Nasc an Philips Smart LED TV leis an Idirlíon agus
bain triail as taithí nua teilifíse. Is féidir leat nasc
sreinge a dhéanamh le do ródaire nó is féidir leat
nascadh gan aon sreang le Wi-Fi.
Nuair atá an teilifís nasctha le do líonra baile, is féidir
le fón cliste grianghraf a thaispeáint ar an teilifís, is
féidir leat físeáin atá stóráilte ar do ríomhaire a
sheinnt nó an teilifís a rialú le do tháibléad.
Má nascann tú do theilifís leis an Idirlíon, is féidir leat
breathnú ar fhíseán ar cíos ó shiopa físeáin ar líne, an
t-eolaire teilifíse ar líne a léamh nó an clár teilifíse is
fearr leat a thaifeadadh ar Dhiosca Crua USB.
Cuireann na Feidhmchláir Smart TV leis an spraoi le
gach cineál siamsaíochta agus seirbhísí caoithiúla.
In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh
Smart TV chun tuilleadh eolais a fháil.
Físeáin ar cíos
Níl ort do theach a fhágáil chun féachaint ar fhíseán
ar cíos.
Díreach tóg amach an scannán atá uait ó do shiopa
físeáin ar líne réigiúnach.
Tosaigh Smart TV agus cuir Feidhmchlár an tsiopa
físeán ar leathanach tosaigh an Smart TV.
Oscail Feidhmchlár an tsiopa físeán, cruthaigh do
chuntas pearsanta féin, roghnaigh an scannán agus
brúigh Seinn.
Níl aon útamáil le híoslódáil, is féidir leat féachaint ar
an scannán láithreach*.
1.2
App gallery (gailearaí na
bhFeidhmchlár)
Oscail an App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) i
Smart TV chun na feidhmchláir a bhrabhsáil, ar
bailiúchán de láithreáin ghréasáin iad atá curtha in
oiriúint don teilifís.
Aimsigh an Feidhmchlár d'fhíseáin YouTube,
nuachtán náisiúnta, albam grianghraf ar líne, Twitter,
etc.
Tá Feidhmchláir ann chun físeán a fháil ar cíos ó
shiopa físeáin ar líne agus Feidhmchláir chun
breathnú ar chláir atá caillte agat.
Mura bhfuil an rud atá de dhíth ort ar fáil sa (gailearaí
na bhFeidhmchlár), bain triail as an nGréasán
Domhanda agus scimeáil an tIdirlíon ar an teilifís.
In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh
App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) chun
tuilleadh eolais a fháil.
In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh
Físeáin ar cíos chun tuilleadh eolais a fháil.
* Ag brath ar sheirbhís fís-sruthaithe an tsiopa físeán
atá i gceist.
1.4
Líonraí sóisialta
Ní gá duit éirí chun teachtaireachtaí ó do chara a
sheiceáil ar do ríomhaire.
Faigheann tú teachtaireachtaí ar an teilifís seo ó do
líonra sóisialta ar do scáileán teilifíse. Is féidir leat
freagra a sheoladh díreach. Is féidir leat an
feidhmchlár Twitter a aimsiú ar an roghchlár Baile
Feidhmchláir
In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh
App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár) chun
tuilleadh eolais a fháil.
1.5
.
An teilifís a chur ar sos agus
taifeadtaí
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat
craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh ó chainéal
teilifíse digití.
4
Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach
bíodh briseadh agat i rith cluiche. Stórálann an teilifís
an craoladh ar an Diosca Crua USB agus is féidir leat
féachaint air arís ar ball.
Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat
craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat
taifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar chlár, nó clár
atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú.
In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh
Cuir teilifís ar sos nó Taifeadadh chun tuilleadh eolais
a fháil.
1.6
EasyLink
Is féidir leat gléas nasctha, cosúil le seinnteoir Diosca
Blu-ray, a oibriú le cianrialtán na teilifíse nuair atá
EasyLink agat.
Baineann EasyLink úsáid as HDMI CEC chun
cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha.
In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus cuardaigh
EasyLink chun tuilleadh eolais a fháil.
5
2
Suiteáil
2.1
Léigh sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula núsáideann tú an teilifís.
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula
suífidh tú an teilifís.
Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht
as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh
tionóisc nó gortú mar thoradh air.
In Cabhair, téigh go Sábháilteacht agus cúram >
Sábháilteacht.
2.2
Seastán teilifíse agus
gléasadh balla
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a
ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig
leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó
www.philips.com sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach
a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le
híoslódáil.
Gléasadh balla
2.3
Leideanna maidir le láithriú
• Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go
díreach ar an scáileán.
• Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.
• Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an
teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an
scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh
do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla
atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).
Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat . . .
Úsáid scriúnna a bhfuil fad acu atá léirithe sa léaráid
chun an brac a ghléasadh go daingean.
• Don teilifís den tsraith 5300 32-orlach
VESA MIS-F 100x100, M4
• Don teilifís den tsraith 5300 40-orlach
VESA MIS-F 200x200, M4
• Don teilifís den tsraith 5300 50-orlach
VESA MIS-F 400x400,M6
Rabhadh
2.4
Cábla cumhachta
• Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER
ar chúl na teilifíse.
• Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha
isteach go daingean sa nascóir.
• Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an
bpluga cumhachta sa soicéad balla.
• Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta,
tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go
deo.
Do 32"/40"
6
Do 50"
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal
ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain
amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a
shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh
tréimhse fada.
In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus déan
cuardach do Casadh Air chun tuilleadh eolais a fháil
faoin gcaoi an teilifís a chasadh air agus as.
2.5
Cábla na haeróige
Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa
soicéad ANTENNA ar chúl na teilifíse.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a
dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte
aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir
DVB-T agus DVB-C.
2.6
Mias satailíte
Ceangail an nascóir satailíte den chineál F leis an
nasc satailíte SAT ar chúl na teilifíse.
7
3
Líonra
3.1
Líonra gan sreang
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Teastaíonn ródaire gan sreang uait chun an teilifís a
nascadh gan sreang leis an Idirlíon. Úsáid nasc
ardluais (leathanbhanda) don Idirlíon.
Gléasanna líonra
Tá an teilifís in ann nascadh le gléasanna eile i do
líonra gan sreang, cosúil le do ríomhaire nó d'fhón
cliste. Is féidir leat ríomhaire a úsáid a bhfuil Microsoft
Windows nó Apple OS X air.
Comhroinnt comhad
Is féidir leat grianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte
ar do ríomhaire a oscailt ar an teilifís seo. Úsáid leagan
úrnua de bhogearraí freastalaí meán cosúil le Philips
MediaManager*, Windows Media Player 11, Twonky™
nó a leithéid.
Céim 5 - Roghnaigh Gan Sreang agus brúigh OK.
Céim 6 - Roghnaigh Scan chun scanadh do do líonra
gan sreang. Má tá ródaire agat le WPS (Suiteáil
Cosanta Wi-Fi), is féidir leat WPS a roghnú. Déan do
rogha agus brúigh OK.
• Scan
Roghnaigh Scanadh chun scanadh do do líonra gan
sreang (do ródaire gan sreang). D'fhéadfadh an teilifís
roinnt líonraí gan sreang a aimsiú i do
chomharsanacht.
• WPS
Má tá WPS ag do ródaire, is féidir leat nascadh go
díreach don ródaire gan scanadh. Téigh go dtí an
ródaire, brúigh an cnaipe WPS agus téigh ar ais go dtí
an teilifís taobh istigh de 2 nóiméad. Ansin brúigh
Nasc chun an nasc a dhéanamh.
Má tá gléasanna i do líonra gan sreang a úsáideann
an córas criptithe slándála WEP, ní féidir leat WPS a
úsáid.
Má chaitheann tú an cód UAP don WPS a úsáid chun
nascadh, roghnaigh Scan in áit WPS.
Céim 7 - Sa liosta líonraí a aimseofar, roghnaigh do
líonra gan sreang agus brúigh OK.
Mura bhfuil do líonra sa liosta mar go bhfuil ainm an
líonra i bhfolach (chas tú as craoladh SSID an ródaire),
roghnaigh Iontráil de Láimh chun ainm an líonra a
chur isteach tú féin.
Céim 8 - Ag brath ar an gcineál ródaire atá agat, is
féidir leat d'eochair criptithe a chur isteach anois
(WEP, WPA nó WPA2). Má tá an eochair criptithe don
líonra seo curtha isteach agat cheana, is féidir leat ArAghaidh a roghnú chun an nasc a dhéanamh
láithreach.
Má thacaíonn do ródaire le WPS nó le UAP WPS,
roghnaíonn tú WPS, WPS PIN nó Caighdeánach a
roghnú. Déan do rogha agus brúigh OK.
Suiteáil na bogearraí freastalaí meán ar do ríomhaire
agus socraigh é chun do chomhaid meán a roinnt leis
an teilifís. Léigh an treoirleabhar don bhogearraí
freastalaí meán chun tuilleadh eolais a fháil. Ní mór
do na bogearraí seo a bheith ag rith ar do ríomhaire
chun do chomhaid a fheiceáil nó a sheinnt ar an
teilifís.
* Is féidir leat na bogearraí Philips MediaManager a
íoslódáil ó láithreán tacaíochta Philips
www.philips.com/support
Déan an nasc
Lean céimeanna 1 go 5.
Céim 1 - Bí cinnte go bhfuil ródaire do líonra gan
sreang casta air.
Céim 2 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh
OK.
Céim 3 - Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK.
Céim 4 - Roghnaigh Nasc agus brúigh OK.
• Caighdeánach
Roghnaigh Caighdeánach chun an eochair criptithe
(pasfhocal, pasfhrása nó eochair slándála) a chur
isteach de láimh. Is féidir leat an méarchlár ar an
gcianrialtán a úsáid chun an eochair criptithe a chur
isteach. Nuair atá an eochair curtha isteach agat,
brúigh Nasc.
• UAP WPS
Chun nasc daingnithe WPS a dhéanamh le cód UAP,
roghnaigh WPS PIN agus brúigh OK. Scríobh síos an
cód UAP 8-ndigit a thaispeánfar agus cuir isteach i
mbogearraí an ródaire ar do ríomhaire é. Téigh ar ais
go dtí an teilifís agus brúigh Nasc. Téigh go dtí
treoirleabhar an ródaire chun fáil amach cá bhfuil an
cód UAP le hiontráil i mbogearraí an ródaire.
Céim 9 - Taispeánfar teachtaireacht nuair a bheidh an
nasc déanta.
Cumraíocht líonra
Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an
ródaire a sheiceáil. Ba cheart DHCP a shocrú do Air.
8
Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait
do líonra a shuiteáil le seolachán IP Statach, athraigh
socrú na teilifíse go IP Statach.
Chun socrú na teilifíse a athrú go IP Statach, brúigh
agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK Roghnaigh
Socruithe líonra > Socruithe líonra > Cumraíocht
líonra > IP Statach. Nuair atá IP Statach roghnaithe sa
roghchlár agat, is féidir leat an seoladh IP agus
socruithe riachtanacha eile a athrú in Cumraíocht IPStatach sa roghchlár céanna.
Fadhbanna líonra
Níor aimsíodh an líonra gan sreang nó tá sé
díchumtha
• Tá oighinn micreathonnacha, fóin DECT nó
gléasanna eile Wi-Fi 802.11b/g/n i do
chomharsanacht in ann cur isteach ar an líonra gan
sreang.
• Bí cinnte go ligeann na ballaí dóiteáin i do líonra
rochtain ar nasc gan sreang na teilifíse.
• Mura n-oibreoidh an líonra gan sreang i gceart i do
theach, bain triail as an líonra sreangaithe a shuiteáil.
Ní oibríonn an tIdirlíon
• Má tá an nasc don ródaire ag obair i gceart, seiceáil
nasc an ródaire don Idirlíon.
Tá an ríomhaire agus an nasc Idirlín mall
• Féach i dtreoirleabhar úsáideora do ródaire gan
sreang chun eolas a fháil maidir le raon laistigh, ráta
aistrithe nó fachtóirí eile a bhaineann le caighdeán an
chomhartha.
• Úsáid nasc Idirlín ardluais (leathanbhanda) do do
ródaire.
3.2
Líonra sreangaithe
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Teastaíonn ródaire líonra uait chun an teilifís a
nascadh leis an Idirlíon. Úsáid ródaire a bhfuil nasc
ardluais (leathanbhanda) aige don Idirlíon.
Is féidir leat grianghraif, ceol agus físeáin atá stóráilte
ar do ríomhaire a oscailt ar an teilifís seo. Úsáid leagan
úrnua de bhogearraí freastalaí meán cosúil le Philips
MediaManager*, Windows Media Player 11, Twonky™
nó a leithéid.
Suiteáil na bogearraí freastalaí meán ar do ríomhaire
agus socraigh é chun do chomhaid meán a roinnt leis
an teilifís. Léigh an treoirleabhar don bhogearraí
freastalaí meán chun tuilleadh eolais a fháil. Ní mór
do na bogearraí seo a bheith ag rith ar do ríomhaire
chun do chomhaid a fheiceáil nó a sheinnt ar an
teilifís.
* Is féidir leat na bogearraí Philips MediaManager a
íoslódáil ó láithreán tacaíochta Philips
www.philips.com/support
In Cabhair, brúigh Eochairfhocail agus déan
cuardach do Bogearraí freastalaí meán, tacaithe chun
forbhreathnú a fháil ar na bogearraí freastalaí meán
atá tacaithe.
Nasc an ródaire
Lean céimeanna 1 go 5 chun an ródaire a nascadh
agus a shuiteáil.
1 - Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla
Ethernet**).
2 - Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air.
3 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
4 - Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK.
5 - Roghnaigh Sreangaithe agus brúigh OK.
Déanann an teilifís cuardach leanúnach don nasc
líonra. Taispeánfar teachtaireacht nuair a éireoidh leis
an nasc.
Cumraíocht líonra
Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an
ródaire a sheiceáil. Ba cheart DHCP a shocrú do Air.
Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait
do líonra a shuiteáil le seolachán IP statach, athraigh
socrú na teilifíse go IP Statach.
Chun socrú na teilifíse a athrú go IP Statach, brúigh
agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe líonra > Socruithe líonra >
Cumraíocht líonra >IP Statach. Nuair atá IP Statach
roghnaithe sa roghchlár, is féidir leat an seoladh IP
agus socruithe riachtanacha eile a shocrú in
Cumraíocht IP Statachsa roghchlár céanna.
Comhroinnt comhad
**Chun rialacháin EMC a chomhlíonadh, úsáid cábla
Ethernet FTP Cat. 5E díonta.
9
3.3
Socruithe líonra
Chun na socruithe Líonra a oscailt. . .
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe líonra agus brúigh OK.
• Socruithe líonra amhairc
Tá gach socrú líonra reatha ar taispeáint anseo. An
seoladh IP agus MAC, neart an chomhartha, luas,
modh criptithe, srl.
• Socruithe líonra
- Cineál líonra
Athraíonn sé socrú an líonra do Sreangaithe nó Gan
Sreang.
- Cumraíocht líonra
Socraíonn sé an chumraíocht líonra go DHCP nó IP
Statach.
• Athsheinm meán Wi-Fi
Socraigh an DMR go Air chun comhaid ilmheáin a
fháil ó fhóin chliste nó ó thaibléid.
• Glan cuimhne Idirlín
Glanann tú gach comhad Idirlín atá stóráilte ar do
theilifís le Glan cuimhne Idirlín. Glanann tú do chlárú
do Philips Smart TV agus do shocrú rátála
tuismitheoirí, do logálacha do d'fheidhmchlár siopa
físeán, gach ceanán feidhmchláir Smart TV,
leabharmharcanna agus stair Idirlín. Ta feidhmchláir
MHEG idirghníomhacha in ann 'fianáin', mar a thugtar
orthu, a shábháil ar do theilifís freisin. Glanfar na
comhaid sin freisin.
• Cumraíocht IP Statach
Má tá IP Statach roghnaithe i roghchlár na Socruithe
Líonra, is féidir leat gach socrú riachtanach IP statach
a shocrú anseo.
• Wi-Fi Miracast
Chun tuilleadh eolais faoi Wi-Fi Miracast a fháil,
brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do WiFi Miracast™.
• Athshocraigh an grúpa Wi-Fi Miracast
Glan an liosta gléasanna nasctha agus blocáilte atá á
n-úsáid le Miracast.
• Scáileán cliste Wi-Fi
Chun tuilleadh eolais faoi scáileán cliste Wi-Fi a fháil,
brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do
scáileán cliste Wi-Fi.
• Ainm an líonra teilifíse
Má tá níos mó ná teilifís amháin i do líonra, is féidir
leat na teilifíseanna a athainmniú anseo.
• Socruithe Netflix
Coigeartaigh na socruithe Netflix.
10
4
Naisc
4.1
Leideanna maidir le naisc
Treoir maidir le nascacht
Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde
caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar
chaighdeán maith chun a chinntiú go mbeidh aistriú
maith pictiúr agus fuaimeanna ann.
Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a
nascadh leis an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt
ar threoir nascachta Philips TV. Tugann an treoir eolas
maidir leis an gcaoi nascadh agus maidir leis na cáblaí
atá le húsáid.
Téigh go dtí www.connectivityguide.philips.com
Aeróg
Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán
agat, nasc cáblaí na haeróige chun comhartha na
haeróige a rith tríd an mBosca bairr agus/nó an
Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh sé an teilifís.
Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca
bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an
Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta.
EasyLink HDMI CEC
Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá
EasyLink acu, is féidir leat iad a oibriú leis an
gcianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink HDMI CEC a
chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi EasyLink a
úsáid, brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach
do EasyLink CEC.
DVI go HDMI
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do
ghléas ach nasc DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI
agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm)
isteach san AUDIO IN le haghaidh fuaime, ar chúl na
teilifíse.
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint
Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha
chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar
chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray.
Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach).
HDMI ARC
HDMI
HDMI CEC
Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le
nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime
araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid
cábla HDMI le haghaidh comharthaí teilifíse
Ardghléine (HD). Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an taistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla
HDMI níos faide ná 5 m.
Tá HDMI ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag gach ceann
de na naisc HDMI ar an teilifís.
Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar
gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le
haon cheann de na naisc HDMI ar an teilifís seo é. Ní
chaithfidh an cábla fuaime breise a sheolann fuaim
na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat nuair atá nasc
HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI
ARC.
Is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís seo a úsáid
chun an HTS a nascadh ach níl ARC ar fáil ach do 1
gléas/nasc ag aon uair amháin.
Sa chás gur fearr leat ARC a chasadh as ar na naisc
HDMI, brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh
OK.
Roghnaigh Socruithe Teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe
> HDMI ARC.
11
Y Pb Pr - Fuaim Clé Deas
Is nasc ar ardchaighdeán YPbPr - Físchomhartha
Comhpháirteanna. Is féidir an nasc YPbPr a úsáid do
chomhartha teilifíse ardghléine (HD). Chomh maith
leis na comharthaí Y, Pb agus Pr, cuir isteach na
comharthaí Fuaim Chlé agus Fuaim Dheas le
haghaidh fuaime.
• Roinneann Y an seac céanna le CVBS.
• Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.
• Do theilifíseanna a bhfuil nascóirí compháirte acu
amháin.
Úsáid an cábla cuibheora SCART chun do ghléas a
nascadh.
Fuaim Amach - Optúil
Nasc ar ardchaighdeán é Fuaim Amach - Optúil. Tá
an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar.
Mura bhfuil nasc HDMI ARC ag do ghléas, ar gnách
gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is féidir leat an
nasc seo a úsáid leis an nasc Optúil - Fuaim Amach ar
an HTS. Seolann an nasc Optúil - Fuaim Amach an
fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
CVBS - Fuaim Clé Deas
Is nasc ar ardchaighdeán CVBS - Fís Ilchodach. Is
féidir na comharthaí Fuaime Clé agus Deas a chasadh
air in aice leis an gcomhartha CVBS.
• Roinneann Y an seac céanna le CVBS.
• Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.
• Do theilifíseanna a bhfuil nascóirí
comhpháirte/ilchodacha acu amháin.
Is féidir leat cineál an chomhartha fuaime amach a
shocrú chun dul in oiriúint do chumais fuaime do
Chóras Amharclainne Baile.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail
agus déan cuardach do Socruithe Fuaim Amach.
Mura bhfuil an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an
scáileán, is féidir leat an sioncronú fuaime go físe a
choigeartú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail
agus déan cuardach do Sionc Fuaim go Fís.
4.2
EasyLink HDMI CEC
SCART
Nasc ar chaighdeán maith é SCART. Is féidir an nasc
SCART a úsáid le haghaidh comharthaí físe CVBS
agus RGB ach ní féidir é a úsáid le haghaidh
comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Bíonn idir
comharthaí físe agus fuaime i gceist leis an nasc
SCART.
12
EasyLink
Tá an seans ann nach mbeidh roinnt méaracha gléis
an-sainiúil ar fáil sa roghchlár Rialtáin.
Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na
teilifíse le EasyLink. Úsáideann EasyLink HDMI CEC
(Consumer Electronics Control) chun cumarsáid a
dhéanamh leis na gléasanna nasctha. Ní mór do
ghléasanna tacú le HDMI CEC agus a bheith nasctha
le nasc HDMI.
Suiteáil EasyLink
Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go
bhfuil na socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na
gléasanna EasyLink atá nasctha. Tá an seans ann
nach n-oibreoidh EasyLink le gléasanna ó bhrandaí
eile.
HDMI CEC ar bhrandaí eile
Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC
ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet,
Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink
agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go
hiomlán le EasyLink.
Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI
CEC .
Tabhair faoi deara: Ní fhreagróidh ach gléasanna a
thacaíonn leis an bhfeidhm cianrialtán Easylink do
chianrialtán na teilifíse.
Socruithe EasyLink
Tagann an teilifís le gach socrú EasyLink casta air. Is
féidir leat aon socrú EasyLink a chasadh as go
neamhspleách.
EasyLink
Chun EasyLink a chasadh as go hiomlán . . .
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe
ginearálta > EasyLink agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh As agus brúigh OK.
4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Cianrialtán EasyLink
Má theastaíonn uait go mbeidh cumarsáid idir
gléasanna ach níl tú ag iarraidh iad a oibriú le
cianrialtán na teilifíse, is féidir leat cianrialtán EasyLink
a chasadh as leis féin.
I roghchlár socruithe EasyLink, roghnaigh Cianrialtán
EasyLink agus roghnaigh As.
Gléasanna a oibriú
Chun gléas atá nasctha le HDMI a oibriú agus é a
shuiteáil le EasyLink, roghnaigh an gléas - nó a
ghníomhaíocht - sa liosta nasc teilifíse. Brúigh
SOURCES , roghnaigh gléas atá nasctha le nasc
HDMI agus brúigh OK.
Chomh luath is a bheidh an gléas roghnaithe, is féidir
le cianrialtán na teilifíse an gléas a rialú. Mar sin féin,
ní chuirtear ar aghaidh chuig an ngléas na heochracha
agus OPTIONS agus roinnt méaracha teilfíse
eile.
Mura bhfuil an eochair atá uait ar chianrialtán na
teilifíse, is féidir leat an eochair a roghnú sa roghchlár
Roghanna.
Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Rialuithe ar an
mbarra roghchláir. Roghnaigh an eochair gléis atá uait
ar an scáileán agus brúigh OK.
Nasc Pixel Plus
D'fhéadfadh a bpróiseáil chaighdeán pictiúir féin a
bheith ag roinnt gléasanna, leithéidí seinnteoir DVD
nó Diosca Blu-ray. Chun droch-chaighdeán pictiúir
mar thoradh ar thrasnaíocht le próiseáil na teilifíse a
sheachaint, ba cheart próiseáil pictiúr na ngléasanna
seo a díchumasú. Tagann an teilifís le Pixel Plus link
casta air agus díchumasaíonn sé próiseáil caighdeán
pictiúr gléasanna Philips a nascadh leis an teilifís le
gairid.
Chun Pixel Plus link a chasadh as, roghnaigh PixelPlus link i roghchlár socruithe EasyLink agus
roghnaigh As.
Uath-chasadh as gléasanna
Is féidir leat an teilifís a shocrú chun na gléasanna atá
oiriúnach le HDMI-CEC a chasadh as murab iad an
fhoinse ghníomhach. Athraíonn an teilifís an gléas
nasctha go fuireachas tar éis é a bheith díomhaoin ar
feadh 10 nóiméad.
13
4.3
Comhéadan Coiteann - CAM
CI+
teilifíse CAM, brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe cainéil > Comhéadan coiteann.
Roghnaigh craoltóir teilifíse CAM agus brúigh OK.
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag craoltóirí
teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann craoltóir
teilifíse na cláir seo agus díscrobhann modúl CI+
réamhíoctha iad.
Cuireann craoltóirí teilifíse digití an modúl CI+ seo
(Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil nuair a
liostálann tú lena scothchláir. Bíonn leibhéal an-ard
cosaint cóipe ag na cláir sin.
Déan teagmháil le craoltóir teilifíse digití le haghaidh
tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi modúl CAM a
nascadh, brúigh Eochairfhocail agus déan
cuardach do Comhéadan Coitianta CAM.
4.4
Bosca bairr - STB
Úsáid 2 cábla aeróige chun an aeróg a nascadh leis
an mBosca bairr (ar glacadóir digiteach é) agus an
teilifís.
Cuir isteach cábla HDMI in aice leis na naisc aeróige
chun an Bosca bairr a nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an mBosca bairr.
CAM
Cuir isteach modúl CAM
Cas as an teilifís sula gcuirfidh tú CAM isteach.
Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le
feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart
é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus
don teilifís.
Úsáid sliotán an Chomhéadain Choitianta ar an teilifís
chun an cárta CAM a chur isteach.
Agus tú ag féachaint ar aghaidh an chárta, cuir isteach
an CAM go réidh chomh fada is atá tú in ann.
Fág an cárta sa sliotán go buan.
D'fhéadfadh roinnt nóiméad a bheith i gceist sula
ngníomhófar an CAM. Díghníomhófar an tseirbhís
craolta ar an teilifís má bhaintear an CAM amach.
Má tá CAM curtha isteach agus má tá na táillí liostála
íoctha (tá bealaí nasctha in ann a bheith éagsúil), is
féidir leat féachaint ar an gcraoladh teilifíse. Is do do
theilifís féin go heisiach an CAM atá curtha isteach.
Cas as an t-amadóir
Cas as an t-uaineadóir uathoibríoch seo mura n-
úsáideann tú ach cianrialtán an bhosca bhairr amháin.
Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go
huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon
eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Chun an t-uaineadóir Casadh as a chasadh as, brúigh
agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta >
Cas uaineadóir as agus athraigh an barra sleamhnáingo As.
Socruithe CAM
Chun pasfhocail nó cóid UAP a shocrú don chraoladh
14
4.5
Glacadóir satailíte
• Nasc cábla na méise aeróige
leis an nglacadóir Satailíte.
Cuir isteach cábla HDMI in aice leis an nasc aeróige
chun an gléas a nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
Nasc HTS
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile
(HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips
Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir
diosca ionsuite aige.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
HDMI ARC
Má tá nasc HDMI ARC ag do Chóras Amharclainne
Baile, is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís a úsáid
chun nascadh. Ní gá an cábla fuaime breise a
nascadh nuair atá HDMI ARC ann. Tá an dá
chomhartha sa nasc HDMI ARC.
Tá gach nasc HDMI ar an teilifís in ann an comhartha
Cainéal Fillte Fuaime (ARC) a thairiscint. Ach nuair atá
an Córas Amharclainne Baile nasctha agat, ní féidir
leis an teilifís ach an comhartha ARC a sheoladh chuig
an nasc HDMI seo.
Cas as an t-amadóir
Cas as an t-uaineadóir uathoibríoch seo mura núsáideann tú ach cianrialtán an bhosca bhairr amháin.
Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go
huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon
eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Chun an t-uaineadóir Casadh as a chasadh as, brúigh
agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta >
Cas as uaineadóir agus athraigh an barra sleamhnáin
go As.
4.6
Córas Amharclainne Baile HTS
Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras
Amharclainne Baile, úsáid cábla fuaime optúil
(Toslink) chun fuaim na teilifíse a sheoladh go dtí an
Córas Amharclainne Baile.
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is
féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais
Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu
chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh Eochairfhocail
agus déan cuardach do Sionc Fuaim go Fís.
15
Socraithe d'Fhuaim Amach
formáid Fuaim Amach
Moill ar Fhuaim Amach
Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis
an teilifís, ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís
agus an fhuaim ón HTS sioncronaithe.
Sioncronú uathoibríoch fuaime go físe
Bíonn an sioncronú fuaime go físe sioncronaithe go
huathoibríoch leis na Córais Amharclainne Baile is
nua ó Philips, agus bíonn sé i gcónaí ceart.
Moill sionc Fuaime
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans
ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a
mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an
bhfís. Ardaigh an luach moille ar an gCóras
Amharclainne Baile go dtí go meaitseálann an pictiúr
agus an fhuaim. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a
bheith ag teastáil. Léigh treoir úsáideora an Chórais
Amharclainne Baile. Beidh ort an mhoill ar Fhuaim
amach ar an teilifís a chasadh as nuair atá luach
moille socraithe ar an gCóras Amharclainne Baile.
Chun an mhoill ar Fhuaim amach a chasadh as . . .
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
3 - Roghnaigh As agus brúigh OK.
4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Seach-chur Fuaim Amach
Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras
Amharclainne Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú
chun an fhuaim a shioncronú. Is féidir leat seach-chur
a shocrú a dhéanann cúiteamh don mhéid ama atá
ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim
phictiúr na teilifíse a phróiseáil. Is féidir leat an luach a
shocrú i gcéimeanna 5ms. Is -60ms an socrú is airde.
Ba cheart an socrú Moill ar Fhuaim Amach a chasadh
air.
Má tá Córas Amharclainne Baile agat a bhfuil an
cumas aige fuaim ilchainéil a phróiseáil, leithéidí
Dolby Digital, DTS® nó a macasamhail, athraigh an
socrú don fhormáid Fuaim Amach go Ilchainéal.
Ligeann an socrú Ilchainéal don teilifís an comhartha
fuaime ilchainéil comhbhrúite a sheoladh ó chainéal
teilifíse nó seinnteoir nasctha go dtí an Córas
Amharclainne Baile. Má tá Córas Amharclainne Baile
agat nach bhfuil próiseáil fuaime ilchainéil aige,
roghnaigh Steiréó.
Chun an fhormáid Fuaim Amach a shocrú. . .
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
3 - Roghnaigh Ilchainéal nó Steiréó.
4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Leibhéaladh Fuaime Amach
Úsáid an socrú leibhéaladh Fuaime Amach chun airde
fuaime (treise) na teilifíse agus an Chórais
Amharclainne Baile a leibhéaladh nuair a athraíonn tú
ó cheann amháin go ceann eile. Is féidir le difríochtaí i
bpróiseáil fuaime a bheith in n-údar do dhifríochtaí in
airde fuaime.
Chun an difríocht san airde fuaime a leibhéaladh . . .
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
3 - Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur
fuaime a shocrú agus brúigh OK.
4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Fadhbanna le fuaim HTS
Fuaim le torann ard
Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne
USB atá plugáilte isteach nó ríomhaire nasctha,
d'fhéadfadh an torann ó do Chóras Amharclainne
Baile a bheith díchumtha. Bíonn an torann sin ann
nuair atá fuaim DTS ag an gcomhad fuaime nó físeáin
ach gan próiseáil fuaime DTS a bheith ag an gCóras
Amharclainne Baile. Is féidir leat caoi a chur air sin trí
fhormáid Fuaim Amach na teilifíse a athrú go Stéireó.
Brúigh agus roghnaigh Suiteáil > Socruithe
Mura bhfuil tú in ann an fhuaim ó do theilifís a
chloisteáil ar do Chóras Amharclainne Baile, déan
seiceáil do na rudaí seo a leanas . . .
• Seiceáil ar nasc tú an cábla HDMI le nasc HDMIARC ar an gCóras Amharclainne Baile. Is naisc HDMI
ARC gach nasc HDMI ar an teilifís.
• Seiceáil an bhfuil an socrú HDMI ARC ar an teilifís
casta Air.
Brúigh agus rognaigh Suiteáil > Socruithe teilifíse
> Fuaim > Ardsocruithe > HDMI ARC.
4.7
Seinnteoir Diosca Blue-ray
Úsáid cábla HDMI ardluais chun an seinnteoir Diosca
Blu-ray a nascadh leis an teilifís.
Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá
EasyLink CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú
le cianrialtán na teilifíse.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi EasyLink,
brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach
do EasyLink HDMI CEC.
4.9
Consól cluichí
HDMI
Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla HDMI
ardluais chun an caighdeán is fearr a fháil
Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Bluray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na
teilifíse .
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi EasyLink,
brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach
do EasyLink HDMI CEC.
4.8
Seinnteoir DVD
Úsáid an HDMI cábla chun an seinnteoir DVD a
nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
Y Pb Pr - Fuaim Clé Deas
Nasc an consól cluiche le cábla físchomhartha
comhpháirteanna (Y Pb Pr) agus le cábla fuaim
Deas/Clé leis an teilifís.
• Roinneann Y an seac céanna le CVBS.
• Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.
CVBS - Fuaim Clé Deas / Scart
Nasc an consól cluiche leis an teilifís le cábla
ilchodach (CVBS) agus le cábla fuaime Deas/Clé leis
an teilifís.
Mura bhfuil ach aschur Físeáin (CVBS) agus Fuaime
Clé/Deas ag do chonsól cluiche, úsáid cuibheoir
Clé/Deas go Scart Fuaime Físeáin chun nascadh leis
an nasc SCART.
17
Tabhair faoi deara: ní chuirtear an Cuibheoir CVBS go
SCART ar fáil leis an teilifís.
Eolaire teilifíse
Sula ndéanfaidh tú an cinneadh Diosca Crua USB a
cheannach chun taifeadtaí a dhéanamh, seiceáil an
féidir cainéil teilifíse digití a thaifeadadh i do thír.
Brúigh TV GUIDE ar an gcianrialtán. Má tá cnaipe
Taifead ar leathanach treorach na teilifíse, is féidir leat
taifeadadh.
CVBS - Fuaim Clé Deas
Nasc an consól cluiche leis an teilifís le cábla
ilchodach (CVBS) agus le cábla fuaime Deas/Clé leis
an teilifís.
• Roinneann Y an seac céanna le CVBS.
• Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.
4.10
Diosca Crua USB
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh
teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don
chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach
(craoladh DVB nó a mhacasamhail).
Craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a
laghad 32GB spás air.
Craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn ar a laghad 250GB spáis ar dhiosca.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi Diosca Crua
USB a shuiteáil, brúigh Eochairfhocail agus déan
cuardach do Diosca Crua USB, suiteáil.
Suiteáil
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos nó a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Má theastaíonn uait craoladh a
thaifeadadh le sonraí eolaire teilifíse ón Idirlíon, ní
mór duit an nasc Idirlín a bheith suiteáilte ar do
theilifís sula suiteálann tú an Diosca Crua USB.
Bainfidh formáidiú gach comhad ón Diosca Crua USB.
1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc
USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt
USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3 - Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse
digití, brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht
é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a
úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus
ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua
USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a
fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an
méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh
athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá
suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le
ríomhaire.
18
Chun tuilleadh eolais a fháil, brúigh
Eochairfhocail agus déan cuardach do Cuir teilifís
ar sos nó Taifeadadh.
4.11
Méarchlár nó luch USB
• Leathanach Síos = téigh leathanach amháin síos
• + = zúmáil isteach céim amháin
• - = zúmáil amach céim amháin
• * = cuir an leathanach gréasáin in oiriúint do
leithead an scáileáin.
Luch USB
Méarchlár USB
Nasc méarchlár USB (den chineál USB-HID) chun
téacs a chur isteach ar do theilifís.
Is féidir leat méarchlár agus luch a nascadh leis an
teilifís.
Úsáid ceann de na naisc USB chun nascadh.
Suiteáil an méarchlár
Cas air an teilifís agus nasc an méarchlár USB le
ceann de na naisc USB ar an teilifís chun an méarchlár
USB a shuiteáil. Nuair a bhraitheann an teilifís an
méarchlár den chéad uair, is féidir leat leagan amach
do mhéarchláir a roghnú agus do roghna a thástáil.
Má roghnaíonn tú leagan amach méarchláir
Coireallach nó Gréigise ar dtús, is féidir leat leagan
amach méarchláir Laidineach a roghnú mar cheann
tánaisteach.
Chun socrú an leagan amach méarchláir a athrú nuair
atá leagan amach roghnaithe…
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe
ginearálta > Socruithe méarchláir USB agus brúigh
OK.
Méaracha chun cainéil a athainmniú
• Eochair iontrála = OK
• Cúlspás = scrios an carachtar roimh an gcursóir
• Méaracha saighde = bogadh laistigh de réimse téacs
• Chun athrú idir leaganacha amach méarchláir sa
chás go bhfuil leagan amach tánaisteach socraithe,
brúigh na heochracha Ctrl + Shift ag an am céanna.
Méarcha d'Fheidhmchláir Smart TV agus do
leathanaigh Idirlín
• Iomlaoid + Táb = Ar Aghaidh agus Siar
• Baile = scrollaigh go dtí barr an leathanaigh
• Deireadh = scrollaigh go dtí bun an leathanaigh
• Leathanach Suas = téigh leathanach amháin suas
Nasc luch USB
Is féidir leat Luch USB (den chineál USB-HID) a
nascadh chun leathanaigh a nascleanúint ar an
Idirlíon.
Is féidir leat naisc a roghnú agus a chliceáil níos éasca
ar leathanach Idirlín.
Nasc an luch
Cas air an teilifís agus nasc an luch USB le ceann de
na naisc USBar an teilifís. Is féidir leat an luch USB a
nascadh freisin le méarchlár USB nasctha.
Cliceanna lucha
• Cléchliceáil = OK
Is féidir leat an roth scrolla a úsáid chun leathanaigh a
scrolláil suas agus síos.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi méarchlár a
nascadh, brúigh Eochairfhocail agus déan
cuardach do méarchlár USB.
Luas luiche
Is féidir leat luas na luiche ar an scáileán a athrú.
Chun an luas a athrú. . .
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Socruithe ginearálta > Socruithe
pointeora / luiche agus brúigh OK.
4 - Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
an luas a ardú nó a ísliú.
5 - Brúigh OK chun an socrú a stóráil agus chun
dúnadh.
6 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
19
4.12
Méaróg USB
ghrianghraif a fháil, brúigh Eochairfhocail agus
déan cuardach do Do ghrianghraif, físeáin agusceol.
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.
Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na
naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé
liosta a thaispeánann a bhfuil air.
Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go
huathoibríoch, brúigh SOURCES , roghnaigh USB
agus brúigh OK.
Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón méaróg
chuimhne USB, brúigh EXIT nó roghnaigh
gníomhaíocht eile.
Chun an mhéaróg USB a dínascadh, is féidir leat an
mhéaróg USB a tharraingt amach am ar bith.
Chun tuilleadh eolais faoin gcaoi féachaint ar ábhar ó
mhéaróg chuimhne USB nó é a sheinnt a fháil,
brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach do
Do ghrianghraif, físeáin agus ceol.
Ultra HD ar USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif i dtaifeach Ultra
HD ó ghléas nasctha USB nó ó mhéaróg chuimhne.
Laghdóidh an teilifís an mhéid go Ultra HD má tá
taifeach an ghrianghraif níos airde. Ní féidir leat físeán
Ultra HD dúchasach a sheinnt ar aon cheann de na
naisc USB.
4.14
Camthaifeadán
HDMI
Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI
chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.
4.13
Ceamara grianghraif
Chun féachaint ar ghrianghraif atá stóráilte ar do
cheamara grianghraf digiteach, is féidir an ceamara a
nascadh go díreach leis an teilifís.
Úsáid ceann de na naisc USB ar an teilifís chun
nascadh. Cas air an ceamara tar éis duit an nasc a
dhéanamh.
Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go
huathoibríoch, brúigh SOURCES , roghnaigh USB
agus brúigh OK.
Tá an seans ann go mbeidh ort do cheamara a shocrú
chun an t-ábhar atá air a aistriú le PTP (Protacál
Aistrithe Pictiúr). Léigh treoirleabhar úsáideora an
cheamara grianghraf digiteach.
CVBS - Fuaim Clé Deas / Scart
Is féidir leat nasc HDMI, YPbPr nó SCART a úsáid
chun do chamthaifeadán a nascadh. Mura bhfuil ach
aschur Fís (CVBS) agus Fuaim Clé/Deas ag do
chamthaifeadán, úsáid cuibheoir Físe Fuaime
Clé/Deas go SCART chun nascadh leis an nasc
SCART.
Tabhair faoi deara: ní chuirtear an Cuibheoir CVBS
go Scart ar fáil leis an teilifís.
Chun tuilleadh eolais faoin gcaoi féachaint ar
20
CVBS - Fuaim Clé Deas
IN - L/R ar chúl na teilifíse.
Úsáid cábla Clé/Deas Físe-Fuaime chun an
ceamthaifeadán a nascadh leis an teilifís.
• Roinneann Y an seac céanna le CVBS.
• Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.
4.15
Ríomhaire
Nasc
Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís
agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire.
Socruithe
An socrú is fearr don mhonatóir
Má chuirtear do ríomhaire isteach sa roghchlár Foinse
(liosta nasc) mar ghléas den chineál Ríomhaire,
socraítear an teilifís don socrú is fearr Ríomhaire go
huathoibríoch.
Má úsáideann tú do ríomhaire chun féachaint ar
scannáin nó cluichí a imirt, b'fhéidir go mbeidh uait
socrú na teilifíse a athrú ar ais go dtí an socrú is fearr
chun féachaint ar chláir teilifíse nó cluichíochta.
Chun an teilifís a athrú go dtí an socrú is fearr de
láimh. . .
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe
teilifíse > Pictiúr > Ardsocruithe > Stíl
gníomhaíochta agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Cluiche (do chluichíocht) nó
roghnaigh Ríomhaire (chun féachaint ar scannán)
agus OK.
4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Le HDMI
Úsáid cábla HDMI chun an ríomhaire a nascadh leis
an teilifís.
DVI go HDMI
Mar rogha air sin, is féidir leat cuibheoir DVI go HDMI
a úsáid chun an ríomhaire a nascadh le HDMI agus
cábla fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5mm) le AUDIO
Ná déan dearmad an socrú Cluiche nó ríomhaire a
chur ar ais go Ríomhaire nuair a éiríonn tú as imirt an
chluiche.
4.16
Cluasáin
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar an
teilifís. Mion-seac 3.5mm an nasc. Is féidir leat airde
fuaime na gcluasán a athrú leo féin.
Chun an airde fuaime a athrú. . .
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Airde
fuaime cluasán agus brúigh OK.
21
3 - Brúigh (suas) nó (síos) chun an airde
fuaime a athrú.
4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
22
5
Cas air
5.1
Air nó Fuireachas
• Brúigh an Luamhán stiúrtha chun rogha nó socrú a
dhearbhú.
Bí cinnte gur phlugáil tú isteach an príomhsheolán
cumhachta ar chúl na teilifíse sula gcasfaidh tú air an
teilifís.
Má tá an solas táscaire dearg casta as, brúigh an
Luamhán stiúrtha ar chúl na teilifíse chun an teilifís a
chur ar fuireachas - lasfaidh an táscaire dearg.
Nuair atá an teilifís ar fuireachas, brúigh ar an
gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air.
Athraigh go dtí fuireachas
Chun an teilifís a athrú go dtí fuireachas, brúigh ar
an gcianrialtán.
Cas as
Brúigh an Luamhán stiúrtha ar thaobh na láimhe
deise nó ar chúl chun an teilifís a chasadh as. Tá an
solas táscaire dearg casta as. Tá an teilifís nasctha leis
an gcumhacht príomhlíonra i gcónaí ach ní ídíonn sé
mórán fuinnimh.
Bain amach an pluga cumhachta chun an teilifís a
chasadh as ar fad.
Nuair a dínascann tú an pluga cumhachta, tarraing an
pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán. Bí
cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga
cumhachta, ar an seolán cumhachta agus ar an
soicéad asraoin i gcónaí.
5.2
Eochracha ar an teilifís
Nuair atá an taispeáint ar-scáileán air, brúigh an
Luamhán stiúrtha chun an roghchlár a fheiceáil.
• Úsáid na heochracha saighde/nascleanúna chun
bogadh suas, síos, ar chlé nó ar dheas.
23
6
Cianrialtán
6.1
Forbhreathnú ar na
heochracha
Barr
1 - Fuireachas / Air
Chun an teilifís a chasadh Air nó ar ais go Fuireachas.
2 - Méaracha Athsheanma agus taifeadta
• Brúigh , chun athsheinnt.
• Cuir ar sos , chun athsheinnt a chur ar sos
• Brúigh , chun athsheinnt a stopadh
• Brúigh , chun atochras
• Brúigh , chun mearchasadh
• Brúigh , chun taifead anois
3 - Socruithe
Chun an roghchlár Socruithe a oscailt.
4 - TV GUIDE
Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.
5 - SEARCH
Chun leathanach na gcuardach Coitianta a oscailt.
6 - Formáid pictiúir
Chun an roghchlár Formáid pictiúir a oscailt nó a
dhúnadh.
7 Chun an roghchlár Foinsí a oscailt nó a dhúnadh liosta na ngléasanna nasctha.
SOURCES
1 - SMART TV
Chun leathanach tosaigh Smart TV a oscailt.
2 - Eochracha daite
Lean na treoracha ar an scáileán. Osclaíonn an
eochair ghorm Cabhair.
3 - INFO
Chun eolas cláir a oscailt nó a dhúnadh.
4 - BACK
Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a roghnaigh tú
roimhe sin.
Chun roghchlár a dhúnadh gan socrú a athrú.
Chun filleadh ar an leathanach Smart TV roimhe sin.
5 - HOME
Chun an roghchlár Baile a oscailt nó a dhúnadh.
6 - EXIT
Chun athrú ar ais d'fhéachaint ar an teilifís.
7 - OPTIONS
Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.
8 - Eochair OK
Chun rogha nó socrú a dhearbhú.
9 - Eochracha saighde/ nascleanúna
Chun dul suas, síos, ar chlé nó ar dheas.
10 - MULTIVIEW
Chun scáileán beag breise a oscailt.
Bun
8 - LIST
Chun liosta na gcainéal a oscailt nó a dhúnadh.
Lár
1 -
Chun airde na fuaime a athrú.
2 - Méaracha uimhreachaagus eochaircheap téacs
Chun cainéal teilifíse a roghnú go díreach nó chun
téacs a chur isteach.
3 - SUBTITLE
24
Airde fuaime
Chun fotheidil a chasadh air, as nó Uathoibríoch.
4 -
Chun an fhuaim a chasadh as, nó chun í a chasadh air
arís.
Balbhaigh
Chun tuilleadh eolais a fháil,
brúigh Eochairfhocail agus déan cuardach
do Deireadh Úsáide.
5 - Cainéal
Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an ceann
roimhe sin i liosta na gcainéal.
Chun an chéad leathanach eile i Téacs nó an ceann
roimhe sin a oscailt, nó an chéad chaibidil eile nó an
ceann roimhe sin ar dhiosca.
6 - TEXT
Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.
6.2
Braiteoir IR
Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó
chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun
orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de
chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an
cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin
ar aghaidh na teilifíse.
6.4
Glanadh
Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán.
Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais.
Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná
glantóirí tí nó an cianrialtán.
6.3
Ceallraí
1 - Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léiríonn
an tsaighead.
2 - Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra den
chineál AAA-R03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí +
agus - de na ceallraí isteach i gceart.
3 - Cuir doras na gceallraí ar ais arís agus
sleamhnaigh é go dtí go gcliceálann sé.
Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid
agat ar feadh tréimhse fada.
Faigh réidh le do sheancheallraí de réir na dtreoracha
a thugtar maidir le deireadh úsáide.
25
7
Liosta cainéal
Cainéil teilifíse
7.1
Ag breathnú ar chainéil
teilifíse
Cainéil a athrú
Chun féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh . Tiúinfidh
an teilfís go dtí an cainéal teilifíse ar fhéach tú go
deireanach air.
Mar rogha air sin, brúigh chun an roghchlár Baile a
oscailt agus roghnaigh Féach ar teilifís agus brúigh
OK.
Cainéil ceanán
Is féidir leat liosta cainéal ceanán a chruthú nach
bhfuil ann ach na cainéil a bhfuil tú ag iarraidh
féachaint orthu. Nuair atá an liosta cainéal Ceanán
roghnaithe agat, ní fheicfidh tú ach na cainéil ceanán
nuair a ghluaiseann tú trí na cainéil.
Cruthaigh do liosta cainéal ceanán
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an liosta cainéal a oscailt.
2 - Roghnaigh Gach ceann chun féachaint ar gach
cainéal.
3 - Roghnaigh an cainéal, agus brúigh chun é a
mharcáil mar cheanán.
4 - Marcálfar an cainéal roghnaithe le .
5 - Brúigh chun críochnú. Cuirtear na cainéil le
liosta na gCeanán.
Chun cainéal a bhaint ón liosta ceanán, roghnaigh an
cainéal le , ansin brúigh arís chun é a
dhímharcáil mar cheanán.
Athordaigh
Chun cainéil a athrú, brúigh + nó -. Má tá uimhir
an chainéil ar ar eolas agat, cuir isteach an uimhir leis
na heochracha uimhreach. Brúigh OK tar éis duit an
uimhir a chur isteach chun an cainéal a athrú.
Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte
cheana féin, brúigh .
Chun athrú go cainéal ó liosta cainéal
Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun na liostaí cainéal a oscailt.
D'fhéadfadh roinnt leathanach cainéal a bheith sa
liosta cainéal. Chun féachaint ar an gcéad leathanach
eile nó ar an leathanach roimhe sin, brúigh +
nó - .
Chun na liostaí cainéal a dhúnadh gan an cainéal a
athrú, brúigh LIST arís.
Is féidir leat cainéil a athordú — a suíomh a athrú — i
liosta na gCeanán.
1 - I liosta na gcainéal Ceanáin, roghnaigh an cainéal
a bhfuil uait a shuíomh a bhogadh.
2 - Brúigh .
3 - Roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a athordú
agus brúighOK.
4 - Brúigh na cnaipí Nascleanúna chun an cainéal
atá pioctha agat go dtí suíomh eile agus brúighOK.
5 - Nuiar a bheidh sé sin déanta agat,
brúigh EXIT chun an liosta cainéal Ceanán a
fhágáil.
Is féidir leat cainéal eile a roghnú agus an rud céanna
a dhéanamh.
Amhairc ar an liosta cainéal
Sna liostaí cainéil, is féidir leat gach cainéal teilifíse
agus raidió atá suiteáilte a aimsiú.
In aice leis an liosta cainéal Gach cainéal, a bhfuil
gach cainéal atá suiteáilte ann, is féidir leat liosta
Ceanáin a shocrú suas, féachaint ar na stáisiúin
Raidió atá suiteáilte nó na cainéil atá díreach curthaleis an liosta a fheiceáil i Nua.
Logónna cainéal
Cainéil raidió
Má tá craoladh digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin
raidió dhigiteacha i rith na suiteála. Athraigh go
cainéal raidió díreach mar a athraíonn tú go cainéal
teilifíse.
Is féidir leis an teilifís logónna na gcainéal a
thaispeáint i roinnt tíortha. Mura bhfuil uait na
logónna a bheith le feiceáil, is féidir leat iad a chasadh
as.
Chun Lógónna cainéal a chasadh as . . .
26
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe
ginearálta > Lógónna cainéal agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh As agus brúigh OK.
4 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Chun cainéal a ghlasáil . . .
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an Liosta cainéal a oscailt.
2 - In aon cheann de na liostaí, roghnaigh an cainéal
a bhfuil uait é a ghlasáil.
3 - Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Glasáilcainéal. I liosta cainéal, marcáltar cainéal glasáilte le
glas .
Cainéil a athainmniú
Is féidir leat cainéil a athainmniú i liosta na gcainéal.
1 - Roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a athainmniú
i gceann de na liostaí cainéal.
2 - Roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a
athainmniú.
3 - Brúigh .
Is féidir leat téacs a chur isteach le méarchlár an
chianrialtáin nó an méarchlár ar an scáileán a oscailt.
Leis an méarchlár ar an scáileán
• Chun an méarchlár ar an scáileán a oscailt, cuir an
cursóir sa réimse téacs ainm agus brúigh OK.
• Chun an carachtar roimh an gcursóir a scriosadh,
brúigh Cúlspás .
• Chun carachtar a chur isteach, roghnaigh an
carachtar leis na heochracha saighde agus brúigh OK.
• Chun carachtair i gcás uachtair a roghnú, brúigh .
• Chun uimhreacha nó carachtair speisialta a roghnú,
brúigh .
• Nuair atá tú réidh, brúigh chun an méarchlár ar an
scáileán a dhúnadh.
• Chun an t-athainmniú a chríochnú, roghnaigh
Déanta agus brúigh OK.
Le méarchlár an chianrialtáin*
• Chun carachtar a scriosadh, cuir an cursóir díreach
taobh thiar den charachtar agus brúigh .
• Chun carachtar a chur isteach, brúigh an carachtar ar
an méarchlár.
• Nuair atá tú réidh, brúigh OK chun Déanta a roghnú.
Brúigh OK arís chun an t-athainmniú a chríochnú.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi an méarchlár
a úsáid, brúigh Eochairfhocail agus déan
cuardach do Cianrialtán, méarchlár.
* Don chianrialtán leis an méarchlár amháin
Chun cainéal a díghlasáil, roghnaigh an cainéal atá
glasáilte sa liosta cainéal. Brúigh OPTIONS agus
roghnaigh Díghlasáil cainéal. Beidh ort an Cód glais
leanaí a chur isteach.
Rátáil tuismitheoirí
Is féidir leat rátáil aoise a úsáid chun leanaí a stopadh
ó bheith ag féachaint ar chlár nach bhfuil feiliúnach
dá n-aois.
Tá rátáil aoise déanta ag roinnt craoltóirí ar a gcuid
clár. Nuair atá rátáil aoise cláir cothrom le nó níos
airde ná an aois atá socraithe agat mar rátáil aoise do
do leanbh, glasálfar an clár.
Chun féachaint ar chlár atá glasáilte, ní mór duit an
cód glais leanaí a chur isteach. Tá an rátáil aoise
tuismitheoirí socraithe do gach cainéal.
Chun rátáil aoise a shocrú. . .
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe cainéil > Glas leanaí > Rátáil
tuismitheora agus brúigh OK.
3 - Cuir isteach cód glais leanaí le 4 uimhir agus
dearbhaigh. Is féidir leat rátáil aoise a shocrú anois.
4 - Socraigh an aois agus brúigh OK.
5 - Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Chun rátáil aoise tuismitheora a chasadh as,
roghnaigh Gan aon aoismar shocrú aoise.
Iarrfaidh an teilifís ort an cód a sholáthar chun an clár
a dhíghlasáil. I gcás roinnt craoltóirí / oibreoirí, ní
chuireann an teilifís glas ach ar chláir a bhfuil rátáil
níos airde orthu.
Chun an cód glais a shocrú nó a athrú
Chun an cód glais a shocrú nó chun an cód reatha a
athrú . . .
Cainéal a ghlasáil
Chun cosc a chur ar leanaí ó bheith ag féachaint ar
chainéal nó ar chlár, is féidir leat cainéil a ghlasáil nó
cláir a bhfuil rátáil aoise orthu a ghlasáil.
Cainéal a ghlasáil
Is féidir leat cainéal a ghlasáil chun cosc a chur ar
leanaí féachaint air. Ní mór duit an Cód glais leanaí a
chur isteach chun féachaint ar chainéal atá glasáilte.
Ní féidir cláir a ghlasáil ó ghléasanna nasctha.
1 - Brúigh agus roghnaigh Suiteáil agus
brúigh OK.
2 - Roghnaigh Socruithe cainéal > Glas leanaí >
Athraigh cód agus brúigh OK.
3 - Má tá an cód socraithe cheana féin, cuir isteach
an cód glais leanaí atá ann faoi láthair agus ansin cuir
isteach an cód nua faoi dhó.
Tá an cód nua socraithe.
An bhfuil do chód glais leanaí dearmadtha agat?
Má tá do chód dearmadtha agat, is féidir leat an cód
27
Loading...
+ 60 hidden pages
You need points to download manuals.
1 point = 1 manual.
You can buy points or you can get point for every manual you upload.