD

Úsáid an HDMI cábla chun an seinnteoir DVD a nascadh leis an teilifís.

Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.

Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá EasyLink CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi EasyLink,

brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do EasyLink HDMI CEC.

4.8

Consól cluichí

HDMI

Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla HDMI ardluais chun an caighdeán is fearr a fháil

Y Pb Pr - Fuaim Clé Deas

Nasc an consól cluiche le cábla físchomhartha comhpháirteanna (Y Pb Pr) agus le cábla fuaim Deas/Clé leis an teilifís.

17

Philips 42PFH6309, 42PFT6309, 47PFH6309, 47PFT6309, 55PFH6309 User Manual

Roinneann Y an seac céanna le CVBS.

Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.

CVBS - Fuaim Clé Deas / Scart

Nasc an consól cluiche leis an teilifís le cábla ilchodach (CVBS) agus le cábla fuaime Deas/Clé leis an teilifís.

Mura bhfuil ach aschur Físeáin (CVBS) agus Fuaime Clé/Deas ag do chonsól cluiche, úsáid cuibheoir Clé/Deas go Scart Fuaime Físeáin chun nascadh leis an nasc SCART.

Tabhair faoi deara: ní chuirtear an Cuibheoir CVBS go SCART ar fáil leis an teilifís.

CVBS - Fuaim Clé Deas

Nasc an consól cluiche leis an teilifís le cábla ilchodach (CVBS) agus le cábla fuaime Deas/Clé leis an teilifís.

Roinneann Y an seac céanna le CVBS.

Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.

4.9

Diosca Crua USB

Na rudaí a bheidh ag teastáil uait

Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach (craoladh DVB nó a mhacasamhail).

Craoladh a chur ar sos

Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a laghad 32GB spás air.

Craoladh a thaifeadadh

Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, teastaíonn ar a laghad 250GB spáis ar dhiosca.

Eolaire teilifíse

Sula ndéanfaidh tú an cinneadh Diosca Crua USB a cheannach chun taifeadtaí a dhéanamh, seiceáil an féidir cainéil teilifíse digití a thaifeadadh i do thír.

Brúigh TV GUIDE ar an gcianrialtán. Má tá cnaipe Taifead ar leathanach treorach na teilifíse, is féidir leat taifeadadh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi Diosca Crua USB a shuiteáil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do

Diosca Crua USB, suiteáil.

Suiteáil

Sular féidir leat craoladh a chur ar sos nó a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Má theastaíonn uait craoladh a thaifeadadh le sonraí eolaire teilifíse ón Idirlíon, ní mór duit an nasc Idirlín a bheith suiteáilte ar do theilifís sula suiteálann tú an Diosca Crua USB. Bainfidh formáidiú gach comhad ón Diosca Crua USB.

1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.

2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.

18

3 - Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití, brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú.

Lean na treoracha ar an scáileán.

Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág nasctha go buan é.

Rabhadh:

Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Cuir teilifís ar sos nó Taifeadadh.

4.10

Méarchlár nó luch USB

Méarchlár USB

Nasc méarchlár USB (den chineál USB-HID) chun téacs a chur isteach ar do theilifís.

Is féidir leat méarchlár agus luch a nascadh leis an teilifís. Úsáid ceann de na naisc USB chun nascadh.

Suiteáil an méarchlár

Cas air an teilifís agus nasc an méarchlár USB le ceann de na naisc USB ar an teilifís chun an méarchlár USB a shuiteáil. Nuair a bhraitheann an teilifís an méarchlár den chéad uair, is féidir leat leagan amach do mhéarchláir a roghnú agus do roghna a thástáil. Má roghnaíonn tú leagan amach méarchláir Coireallach nó Gréigise ar dtús, is féidir leat leagan amach méarchláir Laidineach a roghnú mar cheann tánaisteach.

Chun socrú an leagan amach méarchláir a athrú nuair atá leagan amach roghnaithe…

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Socruithe méarchláir USB agus brúighOK.

Méaracha chun cainéil a athainmniú

Eochair iontrála = OK

Cúlspás = scrios an carachtar roimh an gcursóir

Méaracha saighde = bogadh laistigh de réimse téacs

Chun athrú idir leaganacha amach méarchláir sa chás go bhfuil leagan amach tánaisteach socraithe, brúigh na heochracha Ctrl + Shift ag an am céanna.

Méarcha d'Fheidhmchláir Smart TV agus do leathanaigh Idirlín

Iomlaoid + Táb = Ar Aghaidh agus Siar

Baile = scrollaigh go dtí barr an leathanaigh

Deireadh = scrollaigh go dtí bun an leathanaigh

Leathanach Suas = téigh leathanach amháin suas

Leathanach Síos = téigh leathanach amháin síos

+ = zúmáil isteach céim amháin

- = zúmáil amach céim amháin

* = cuir an leathanach gréasáin in oiriúint do leithead an scáileáin.

Luch USB

Nasc luch USB

Is féidir leat Luch USB (den chineál USB-HID) a nascadh chun leathanaigh a nascleanúint ar an Idirlíon.

Is féidir leat naisc a roghnú agus a chliceáil níos éasca ar leathanach Idirlín.

Nasc an luch

Cas air an teilifís agus nasc an luch USB le ceann de na naisc USBar an teilifís. Is féidir leat an luch USB a nascadh freisin le méarchlár USB nasctha.

Cliceanna lucha

Cléchliceáil = OK

Deaschliceáil = Siar

Is féidir leat an roth scrolla a úsáid chun leathanaigh a scrolláil suas agus síos.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi méarchlár a nascadh, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do méarchlár USB.

Luas luiche

Is féidir leat luas na luiche ar an scáileán a athrú.

Chun an luas a athrú. . .

19

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK. 2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh Socruithe ginearálta > Socruithe pointeora / luiche agus brúighOK.

4 - Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun an luas a ardú nó a ísliú.

5 - Brúigh OK chun an socrú a stóráil agus chun dúnadh.

6 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

4.11

Méaróg USB

Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.

Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.

Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé liosta a thaispeánann a bhfuil air.

Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go huathoibríoch, brúighSOURCE, roghnaigh USB agus brúigh OK.

Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón méaróg chuimhne USB, brúigh EXIT nó roghnaigh gníomhaíocht eile.

Chun an mhéaróg USB a dínascadh, is féidir leat an mhéaróg USB a tharraingt amach am ar bith.

Chun tuilleadh eolais faoin gcaoi féachaint ar ábhar ó mhéaróg chuimhne USB nó é a sheinnt a fháil,

brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Do ghrianghraif, físeáin agus ceol.

4.12

Ceamara grianghraif

Chun féachaint ar ghrianghraif atá stóráilte ar do cheamara grianghraf digiteach, is féidir an ceamara a nascadh go díreach leis an teilifís.

Úsáid ceann de na naisc USB ar an teilifís chun nascadh. Cas air an ceamara tar éis duit an nasc a dhéanamh.

Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go huathoibríoch, brúighSOURCE, roghnaigh USB agus brúigh OK.

Tá an seans ann go mbeidh ort do cheamara a shocrú chun an t- ábhar atá air a aistriú le PTP (Protacál Aistrithe Pictiúr). Léigh treoirleabhar úsáideora an cheamara grianghraf digiteach.

Chun tuilleadh eolais faoin gcaoi féachaint ar ghrianghraif a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Do ghrianghraif, físeáin agus ceol.

4.13

Camthaifeadán

HDMI

Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.

CVBS - Fuaim Clé Deas / Scart

Is féidir leat nasc HDMI, YPbPr nó SCART a úsáid chun do chamthaifeadán a nascadh. Mura bhfuil ach aschur Fís (CVBS) agus Fuaim Clé/Deas ag do chamthaifeadán, úsáid cuibheoir Físe Fuaime Clé/Deas go SCART chun nascadh leis an nasc SCART.

Tabhair faoi deara: ní chuirtear an Cuibheoir CVBS go Scart ar fáil leis an teilifís.

20

chun an ríomhaire a nascadh le HDMI agus cábla fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5mm) le AUDIO IN - L/R ar chúl na teilifíse.

CVBS - Fuaim Clé Deas

Úsáid cábla Clé/Deas Físe-Fuaime chun an ceamthaifeadán a nascadh leis an teilifís.

Roinneann Y an seac céanna le CVBS.

Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.

4.14

Ríomhaire

Nasc

Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire.

Le HDMI

Úsáid cábla HDMI chun an ríomhaire a nascadh leis an teilifís.

DVI go HDMI

Mar rogha air sin, is féidir leat cuibheoir DVI go HDMI a úsáid

Socruithe

An socrú is fearr don mhonatóir

Má chuirtear do ríomhaire isteach sa roghchlár Foinse (liosta nasc) mar ghléas den chineál Ríomhaire, socraítear an teilifís don socrú is fearr Ríomhaire go huathoibríoch.

Má úsáideann tú do ríomhaire chun féachaint ar scannáin nó cluichí a imirt, b'fhéidir go mbeidh uait socrú na teilifíse a athrú ar ais go dtí an socrú is fearr chun féachaint ar chláir teilifíse nó cluichíochta.

Chun an teilifís a athrú go dtí an socrú is fearr de láimh. . .

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Pictiúr > Ardsocruithe > Stíl gníomhaíochta agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh Cluiche (do chluichíocht) nó roghnaigh Ríomhaire (chun féachaint ar scannán) agus OK.

4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Ná déan dearmad an socrú Cluiche nó ríomhaire a chur ar ais go Ríomhaire nuair a éiríonn tú as imirt an chluiche.

4.15

Cluasáin

Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar an teilifís. Mionseac 3.5mm an nasc. Is féidir leat airde fuaime na gcluasán a

athrú leo féin.

Chun an airde fuaime a athrú. . .

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Airde fuaime cluasán agus brúigh OK.

3 - Brúigh (suas) nó (síos) chun an airde fuaime a athrú. 4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

21

22

5

Cas air

5.1

Air nó Fuireachas

Bí cinnte gur phlugáil tú isteach an príomhsheolán cumhachta ar chúl na teilifíse sula gcasfaidh tú air an teilifís.

Má tá an solas táscaire dearg casta as, brúigh an Luamhán stiúrtha ar chúl na teilifíse chun an teilifís a chur ar fuireachas - lasfaidh an táscaire dearg.

Nuair atá an teilifís ar fuireachas, brúigh ar an gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air.

Athraigh go dtí fuireachas

Chun an teilifís a athrú go dtí fuireachas, brúigh ar an gcianrialtán.

Cas as

Brúigh an Luamhán stiúrtha ar thaobh na láimhe deise nó ar chúl chun an teilifís a chasadh as. Tá an solas táscaire dearg casta as. Tá an teilifís nasctha leis an gcumhacht príomhlíonra i gcónaí ach ní ídíonn sé mórán fuinnimh.

Bain amach an pluga cumhachta chun an teilifís a chasadh as ar fad.

Nuair a dínascann tú an pluga cumhachta, tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cumhachta, ar an seolán cumhachta agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.

5.2

Eochracha ar an teilifís

Nuair atá an taispeáint ar-scáileán air, brúigh an Luamhán stiúrtha chun an roghchlár a fheiceáil.

Úsáid na heochracha saighde/nascleanúna chun bogadh suas, síos, ar chlé nó ar dheas.

Brúigh an Luamhán stiúrtha chun rogha nó socrú a dhearbhú.

5.3

Gile an fhocalmhairc

Is féidir leat an soilsiú focalmhairc a chasadh air nó as, nó é a choigeartú.

Chun é a choigeartú nó a chasadh as…

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Gile focalmhairc agus brúighOK.

3 - Roghnaigh Uasmhéid, Meán, Íosmhéid nó roghnaigh As chun soilsiú an fhocalmhairc a chasadh as.

4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

• Níl sé ar fáil ach do mhúnlaí áirithe teilifíse

23

6

Cianrialtán

6.1

Forbhreathnú ar na heochracha

Barr

1 - Fuireachas / Air

Chun an teilifís a chasadh Air nó ar ais go Fuireachas.

2 - Méaracha Athsheanma agus taifeadta

Brúigh , chun athsheinnt.

Cuir ar sos , chun athsheinnt a chur ar sos

Brúigh , chun athsheinnt a stopadh

Brúigh , chun atochras

Brúigh , chun mearchasadh

Brúigh , chun taifead anois

3 - Ambilight

Chun socrú Ambilight a roghnú.

4 - TV GUIDE

Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.

5 - Socruithe

Chun an roghchlár Socruithe a oscailt.

6 - Formáid pictiúir

Chun an roghchlár Formáid pictiúir a oscailt nó a dhúnadh.

7 - SOURCES

Chun an roghchlár Foinsí a oscailt nó a dhúnadh - liosta na ngléasanna nasctha.

8 - SEARCH

Chun leathanach na gcuardach Coitianta a oscailt.

Lár

1 - SMART TV

Chun leathanach tosaigh Smart TV a oscailt.

2 - Eochracha daite

Lean na treoracha ar an scáileán. Osclaíonn an eochair ghormCabhair.

3 - INFO

Chun eolas cláir a oscailt nó a dhúnadh.

4 - BACK

Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a roghnaigh tú roimhe sin. Chun roghchlár a dhúnadh gan socrú a athrú.

Chun filleadh ar an leathanach Smart TV roimhe sin.

5 - HOME

Chun an roghchlár Baile a oscailt nó a dhúnadh.

6 - EXIT

Chun athrú ar ais d'fhéachaint ar an teilifís.

7 - OPTIONS

Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.

8 - Eochair OK

Chun rogha nó socrú a dhearbhú.

9 - Eochracha saighde/ nascleanúna

Chun dul suas, síos, ar chlé nó ar dheas.

10 - MULTIVIEW

Chun scáileán beag breise a oscailt.

Bun

1 - Airde fuaime

Chun airde na fuaime a athrú.

2 - Méaracha uimhreachaagus eochaircheap téacs

Chun cainéal teilifíse a roghnú go díreach nó chun téacs a chur isteach.

24

3 - SUBTITLE

Chun fotheidil a chasadh air, as nó Uathoibríoch.

4 - LIST

Chun liosta na gcainéal a oscailt nó a dhúnadh.

5 - Cainéal

Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an ceann roimhe sin i liosta na gcainéal.

Chun an chéad leathanach eile i Téacs nó an ceann roimhe sin a oscailt, nó an chéad chaibidil eile nó an ceann roimhe sin ar dhiosca.

6 - Balbhaigh

Chun an fhuaim a chasadh as, nó chun í a chasadh air arís.

7 - TEXT

Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.

6.2

Braiteoir IR do chianrialtán nach RF é

Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin ar aghaidh na teilifíse.

6.3

Ceallraí

1 - Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léiríonn an tsaighead. 2 - Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra den chineál AAA- R03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí + agus - de na ceallraí isteach i gceart.

3 - Cuir doras na gceallraí ar ais arís agus sleamhnaigh é go dtí go gcliceálann sé.

Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid agat ar feadh tréimhse fada.

Faigh réidh le do sheancheallraí de réir na dtreoracha a thugtar maidir le deireadh úsáide.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Deireadh Úsáide.

6.4

Glanadh

Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán.

Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná glantóirí tí nó an cianrialtán.

25

7

Cainéil teilifíse

7.1

Ag breathnú ar chainéil teilifíse

Cainéil a athrú

Chun féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh . Tiúinfidh an teilfís go dtí an cainéal teilifíse ar fhéach tú go deireanach air.

Mar rogha air sin, brúigh chun an roghchlár Baile a oscailt agus roghnaigh Féach ar teilifís agus brúigh OK.

Chun cainéil a athrú, brúigh + nó -. Má tá uimhir an chainéil ar ar eolas agat, cuir isteach an uimhir leis na heochracha uimhreach. Brúigh OK tar éis duit an uimhir a chur isteach chun an cainéal a athrú.

Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte cheana féin, brúigh .

Chun athrú go cainéal ó liosta cainéal

Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh LIST chun na liostaí cainéal a oscailt.

D'fhéadfadh roinnt leathanach cainéal a bheith sa liosta cainéal. Chun féachaint ar an gcéad leathanach eile nó ar an leathanach roimhe sin, brúigh + nó -.

Chun na liostaí cainéal a dhúnadh gan an cainéal a athrú, brúighLIST arís.

Cainéil raidió

Má tá craoladh digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin raidió dhigiteacha i rith na suiteála. Athraigh go cainéal raidió díreach mar a athraíonn tú go cainéal teilifíse.

Liosta cainéal

Cainéil ceanán

Is féidir leat liosta cainéal ceanán a chruthú nach bhfuil ann ach na cainéil a bhfuil tú ag iarraidh féachaint orthu. Nuair atá an liosta cainéal Ceanán roghnaithe agat, ní fheicfidh tú ach na cainéil ceanán nuair a ghluaiseann tú trí na cainéil.

Cruthaigh do liosta cainéal ceanán

1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh LIST chun an liosta cainéal a oscailt.

2 - Roghnaigh Gach ceann chun féachaint ar gach cainéal.

3 - Roghnaigh an cainéal, agus brúigh chun é a mharcáil mar cheanán.

4 - Marcálfar an cainéal roghnaithe le .

5 - Brúigh chun críochnú. Cuirtear na cainéil le liosta na gCeanán.

Chun cainéal a bhaint ón liosta ceanán, roghnaigh an cainéal le , ansin brúigh arís chun é a dhímharcáil mar cheanán.

Athordaigh

Is féidir leat cainéil a athordú — a suíomh a athrú — i liosta na gCeanán.

1 - I liosta na gcainéal Ceanáin, roghnaigh an cainéal a bhfuil uait a shuíomh a bhogadh.

2 - Brúigh .

3 - Roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a athordú agus brúighOK. 4 - Brúigh na cnaipí Nascleanúna chun an cainéal atá pioctha agat go dtí suíomh eile agus brúighOK.

5 - Nuiar a bheidh sé sin déanta agat, brúigh EXIT chun an liosta cainéal Ceanán a fhágáil.

Is féidir leat cainéal eile a roghnú agus an rud céanna a dhéanamh.

Amhairc ar an liosta cainéal

Sna liostaí cainéil, is féidir leat gach cainéal teilifíse agus raidió atá suiteáilte a aimsiú.

In aice leis an liosta cainéal Gach cainéal, a bhfuil gach cainéal atá suiteáilte ann, is féidir leat liosta Ceanáin a shocrú suas, féachaint ar na stáisiúin Raidió atá suiteáilte nó na cainéil atá díreach curtha leis an liosta a fheiceáil i Nua.

Logónna cainéal

Is féidir leis an teilifís logónna na gcainéal a thaispeáint i roinnt tíortha. Mura bhfuil uait na logónna a bheith le feiceáil, is féidir leat iad a chasadh as.

Chun Lógónna cainéal a chasadh as . . .

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Lógónna cainéal agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh As agus brúigh OK.

4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a

26

dhúnadh.

Cainéil a athainmniú

Is féidir leat cainéil a athainmniú i liosta na gcainéal.

1 - Roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a athainmniú i gceann de na liostaí cainéal.

2 - Roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a athainmniú. 3 - Brúigh .

Is féidir leat téacs a chur isteach le méarchlár an chianrialtáin nó an méarchlár ar an scáileán a oscailt.

Leis an méarchlár ar an scáileán

Chun an méarchlár ar an scáileán a oscailt, cuir an cursóir sa réimse téacs ainm agus brúigh OK.

Chun an carachtar roimh an gcursóir a scriosadh, brúigh

Cúlspás.

Chun carachtar a chur isteach, roghnaigh an carachtar leis na heochracha saighde agus brúigh OK.

Chun carachtair i gcás uachtair a roghnú, brúigh .

Chun uimhreacha nó carachtair speisialta a roghnú, brúigh .

Nuair atá tú réidh, brúigh chun an méarchlár ar an scáileán a dhúnadh.

Chun an t-athainmniú a chríochnú, roghnaigh Déanta agus brúigh OK.

Le méarchlár an chianrialtáin*

Chun carachtar a scriosadh, cuir an cursóir díreach taobh thiar den charachtar agus brúigh .

Chun carachtar a chur isteach, brúigh an carachtar ar an méarchlár.

Nuair atá tú réidh, brúigh OK chun Déanta a roghnú. Brúigh OK arís chun an t-athainmniú a chríochnú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi an méarchlár a úsáid, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Cianrialtán, méarchlár.

* Don chianrialtán leis an méarchlár amháin

Cainéal a ghlasáil

Chun cosc a chur ar leanaí ó bheith ag féachaint ar chainéal nó ar chlár, is féidir leat cainéil a ghlasáil nó cláir a bhfuil rátáil aoise orthu a ghlasáil.

Cainéal a ghlasáil

Is féidir leat cainéal a ghlasáil chun cosc a chur ar leanaí féachaint air. Ní mór duit an Cód glais leanaí a chur isteach chun féachaint ar chainéal atá glasáilte. Ní féidir cláir a ghlasáil ó ghléasanna nasctha.

Chun cainéal a ghlasáil . . .

1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh LIST chun an Liosta cainéal a oscailt.

2 - In aon cheann de na liostaí, roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a ghlasáil.

3 - Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Glasáil cainéal. I liosta

cainéal, marcáltar cainéal glasáilte le glas .

Chun cainéal a díghlasáil, roghnaigh an cainéal atá glasáilte sa liosta cainéal. Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Díghlasáil cainéal. Beidh ort an Cód glais leanaí a chur isteach.

Rátáil tuismitheoirí

Is féidir leat rátáil aoise a úsáid chun leanaí a stopadh ó bheith ag féachaint ar chlár nach bhfuil feiliúnach dá n-aois.

Tá rátáil aoise déanta ag roinnt craoltóirí ar a gcuid clár. Nuair atá rátáil aoise cláir cothrom le nó níos airde ná an aois atá socraithe agat mar rátáil aoise do do leanbh, glasálfar an clár. Chun féachaint ar chlár atá glasáilte, ní mór duit an cód glais leanaí a chur isteach. Tá an rátáil aoise tuismitheoirí socraithe do gach cainéal.

Chun rátáil aoise a shocrú. . .

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe cainéil > Glas leanaí > Rátáil tuismitheora agus brúigh OK.

3 - Cuir isteach cód glais leanaí le 4 uimhir agus dearbhaigh. Is féidir leat rátáil aoise a shocrú anois.

4 - Socraigh an aois agus brúigh OK.

5 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Chun rátáil aoise tuismitheora a chasadh as, roghnaigh Gan aon aoismar shocrú aoise.

Iarrfaidh an teilifís ort an cód a sholáthar chun an clár a dhíghlasáil. I gcás roinnt craoltóirí / oibreoirí, ní chuireann an teilifís glas ach ar chláir a bhfuil rátáil níos airde orthu.

Chun an cód glais a shocrú nó a athrú

Chun an cód glais a shocrú nó chun an cód reatha a athrú . . .

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe cainéal > Glas leanaí > Athraigh cód agus brúigh OK.

3 - Má tá an cód socraithe cheana féin, cuir isteach an cód glais leanaí atá ann faoi láthair agus ansin cuir isteach an cód nua faoi dhó.

Tá an cód nua socraithe.

An bhfuil do chód glais leanaí dearmadtha agat?

Má tá do chód dearmadtha agat, is féidir leat an cód reatha a scoitheadh agus ceann nua a chur isteach.

1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe cainéal > Glas leanaí > Athraigh cód agus brúigh OK .

3 - Cuir isteach an cód sáraitheach 8888.

4 - Anois cuir isteach cód glais leanaí nua agus cuir isteach arís é chun é a dhearbhú.

27

Roghanna do chainéil

Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, bíonn roinnt roghanna ar fáil, ag brath ar an gcineál cainéil (analóg nó digiteach) a bhfuil tú ag féachaint air nó ar na socruithe atá athraithe agat ar an teilifís.

Oscail an roghchlár roghanna

Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh OPTIONS.

Rochtain uilíoch

Nuair atá rochtain uilíoch casta air, is féidir leat roinnt roghanna a shocrú dóibh siúd a bhfuil lagú amhairc nó éisteachta orthu. Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Rochtain uilíoch.

Roghnú físe

Tá cainéil teilifíse dhigiteacha in ann comharthaí ilfhíse (craoltaí ilfhotha) a thairiscint, uillinneacha ceamara éagsúla a thabhairt den eachtra chéanna nó cláir éagsúla a thaispeáint ar aon chainéal teilifíse amháin. Taipseánann an teilfís teachtaireacht má tá a leithéid de chainéil teilifíse ar fáil.

Fotheidil

Cas Fotheidil air nó Fotheidil as leis an rogha seo. Roghnaigh Air i rith balbhaithe chun fotheidil a thaispeáint díreach nuair atá an fhuaim balbhaithe le .

Teanga fotheideal

I gcás craolta digitigh, is féidir leat teanga fotheideal atá ar fáil a roghnú ar bhonn sealadach mura bhfuil aon cheann de na teangacha ab fhearr leat ar fáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Fotheidil.

Teangacha fuaime

I gcás craolta digitigh, is féidir leat teanga fuaime a roghnú ar bhonn sealadach mura bhfuil aon cheann de na teangacha ab fhearr leat ar fáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Teangacha fuaime.

Dual I-II

Má tá dhá theanga fuaime ag comhartha fuaime, ach níl aon tásc teanga ag teanga amháin — nó ag an dá theanga, beidh an rogha seo ar fáil.

Comhéadan coitianta

Má tá scothábhar réamhíoctha ar fáil ó CAM, is féidir leat socraithe an tsoláthróra a shocrú leis an rogha seo.

Hbb TV ar an gcainéal seo

Is féidir leat leathanaigh HbbTV ó chainéal a bhfuil HbbTV air a bhlocáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do HbbTV.

Feidhmchláir MHP

Cumasaigh nó díchumasaigh na feidhmchláir MHP.

Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do MHP.

Stádas

Roghnaigh Stádas chun féachaint ar eolas teicniúil faoin gcainéal (más analóg nó digiteach é) nó faoin ngléas nasctha a bhfuil tú ag féachaint air.

Roinn

Cuireann sé ar chumas an úsáideora a ghníomhaíocht a chur in iúl lena líonraí sóisialta (cosúil le Twitter, Facebook nó ríomhphost).

Formáid pictiúir

Má tá barraí dubha le feiceáil ag barr agus ag bun an phictiúir nó ar gach taobh de, is féidir leat an fhormáid pictiúir a choigeartú go formáid pictiúir a líonann an scáileán.

Chun an fhormáid pictiúr a athrú . . .

1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh chun an roghchlár Formáid pictiúir a oscailt.

2 - Roghnaigh formáid ón liosta agus brúigh OK.

Tá an fhormáid seo a leanas in ann a bheith ar fáil ag brath ar an bpictiúr ar an scáileán. . .

• Bunúsach

-Líon scáileán

-Cuir in oiriúint don scáileán

• Ardsocruithe

-An socrú deireanach

-Iomlaoid

-Zúmáil

-Sín

-Dúchasach

-Cealaigh

28

Loading...
+ 65 hidden pages