Philips 32PFH5501, 40PFH5501, 49PFH5501 User Manual [gd]

Register your product and get support at

5501 series

www.philips.com/welcome

Lámhleabhar

32PFH5501

40PFH5501

49PFH5501

Ábhar

1 Céard atá nua?

4

 

1.1 Roghchlár uileghabhálach foinse

4

1.2

Sár-Roghanna

4

 

1.3

Brabhsálaí meán

5

 

2 Suiteáil

6

 

 

 

2.1 Léigh Sábháilteacht

6

 

 

2.2

Seastán Teilifíse agus Gléasadh Balla

6

2.3

Leideanna maidir le Láithriú

6

 

2.4

Cábla Cumhachta

6

 

 

2.5

Cábla na hAeróige

7

 

 

3 Cianrialtán

8

 

 

3.1 Forbhreathnú ar na hEochracha

8

3.2

Cuardach Gutha

9

 

3.3

Braiteoir IR

10

 

 

3.4

Ceallraí

10

 

 

3.5

Glanadh

10

 

 

4 Ag Casadh Air agus As

11

 

 

4.1 Air nó ar Fuireachas

11

 

 

 

4.2 Méaracha teilifíse

11

 

 

 

5

Cainéil

12

 

 

 

 

 

 

5.1

Suiteáil Aeróige/Cábla

 

12

 

 

5.2 Cóipeáil Liosta Cainéal

 

14

 

 

5.3

Maidir le Cainéil

 

15

 

 

 

 

6 Nasc Gléasanna

 

22

 

 

6.1

Maidir le Naisc

 

22

 

 

 

 

6.2 Poirt HDMI

22

 

 

 

 

 

6.3 Y Pb Pr - Comhpháirt

23

 

 

6.4 SCART

24

 

 

 

 

 

 

6.5 Fuaim Amach - Optúil

 

24

 

 

6.6 CAM le Cárta Cliste - CI+

24

 

 

6.7 Glacadóir - Bosca Bairr

 

25

 

 

6.8 Córas Amharclainne Baile - HTS

25

 

6.9 Fóin Chliste agus Táibléid

26

 

 

6.10 Seinnteoir Diosca Blu-ray

26

 

 

6.11 Seinnteoir DVD

 

27

 

 

 

 

6.12 Bluetooth - Callairí agus Ceapa Stiúrtha

27

6.13 Cluasáin

28

 

 

 

 

 

 

6.14 Consól Cluiche

 

28

 

 

 

 

6.15 Ceap Stiúrtha

 

29

 

 

 

 

6.16 Diosca Crua USB

29

 

 

 

6.17 Méarchlár, nasc

 

30

 

 

 

 

6.18 Méaróg Chuimhne USB

31

 

 

6.19 Ceamara grianghraif

31

 

 

6.20 Camthaifeadán

 

31

 

 

 

 

6.21 Ríomhaire

31

 

 

 

 

 

7 Nasc do Android TV

 

33

 

 

7.1

Líonra agus Idirlíon

33

 

 

 

7.2 Cuntas Google

 

35

 

 

 

 

7.3 Gailearaí na bhFeidhmchlár Philips

36

 

7.4 Socruithe Android

37

 

 

 

7.5 Roghchlár Baile

 

37

 

 

 

 

8 Feidhmchláir

 

39

 

 

 

 

8.1 Maidir le Feidhmchláir

 

39

 

 

8.2 Google Play

39

 

 

 

 

 

8.3 Feidhmchlár a Thosú nó a Stopadh

40

 

8.4 Glasáil Feidhmchláir

40

 

 

8.5 Bainistigh Feidhmchláir

 

42

 

 

8.6 Stóráil

42

 

 

 

 

 

 

9

Idirlíon

43

 

 

 

 

 

 

9.1 Tosaigh an tIdirlíon

43

9.2 Roghanna ar an Idirlíon

43

10

Roghchlár na teilifíse

 

44

10.1

Maidir le Roghchlár na teilifíse

44

10.2

Oscail Roghchlár na teilifíse

44

11 Naisc, Liosta

45

 

 

11.1

Athraigh go gléas

45

 

 

11.2

Roghanna d'ionchur teilifíse

45

11.3 Ainm agus Cineál Gléis

45

 

11.4 Ríomhaire

 

45

 

 

 

12 Socruithe

 

47

 

 

 

12.1

Socruithe Minice

47

 

 

12.2

Pictiúr

47

 

 

 

 

12.3 Fuaim

51

 

 

 

 

12.4 Éicea-Socruithe

53

 

 

12.5

Socruithe Ginearálta

54

 

 

12.6 Clog, Réigiún agus Teanga

 

56

12.7

Rochtain Uilíoch

59

 

 

12.8 Glas Leanaí

60

 

 

 

13 Meáin

61

 

 

 

 

13.1 Ó Nasc USB

61

 

 

 

13.2 Ó Ríomhaire nó NAS

61

 

13.3 Ó Sheirbhís Stórála sa Néal

 

61

13.4 Roghchlár Ceanán, Is mó Éilimh, a Seinneadh go

deireanach 61

 

 

 

13.5 Seinn do chuid Físeán

62

 

13.6 Féach ar do chuid Grianghraif

62

13.7 Seinn do Cheol

62

 

 

14

Eolaire Teilifíse

64

 

14.1

A bhfuil de dhíth ort

64

 

14.2

Sonraí Eolaire Teilifíse

 

64

14.3

An Eolaire Teilifíse a Úsáid

64

15 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos

66

15.1 Taifeadadh

66

 

15.2 Cuir teilifís ar sos

67

16 Fóin Chliste agus Táibléid

69

16.1 Philips TV Remote App

69

 

16.2

Google Cast

69

 

 

16.3

AirPlay

69

 

 

 

16.4

MHL

69

 

 

 

17 Cluichí

70

 

 

 

17.1

A bhfuil de dhíth ort

70

 

17.2

Cluiche a Imirt

70

 

 

18 Sár-Roghanna

 

71

 

18.1 Maidir le Sár-Roghanna

71

18.2

Ar Theilifís Anois

 

71

 

18.3

Teilifís ar Éileamh

 

71

 

18.4 Físeáin ar Éileamh

 

71

 

19

Netflix

73

 

 

 

20 Ilamharc

74

 

 

 

20.1

Téacs agus Teilifís

 

74

 

20.2 HDMI agus teilifís

 

74

 

20.3 Nettv agus Teilifís

 

74

 

20.4 Nettv agus HDMI

 

74

 

21 Bogearaí

75

 

 

 

2

21.1 Nuashonrú Bogearraí

75

 

21.2

Leagan Bogearraí

75

 

 

21.3

Bogearraí Foinse Oscailte

 

75

21.4

Ceadúnas Foinse Oscailte

76

21.5

Fógraí

103

 

 

 

22 Sonraíochtaí

104

 

 

22.1Comhshaol 104

22.2Cumhacht 104

22.3

Córas Oibriúcháin

105

22.4

Glacacht

105

 

22.5

Cineál Taispeána

105

22.6 Taifeach taispeána:

105

22.7 Toisí agus Meáchain

105

22.8Nascacht 105

22.9Fuaim 105

22.10 Ilmheáin

106

23 Cúnamh agus Tacaíocht

107

23.1

Cláraigh do theilifís

107

 

23.2

Cabhair a Úsáid

 

107

 

23.3

Fadhbanna

107

 

 

23.4

Cabhair Ar Líne

 

109

 

23.5

Tacaíocht agus Athdheisiú

109

24

Sábháilteacht agus Cúram

111

24.1

Sábháilteacht

111

 

 

24.2 Cúram Scáileáin

 

112

 

 

25

Téarmaí Úsáide

113

 

 

25.1

Téarmaí Úsáide - Teilifís

113

 

25.2 Téarmaí Úsáide - Gailearaí na bhFeidhmchlár Philips 113

26 Cóipchearta

114

26.1MHL 114

26.2HDMI 114

26.3 Dolby Digital Plus

114

26.4

DTS 2.0+Digital Amach™

114

26.5

Microsoft

114

 

 

26.6 Wi-Fi Alliance

114

 

 

26.7 Kensington

114

 

 

26.8

Trádmharcanna Eile

 

115

27 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí arna dtairiscint ag tríú páirtithe

116

Innéacs 117

3

Philips 32PFH5501, 40PFH5501, 49PFH5501 User Manual

1

Céard atá nua?

1.1

Roghchlár uileghabhálach

foinse

Maidir leis an Roghchlár

uileghabhálach foinse

An chéad uair a bhrúnn tú SOURCES, taispeánfar treoracha faoin gcaoi do roghchlár foinse a réiteach.

San áireamh leis an roghchlár foinse feabhsaithe tá an gnáthroghchlár faoine, Eolaire Teilifíse atá éasca le hoscailt, agus is féidir leat freisin an (an eochair +) a úsáid chun meabhrúchán a shocrú nó taifeadadh a sceidealú san Eolaire Teilifíse.

Roghchlár uileghabhálach Foinsí, Eolaire Teilifíse a bhfuil dearadh nua air agus brabhsálaí cláir nua atá éasca le húsáid.

Is cuid den roghchlár Foinsí do liosta cainéal ceanán anois. Tá sé amhlaidh do liostaí cainéal an dá thiúnóra Aeróg/Cábla agus Satailít.

Beidh gach gléas nasctha sa liosta sa roghchlár nua Foinsí mar aon le gach tiúnóir, rud a fhágfaidh go mbeidh an t-úsáideoir in ann gach ‘foinse’ fhéideartha don teilifís a aimsiú sa roghchlár Foinsí.

Athraigh ó thiúnóir, cainéal agus ón

Eolaire Teilifíse

Roghnaigh foinse tiúnóra agus brúigh chun an liosta cainéal a oscailt. Brúigh arís chun an

Eolaire Teilifíse a oscailt chun fáil amach céard atá air. Brúigh chun filleadh ar an liosta cainéal.

Eolaire teilifíse feabhsaithe

Eolaire teilifíse atá soiléir agus níos deise. Roghnaigh clár agus léigh an fhaisnéis cláir nó brúigh chun meabhrúchán a shocrú nó taifeadadh a sceidealú.

1.2

Sár-Roghanna

Molann do theilifís cláir teilifíse reatha, na físeáin ar cíos is nuaí agus seribhísí teilifíse Ar Líne duit le

TOP PICKS.

1 - Brúigh TOP PICKS.

2 - Roghnaigh clár amháin agus úsáid (an eochair +) chun taifeadadh a sceidealú, meabhrúchán a shocrú nó féachaint ar an gclár.

3 - Úsáid na heochracha Saighde /

nascleanúna chun trí phonc ar bharr an scáileáin ar thaobh na láimhe deise a roghnú, ansin brúigh OK chun an roghchlár OPTIONS a oscailt.

Roghnaigh chun taifeadadh, nó roghnaigh

chun meabhrúchán a shocrú

4

Roghnaigh chun marcáil mar cheanán

1.3

Brabhsálaí meán

Brabhsáil do chomhaid meáin mar is mian leat nó marcáil aon chainéal, amhrán nó grianghraf mar cheanán.

1 - Brúigh (an eochair +) aon fhíseán, amhrán nó grianghraf a mharcáil mar cheanán.

2 - Is féidir leat féachaint ar fhíseáin, amhráin agus ar ghrianghraif i ngreille-amharc nó i liosta-amharc.

3 - Úsáid na heochracha Saighde /

nascleanúna chun trí phonc ar bharr an scáileáin ar thaobh na láimhe deise a roghnú, ansin brúigh OK chun an roghchlár OPTIONS a oscailt.

Greille-amharc

Amharc liosta

4 - Agus na comhaid á seinnt agat, tá barra rialaithe eile ag bun an scáileáin. Úsáid na saighdeada agus an eochair OK chun a bhfuil uait a roghnú.

5

2

Suiteáil

2.1

Léigh Sábháilteacht

Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n- úsáideann tú an teilifís.

Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, roghnaigh Eochairfhocail agus déan cuardach do Threoracha Sábháilteachta.

2.2

Seastán Teilifíse agus

Gléasadh Balla

Seastán teilifíse

Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó

www.philips.com sa chás gur chaill tú í.

Úsáid uimhir múnla na teilifíse chun cuardach a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.

Gléasadh Balla

Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).

Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an gléasadh balla á cheannach agat . . .

• 32PFx5501

VESA MIS-F 100x100, M4

• 40PFx5501

VESA MIS-F 200x200, M4

• 49PFx5501

VESA MIS-F 400x200, M6

Ullmhúchán

Bain na 4 scriú chlaibín plaisteacha amach as na boisc shnáithithe ar chúl na teilifíse.

Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.

Rabhadh

Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh tú an teilifís.

Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar thoradh air.

2.3

Leideanna maidir le Láithriú

Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go díreach ar an scáileán.

Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.

Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.

15 cm

2.4

Cábla Cumhachta

• Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER ar chúl na teilifíse.

Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go daingean sa nascóir.

Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga cumhachta sa soicéad balla.

Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta, tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go

deo.

6

D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh tréimhse fada.

2.5

Cábla na hAeróige

Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa soicéad Aeróige ar chúl na teilifíse.

Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.

Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir DVB-T agus DVB-C.

7

3

Cianrialtán

3.1

Forbhreathnú ar na

hEochracha

Barr

1 - Fuireachas / Air

Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go Fuireachas.

2 - Athsheinm agus Taifead

Brúigh , chun athsheinm.

Cuir ar sos , chun athsheinnt a chur ar sos

Brúigh , chun athsheinnt a stopadh

Brúigh , chun athochras.

Brúigh , chun mearchasadh

Brúigh , chun taifeadadh a thosú

3 - Ambilight

Níl an fheidhm seo ar fáil ach amháin leis an tsraith Ambilight.

4 - TV GUIDE

Chun an tEolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.

5 - LIST

Chun an liosta cainéal a oscailt nó a dhúnadh.

6 - Socruithe

Chun na Socruithe Minice a oscailt.

7 - TOP PICKS

Chun an roghchlár a oscailt le cláir mholta, Físeán ar Éileamh (Físeáin ar Cíos) nó Teilifís Ar Líne (Catch Up TV).

Má tá fáil air.

8 - SEARCH

Chun leathanach na gcuardach a oscailt.

Lár

1 - Roghchlár teilifíse

Chun roghchlár na teilifíse a oscailt leis na gnáthfheidhmeanna teilifíse.

2 - SOURCES

Chun an roghchlár Foinsí a oscailt.

3 - Méaracha datha Roghnú díreach roghanna.

4 - INFO

Chun eolas cláir a oscailt nó a dhúnadh.

5 - BACK

Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a roghnaigh tú roimhe sin.

Chun dul ar ais go dtí an roghchlár roimhe sin.

Chun filleadh ar an bhFeidhmchlár/leathanach Idirlín roimhe sin.

6 - - EXIT

Chun athrú ar ais d'fhéachaint ar theilifís. Chun feidhmchlár teilifíse idirghníomach a stopadh.

7 - OPTIONS

Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.

8 - Eochair OK

Chun rogha nó socrú a dhearbhú. Chun an liosta cainéal a oscailt agus tú ag féachaint ar an teilifís.

9 - Eochracha saighde/ nascleanúna

Chun dul suas, síos, ar chlé nó ar dheas.

10 - HOME

Chun an roghchlár Baile a oscailt.

Bun

8

1 -

Chun an feidhmchlár Netflix a oscailt go díreach. Nuair atá an teilifís casta air nó ó fhuireachas.

2 - Airde fuaime

Chun airde na fuaime a athrú.

3 - Eochracha uimhreach

Chun cainéal a roghnú go díreach.

4 - SUBTITLE

Chun fotheidil a chasadh air nó as chun iad a thaispeáint go huathoibríoch.

5 - Cainéal

Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an cainéal roimhe sin, chun an chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin in Téacs/Teilithéacs a oscailt nó chun an chéad chaibidil eile nó an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú. Chun an chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin a oscailt in Téacs/Teilithéacs. Chun an chéad chaibidil eile nó an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú.

6 - Balbhaigh

Chun an fhuaim a chasadh as, nó chun í a chasadh air arís.

7 - TEXT

Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.

3.2

Cuardach Gutha

Íoslódáil Feidhmchlár ó Google play

Úsáid d'fhón cliste Android nó do thaibléad mar chianrialtán do do Android TV. Athraigh go héasca idir móid d-pad, ceap tadhaill, agus ceap stiúrtha chun ábhar a nascleanúint agus chun cluichí a imirt ar do ghléas teilifíse Android. Tapáil an micrifón chun cuardach gutha a dhéanamh, nó úsáid an méarchlár chun téacs a chur isteach ar an Android TV.

I dtosach, nasc d'fhón nó do thaibléad Android leis an

líonra céanna le do ghléas Android TV nó aimsigh do Android TV via bluetooth.

Oibríonn sé le gach gléas Android TV.

*Teastaíonn fón nó taibléad Android a bhfuil Android 4.3 nó níos airde suiteáilte air chun an feidhmchlár Android TV Remote Control a úsáid.

Péireáil le do theilifís

Níl aon mhicrifón ar do chianrialtán. Má tá uait an cuardach gutha a úsáid, ní mór duit an feidhmchlár Android TV Remote Control a shuiteáil ar d'fhón cliste nó do thaibléad Android ar dtús.

1 - Déan cuardach do "Android TV Remote Contorl" sa Google Play store ar d'fhón cliste nó do thaibléad Android.

2 - Íoslódáil agus suiteáil an feidhmchlár Android TV Remote Control* ar d'fhón nó do thaibléad Android.

3 - Nasc d'fhón Android nó do thaibléad leis an líonra céanna le do ghléas Android TV.

4 - Roghnaigh "PhilipsTV"** ar d'fhón nó do thaibléad Android. Taispeánfar cód ar scáileán an Android TV ansin.

5 - Cuir isteach an cód ar d'fhón nó do thaibléad Android chun péireáil le do Android TV.

*Teastaíonn fón nó taibléad Android a bhfuil Android 4.3 nó níos airde suiteáilte air chun an feidhmchlár Android TV Remote Control a úsáid.

**Braitheann ainm do Android TV ar an ainm a shocraigh tú in Ainm Líonra Teilifíse. Is é an t-ainm atá réamhsocraithe ainm mhúnla na teilifíse seo.

.

Cuardach Gutha a Úsáid

Is féidir leat cuardach a dhéanamh d'fhíseáin, ceol nó rud ar bith eile ar an Idirlíon leis an deilbhín ar bharr an roghchlár Baile. Is féidir leat Cuardach Gutha a úsáid am ar bith. Mar rogha air sin, is féidir leat méarchlár an chianrialtáin a úsáid chun téacs a chur isteach.

Chun Cuardach Gutha a úsáid…

1 - Tapáil an deilbhín ar d'fhón cliste chun tús a chur le cuardach gutha.

2 - Nuair atá an deilbhín dearg ar an scáileán, tá an micrifón beo.

3 - Abair an rud atá uait go soiléir. D'fhéadfadh sé roinnt ama a thógáil sula dtaispeánfar na torthaí.

4 - Is féidir leat an rud atá uait a roghnú ar an scáileán leis na torthaí ar an gcuardach.

Féach ar www.support.google.com/androidtv freisin

9

Socruithe Cuardach Gutha

Is féidir leat an teanga a úsáideann tú a shocrú le Cuardach Gutha.

Chun an teanga a shocrú do Chuardach Gutha…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe Android agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh Roghanna > Caint agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh an teanga atá uait agus brúigh OK.

5 - Brúigh BACK chun dul siar céim amháin nó brúigh EXIT chun an roghchlár a dhúnadh.

3.3

Braiteoir IR

Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin ar aghaidh na teilifíse.

Rabhadh

Ná cuir aon rud os comhair braiteoir IR na teilifíse mar go bhféadfadh sé an comhartha IR a bhlocáil.

3.4

Ceallraí

Mura bhfreagraíonn an teilifís do bhrú eochrach ar an gcianrialtán, d'fhéadfadh na ceallraí a bheith caite.

Chun na ceallraí a athsholáthar, oscail raca na gceallraí ar chúl an chianrialtáin.

1 - Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léirítear ar an tsaighead.

2 - Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra den chineál AAA-R03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí + agus - de na ceallraí isteach i gceart.

3 - Cuir doras na gceallraí ar ais arís agus sleamhnaigh é go dtí go gcliceálann sé.

Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid agat ar feadh tréimhse fada.

Faigh réidh le do sheancheallraí de réir na dtreoracha a thugtar maidir le deireadh úsáide.

Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, roghnaigh Eochairfhocail Deireadh Úsáide.

3.5

Glanadh

Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán.

Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais. Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná glantóirí tí nó an cianrialtán.

10

4

Ag Casadh Air agus

As

4.1

Air nó ar Fuireachas

Cinntigh go bhfuil an teilifís nasctha leis an bpríomhchumhacht AC. Nasc an corda cumhachta a tháinig leis an teilifís leis an nascóir AC isteach ar chúl na teilifíse. Lasfar an solas táscaire ag bun na teilifíse.

Cas air

Brúigh ar an gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air. Mar rogha air sin, brúigh HOME . Is féidir leat freisin an luamhán stiúrtha beag ar chúl na teilifíse a bhrú freisin chun an teilifís a chasadh air mura bhfuil tú in ann teacht ar an gcianrialtán nó má tá na ceallraí caite.

Athraigh go dtí fuireachas

Chun an teilifís a athrú go dtí fuireachas, brúigh ar an gcianrialtán. Is féidir leat freisin an luamhán stiúrtha beag ar chúl na teilifíse a bhrú freisin.

Agus í i bhfuireachas, tá an teilifís nasctha leis an bpríomhlíonra cumhachta i gcónaí ach is beag fuinneamh atá á tomhailt aici.

Bain amach an pluga cumhachta chun an teilifís a chasadh as ar fad.

Nuair a dínascann tú an pluga cumhachta, tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.

4.2

Méaracha teilifíse

Má tá an cianrialtán caillte agat, nó má tá a cheallraí caite, is féidir leat roinnt oibríochtaí bunúsacha teilifíse a dhéanamh i gcónaí.

Chun an roghchlár bunúsach a oscailt…

1 - Agus an teilifís casta air agat, brúigh an eochair luamháin stiúrtha ar chúl na teilifíse chun an roghchlár bunúsach a oscailt.

2 - Brúigh clé nó deas chun Airde Fuaime,

Cainéal nó Foinsí a roghnú. Roghnaigh Físeán taispeána chun físeán taispeána a thosú.

3 - Brúigh suas nó síos chun an airde fuaime a athrú nó tiúnáil go dtí an chéad chainéal eile, nó an ceann roimhe sin. Brúigh suas nó síos chun dul trí liosta na bhfoinsí, lena n-áirítear roghnú tiúnóra. Brúigh eochair an luamháin stiúrtha chun an físeán taispeána a thosú.

4 - Imeoidh an roghchlár as amharc go huathoibríoch.

Chun an teilifís a chasadh go dtí fuireachas, roghnaigh

agus brúigh eochair an luamháin stiúrtha.

11

5

Cainéil

5.1

Suiteáil Aeróige/Cábla

Nuashonraigh Cainéil

Uasdátú Cainéil Uathoibríoch

Má fhaigheann tú cainéil dhigiteacha, is féidir leat an teilifís a shocrú chun na cainéil seo a nuashonrú go huathoibríoch.

Déanann an teilifís nuashonrú ar na cainéil agus stórálann sé cainéil nua uair amháin in aghaidh an lae, ag 6 AM. Stóráltar cainéil nua sa Liosta Cainéal agus marcáltar iad le . Baintear cainéil atá gan chomhartha as. Ní mór don teilifís a bheith ar Fuireachas chun cainéil a nuashonrú go huathoibríoch. Is féidir leat Nuashonrú Cainéal Uathoibríoch a chasadh as.

Chun an nuashonrú uathoibríoch a chasadh as…

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

2 -

Roghnaigh Cainéil > Suiteáil Aeróige/Cábla.

3 - Cuir isteach do chód PIN más gá.

4 -

Roghnaigh Nuashonrú Uathoibríoch Cainéal.

5 -

Roghnaigh As.

6 -

Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó

brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.

Nuair a aimsítear cainéil nua nó má dhéantar nuashonrú ar chainéil nó má bhaintear as iad, taispeántar teachtaireacht ar an teilifís nuair a chastar air í. Is féidir leat an teachtaireacht sin a chasadh as ionas nach dtaispeánfar í i ndiaidh gach nuashonrú cainéal.

Chun an teachtaireacht a chasadh as…

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

2 -

Roghnaigh Cainéil > Suiteáil Aeróige/Cábla.

3 - Cuir isteach do chód PIN más gá.

4 -

Roghnaigh Teachtaireacht Nuashonrú Cainéal

5 -

Roghnaigh As.

6 -

Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó

brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.

Déantar an Nuashonrú cainéal uathoibríoch i roinnt tíortha nuair atáthar ag féachaint ar an teilifís nó uair ar bith nuair atá an teilifís ar Fuireachas.

Nuashonrú Cainéal de Láimh

Is féidir leat nuashonrú cainéal a thosú tú féin i gcónaí.

Chun nuashonrú cainéal a thosú de láimh…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Cainéil > Suiteáil Aeróige/Cábla.

3 - Cuir isteach do chód PIN más gá.

4 - Roghnaigh Déan Cuardach do Chainéil.

5 - Roghnaigh Tosaigh.

6 - Roghnaigh Nuashonraigh Cainéil Dhigiteacha, roghnaigh Ar Aghaidh.

7 - Roghnaigh Tosaigh chun na cainéil dhigiteacha a nuashonrú. D'fhéadfadh sé sin roinnt nóiméad a thógáil.

8 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.

Athsuiteáil Gach Cainéal

Is féidir leat gach cainéal a athshuiteáil agus gach socrú teilifíse eile a fhágáil mar atá.

Má tá cód PIN socraithe, beidh ort an cód seo a chur isteach sular féidir leat cainéil a athshuiteáil.

Chun cainéil a athshuiteáil…

 

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

 

2 -

Roghnaigh Cainéil > Suiteáil Aeróige/Cábla.

3 - Cuir isteach do chód PIN más gá.

 

4 -

Roghnaigh Déan Cuardach do Chainéil.

5 -

Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK.

 

6 -

Roghnaigh Athshuiteáil Cainéil, roghnaigh Ar

Aghaidh agus brúigh OK.

 

7 -

Roghnaigh an tír ina bhfuil tú anois agus

brúigh OK.

 

8 -

Roghnaigh Ar Aghaidh agus brúigh OK.

9 - Roghnaigh an cineál suiteála atá uait,

Aeróg

(DVB-T) nó Cábla (DVB-C) agus brúigh

OK.

8 -

Roghnaigh Ar Aghaidh agus brúigh OK.

11 -

Roghnaigh na cineáil cainéal atá uait,

Cainéil

Dhigiteacha agus Analógacha nó Cainéil Dhigiteacha Amháin agus brúigh OK.

8 -

Roghnaigh Ar Aghaidh agus brúigh OK.

13 -

Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK chun na

cainéil dhigiteacha a nuashonrú. D'fhéadfadh sé sin roinnt nóiméad a thógáil.

14 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.

12

DVB-T nó DVB-C

Glacacht DVB-T nó DVB-C

Roghnaigh tú Aeróg (DVB-T) nó Cábla (DVB-C) i rith na suiteála cainéal, díreach sula ndearna tú an cuardach cainéal. Déanann Aeróg DVB-T cuardach do cainéil analógacha thrastíre agus cainéil DVB-T dhigiteacha. Déanann Cábla DVB-C cuardach do chainéil analógacha agus dhigiteacha atá ar fáil ó oibritheoir cábla DVB-C.

Suiteáil cainéal DVB-C

Tá gach socrú DVB-C athraithe go uathoibríoch ar mhaithe le héascaíocht.

Más rud é gur thug do sholáthróir DVB-C luachanna sonracha DVB-C duit, ID an líonra nó minicíocht an líonra, cuir na luachanna sin isteach nuair a iarrann an teilifís ort i rith suiteála.

Coinbhleacht maidir le hUimhreacha Cainéal

D'fhéadfadh an uimhir cainéil chéanna a bheith ag cainéil teilifíse éagsúla (craoltóirí) i roinnt tíortha. Taispeánann an teilifís an liosta uimhreacha cainéal a bhfuil coinbhleachtaí ann i rith na suiteála. Ní mór duit an cainéal teilifíse a bhfuil uait é a shuiteáil ar uimhir cainéil a bhfuil roinnt cainéal teilifíse air a roghnú.

Socruithe DVB

Mód Minicíochta Líonra

Má tá sé ar intinn agat an modh tapaidh

Mearscanadh a úsáid chun cainéil a chuardach sa

Scanadh Minicíochta, roghnaigh Uathoibríoch. Bainfidh an teilifís úsáid as 1 de na minicíochtaí líonra réamhshainithe (nó HC - cainéal frithinge) atá in úsáid ag an gcuid is mó de na hoibritheoirí cábla i do thír.

Má fuair tú luach sonrach minicíocht líonra chun cainéil a chuardach, roghnaigh De Láimh.

Minicíocht Líonra

Nuair atá an socrú De Láimh i bhfeidhm don Mhód Minicíochta Líonra, is féidir leat an luach minicíochta líonra a fuair tú ó d'oibritheoirí cábla a chur isteach anseo. Úsáid na heochracha uimhreach chun an luach a chur isteach.

Scanadh Minicíochta

Roghnaigh an modh chun cuardach a dhéanamh do chainéil. Is féidir leat an modh níos tapúla

Mearscanadh a roghnú agus na socruithe réamhshainithe atá á n-úsáid ag an gcuid is mó de na hoibritheoirí cábla i do thír a úsáid.

Má fhágann sé sin nach mbeidh aon chainéal suiteáilte nó má tá roinnt cainéal ar iarraidh, is féidir leat an modh Scanadh Iomlán a úsáid. Bíonn níos mó ama ag teastáil ón modh sin chun cainéil a chuardach agus a shuiteáil.

Méid Céime Minicíochta

Déanann an teilifís cuardach do chainéil in eatraimh de 8MHz.

Má fhágann sé sin nach mbeidh aon chainéal suiteáilte nó má tá roinnt cainéal ar iarraidh, is féidir leat cuardach a dhéanamh in eatraimh níos lú de

1MHz. Má bhaintear úsáid as na heatraimh 1MHz, beidh níos mó ama ag teastáil chun cainéil a chuardach agus a shuiteáil.

Cainéil Dhigiteacha

Má tá a fhios agat nach bhfuil d'oibritheoir cábla ag tairiscint cainéal digiteach, ní fiú duit cuardach a dhéanamh do chainéil dhigiteacha.

Cainéil Analógacha

Má tá a fhios agat nach bhfuil d'oibritheoir cábla ag tairiscint cainéal analógach, ní fiú duit cuardach a dhéanamh do chainéil analógacha.

Saor / Scrofa

Má tá suibscríbhinn agus CAM - Modúl Rochtana Coinníollaí agat le haghaidh seirbhísí teilifíse nach mór íoc astu, roghnaigh Saor + Scrofa. Mura bhfuil suibscríbhinn agat chun cainéil nó seirbhísí teilifíse nach mór íoc astu a fháil, is féidir leat Cainéil in Aisce Amháin a roghnú.

Caighdeán Glacachta

Is féidir leat caighdéan agus neart comhartha chainéil dhigitigh a sheiceáil. Má tá d'aeróg féin agat, is féidir leat triail a bhaint as suíomh na haeróige a athrú chun an ghlacacht a fheabhsú.

Chun caighdeán glacachta chainéil dhigitigh a sheiceáil…

1 -

Tiúnáil don chainéal.

2 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

 

3 -

Roghnaigh

Cainéil > Suiteáil Aeróige/Cábla.

Cuir isteach do chód PIN más gá.

4 -

Roghnaigh

Digiteach: Tástáil Ghlacachta.

5 -

Roghnaigh

Déan Cuardach do

Chainéal. Taispeánfar an mhinicíocht dhigiteach don

13

chainéal seo.

6 - Roghnaigh Cuardaigh arís agus brúigh OK chun caighdeán comhartha na

minicíochta a sheiceáil. Taispeánfar toradh na tástála ar an scáileán. Is féidir leat suíomh na haeróige a athrú nó na naisc a sheiceáil chun an ghlacacht a fheabhsú.

7 - Is féidir leat freisin an mhinicíocht a athrú tú féin. Roghnaigh an uimhir minicíochta ceann i ndiaidh a chéeile agus úsáid na

heochracha (suas) nó (síos) chun an luach a

athrú. Roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK chun an ghlacacht a thástáil arís.

8 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Suiteáil de Láimh

Is féidir cainéil teilifíse analógacha a shuiteáil de láimh, cainéal i ndiaidh cainéil.

Chun cainéil analógacha a shuiteáil de láimh…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Cainéil > Suiteáil Aeróige/Cábla. Cuir isteach do chód PIN más gá.

3 - Roghnaigh Analógach: Suiteáil de Láimh

• Córas

Roghnaigh Córas chun an córas teilifíse a shuiteáil. Roghnaigh do thír nó an chuid sin den domhan a bhfuil tú anois inti agus brúigh OK.

• Déan Cuardach do Chainéal

Chun cainéal a aimsiú, roghnaigh Déan Cuardach do Chainéal. Is féidir leat minicíocht a chur isteach tú féin chun cainéal a aimsiú nó ligint don teilifís cuardach a dhéanamh don chainéal. Brúigh (deas) chun

Cuardaigh a roghnú chun cuardach a dhéanamh do chainéal go huathoibríoch. Taispeánfar an cainéal a aimseofar ar an scáileán agus má tá an ghlacacht go dona, brúigh Cuardaigh arís. Má tá uait an cainéal a stóráil, roghnaigh Déanta agus brúigh OK.

• Stóráil

Is féidir leat an cainéal a stóráil ar uimhir an chainéil reatha nó mar uimhir cainéil nua.

Roghnaigh Stóráil Cainéal Reatha nó Stóráil mar Chainéal Nua. Taispeánfar an uimhir nua cainéal.

Is féidir leat na céimeanna seo a dhéanamh arís agus arís eile go dtí go bhfuil gach cainéal teilifíse analógach aimsithe agat.

5.2

Cóipeáil Liosta Cainéal

Liosta Cainéal a chóipeáil

Chun liosta cainéal a chóipeáil…

1 -

Cas air an teilifís. Ba cheart go mbeadh cainéil

suiteáilte ag an teilifís seo.

2 - Plugáil isteach méaróg chuimhne USB.

3 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

 

4 -

Roghnaigh

Cainéil > Cóipeáil Liosta Cainéal.

5 -

Roghnaigh

Cóipeáil chuig USB. D'fhéadfaí

iarraidh ort an cód PIN Glais Leanaí a chur isteach

chun an liosta cainéal a chóipeáil.

6 -

Nuair atá an chóipeáil déanta, bain amach pluga

an mhéaróg chuimhne USB.

7 -

Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun

an roghchlár a dhúnadh.

Is féidir leat an liosta cainéal atá cóipeáilte a uaslódáil anois go dtí teilifís Philips eile.

Leagan Liosta Cainéal

Seiceáil leagan reatha an liosta cainéal...

1 -

Brúigh

, roghnaigh Gach socrú

agus

brúigh OK.

 

 

2 -

Roghnaigh Cainéil agus brúigh

(deas) chun

an roghchlár a oscailt.

 

3 -

Roghnaigh Cóipeáil Liosta Cainéal agus

roghnaigh

Leagan Reatha, ansin brúigh OK.

4 -

Brúigh

(clé), arís agus arís eile, más gá, chun

an roghchlár a dhúnadh.

Liosta Cainéal a Uaslódáil

Teilifíseanna nach bhfuil suiteáilte

Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.

Go dtí teilifís nach bhfuil suiteáilte fós

1 - Plugáil isteach an pluga cumhachta chun an tsuiteáil a thosú agus roghnaigh teanga agus tír. Is féidir leat dul thar an gcuardach cainéal. Críochnaigh an tsuiteáil.

2 - Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.

3 - Chun an uaslódáil liosta cainéal a thosú, brúigh , roghnaigh Gach Socrú agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Cainéil > Cóipeáil Liosta

Cainéal > Cóipeáil go dtí an teilifís. Cuir isteach do chód PIN más gá.

5 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear

14

an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain amach an mhéaróg chuimhne USB.

Teilifíseanna Suiteáilte

Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.

Go dtí teilifís atá suiteáilte cheana féin

1 - Fíoraigh socrú tíre na teilifíse. (Chun an socrú seo a fhíorú, féach ar an gcaibidil Athshuiteáil Gach Cainéal. Tosaigh an nós imeachta seo go dtí go mbainfidh tú an socrú tíre amach. Brúigh BACK chun an tsuiteáil a chealú.)

Má tá an tír ceart, téigh ar aghaidh go dtí céim 2. Mura bhfuil an tír ceart, ní mór duit athshuiteáil a thosú. Féach ar an gcaibidil Athshuiteáil Gach Cainéal agus tosaigh an tsuiteáil. Roghnaigh an tír cheart agus gabh thar an gcuardach cainéil. Críochnaigh an tsuiteáil. Nuair atá sé sin déanta agat, lean ar aghaidh le céim 2.

2 - Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.

3 - Chun an uaslódáil liosta cainéal a

thosú, brúigh

, roghnaigh Gach Socrú agus

brúigh OK.

 

4 - Roghnaigh

Cainéil > Cóipeáil Liosta

Cainéal > Cóipeáil go dtí an teilifís. Cuir isteach do chód PIN más gá.

5 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain amach an mhéaróg chuimhne USB.

5.3

Maidir le Cainéil

Liostaí Cainéal

Maidir le Liostaí Cainéal

Taispeánfar gach cainéal sa liosta cainéal i ndiaidh suiteáil cainéal. Taispeántar cainéil lena n-ainm agus a lógó má tá an fhaisnéis sin ar fáil.

Tá liosta cainéal a bhfuil gach cainéal atá suiteáilte air. Ní féidir leat ach an liosta sin a scagadh chun díreach cainéil teilifíse nó raidió a thaispeáint.

Agus liosta cainéal roghnaithe, brúigh na

saigheada (suas) nó

(síos) chun cainéal a

roghnú, ansin brúigh OK chun féachaint ar an

gcainéal atá roghnaithe. Ní thiúnálann tú ach go dtí na cainéil atá sa liosta sin nuair atá na heochracha

nó á n-úsáid agat.

Deilbhíní cainéal

Marcáltar cainéil nua le (réiltín) i ndiaidh Uasdátú

Cainéil Uathoibríoch ar an liosta cainéal.

Má ghlasálann tú cainéal, marcálfar le (glas) é. Marcáltar na 3 cainéal is mó a bhfuil tóir orthu faoi láthair le 1, 2 nó 3.

Stáisiúin Raidió

Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin raidió dhigiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal raidió díreach ar an gcaoi chéanna is a athraíonn tú go cainéal teilifíse. Is iondúil go lonaíonn suiteáil cainéal Cábla (DVB-C) stáisiúin raidió ó uimhir cainéil 1001 ar aghaidh.

Is féidir leis an teilifís seo teilifís dhigiteach ar chaighdeán DVB a fháil. D'fhéadfadh an teilifís gan oibriú i gceart le roinnt oibritheoirí teilifíse digití, neamhchomhlíonadh le riachtanais an chaighdeáin ina n-iomláine.

Liosta Cainéal a oscailt

In aice leis an liosta le gach cainéal, is féidir leat liosta scagtha a roghnú nó is féidir leat ceann de na liostaí ceanán a chruthaigh tú a roghnú.

Chun an liosta cainéal reatha a oscailt…

1 -

Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.

2 -

Brúigh LIST* nó OK chun an liosta cainéal

reatha a oscailt.

3 -

Brúigh BACK chun an liosta cainéal a

dhúnadh.

Chun ceann amháin de na liostaí cainéal a roghnú…

1 - Le liosta cainéal oscailte ar an scáileán.

2 - Roghnaigh ainm an liosta ag barr an liosta cainéal agus brúigh OK chun roghchlár na liostaí a oscailt.

3 - Roghnaigh ceann amháin de na liostaí cainéal atá ar fáil i roghchlár na liostaí agus brúigh OK.

* Má tá an eochair LIST ar fáil ar do chianrialtán

Liosta Cainéal a scagadh

Is féidir leat liosta leis na cainéil ar fad a scagadh. Is féidir leat an liosta cainéal a shocrú chun díreach na cainéil teilifíse nó na stáisiúin Raidió a thaispeáint. I gcás cainéal Aeróige/Cábla is féidir leat an liosta a shocrú chun na cainéil atá Saor nó na cainéil Scrofa a thaispeáint.

Chun scagaire a shocrú ar liosta a bhfuil gach cainéal air…

1 - Brúigh .

2 - Brúigh OK chun an liosta cainéal reatha a

oscailt.

3 - Agus liosta cainéal oscailte ar an scáileán, roghnaigh ainm an liosta ar bharr an liosta cainéal agus brúigh OK chun an roghchlár liosta a oscailt.

4 - Roghnaigh an liosta a bhfuil uait é a scagadh sa

15

roghchlár liosta.

5 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó brúigh chun an roghchlár a dhúnadh.

Déan cuardach do Chainéal

Is féidir leat cuardach a dhéanamh do chainéal chun é a aimsiú i liosta fada cainéal.

Is féidir leis an teilifís cuardach a dhéanamh do chainéal laistigh de cheann amháin de na 2 phríomhliostaí cainéal - an liosta cainéal Aeróige nó Cábla.

Chun cuardach a dhéanamh do chainéal…

1 - Brúigh .

2 - Brúigh OK chun an liosta cainéal reatha a oscailt.

3 - Roghnaigh ar bharr an scáileáin ar thaobh na láimhe deise agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Déan cuardach do Chainéal agus brúigh OK chun réimse téacs a oscailt. Is féidir leat méarchlár an chianrialtáin (más ann dó) a úsáid nó an méarchlár ar an scáileán a úsáid chun téacs a chur isteach.

5 - Cuir isteach uimhir, ainm nó cuid d'ainm agus roghnaigh Cuir i bhfeidhm agus brúigh OK. Déanfaidh an teilifís cuardach d'ainmneacha cainéal a mheaitseálann an liosta atá roghnaithe agat.

Liostálfar torthaí cuardaigh mar liosta cainéal - féach ar ainm an liosta ag an mbarr. Imeoidh na torthaí cuardaigh as amharc comhuain is a roghnaíonn tú liosta cainéal eile nó nuair a dúnann tú an liosta leis na torthaí cuardaigh.

Féachaint ar chainéil

Tiúnáil go dtí Cainéal

Chun tosú ag féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh . Tiúinfidh an teilfís go dtí an cainéal teilifíse ar fhéach tú go deireanach air.

Cainéil a Athrú

 

Chun cainéil a athrú, brúigh nó

.

Má tá uimhir an chainéil ar eolas agat, clóscríobh an uimhir leis na heochracha uimhreach. Brúigh OK tar éis an uimhir a chur isteach chun athrú láithreach.

Má tá an t-eolas ar fáil ón Idirlíon, taispeánann an teilifís ainm agus sonraí an chláir reatha agus ansin ainm agus sonraí an chéad chlár eile.

Cainéil roimhe sin

Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte cheana féin, brúigh BACK.

Is féidir leat tiúnáil go cainéil ó Liosta Cainéal freisin .

Cainéal a Ghlasáil

Chun Cainéal a Ghlasáil agus a Dhíghlasáil

Chun leanaí a chosc ó fhéachaint ar chainéal, is féidir leat cainéal a ghlasáil. Chun féachaint ar chainéal atá glasáilte, ní mór duit an Cód Glais Leanaí a chur isteach ar dtús. Ní féidir leat cláir a ghlasáil ó ghléasanna nasctha.

Chun cainéal a ghlasáil…

1 - Brúigh .

2 - Brúigh OK chun an liosta cainéal a oscailt. Athraigh an liosta cainéal más gá.

3 - Roghnaigh ar bharr an scáileáin ar thaobh na láimhe deise agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Glasáil/Díghlasáil agus brúigh OK.

5 - Cuir isteach do chód PIN le 4 digit má iarrann an teilifís é.

6 - Roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a ghlasáil agus brúighOK. Marcáltar cainéal glasáilte le glas (glas).

7 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.

Chun cainéal a dhíghlasáil…

1 - Brúigh .

2 - Brúigh OK chun an liosta cainéal a oscailt. Athraigh an liosta cainéal más gá.

3 - Roghnaigh ar bharr an scáileáin ar thaobh na láimhe deise agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Glasáil/Díghlasáil agus brúigh OK.

5 - Cuir isteach do chód PIN le 4 digit má iarrann an teilifís é.

6 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.

Má ghlasálann tú nó má dhíghlasálann tú cainéil i liosta cainéal, níl ort ach an cód PIN a chur isteach díreach uair amháin go dtí go ndúnfaidh tú an liosta cainéal.

Rátáil Tuismitheora

Is féidir leat rátáil aoise a shocrú chun leanaí a stopadh ó bheith ag féachaint ar chlár nach bhfuil feiliúnach dá n-aois.

Is féidir le cláir ar chainéil dhigiteacha a bheith rátáilte de réir aoise. Nuair atá rátáil aoise cláir cothrom le nó níos airde ná an aois atá socraithe agat mar rátáil aoise do do leanbh, beidh an clár glasáilte. Ní mór duit an cód Rátáil Tuismitheora a chur isteach ar dtús chun féachaint ar chlár atá glasáilte.

Chun rátáil aoise a shocrú…

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

2 -

Roghnaigh Glas Leanaí > Rátáil Tuismitheora.

3 -

Cuir isteach Cód glais leanaí a bhfuil 4 digit

16

ann. Mura bhfuil cód socraithe agat fós,

roghnaigh Socraigh Cód in Glas Leanaí. Cuir isteach Cód glais leanaí a bhfuil 4 digit ann agus dearbhaigh. Anois is féidir leat rátáil aoise a shocrú.

4 - Téigh ar ais go Rátáil Tuismitheora, agus roghnaigh an aois.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Chun rátáil aoise tuismitheora a chasadh as, roghnaigh Gan aon cheann. Mar sin féin, ní mór duit rátáil aoise a shocrú i roinnt tíortha.

Ní ghlasálann an teilifís ach cláir a bhfuil rátáil níos airde acu i gcás roinnt

craoltóirí/oibritheoirí. Socraítear an rátáil aoise tuismitheora do gach cainéal.

Roghanna Cainéal

Roghanna Oscailte

Agus tú ag féachaint ar chainéal, is féidir leat roinnt roghanna a shocrú.

Ag brath ar an gcineál cainéil a bhfuil tú ag féachaint air nó ag brath ar na socruithe teilifíse atá déanta agat, tá roinnt roghanna ar fáil.

Chun roghchlár na roghanna a oscailt…

1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal,

brúigh

OPTIONS > Sár-roghanna.

2 - Brúigh

OPTIONS arís chun é a dhúnadh.

Athaimnigh Cainéal

Agus tú ag féachaint ar chainéal, is féidir leat an cainéal sin a athainmniú.

Chun cainéal a athainmniú…

1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh

OPTIONS .

2 - Roghnaigh Sár-roghanna > Athainmnigh

Cainéal.

3 - Úsáid an méarchlár ar an scáileán chun an t- ainm reatha a scriosadh agus ceann nua a chur isteach.

Comhéadan Coiteann

Má tá CAM suiteáilte agat i gceann amháin de na sliotáin Comhéadain Choitinn, is féidir leat féachaint ar fhaisnéis faoin CAM agus faoin oibritheoir nó roinnt socruithe a bhaineann le CAM a athrú.

Chun féachaint ar fhaisnéis faoin CAM …

1 - Brúigh SOURCES .

2 - Cliceáil ar an gcineál cainéil atá á úsáid agat don CAM do Féach ar theilifís.

3 - Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Sárroghanna > Comhéadan Coiteann.

4 - Roghnaigh an sliotán Chomhéadan Coiteann cuí agus brúigh (deas).

5 - Roghnaigh oibritheoir teilifíse an CAM agus brúigh OK. Is ón oibritheoir teilifíse a thagann na scáileáin seo a leanas.

Hbb TV ar an gcainéal seo

Má tá uait rochtain ar leathanaigh HbbTV a sheachaint ar chainéal ar leith, is féidir leat na leathanaigh HbbTV a bhlocáil don chainéal sin amháin.

1 -

Tiúin go dtí an cainéal a bhfuil uait na leathanaigh

HbbTV a bhlocáil.

2 -

Brúigh OPTIONS, roghnaigh Sár-

roghanna > HbbTV ar an gCainéal seo agus

brúigh (deas).

3 -

Roghnaigh As agus brúigh OK.

4 -

Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó

brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.

Chun HbbTV a bhlocáil go hiomlán ar an teilifís…

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

2 -

Roghnaigh Socruithe

Ginearálta > Ardsocruithe > HbbTV.

3 -

Roghnaigh As agus brúigh OK.

4 -

Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó

brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.

Eolas Cainéil

Is féidir leat féachaint ar thréithe teicniúla cainéil faoi leith, amhail digiteach nó cineál fuaime, etc.

Chun féachaint ar fhaisnéis theicniúil faoi chainéal…

1 - Tiúnáil don chainéal.

2 - Brúigh OPTIONS,

roghnaigh Sár-roghanna agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh Eolas Cainéil agus brúigh OK.

4 - Brúigh OK chun an scáileán seo a dhúnadh.

Faisnéis Cláir

Féach ar shonraí cláir

Chun sonraí an chláir atá roghnaithe a thaispeáint…

1 - Tiúnáil don chainéal.

2 - Brúigh OPTIONS,

roghnaigh Sár-roghanna agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh Eolas Cláir agus brúigh OK, is féidir leat eolas faoin gclár a fheiceáil.

4 - Brúigh BACK chun dúnadh.

17

Monofónach / Steiréafónach

Is féidir leat fuaim cainéil analógaigh a athrú go Monofónach nó Steiréafónach.

Chun athrú go Monofónach nó Steiréafónach…

1 - Tiúnáil go dtí cainéal analógaigh.

2 - Brúigh OPTIONS, agus

roghnaigh Sár-roghanna > Monofónach /Steiréafónach agus brúigh (deas).

3

- Roghnaigh Monofónach nó

Steiréafónach agus brúigh OK.

4 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó brúigh BACK chun an roghchlár a dhúnadh.

Roghnú Físeáin

Tá cainéil teilifíse dhigiteacha in ann comharthaí ilfhíse (craoltaí ilfhotha) a thairiscint, uillinneacha ceamara éagsúla a thabhairt den eachtra chéanna nó cláir éagsúla a thaispeáint ar aon chainéal teilifíse amháin. Taipseánann an teilfís teachtaireacht má tá a leithéid de chainéil teilifíse ar fáil.

Dual I-II

Má tá dhá theanga fuaime ag comhartha fuaime ach gan aon tásc teanga ag teanga amháin nó ag an dá theanga, beidh an rogha seo ar fáil.

Mapáil Cainéal

Mura bhfuil aon eolas faoin gclár ann ag an tús, is féidir leat an cainéal a mhapáil chun tuilleadh eolais faoin gclár a fháil.

1 - Brúigh TV GUIDE, agus úsáid na heochracha nascleanúna chun a roghnú sa lár agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Eolaire Teilifíse Ón Idirlíon agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh ceann de na cainéil san eolaire teilifíse, ansin brúigh OK chun féachaint ar an gcainéal atá roghnaithe.

4 - Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh

OPTIONS .

5 - Roghnaigh Sár-roghanna > Mapáil Cainéal.

6 - Roghnaigh mír amháin sa liosta agus brúigh OK.

7 - Roghnaigh Mapáil Cainéal.

8 - Nuair a bheidh sé curtha i gcrích agat, feicfidh tú an t-eolas faoin gcainéal mapáilte sa chlár.

Athraigh Lógó

Mura bhfuil aon eolas faoin gclár ann ag an tús, is féidir leat níos mó eolais faoin gclár a fháil trí na céimeanna seo a leanas a leanúint.

1 - Brúigh TV GUIDE, agus úsáid na heochracha nascleanúna chun a roghnú sa lár agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Eolaire Teilifíse Ón Idirlíon agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh ceann de na cainéil san eolaire teilifíse, ansin brúigh OK chun féachaint ar an gcainéal atá roghnaithe.

4 - Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh

OPTIONS .

5 - Roghnaigh Roghanna > Athraigh Lógó.

6 - Roghnaigh mír amháin sa liosta agus brúigh OK.

7 - Roghnaigh Athraigh Lógó.

8 - Nuair a bheidh sé curtha i gcrích agat, feicfidh tú an t-eolas faoin gcainéal mapáilte sa chlár.

Cainéil Cheanáin

Maidir le Cainéil Cheanáin

Is féidir leat na cainéil a thaitníonn leat a bhailiú le chéile i liosta cainéal ceanáin.

Is féidir leat 8 liosta cainéal ceanán a chruthú le haghaidh zaipeáil cainéal éasca. Is féidir leat gach Liosta Ceanán a ainmniú ina gceann agus ina gceann. Ní féidir leat ord nua a chur ar chainéil ach amháin i Liosta Ceanán.

Agus liosta cainéal roghnaithe, brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun cainéal a roghnú, ansin brúigh OK chun féachaint ar an

gcainéal atá roghnaithe. Ní thiúnálann tú ach go dtí na cainéil atá sa liosta sin nuair atá na heochracha

nó á n-úsáid agat.

Cruthaigh Liosta Ceanán

Chun liosta cainéal ceanán a chruthú ó liosta cainéal...

1 -

Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.

2 -

Brúigh LIST (más ann dó) nó OK chun an

liosta cainéal reatha a oscailt.

3 -

Roghnaigh ar bharr an scáileáin ar thaobh na

láimhe deise agus brúigh OK.

4 -

Roghnaigh Cruthaigh Liosta Ceanán agus

brúigh OK.

5 - Roghnaigh cainéal ón liosta ar chlé a bhfuil uait ceanán a dhéanamh as agus brúigh OPTIONS. Taispeánfar cainéil sa liosta ar thaobh na láimhe deise san ord ina chuireann tú isteach iad. Roghnaigh an cainéal sa liosta ar chlé agus

brúigh OPTIONS arís chun é a chealú. Is féidir leat raon cainéal a roghnú freisin trí a bhrú (síos) chun cainéal deireanach an raoin a bhfuil uait é a chur leis

18

an liosta a roghnú agus ansin brúigh OK.

6 - Brúigh BACK nuair atá tú réidh ag cur cainéil leis an liosta.

7 - Iarrfaidh an teilifís ort an Liosta Ceanána athainmniú. Is féidir leat an méarchlár ar an scáileán a úsáid nó BACK a bhrú chun an méarchlár ar an scáileán a chur i bhfolach, ansin úsáid an méarchlár ar chúl an chianrialtáin (más ann dó) chun an t-ainm nua a chur isteach.

Má tá an liosta cainéal fada, mar rogha air sin, is féidir leat aon chainéal a roghnú, ansin brúigh OPTIONS chun an roghchlár Roghanna a oscailt, ansin roghnaigh Cruthaigh Liosta Ceanán agus

brúigh OK.

Chun liosta cainéal ceanán nua a chruthú trí liosta

cainéal ceanán reatha a chóipeáil...

1 -

Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.

2 -

Brúigh LIST (más ann dó) nó OK chun an

liosta cainéal reatha a oscailt.

3 -

Roghnaigh ar bharr an scáileáin ar thaobh na

láimhe deise agus brúigh OK.

4 -

Roghnaigh Dúbláil Liosta Ceanán agus

brúigh OK.

5 - Roghnaigh cainéal ón liosta ar chlé a bhfuil uait ceanán a dhéanamh as agus brúigh OPTIONS. Taispeánfar cainéil sa liosta ar thaobh na láimhe deise san ord ina chuireann tú isteach iad. Roghnaigh an cainéal sa liosta ar chlé agus

brúigh OPTIONS arís chun é a chealú. Is féidir leat raon cainéal a roghnú freisin trí a bhrú (síos) chun cainéal deireanach an raoin a bhfuil uait é a chur leis an liosta a roghnú agus ansin brúigh OK.

6 - Brúigh BACK nuair atá tú réidh ag cur cainéil leis an liosta.

7 - Iarrfaidh an teilifís ort an Liosta Ceanána athainmniú. Is féidir leat an méarchlár ar an scáileán a úsáid nó BACK a bhrú chun an méarchlár ar an scáileán a chur i bhfolach, ansin úsáid an méarchlár ar chúl an chianrialtáin (más ann dó) chun an t-ainm nua a chur isteach.

Is féidir leat réimse cainéal a chur leis an liosta in aon ghéabh amháin nó Liosta Ceanán nua a thosú tríd an liosta cainéal a chóipeáil le gach cainéal agus na cainéil nach bhfuil uait a scriosadh.

Cuir Réimse Cainéal leis an Liosta

Is féidir leat Roghnaigh Réimse a úsáid chun raon leanúnach cainéal a chur le Liosta Ceanán.

Chun réimse cainéal a chur leis an liosta…

1 - Brúigh SOURCE .

2 - Roghnaigh Ceanáin.

3 - Oscail an Liosta Ceanán san áit a bhfuil tú ag iarraidh na cainéil a chur isteach.

4 - Roghnaigh ar bharr an scáileáin ar thaobh na

láimhe deise agus brúigh OK.

5 - Roghnaigh Athraigh Liosta Ceanán agus brúigh OK.

6 - Roghnaigh céad chainéal an réimse sa liosta ar chlé a bhfuil uait é a chur leis an liosta agus

brúigh OK.

7 - Brúigh (síos) chun cainéal deireanach an raoin a bhfuil uait é a chur leis an liosta a roghnú agus ansin brúigh OK.

8 - Roghnaigh Lean ar aghaidh agus brúigh OK. Marcáltar na cainéil ar thaobh na láimhe clé.

Liosta Ceanán a Athainmniú

Ní féidir leat ach Liosta Ceanán a athainmniú.

Chun Liosta Ceanán a athainmniú…

1 - Brúigh SOURCE .

2 - Roghnaigh Ceanáin.

3 - Roghnaigh ar bharr an scáileáin ar thaobh na láimhe deise agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Athainmnigh Liosta Ceanán agus brúigh OK.

5 - Úsáid an méarchlár ar an scáileán nó

brúigh BACK chun an méarchlár ar an scáileán a chur i bhfolach, ansin úsáid an méarchlár ar chúl an chianrialtáin (más ann dó) chun an t-ainm nua a chur isteach.

6 - Nuair atá sé sin déanta agat, iompaigh an cianrialtán, roghnaigh Dún agus brúigh OK.

7 - Brúigh BACK chun an liosta cainéal a dhúnadh.

Bain Liosta Ceanán as

Ní féidir leat ach Liosta Ceanán a bhaint as.

Chun Liosta Ceanán a bhaint as…

1 - Brúigh SOURCE .

2 - Roghnaigh Ceanáin.

3 - Roghnaigh ar bharr an scáileáin ar thaobh na láimhe deise agus brúigh OK.

4 - Roghnaigh Bain Liosta Ceanán As agus brúigh

OK.

Ord Cainéal a athrú

Ní féidir leat ord cainéal athrú (athordaigh) ach amháin i Liosta Ceanán.

Chun an seicheamh cainéal a athrú…

1 -

Brúigh SOURCES, agus roghnaigh Ceanáin.

2 -

Oscail an Liosta Ceanán a bhfuil uait ord nua a

chur air.

3 -

Roghnaigh ar bharr an scáileáin ar thaobh na

láimhe deise agus brúigh OK.

4 -

Roghnaigh Athordaigh Cainéil agus brúighOK.

19

SOURCES, roghnaigh an gléas agus

5 - Sa Liosta Ceanán, roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a chur in ord nua agus brúigh OK. (Marcálfar an

cainéla bosca liath)

 

6 -

Bog an cainéal go dtí an áit atá uait leis na

méaracha (suas) nó

(síos).

7 -

Brúigh OK chun an suíomh nua a dhearbhú.

8 -

Is féidir leat ord nua a chur ar chainéil ar an gcaoi

chéanna go dtí go ndúnann tú an Liosta Ceanán leis an eochair BACK.

Téacs / Teilithéacs

Leathanaigh Téacs

Chun Téacs/Teilitéacs a oscailt agus tú ag féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh TEXT.

Chun Téacs a dhúnadh, brúigh TEXT arís.

Roghnaigh leathanach téacs

Chun leathanach a roghnú... . .

1 - Cuir isteach uimhir an leathanaigh leis na heochracha uimhreacha.

2 - Úsáid na heochracha saighde chun nascleanúint.

3 - Brúigh eochair datha chun ábhar atá dathchódaithe a roghnú ag bun an scáileáin.

Foleathanaigh téacs

Tá roinnt foleathanach in ann a bheith ag leathanach téacs. Taispeántar uimhreacha na bhfoleathanach ar bharra in aice le huimhir an phríomhleathanaigh.

Chun foleathanach a roghnú, brúigh nó .

T.O.P. Leathanaigh téacs

Tairgeann roinnt craoltóirí Téacs T.O.P. Téacs. Chun T.O.P. a oscailt Leathanaigh Téacs laistigh de Théacs, brúigh OPTIONS agus roghnaigh T.O.P. Forbhreathnú.

Leathanaigh ceanán

Déanann an teilifís liosta den 10 leathanach Téacs deireanacha a d'oscail tú. Is féidir leat iad a athoscailt sa cholún Leathanaigh Téacs Ceanán.

1 - In Téacs, roghnaigh (croí) ar bharr an scáileáin ar thaobh na láimhe clé chun colún na leathanach ceanán a thaispeáint.

2 - Brúigh (síos) nó (suas) chun uimhir leathanaigh a roghnú agus brúighOK chun an leathanach a oscailt.

Is féidir leat an liosta a ghlanadh leis an rogha Glan Leathanaigh Ceanán.

Téacs a chuardach

Is féidir leat focal a roghnú agus Téacs a scanadh le haghaidh gach ásc den fhocal sin.

1 - Oscail leathanach Téacs agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh focal nó uimhir leis na méaracha saighde.

3 - Brúigh OK arís chun dul díreach go dtí an chéad

ásc eile den fhocal nó den uimhir sin.

4 - Brúigh OK arís chun dul go dtí an chéad ásc eile.

5 - Chun an cuardach a stopadh, brúigh (suas) go dtí nach bhfuil aon rud roghnaithe.

Téacs ó ghléas nasctha

Tá roinnt gléasanna a fhaigheann cainéil teilifíse in ann Téacs a thairgeadh freisin.

Chun Téacs a oscailt ó ghléas nasctha . . .

1 - Brúigh brúigh OK.

2 - Agus tú ag féachaint ar chainéal ar an ngléas, brúigh OPTIONS , roghnaigh Taispeáin eochracha an Ghléis agus roghnaigh an eochair agus brúighOK.

3 - Brúigh BACK chun na heochracha gléis a chur i bhfolach.

4 - Chun Téacs a dhúnadh, brúigh BACK arís.

Téacs (Ríocht Aontaithe amháin)

Tairgeann roinnt craoltóirí teilifíse digití Téacs Digiteach nó teilifís idirghníomhach ar a gcainéil dhigiteacha teilifíse. Áirítear leis seo gnáth-Théacs a úsáidtear leis na heochracha uimhreacha, dathanna agus nascleanúna chun roghanna a dhéanamh agus chun bogadh.

Chun Téacs Digiteach a dhúnadh, brúigh BACK.

Roghanna Téacs

Brúigh OPTIONS in Téacs/Teilitéacs chun na rudaí seo a leanas a roghnú…

• Reoigh leathanach

Chun rothlú uathoibríoch fo-leathanach a stopadh.

• Déscáileán / Scáileán iomlán

Chun an cainéal teilifíse agus Téacs a thaispeáint in aice a chéile.

• Forbhreathnú T.O.P.

Chun T.O.P. a oscailt Téacs.

• Méadaigh

Chun an leathanach Téacs a mhéadú le go mbeidh sé éasca é a léamh.

• Nocht

Chun eolas atá i bhfolach ar an leathanach a thaispeáint.

• Timthriall foleathanach

Chun fo-leathanaigh a thimthriall nuair atá fáil orthu .

• Folaigh/Taispeáin Leathanaigh Ceanán

Chun liosta na leathanach ceanán a chur i bhfolach nó a thaispeáint.

• Glan Leathanaigh Ceanán

Chun liosta na leathanach ceanán a ghlanadh.

• Teanga

Chun an grúpa carachtar a mbaineann Téacs úsáid astu chun taispeáint i gceart a athrú.

• Téacs 2.5

Chun Téacs 2.5 a ghníomhachtú le haghaidh tuilleadh dathanna agus grafaicí níos fearr.

20

Téacs a Shuiteáil

Teanga théacs

Bíonn roinnt teangacha Téacs ar fáil ag roinnt craoltóirí teilifíse digití.

Chun an phríomhtheanga agus an teanga thánaisteach Téacs a shocrú . . .

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Reigiúin agus Teanga agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Teanga > Príomhthéacs nó Téacs Tánaisteach.

4 - Roghnaigh na teangacha Téacs is fearr leat.

5 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Téacs 2.5

Má tá sé ar fáil, tairgeann Text 2.5 níos mó dathanna agus grafaicí níos fearr. Gníomhachtaítear Text 2.5 mar shocrú caighdeánach monarchan.

Chun Téacs 2.5 a chasadh as…

1 - Brúigh TEXT.

2 - Nuair atá Téacs/Teilitéacs oscailte ar an scáileán, brúigh OPTIONS.

3 -

Roghnaigh Téacs 2.5 > As agus brúigh OK.

4 -

Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun

an roghchlár a dhúnadh.

21

6

Nasc Gléasanna

6.1

Maidir le Naisc

Treoir maidir le Nascacht

Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar chaighdeán maith chun a chinntiú go mbeidh aistriú maith pictiúr agus fuaimeanna ann.

Nuair a nascann tú gléas, aithníonn an teilifís a chineál agus tugann sé ainm cineáil ceart do gach gléas. Is féidir leat an t-ainm cineáil a athrú más mian leat. Má shocraítear ainm cineáil ceart do ghléas, athraíonn an teilifís go huathoibríoch go dtí na socruithe teilifíse is fearr a fheileann di nuair a athraíonn tú go dtí an gléas seo sa roghchlár Foinsí.

Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a nascadh leis an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt ar threoir nascachta Philips TV. Tugann an treoir eolas maidir leis an gcaoi nascadh agus maidir leis na cáblaí atá le húsáid.

Téigh go dtí www.connectivityguide.philips.com

Port Aeróige

Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán agat, nasc cáblaí na haeróige chun comhartha na haeróige a rith tríd an mBosca bairr agus/nó an Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh sé an teilifís. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta.

6.2

Poirt HDMI

Cáilíócht HDMI

Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid cábla HDMI le haghaidh comhartha teilifíse.

Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.

Cosaint ar chóipeáil

Tacaíonn cáblaí HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).

HDMI ARC

Tá HDMI ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag gach ceann de na naisc HDMI ar an teilifís.

Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le haon cheann de na naisc HDMI ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.

Is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís seo a úsáid chun an HTS a nascadh ach níl ARC ar fáil ach do 1 gléas/nasc ag aon uair amháin.

HDMI MHL

Is féidir leat a bhfuil le feiceáil ar d'fhón cliste Android nó ar do thaibléad a sheoladh chuig scáileán teililfíse le HDMI MHL.

Tá MHL 2.0 (Mobile High-Definition Link) istigh leis an nasc HDMI 4 ar an teilifís seo.

Baineann an-chobhsaíocht agus leithead banda leis an nasc sreangaithe seo, mar aon le haga folaigh

22

íseal, gan aon briseadh isteach gan sreang mar aon le hatáirgeadh fuaime ar chaighdeán maith. Anuas air sin, luchtóidh an nasc MHL ceallra d'fhón cliste nó do thaibléad. Bíodh is go bhfuil sé nasctha, ní bheidh do ghléas soghluaiste ag luchtú nuair atá an teilifís ar fuireachas.

Bí ar an eolas faoin gcábla MHL fulangach atá feiliúnach do do ghléas soghluaiste. Tabhair faoi deara go háirithe an cinéal nascóra atá de dhíth ort chun nascadh le d'fhón cliste nó do thaibléad leis an nascóir HDMI don theilifís ar thaobh amháin.

Is trádmharcanna de chuid an MHL, LLC iad MHL, Mobile High-Definition Link agus Lógó MHL.

HDMI CEC - EasyLink

Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid an cábla HDMI le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t- aistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.

HDMI CEC ar bhrandaí eile

Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet, Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink.

Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI CEC .

DVI go HDMI

Má tá gléas agat i gcónaí nach bhfuil air ach gléas DVI, is féidir leat an gléas a nascadh le haon ceann de na naisc HDMI le cuibheoir DVI go HDMI.

Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do ghléas ach nasc DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm) isteach san Audio Inle haghaidh fuaime, ar chúl na teilifíse.

EasyLink HDMI CEC

Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá EasyLink acu, is féidir leat iad a oibriú leis an gcianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink HDMI CEC a chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.

Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na teilifíse le EasyLink. Úsáideann EasyLink HDMI CEC (Consumer Electronics Control) chun cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha. Ní mór do ghléasanna tacú le HDMI CEC agus a bheith nasctha le nasc HDMI.

Suiteáil EasyLink

Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go bhfuil na socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na gléasanna EasyLink atá nasctha. Tá an seans ann nach n-oibreoidh EasyLink le gléasanna ó bhrandaí eile.

Cosaint ar Chóipeáil

Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).

6.3

Y Pb Pr - Comhpháirt

Is nasc ardchaighdeánY Pb PrFís Chomhpháirte.

Is féidir an nasc YPbPr a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Cuir isteach na comharthaí Fuaime Clé agus Deas in aice leis na comharthaí Y, Pb agus Pr.

Meaitseáil do dhathanna nascóra YPbPr (uaine, gorm, dearg) leis na plugaí cábla nuair a nascann tú.

Úsáid cábla Fuaime Deas/Clé cinch má tá fuaim ag do ghléas freisin.

23

6.4

SCART

Is nasc ar chaighdeán maith é SCART.

Is féidir an nasc SCART a úsáid le haghaidh comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Tá comharthaí físe agus fuaime sa nasc SCART. Tacaíonn an nasc SCART freisin le hathsheinm NTSC.

6.5

Fuaim Amach - Optúil

Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach - Optúil.

Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ar do ghléas, ar ghnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Fuaime Isteach - Optúil ar an HTS. Seolann an nasc Fuaime Amach - Optúil an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.

6.6

CAM le Cárta Cliste - CI+

Maidir le CI+

Tabhair faoi deara: Níl tacaíocht ar fáil do thíortha san Áise, san Aigéan Ciúin, sa Mheánoirthear ná san Afraic.

CI+

Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.

Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann oibritheoirí teilifíse na cláir seo agus díscrobhann modúl CI+ réamhíoctha iad.

Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá scothchláir. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag an cláir seo.

Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.

Cárta Cliste

Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá scothchláir.

Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar an treoir a fuair tú ón oibritheoir.

Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…

1 - Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus don teilifís.

2 - Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.

3 - Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé. Fág sa sliotán go buan é.

24

Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.

Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste. Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.

Pasfhocail agus cóid PIN

Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís a dhíghlasáil.

Chun an cód PIN a shocrú don CAM…

1 - Brúigh SOURCES .

2 - Cliceáil ar an gcineál cainéil atá á úsáid agat don CAM do Féach ar theilifís.

3 - Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Comhéadan Coiteann.

4 - Roghnaigh oibritheoir teilifíse an CAM. Is ón oibritheoir teilifíse a thagann na scáileáin seo a leanas. Lean na treoracha ar an scáileán chun an cód PIN a fháil.

6.7

Glacadóir - Bosca Bairr

Bosca Cábla

Úsáid 2 cábla aeróige chun an aeróg a nascadh leis an mBosca bairr (ar glacadóir digiteach é) agus an teilifís.

Cuir isteach cábla HDMI in aice leis na naisc aeróige chun an Bosca bairr a nascadh leis an teilifís.

Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid

mura bhfuil aon nasc HDMI ag an mBosca bairr.

Amadóir Casta As

Cas an t-amadóir uathoibríoch seo as mura n- úsáideann tú ach cianrialtán an Bhosca Bhairr amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.

Tiúnóir Satailíte

Nasc cábla na méise aeróige leis an nglacadóir Satailíte.

Cuir isteach cábla HDMI in aice leis an nasc aeróige chun an gléas a nascadh leis an teilifís.

Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.

Amadóir Casta As

Cas an t-amadóir uathoibríoch seo as mura n- úsáideann tú ach cianrialtán an Bhosca Bhairr amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.

6.8

Córas Amharclainne Baile -

HTS

25

Nasc le HDMI ARC

Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile (HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir diosca ionsuite aige.

HDMI ARC

Má tá nasc HDMI ARC ag do Chóras Amharclainne Baile, is féidir leat aon nasc HDMI ar an teilifís a úsáid chun nascadh. Ní gá an cábla fuaime breise a nascadh nuair atá HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.

Tá gach nasc HDMI ar an teilifís in ann an comhartha Cainéal Fillte Fuaime (ARC) a thairiscint. Ach a thúisce is atá an Córas Amharclainne Baile nasctha agat, ní féidir leis an teilifís ach an comhartha ARC a sheoladh chuig an nasc HDMI seo.

Sioncronú fuaime go físe (sionc)

Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.

Nasc le HDMI

Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile (HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir diosca ionsuite aige.

Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras Amharclainne Baile, úsáid cábla fuaime optúil (Toslink) chun fuaim na teilifíse a sheoladh go dtí an Córas Amharclainne Baile.

Sioncronú fuaime go físe (sionc)

Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is

féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.

Fadhbanna le fuaim HTS

Fuaim le torann ard

Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne USB atá plugáilte isteach nó ríomhaire nasctha, d'fhéadfadh an torann ó do Chóras Amharclainne Baile a bheith díchumtha. Cloistear an torann sin nuair atá fuaim DTS ag an gcomhad fuaime nó físeáin ach gan próiseáil fuaime DTS a bheith ag an gCóras Amharclainne Baile. Is féidir leat caoi a chur air sin trí

Formáid Fuaim Amach na teilifíse a athrú go Steiréó (neamh-chomhbhrúite).

Brúigh le haghaidh Suiteáil > Fuaim >

Ardsocruithe > Formáid Fuaime Amach.

Níl aon fhuaim ann

Mura bhfuil tú in ann an fhuaim a chloisteáil ón teilifís ar do Chóras Amharclainne Baile, seiceáil ar nasc tú an cábla HDMI le nasc HDMI ARC ar an gCóras Amharclainne Baile. Is nasc HDMI ARC gach nasc HDMI ar an teilifís.

6.9

Fóin Chliste agus Táibléid

Chun fón cliste nó taibléad a nascadh leis an teilifís, is féidir leat nasc gan sreang nó sreangaithe a úsáid.

Gan sreang

I gcás naisc gan sreang, íoslódáil an Philips TV Remote App ó shiopa feidhmchlár go dtí d'fhón cliste nó do thaibléad.

Sreangaithe

I gcás naisc sreangaithe, úsáid an nasc HDMI 4 MHL ar chúl na teilifíse. Chun tuilleadh eolais a fháil,

in Cabhair, roghnaigh Eochairfhocail agus déan cuardach do HDMI MHL.

6.10

Seinnteoir Diosca Blu-ray

Úsáid cábla HDMI ardluais chun an seinnteoir Diosca

Blu-ray a nascadh leis an teilifís.

26

Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Bluray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse .

Aire - Sioncronú Fuaim le Fís

Tá 'tréimhse folaigh', mar a thugtar air, ard ag go leor córas callairí Bluetooth. Ciallaíonn tréimhse folaigh ard go mbíonn an fhuaim taobh thair den fhís, rud a fhágann nach mbíonn an 'beolbheachtú' sioncronaithe. Sula gceannóidh tú córas callairí Bluetooth gan sreang, bí cinnte go bhfuil tú ar an eolas faoi na múnlaí is nuaí agus aimsigh ceann a bhfuil rátáil tréimhse folaigh íseal aige. Beidh do mhiondíoltóir in ann comhairle a chur ort.

6.11

Seinnteoir DVD

Úsáid an HDMI cábla chun an seinnteoir DVD a nascadh leis an teilifís.

Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.

Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá EasyLink CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse.

6.12

Bluetooth - Callairí agus

Ceapa Stiúrtha

A bhfuil de dhíth ort

Is féidir leat gléas gan sreang a nascadh le Bluetooth® leis an teilifís seo – callaire gan sreang, fo-dhordaire, barra fuaime nó cluasáin. Is féidir leat ceap stiúrtha gan sreang a nascadh le Bluetooth LE.

Chun fuaim na teilifíse a sheinnt ar challaire gan sreang, ní mór duit an callaire gan sreang a phéireáil leis an teilifís. Is féidir leat roinnt callairí gan sreang agus 4 ghléas Bluetooth LE (ísealfhuinneamh) ar a mhéid a phéireáil. Ní féidir leis an teilifís ach fuaim a sheinnt ar challaire amháin san iarraidh. Má nascann tú fo-dhordaire, seinntear an fhuaim ar an teilifís agus ar an bhfo-dhordaire. Má nascann tú barra fuaime, ní sheinntear an fhuaim ach ar an mbarra fuaime amháin.

27

Gléas a Phéireáil

Lonnaigh an callaire gan sreang laistigh d'achar 5 méadar ón teilifís. Léigh treoir úsáideora an ghléis chun eolas sonrach a fháil faoi phéireáil agus faoi raon gan sreang. Cinntigh go bhfuil an socrú Bluetooth ar an teilifís casta air.

A luaithe is atá ceap stiúrtha gan sreang péireáilte, is féidir leat é a úsáid. Nuair atá callaire gan sreang péireáilte, is féidir leat é a roghnú chun fuaim na teilifíse a sheinnt. Nuair atá gléas péireáilte, ní gá é a phéireáil arís mura mbainfidh tú an gléas as.

Chun callaire gan sreang a phéireáil leis an teilifís…

1 - Cas air an callaire gan sreang agus lonnaigh laistigh de raon na teilifíse é.

2 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

3 - Roghnaigh Gan sreang agus Líonraí agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

4 - Roghnaigh Bluetooth > Cuardaigh Gléas

Bluetooth.

5 - Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK. Lean na treoracha ar an scáileán. Péireálfaidh tú an gléas leis an teilifís agus stórálfaidh an teilifís an nasc. Seans go mbeidh ort gléas atá péireáilte a dhíphéireáil i dtosach má tá an uasmhéid na ngléasanna péireáilte bainte amach.

6 - Roghnaigh an cineál gléis (cluasáin, fodhordaire,

…).

7 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.

Roghnaigh Gléas

A luaithe is atá callaire gan sreang Bluetooth péireáilte, is féidir leat é a roghnú chun fuaim na teilifíse a sheinnt.

Chun callaire a roghnú chun fuaim na teilifíse a sheinnt…

1 -

Brúigh

, roghnaigh Callairí agus brúigh OK.

2 -

Roghnaigh an córas callaire atá uait.

3 -

Brúigh

(clé), arís agus arís eile, más gá, chun

an roghchlár a dhúnadh.

Bain Gléas as

Is féidir leat gléas Bluetooth gan sreang a nascadh nó a dhínascadh. Nuair atá gléas Bluetooth nasctha, is féidir leat an ceap stiúrtha a úsáid nó fuaim na teilifíse a chloisteáil tríd an gcallaire gan sreang. Is féidir leat gléas Bluetooth gan sreang a bhaint as freisin. Má bhaineann tú gléas Bluetooth as, díphéireálfar an gléas.

Chun gléas gan sreang a bhaint as nó a dhínascadh…

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

 

2 -

Roghnaigh Gan Sreang agus Líonraí.

3 -

Roghnaigh Bluetooth

> Bain Gléas As.

4 -

Roghnaigh an gléas gan sreang sa liosta.

5 -

Roghnaigh Dínasc nó

Bain As.

6 - Roghnaigh OK.

 

7 -

Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun

an roghchlár a dhúnadh.

 

Bluetooth Aoir nó As

Chun gléasanna Bluetooth gan sreang a nascadh, cinntigh go bhfuil Bluetooth casta air.

Chun Bluetooth a chasadh air…

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

2 -

Roghnaigh Gan Sreang agus Líonraí.

3 -

Roghnaigh Bluetooth > Bluetooth Air/As.

4 - Roghnaigh Air nó As.

5 -

Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun

an roghchlár a dhúnadh.

6.13

Cluasáin

Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar chúl na teilifíse. Is mion-seac 3.5mm an nasc. Is féidir leat airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.

Chun an airde fuaime a athrú…

 

1 -

Brúigh , roghnaigh Airde Fuaime na gCluasán.

2 -

Brúigh na saigheada (suas) nó

(síos) chun

an luach a athrú.

 

3 -

Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun

an roghchlár a dhúnadh.

 

6.14

Consól Cluiche

HDMI

Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla HDMI ardluais chun an caighdeán is fearr a fháil.

Y Pb Pr

Nasc an consól cluiche le cábla físchomhartha comhpháirteanna (Y Pb Pr) agus le cábla fuaim Deas/Clé leis an teilifís.

SCART

Nasc an consól cluiche leis an teilifís le cábla ilchodach (CVBS) agus le cábla fuaime Deas/Clé leis an teilifís.

Mura bhfuil ach aschur Físeáin (CVBS) agus Fuaime Clé/Deas ag do chonsól cluiche, úsáid cuibheoir Físe Fuaime Clé/Deas go Scart chun nascadh leis an nasc SCART.

28

An Socrú is Fearr

Sula dtosóidh tú ag imirt cluiche ó chonsól cluiche nasctha, molaimid duit an teilifís a shocrú go dtí an socrú is fearr Cluiche.

Chun an teilifís a shocrú go dtí an socrú is fearr a fheileann…

1 -

Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus

brúigh OK.

2 -

Roghnaigh Pictiúr agus brúigh (deas) chun an

roghchlár a oscailt..

3 -

Roghnaigh Stíl Pictiúir > Cluiche.

4 -

Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun

an roghchlár a dhúnadh.

6.15

Ceap Stiúrtha

Nasc Ceap Stiúrtha

Chun cluichí ón Idirlíon a sheinnt ar an teilifís seo, is féidir leat raon roghnaithe Ceapa Stiúrtha gan sreang a nascadh. Is féidir leat Ceapa stiúrtha a úsáid le glacadóir nano USB nó ceapa stiúrtha le Bluetooth.

Chun Ceap stiúrtha a nascadh le glacadóir nano USB…

1 - Plugáil isteach an nanaghlacadóir beag i gceann amháin de na naisc USB ar thaobh na teilifíse. Tagann an nanaghlacadóir gan sreang leis an gCeap Stiúrtha.

2 - Má tá an Ceap Stiúrtha casta air, is féidir leat an Ceap Stiúrtha a úsáid.

Is féidir leat an dara Ceap Stiúrtha a nascadh sa dara nasc USB ar thaobh na teilifíse.

Fabhtcheartú

Chun trasnaíocht fhéideartha le gléasanna gan sreang eile ar an teilifís a réiteach…

Úsáid a seolán sínidh USB agus bog an nanaghlacadóir thart ar 1 méadar ón teilifís.

Mar rogha air sin, is féidir leat mol USB a bhfuil cumhacht aige agus atá nasctha leis an teilifís a úsáid agus na nanaghlacadóirí a phlugáil isteach sa mhol USB.

6.16

Diosca Crua USB

A bhfuil de dhíth ort

Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoltaí teilifíse digití a chur ar sos nó a thaifeadadh (craoltaí DVB nó a leithéid).

Íos-Spás Diosca

• Chun craoladh a chur ar sos

Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a laghad 4GB de spás air.

• Chun craoladh a thaifeadadh

Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 250GB de spás saor air.

Suiteáil

Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB.

1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc

USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.

2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.

3 - Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití, brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú.

Lean na treoracha ar an scáileán.

Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág nasctha go buan é.

Rabhadh:

Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.

29

Formáidiú

Sular féidir leat craoladh a chur ar sos nó a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB. Má tá uait craoltaí a thaifeadadh le sonraí ón Eolaire Teilifíse ón Idirlíon, ní mór duit an nasc Idirlín a shuiteáil sula suiteálann tú an Diosca Crua USB.

Rabhadh:

Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.

Chun Diosca Crua USB a fhormáidiú…

1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc

USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.

2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.

3 - Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití, brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú. Lean na treoracha ar an scáileán.

4 - Fiafróidh an teilifís díot an bhfuil uait an Diosca Crua USB a úsáid chun feidhmchláir a stóráil, aontaigh leis an gceist más ea.

5 - Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág nasctha go buan é.

6.17

Méarchlár, nasc

Nasc

Nasc méarchlár USB (den chineál USB-HID) chun téacs a chur isteach ar do theilifís.

Úsáid ceann de na naisc USB chun nascadh.

Cumraigh

Suiteáil an méarchlár

Cas air an teilifís agus nasc an méarchlár USB le ceann de na naisc USB ar an teilifís chun an méarchlár USB a shuiteáil. Nuair a bhraitheann an teilifís an méarchlár den chéad uair, is féidir leat leagan amach do mhéarchláir a roghnú agus do rogha a thástáil. Má roghnaíonn tú leagan amach méarchláir Choireallaigh nó Ghréigise ar dtús, is féidir leat leagan amach méarchláir Laidinigh a roghnú mar cheann tánaisteach.

Chun socrú leagan amach an mhéarchláir a athrú nuair a roghnaíodh leagan amach…

1 - Brúigh , roghnaigh Gach socrú agus brúigh OK.

2 - Roghnaigh Socruithe Ginearálta agus brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.

3 - Roghnaigh Socruithe Méarchlár USB chun suiteáil an mhéarchláir a thosú.

Eochracha Speisialta

Méaracha chun téacs a chur isteach

Eochair iontrála = OK

Cúlspás = scrios an carachtar roimh an gcursóir

Méaracha saighde = bogadh laistigh de réimse téacs

Chun athrú ó leagan amach méarchláir amháin go ceann eile, má tá leagan amach tánaisteach socraithe, brúigh na méaracha Ctrl + Spásbharra ag an am céanna.

Eochracha d'fheidhmchláir agus do leathanaigh

Idirlín

Táb agus Iomlaoid + Táb = Ar Aghaidh agus Siar

Baile = scrollaigh go dtí barr an leathanaigh

Deireadh = scrollaigh go dtí bun an leathanaigh

Leathanach Suas = téigh leathanach amháin suas

Leathanach Síos = téigh leathanach amháin síos

+ = zúmáil isteach céim amháin

30

Loading...
+ 89 hidden pages