5.2 Braiteoir IR (do shraitheanna teilifíse
4031/5231/5242)17
5.3 Ceallraí 17
5.4 Glanadh 17
6 Cainéil 18
6.1 Cainéil a athrú 18
6.2 Roghanna Cainéal 18
6.3 Cainéal a ghlasáil 19
6.4 Téacs / Teilithéacs 20
7 Liostaí cainéil 22
7.1 Liosta cainéal a oscailt 22
7.2 Liosta cainéal a scagadh 22
7.3 Cainéal a athainmniú 22
8 Cainéil ceanán 23
8.1 Maidir le cainéil cheanáin 23
8.2 Cruthaigh liosta ceanán 23
8.3 Roghnaigh liosta ceanán 23
8.4 Cainéal a bhaint as an Liosta ceanán 23
8.5 Ord na gcainéal a athrú 23
9 Eolaire Teilifíse 24
9.1 Na rudaí a bheidh ag teastáil uait 24
9.2 An t-eolaire teilifíse a úsáid 24
10 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos
26
10.1 Taifeadadh 26
10.2 Cuir teilifís ar sos 27
11 Roghchlár Baile 28
11.1 Maidir leis an Roghchlár Baile 28
11.2 Oscail an roghchlár Baile 28
12 Naisc, Liosta 29
12.1 Athraigh go gléas 29
12.2 Roghanna d'ionchur teilifíse 29
12.3 Cluiche nó ríomhaire 29
13 Físeáin, grianghraif agus ceol 30
13.1 Ó Nasc USB 30
13.2 Seinn do chuid Físeán 30
13.3 Féach ar do chuid grianghraif 30
13.4 Seinn do cheol 31
14 Socruithe 32
14.1 Mear-Socruithe 32
14.2 Pictiúr 32
14.3 Fuaim 35
14.4 Éicea-socruithe 38
14.5 Socruithe ginearálta 39
14.6 Glas leanaí 42
14.7 Rochtain uilíoch 43
15 Suiteáil cainéil 45
15.1 Suiteáil aeróige/cábla 45
15.2 Cóipeáil liosta cainéal 47
16 Bogearaí 50
16.1 Leagan bogearraí 50
16.2 Nuashonruithe áitiúla 50
16.3 Bogearraí foinse oscailte 50
16.4 Ceadúnas foinse oscailte 50
17 Sonraíochtaí 52
17.1 Comhshaol 52
17.2 Cumhacht 52
17.3 Glacacht 53
17.4 Cineál taispeána 53
17.5 Taifeach taispeána ionchuir 53
17.6 Toisí agus Meáchain 53
17.7 Nascacht 53
17.8 Fuaim 54
17.9 Ilmheáin 54
18 Cúnamh agus tacaíocht 55
18.1 Cláraigh do theilifís 55
18.2 Cabhair a úsáid 55
18.3 Fadhbanna 55
18.4 Cabhair Ar Líne 56
18.5 Cúram Custaiméirí / Athdheisiú 57
19 Sábháilteacht agus cúram 58
19.1 Sábháilteacht 58
19.2 Cúram scáileáin 59
20 Téarmaí Úsáide, cóipchearta agus
ceadúnais 60
20.1 Téarmaí Úsáide 60
20.2 Cóipchearta agus ceadúnais 60
Innéacs62
2
1
Turas teilifíse
1.1
An teilifís a chur ar sos agus
taifeadtaí
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat
craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh ó chainéal
teilifíse digití.
Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach
bíodh briseadh agat i rith cluiche spóirt. Stórálann an
teilifís an craoladh ar an Diosca Crua USB agus is
féidir leat féachaint air arís níos deireanaí.
Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat
craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat
taifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar chlár, nó clár
atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, féach ar an
gcaibidil Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos.
1.2
EasyLink
Is féidir leat gléas nasctha, cosúil le seinnteoir Diosca
Bluray, a oibriú le cianrialtán na teilifíse le EasyLink.
Baineann EasyLink úsáid as HDMI CEC chun
cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha.
3
2
Rabhadh
Suiteáil
2.1
Léigh sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula núsáideann tú an teilifís.
Chun na treoracha a léamh, in Cabhair, féach ar an
gcaibidil Sábháilteacht agus cúram.
2.2
Seastán teilifíse agus
gléasadh balla
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a
ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig
leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó
www.philips.com sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir múnla na teilifíse chun cuardach a
dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula
suífidh tú an teilifís.
Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht
as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh
tionóisc nó gortú mar thoradh air.
2.3
Leideanna maidir le láithriú
Sraith teilifíse 4031
- Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go
díreach ar an scáileán.
- Socraigh an teilifís suas le 15 cm amach ón mballa.
- Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an
teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an
scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh
do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
Gléasadh balla
Sraith teilifíse 4031
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla
atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é).
Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat . . .
- 22Pxx4031 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 10
mm, Uasmhéid 10.5 mm)
- 24Pxx4031 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 10
mm, Uasmhéid 10.5 mm)
Ullmhúchán
Bain na 4 scriú chlaibín plaisteacha amach as na boisc
shnáithithe ar chúl na teilifíse.
Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm
isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís
a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
2.4
Cábla cumhachta
Sraith teilifíse 4031
- Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER
ar chúl na teilifíse.
- Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha
isteach go daingean sa nascóir.
- Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an
bpluga cumhachta sa soicéad balla.
- Nuair a dhíphlugálann tú an cábla cumhachta,
tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go
deo.
4
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal
ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain
amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a
shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh
tréimhse fada.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, féach ar an
gcaibidil Casadh Air agus As.
2.5
Cábla na hAeróige
Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa
soicéad Aeróige ar chúl na teilifíse.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a
dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte
aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir
DVB-T agus DVB-C.
5
3
Poirt HDMI
Nasc gléasanna
3.1
Maidir le naisc
Treoir maidir le nascacht
Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde
caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar
chaighdeán maith chun a chinntiú go mbeidh aistriú
maith pictiúr agus fuaimeanna ann.
Nuair a nascann tú gléas, aithníonn an teilifís a chineál
agus tugann sé ainm cineáil ceart do gach gléas. Is
féidir leat an t-ainm cineáil a athrú más mian leat. Má
shocraítear ainm cineáil ceart do ghléas, athraíonn an
teilifís go huathoibríoch go dtí na socruithe teilifíse is
fearr a fheileann di nuair a athraíonn tú go dtí an gléas
seo sa roghchlár Foinsí.
Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a
nascadh leis an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt
ar threoir nascachta Philips TV. Tugann an treoir eolas
maidir leis an gcaoi nascadh agus maidir leis na cáblaí
atá le húsáid.
Cáilíocht HDMI
Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le
nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime
araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid
cábla HDMI le haghaidh comhartha teilifíse.
Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t-aistriú
comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla HDMI
níos faide ná 5 m.
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn cáblaí HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar
Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha
chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar
chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray.
Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach).
Téigh go dtí www.connectivityguide.philips.com
Port aeróige
Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán
agat, nasc cáblaí na haeróige chun comhartha na
haeróige a rith tríd an mBosca bairr agus/nó an
Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh sé an teilifís.
Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca
bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an
Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta.
HDMI ARC
Níl HDMI ARC ach ag HDMI 1 ar an teilifís (Cainéal
Fillte Fuaime).
Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar
gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le
HDMI 1 ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla
fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an
HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá
an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.
Sa chás gur fearr leat ARC a chasadh as ar HDMI 1ARC, brúigh , roghnaigh Fuaim agus brúigh OK.
Roghnaigh Ardsocruithe > HDMI 1 - ARC.
HDMI CEC - EasyLink
EasyLink
Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le
nasc HDMI. Bíonn na comharthaí físe agus fuaime
araon le chéile in aon chábla HDMI amháin. Úsáid an
cábla HDMI le haghaidh comharthaí teilifíse
Ardghléine (HD). Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an taistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla
HDMI níos faide ná 5 m.
6
EasyLink HDMI CEC
Má tá do ghléasanna nasctha le HDMI agus má tá
EasyLink acu, is féidir leat iad a oibriú leis an
gcianrialtán teilifíse. Ní mór EasyLink HDMI CEC a
chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.
Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na
teilifíse le EasyLink. Úsáideann EasyLink HDMI CEC
(Consumer Electronics Control) chun cumarsáid a
dhéanamh leis na gléasanna nasctha. Ní mór do
ghléasanna tacú le HDMI CEC agus a bheith nasctha
le nasc HDMI.
Suiteáil EasyLink
Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go
bhfuil na socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na
gléasanna EasyLink atá nasctha. Tá an seans ann
nach n-oibreoidh EasyLink le gléasanna ó bhrandaí
eile.
HDMI CEC ar bhrandaí eile
Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC
ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet,
Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink
agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go
hiomlán le EasyLink.
Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI
CEC .
Chun Cianrialtán EasyLink a chasadh air nó as…
1. Brúigh , roghnaigh Socruithe ginearálta agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh EasyLink > CianrialtánEasylink , agus brúigh OK.
3. Roghnaigh Air nó As agus brúigh OK.
4. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
DVI go HDMI
Má tá gléas agat i gcónaí nach bhfuil air ach gléas
DVI, is féidir leat an gléas a nascadh le haon ceann de
na naisc HDMI le cuibheoir DVI go HDMI.
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do
ghléas ach nasc DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI
agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm)
isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na
teilifíse.
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint
Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha
chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar
chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray.
Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart
Digiteach).
EasyLink Air nó As
Is féidir leat EasyLink a chasadh air nó as. Bíonn na
socruithe EasyLink casta air ar an teilifís mar
réamhshocrú.
Chun EasyLink a chasadh as go hiomlán…
1. Brúigh , roghnaigh Socruithe Ginearálta agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh EasyLink, brúigh (deas) agus
roghnaigh EasyLink céim amháin eile.
3. Roghnaigh As.
4. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Cianrialtán EasyLink
Má theastaíonn uait go mbeidh cumarsáid idir
gléasanna ach níl tú ag iarraidh iad a oibriú le
cianrialtán na teilifíse, is féidir leat Cianrialtán
EasyLink a chasadh as leis féin.
SCART
Is nasc ar chaighdeán maith é SCART.
Is féidir an nasc SCART a úsáid le haghaidh
comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é a úsáid
le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Tá
comharthaí físe agus fuaime sa nasc SCART. Tacaíonn
an nasc SCART freisin le hathsheinm NTSC.
Fuaim Amach - Optúil
Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach Optúil.
Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a
iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ar do ghléas,
ar ghnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is
féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Fuaime
Isteach - Optúil ar an HTS. Seolann an nasc Fuaime
Amach - Optúil an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
7
3.2
CAM le cárta cliste - CI+
CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag
oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann
oibritheoirí teilifíse na cláir seo agus díscrobhann
modúl CI+ réamhíoctha iad.
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag
an cláir seo.
Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le
haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus
coinníollacha.
3. Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé.
Fág sa sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt
nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an
CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na
táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne
éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil
scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste.
Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann
féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
Pasfhocail agus cóid PIN
Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt
CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a
shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an
cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís
a dhíghlasáil.
Chun an cód PIN a shocrú don CAM…
1. Brúigh SOURCES .
2. Cliceáil ar an gcineál cainéil atá in úsáid agat don
CAM.
3. Brúigh OPTIONS agus roghnaigh ComhéadanCoiteann.
4. Roghnaigh oibritheoir teilifíse an CAM. Is ón
oibritheoir teilifíse a thagann na scáileáin seo a
leanas. Lean na treoracha ar an scáileán chun an cód
PIN a fháil.
Cárta cliste
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar
an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1. Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le
feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart
é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus
don teilifís.
2. Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus
aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go
réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.
3.3
Glacadóir - Bosca Bairr
Bosca cábla
Úsáid 2 cábla aeróige chun an aeróg a nascadh leis
an mBosca bairr (ar glacadóir digiteach é) agus an
teilifís.
8
Cuir isteach cábla HDMI in aice leis na naisc aeróige
chun an Bosca bairr a nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an mBosca bairr.
Amadóir Casta As
Cas an t-amadóir uathoibríoch seo as mura núsáideann tú ach cianrialtán an Bhosca Bhairr
amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís
as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon
eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, féach ar an
gcaibidil Casadh Air agus As > Cas as amadóir.
3.4
Córas Amharclainne Baile HTS
Nasc le HDMI ARC
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile
(HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips
Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir
diosca ionsuite aige.
HDMI ARC
Má tá nasc HDMI ARC ag do Chóras Amharclainne
Baile, is féidir leat aon nasc HDMI 1 ar an teilifís a
úsáid chun nascadh. Ní gá an cábla fuaime breise a
nascadh nuair atá HDMI ARC ann. Tá an dá
chomhartha sa nasc HDMI ARC.
Tá HDMI 1 ar an teilifís in ann an comhartha Cainéal
Fillte Fuaime (ARC) a thairiscint. Ach a thúisce is atá
an Córas Amharclainne Baile nasctha agat, ní féidir
leis an teilifís ach an comhartha ARC a sheoladh chuig
an nasc HDMI seo.
Tiúnóir Satailíte
Nasc cábla na méise aeróige leis an nglacadóir
Satailíte.
Cuir isteach cábla HDMI in aice leis an nasc aeróige
chun an gléas a nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
Amadóir Casta As
Cas an t-amadóir uathoibríoch seo as mura núsáideann tú ach cianrialtán an Bhosca Bhairr
amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís
as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon
eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is
féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais
Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu
chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.
Nasc le HDMI
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile
(HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips
Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir
diosca ionsuite aige.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, féach ar an
gcaibidil Casadh Air agus As > Cas as amadóir.
9
Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras
Amharclainne Baile, úsáid cábla fuaime optúil
(Toslink) chun fuaim na teilifíse a sheoladh go dtí an
Córas Amharclainne Baile.
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is
féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais
Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu
chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.
Socraithe fuaime amach
Moill ar Fhuaim Amach
Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis
an teilifís, ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís
agus an fhuaim ón HTS sioncronaithe.
Sioncronú uathoibríoch fuaime go físe
Bíonn an fhuaim sioncronaithe le fís go huathoibríoch
leis na Córais Amharclainne Baile is nuaí ó Philips,
agus bíonn sé i gcónaí ceart.
Moill sionc Fuaime
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans
ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a
mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an
bhfís. Ardaigh an luach moille ar an gCóras
Amharclainne Baile go dtí go meaitseálann an pictiúr
agus an fhuaim. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a
bheith ag teastáil. Léigh treoir úsáideora an Chórais
Amharclainne Baile. Beidh ort an mhoill ar Fhuaim
amach ar an teilifís a chasadh as nuair atá luach
moille socraithe ar an gCóras Amharclainne Baile.
Chun sioncronú leis an bhfuaim ar an teilifís…
1. Brúigh , roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas)
chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh Ardsocruithe > Seach-chur Fuaim
Amach agus brúigh OK.
3. Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur
fuaime a shocrú agus brúigh OK.
4. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Formáid fuaime amach
Má tá Córas Amharclainne Baile agat a bhfuil an
cumas aige fuaim ilchainéil a phróiseáil, leithéidí
Dolby Digital, DTS® nó a macasamhail, athraigh an
socrú don fhormáid Fuaim Amach go Ilchainéal.
Ligeann an socrú Ilchainéal don teilifís an comhartha
fuaime ilchainéil comhbhrúite a sheoladh ó chainéal
teilifíse nó seinnteoir nasctha go dtí an Córas
Amharclainne Baile. Má tá Córas Amharclainne Baile
agat nach bhfuil próiseáil fuaime ilchainéil aige,
roghnaigh Steiréó.
Chun an Fhormáid Fuaime Amach a shocrú…
1. Brúigh , roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas)
chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh Ardsocruithe > Formáid FuaimeAmach agus brúigh OK.
3. Roghnaigh Ilchainéal nó Steiréó,
ansin brúigh OK.
4. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Leibhéaladh Fuaime Amach
Chun an Mhoill ar Fhuaim Amach a chasadh as…
1. Brúigh , roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas)
chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh Ardsocruithe > Moill ar fhuaim
amach agus brúigh OK.
3. Roghnaigh As.
4. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Seach-chur Fuaim Amach
Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras
Amharclainne Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú
chun an fhuaim a shioncronú. Is féidir leat seach-chur
a shocrú a dhéanann cúiteamh don mhéid ama atá
ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim
phictiúr na teilifíse a phróiseáil. Is féidir leat an luach a
shocrú i gcéimeanna 5ms. Is -60ms an socrú is airde.
Ba cheart an socrú Moill ar fhuaim amach a chasadh
air.
Úsáid an socrú Leibhéaladh Fuaime Amach chun
airde fuaime (treise) na teilifíse agus an Chórais
Amharclainne Baile a chothromú nuair a athraíonn tú
ó cheann amháin go ceann eile. Is féidir le difríochtaí i
bpróiseáil fuaime a bheith in n-údar do dhifríochtaí in
airde fuaime.
Chun an difríocht san airde fuaime a leibhéaladh…
1. Brúigh , roghnaigh Fuaim agus brúigh (deas)
chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh Ardsocruithe > Leibhéaladh FuaimeAmach agus brúigh OK.
3. Roghnaigh Níos mó, Meánach, nó Níos lú, ansin
brúigh OK.
4. Má tá difríocht mhór san airde fuaime, roghnaigh
Níos Mó. Má tá difríocht bheag san airde fuaime,
roghnaigh Níos Lú.
5. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Baineann Leibhéaladh Fuaime Amach le comharthaí
fuaime Fuaim Amach - Optúil agus HDMI ARC
araon.
10
Fadhbanna le fuaim HTS
Fuaim le torann ard
Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne
USB atá plugáilte isteach nó ríomhaire nasctha,
d'fhéadfadh an torann ó do Chóras Amharclainne
Baile a bheith díchumtha. Cloistear an torann sin nuair
atá fuaim DTS ag an gcomhad fuaime nó físeáin ach
gan próiseáil fuaime DTS a bheith ag an gCóras
Amharclainne Baile. Is féidir leat caoi a chur air sin trí
Formáid Fuaim Amach na teilifíse a athrú go Steiréó.
Brúigh le haghaidh Fuaim >
Ardsocruithe > Formáid Fuaime Amach.
Níl aon fhuaim ann
Mura bhfuil tú in ann an fhuaim ó do theilifís a
chloisteáil ar do Chóras Amharclainne Baile, déan
seiceáil do na rudaí seo a leanas: . .
- Seiceáil ar nasc tú an cábla HDMI leis an
nasc HDMI 1ARC ar an gCóras Amharclainne Baile.
- Seiceáil an bhfuil an socrú HDMI 1 ARC ar an teilifís
casta Air. Brúigh le
aghaidh Fuaim > Ardsocruithe > HDMI 1-ARC.
Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá
EasyLink CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú
le cianrialtán na teilifíse.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar EasyLink, in Cabhair,
féach ar an gcaibidil Socruithe > Socruithe
Ginearálta > EasyLink.
3.7
Cluasáin
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar
thaobh na teilifíse. Is mion-seac 3.5mm an nasc. Is
féidir leat airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.
3.5
Seinnteoir diosca Blu-ray
Úsáid cábla HDMI ardluais chun an seinnteoir Diosca
Blu-ray a nascadh leis an teilifís.
Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Bluray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na
teilifíse .
3.6
Seinnteoir DVD
Chun an airde fuaime a athrú…
1. Brúigh , roghnaigh Fuaim > Airde fuaime nagCluasán agus brúigh OK.
2. Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
an luach a athrú.
3. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
3.8
Consól cluiche
Úsáid an HDMI cábla chun an seinnteoir DVD a
nascadh leis an teilifís.
Mar rogha air sin, is féidir leat cábla SCART a úsáid
mura bhfuil aon nasc HDMI ag an ngléas.
HDMI
Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla HDMI
ardluais chun an caighdeán is fearr a fháil.
11
SCART
Mura bhfuil ach aschur Físeáin (CVBS) agus Fuaime
Clé/Deas ag do chonsól cluiche, úsáid cuibheoir Físe
Fuaime Clé/Deas go Scart chun nascadh leis an nasc
SCART.
laghad 4GB de spás air.
Chun craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 32GB de spás
saor air.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, féach ar an
gcaibidil Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos.
Suiteáil
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach
comhad ón Diosca Crua USB.
1. Nasc an Diosca Crua USB leis an nasc USB ar an
teilifís.
2. Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3. Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití,
brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a
chur ar sos, tosóidh an formáidiú.
An socrú is fearr
Sula dtosóidh tú ag imirt cluiche ó chonsól cluiche
nasctha, molaimid duit an teilifís a shocrú go dtí an
socrú is fearr Cluiche.
Nuair atá tú réidh ag imirt an chluiche agus ag iarraidh
féachaint ar an teilifís arís, ná déan dearmad an socrú
Cluiche nó Ríomhaire a athrú ar ais go As.
Chun an teilifís a shocrú go dtí an socrú is fearr a
fheileann…
1. Brúigh , roghnaigh Pictiúr agus brúigh (deas)
chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh Ardsocruithe > Cluiche nó Ríomhaire,
agus roghnaigh an cineál gléis a bhfuil uait é a
úsáid. Roghnaigh As chun athrú ar ais go dtí an
teilifís.
3. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
3.9
Diosca crua USB
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a
úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus
ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua
USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a
fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an
méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh
athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá
suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le
ríomhaire.
Formáidiú
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach
comhad ón Diosca Crua USB.
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh
teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don
chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach
(craoladh DVB nó a mhacasamhail).
Chun craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB agus a bhfuil ar a
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a
úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus
ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua
USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a
fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an
méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh
athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá
12
suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le
ríomhaire.
Chun Diosca Crua USB a fhormáidiú…
1. Nasc an Diosca Crua USB leis an nasc USB ar an
teilifís.
2. Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3. Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití,
brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a
chur ar sos, tosóidh an formáidiú. Lean na treoracha
ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
3.10
Méaróg USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.
Cuir isteach méaróg chuimhne USB sa nasc USB ar an
teilifís nuair atá an teilifís casta air.
chun an t-ábhar atá air a aistriú le PTP (Protacál
Aistrithe Pictiúr). Léigh treoirleabhar úsáideora an
cheamara grianghraf digiteach.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi féachaint ar
ábhar nó é a sheinnt ó mhéaróg chuimhne USB,
in Cabhair, féach ar an gcaibidil Grianghraif, físeáinagus ceol.
3.12
Ceamthaifeadán - HDMI
Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI
chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.
Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé
liosta a thaispeánann a bhfuil air.
Mura bhfuil liosta na n-ábhar le feiceáil go
huathoibríoch, brúigh SOURCES agus
cliceáil USB.
Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón méaróg
chuimhne USB, brúigh EXIT nó roghnaigh
gníomhaíocht eile.
Chun an mhéaróg USB a dínascadh, is féidir leat an
mhéaróg USB a tharraingt amach am ar bith.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi féachaint ar
ábhar nó é a sheinnt ó mhéaróg chuimhne USB,
in Cabhair, féach ar an gcaibidil Grianghraif, físeáinagus ceol.
3.11
Ceamara grianghraif
Chun féachaint ar ghrianghraif atá stóráilte ar do
cheamara grianghraf digiteach, is féidir an ceamara a
nascadh go díreach leis an teilifís.
3.13
Ríomhaire
Nasc
Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís
agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire.
Le HDMI
Úsáid cábla HDMI chun an ríomhaire a nascadh leis
an teilifís.
Úsáid an nasc USB ar an teilifís chun nascadh. Cas air
an ceamara tar éis duit an nasc a dhéanamh.
Mura bhfuil liosta na n-ábhar le feiceáil go
huathoibríoch, brúigh SOURCES agus
cliceáil USB.
Tá an seans ann go mbeidh ort do cheamara a shocrú
DVI go HDMI
Mar rogha air sin, is féidir leat cuibheoir DVI go HDMI
a úsáid (díoltar as féin é) chun an ríomhaire a nascadh
le HDMI agus cábla fuaime Clé/Deas (mion-seac
3.5mm) le AUDIO IN - L/R ar chúl na teilifíse.
13
An socrú is fearr
Má nascann tú ríomhaire, molaimid duit ainm ceart an
chineál gléis a thabhairt sa roghchlár Foinse don nasc
a bhfuil an ríomhaire nasctha air. Má athraíonn tú do
Ríomhaire ansin sa roghchlár Foinse, socrófar an
teilifís go dtí an socrú Ríomhaire is fearr go
huathoibríoch.
Is féidir leat an socrú is fearr a athrú de láimh go dtí
Aschun féachaint ar an teilifís nó go Cluiche chun
cluiche a imirt ó chonsól cluiche nasctha (ná déan
dearmad é a chasadh ar ais go As nuair atá tú réidh
leis an gcluiche).
Má athraíonn tú go foinse agus má athraíonn tú an
socrú Cluiche nó Ríomhaire, stórálfar don fhoinse
roghnaithe seo é.
Chun an teilifís a shocrú go dtí an socrú is fearr a
fheileann…
1. Brúigh , roghnaigh Pictiúr agus brúigh (deas)
chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh Ardsocruithe > Cluiche nó
Ríomhaire, agus brúigh OK.
3. Roghnaigh Cluiche (do chluichíocht) nó
roghnaigh Ríomhaire (chun féachaint ar scannán).
4. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Ná déan dearmad an socrú Cluiche nó Ríomhaire a
athrú go As nuair a éiríonn tú as imirt an chluiche.
14
4
Ag Casadh Air agus
rith an chomhairimh síos.
3. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
As
4.1
Air nó ar fuireachas
Sraith teilifíse 4031
Sula gcasfaidh tú an teilifís air, cinntigh go bhfuil an
príomhlíonra cumhachta plugáilte isteach sa nascóir
POWER ar chúl na teilifíse.
Cas As
Chun an teilifís a chur ar Fuireachas nuair atá an solas
táscaire casta as, brúigh an eochair cumhachta ar
thaobh na teilifíse. Lasfaidh an táscaire.
Nuair atá an teilifís i bhFuireachas, brúigh ar an
gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air.
Athraigh go dtí fuireachas
Chun an teilifís a athrú go dtí Fuireachas, brúigh ar
an gcianrialtán.
Bain amach an pluga cumhachta chun an teilifís a
chasadh as ar fad.
Nuair a dínascann tú an pluga cumhachta, tarraing an
pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán. Bí
cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga
cumhachta, an seolán cumhachta agus ar an soicéad
asraoin i gcónaí.
4.3
Cas as an t-amadóir
Má fhaigheann an teilifís comhartha teilifíse ach mura
mbrúfaidh tú méar ar an gcianrialtán i rith thréimhse 4
uair, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch chun
fuinneamh a choigilt. Anuas air sin, mura
bhfhaigheann an teilifís comhartha teilifíse nó ordú
cianrialtáin ar feadh 10 nóiméad, casfaidh an teilifís as
go huathoibríoch.
Má úsáideann tú an teilifís mar mhonatóir nó má
úsáideann tú glacadóir digiteach chun féachaint ar an
teilifís (Bosca bairr - STB) agus mura n-úsáideann tú
cianrialtán na teilifíse, ba cheart duit an socrú chun an
gléas a chasadh as go huathoibríoch a
dhíghníomhachtú.
Chun an tAmadóir Casta As a dhíghníomhachtú …
1. Brúigh , roghnaigh Éicea-socruithe agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh Amadóir Casta As agus brúigh OK.
3. Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
an luach a athrú. Díghníomhachtóidh an luach 0 an
casadh as uathoibríoch.
4. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi shocruithe teilifíse
atá báúil don chomhshaol, féach ar an
gcaibidil Socruithe > Éiceashocruithe.
4.2
Uaineadóir codlata
Is féidir leat an teilifís a shocrú chun athrú go dtí an
Fuireachas go huathoibríoch tar éis tréimhse ama
shainiúil leis an Amadóir Codlata.
Chun an tAmadóir Codlata a shocrú…
1. Brúigh , roghnaigh Socruithe Ginearálta
> Amadóir codlata agus brúigh OK.
2. Is féidir leat an t-am a shocrú ar feadh suas le 180
nóiméad in eatraimh de 5 nóiméad leis an mbarra
sleamhnáin. Má shocraítear go 0 nóiméad é, castar an
t-amadóir codlata as. Is féidir leat i gcónaí do theilifís
a chasadh as níos luaithe nó an t-am a athshocrú i
15
5
Cianrialtán
5.1
Forbhreathnú ar na
heochracha
Barr
1. Ar Fuireachas / Air
Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go Fuireachas.
2. Eochracha Athsheanma
- Brúigh , chun athsheinm.
- Cuir ar sos , chun athsheinnt a chur ar sos
- Brúigh , chun athsheinnt a stopadh
- Brúigh , chun athochras.
- Brúigh , chun mearchasadh
Brúigh , chun taifeadadh anois
1. SOURCES
Chun an roghchlár Foinsí a oscailt nó a dhúnadh liosta na ngléasanna nasctha.
2. Eochracha dathanna
Leanann feidhm na gcnaipí na treoracha ar an
scáileán.
3. INFO
Chun eolas cláir a oscailt nó a dhúnadh.
4. BACK
Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a roghnaigh tú
roimhe sin.
Chun roghchlár a dhúnadh gan socrú a athrú.
5. HOME
Chun an roghchlár Baile a oscailt nó a dhúnadh.
6. EXIT
Chun athrú ar ais d'fhéachaint teilifíse.
7. OPTIONS
Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.
8. Eochair OK
Chun rogha nó socrú a dhearbhú.
9. Eochracha saighde/ nascleanúna
Chun dul suas, síos, ar chlé nó ar dheas.
10. LIST
Chun an liosta cainéal a oscailt nó a dhúnadh.
Bun
3. TV GUIDE
Chun an tEolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.
4. SETUP
Chun an roghchlár Socruithe a oscailt.
5. FORMAT
Chun an roghchlár Formáid Pictiúir a oscailt nó a
dhúnadh.
Lár
1. Airde fuaime
Chun airde na fuaime a athrú.
2.Eochracha uimhreacha agus eochaircheap téacs
Chun cainéal teilifíse a roghnú go díreach nó chun
téacs a chur isteach.
3.SUBTITLE
Chun fotheidil a chasadh air, as nó Uathoibríoch.
4. Cainéal
Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an
cainéal roimhe sin, chun an chéad leathanach eile nó
an leathanach roimhe sin in Téacs/Teilithéacs a
oscailt nó chun an chéad chaibidil eile nó an chaibidil
roimhe sin ar dhiosca a thosú. Chun an chéad
leathanach eile nó an leathanach roimhe sin a oscailt
16
in Téacs/Teilithéacs. Chun an chéad chaibidil eile nó
an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú.
5. Balbhaigh
Chun an fhuaim a chasadh as, nó chun í a chasadh air
arís.
6.TEXT
Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.
5.2
Braiteoir IR (do shraitheanna
teilifíse 4031/5231/5242)
Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó
chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun
orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de
chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an
cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin
ar aghaidh na teilifíse.
5.4
Glanadh
Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán.
Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais.
Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná
glantóirí tí nó an cianrialtán.
Rabhadh
Ná cuir aon rud os comhair braiteoir IR na teilifíse mar
go bhféadfadh sé an comhartha IR a bhlocáil.
5.3
Ceallraí
Mura bhfreagraíonn an teilifís do bhrú eochrach ar an
gcianrialtán, d'fhéadfadh na ceallraí a bheith caite.
Chun na ceallraí a athsholáthar, oscail raca na
gceallraí ar chúl an chianrialtáin.
1. Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léirítear ar
an tsaighead.
2. Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra den
chineál AAA-R03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí +
agus - de na ceallraí isteach i gceart.
3. Cuir doras na gceallraí ar ais arís agus sleamhnaigh
é go dtí go gcliceálann sé.
4. Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid
agat ar feadh tréimhse fada.
Faigh réidh le do sheancheallraí de réir na dtreoracha
a thugtar maidir le deireadh úsáide.
Chun tuilleadh eolais a fháil, in Cabhair, féach ar an
gcaibidil Sonraíochtaí > Comhshaol > Deireadhúsáide.
17
6
Roghanna Oscailte
Cainéil
6.1
Cainéil a athrú
- Chun féachaint ar chainéil teilifíse, brúigh .
Tiúinfidh an teilfís go dtí an cainéal teilifíse ar fhéach
tú go deireanach air.
- Mar rogha air sin, brúigh Baile chun an roghchlár
Baile a oscailt agus roghnaigh Cainéil agus brúigh
OK.
- Chun cainéil a athrú, brúigh + nó -. Má tá
uimhir an chainéil ar eolas agat, clóscríobh an uimhir
leis na heochracha uimhreach. Brúigh OK tar éis an
uimhir a chur isteach chun cainéil a athrú.
- Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte
cheana féin, brúigh BACK .
Chun athrú go cainéal ó liosta cainéal
- Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun na liostaí cainéal a oscailt.
- D'fhéadfadh roinnt leathanach le cainéil a bheith ar
an liosta cainéal. Chun féachaint ar an gcéad
leathanach eile nó an leathanach roimhe sin,
brúigh + nó -.
- Chun na liostaí cainéal a dhúnadh gan an cainéal a
athrú, brúigh LIST arís.
Deilbhíní cainéal
Marcáltar cainéil nua le (réiltín) i ndiaidh Uasdátú
Cainéil Uathoibríoch ar an liosta cainéal.
Má ghlasálann tú cainéal, marcálfar le (glas) é.
Cainéil raidió
Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin
raidió dhigiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal
raidió díreach ar an gcaoi chéanna is a athraíonn tú
go cainéal teilifíse.
Is féidir leis an teilifís seo teilifís dhigiteach ar
chaighdeán DVB a fháil. D'fhéadfadh an teilifís gan
oibriú i gceart le roinnt oibritheoirí teilifíse digití,
neamhchomhlíonadh le riachtanais an chaighdeáin
ina n-iomláine.
6.2
Roghanna Cainéal
Agus tú ag féachaint ar chainéal, is féidir leat roinnt
roghanna a shocrú.
Ag brath ar an gcineál cainéil a bhfuil tú ag féachaint
air (analógach nó digiteach) nó ag brath ar na
socruithe teilifíse atá déanta agat, tá roinnt roghanna
ar fáil.
Chun roghchlár na roghanna a oscailt…
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh OPTIONS .
2. Brúigh OPTIONS arís chun é a dhúnadh..
Fotheidil
Cas air
Chun Fotheidil a chasadh air, brúigh SUBTITLE.
Is féidir leat fotheidil a athrú go Fotheideal
air nó Fotheideal as. Mar rogha air sin, is féidir leat
Uathoibríoch a roghnú.
Uathoibríoch
Más faisnéis teanga cuid den chraoladh digiteach
agus mura bhfuil an clár atá á chraoladh i do theanga
(an teanga a socraíodh ar an teilifís), is féidir leis an
teilifís fotheidil a thaispeáint go huathoibríoch i
gceann amháin de na teangacha fotheideal atá
roghnaithe agat. Ní mór do cheann amháin de na
teangacha fotheideal sin a bheith ina cuid den
chraoladh.
Is féidir leat na teangacha fotheideal is fearr leat a
roghnú in Teanga Fotheideal.
Na teangacha fotheideal is fearr leat
Is féidir le craoladh digiteach roinnt teangacha
fotheideal a thairiscint do chlár. Is féidir leat
príomhtheanga fotheideal agus teanga thánaisteach
a shocrú d'fhotheidil. Má tá fotheidil ar fáil i gceann
de na teangacha sin, taispeánfaidh an teilifís iad.
Chun an phríomhtheanga agus teanga thánaisteach
fhotheideal a shocrú…
1. Brúigh , roghnaigh Socruithe ginearálta agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh Teangacha agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3. Roghnaigh Teanga
phríomhúil fotheideal nó Teanga
thánaisteach fotheideal, agus brúigh OK.
4. Roghnaigh an teanga atá uait agus brúigh OK.
5. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
18
Roghnaigh teanga fotheideal
Roghnaigh teanga fuaime
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fotheideal
is fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fotheideal eile
atá ar fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fotheideal
ar fáil, ní féidir leat an rogha seo a roghnú.
Chun príomhtheanga fotheideal a roghnú nuair nach
bhfuil aon cheann de na teangacha atá uait ar fáil…
1. Brúigh OPTIONS .
2. Roghnaigh Teanga fotheideal agus roghnaigh
ceann amháin de na teangacha mar fhotheidil ar
bhonn sealadach.
Fotheidil do chainéil analógacha
I gcás cainéal analógach, ní mór duit fotheidil a chur
ar fáil do gach cainéal de láimh.
1. Athraigh go dtí cainéal agus brúigh TEXT chun
Téacs a oscailt.
2. Cuir isteach uimhir an leathanaigh a bhfuil na
fotheidil orthu, 888 go hiondúil.
3. Brúigh TEXT arís chun Téacs a dhúnadh.
Má roghnaíonn tú Air i roghchlár na bhFotheideal
nuair atá tú ag féachaint ar chainéal analógach,
taispeánfar fotheidil má tá siad ar fáil.
Chun fáil amach an cainéal analógach nó digiteach
atá ann, athraigh go dtí an cainéal agus oscail Stádas
sa roghchlár Roghanna.
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fuaime is
fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fuaime eile atá ar
fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fuaime ar fáil, ní
féidir leat an rogha seo a roghnú.
Chun príomhtheanga fotheideal a roghnú nuair nach
bhfuil aon cheann de na teangacha atá uait ar fáil…
1. Brúigh OPTIONS .
2. Roghnaigh Teanga Fuaime agus roghnaigh ceann
amháin de na teangacha mar theanga fuaime ar
bhonn sealadach.
Dual I-II
Má tá dhá theanga fuaime ag comhartha fuaime ach
gan aon tásc teanga ag teanga amháin nó ag an dá
theanga, beidh an rogha seo ar fáil.
Comhéadan Coiteann
Má tá scothábhar réamhíoctha ar fáil ó CAM, is féidir
leat socraithe an tsoláthróra a shocrú leis an rogha
seo.
Teanga fuaime
An teanga fuaime is fearr leat
Tá craoladh digiteach in ann roinnt teangacha fuaime
(teangacha labhartha) a thairiscint do chlár. Is féidir
leat an phríomhtheanga fuaime agus an teanga
thánaisteach fuaime is fearr leat a shocrú. Má tá fuaim
ar fáil i gceann de na teangacha sin, athróidh an
teilifís go dtí an fhuaim sin.
Chun an phríomhtheanga agus an teanga
thánaisteach fuaime a shocrú…
1. Brúigh , roghnaigh Socruithe ginearálta agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh Teangacha agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3. Roghnaigh
Príomhtheanga fuaime nó Teanga
thánaisteach fuaime, agus brúigh OK.
4. Roghnaigh an teanga atá uait agus brúigh OK.
5. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Monofónach / Steiréafónach
Is féidir leat fuaim cainéil analógaigh a athrú go
Monofónach nó Steiréafónach.
Chun athrú go Monofónach nó Steiréafónach…
1. Tiúnáil go dtí cainéal analógaigh.
2. Brúigh OPTIONS, roghnaigh Monofónach /Steiréafónach agus brúigh (deas).
3.
Roghnaigh Monofónach nó Steiréafónach agus
brúigh OK.
4. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Clog
Am taispeána ar choirnéal scáileán na teilifíse.
Stádas
Roghnaigh Stádas chun féachaint ar eolas teicniúil
faoin gcainéal (más analóg nó digiteach é) nó faoin
ngléas nasctha a bhfuil tú ag féachaint air.
19
6.3
Cainéal a ghlasáil
Chun cainéal a ghlasáil agus a
dhíghlasáil
Chun cosc a chur ar leanaí ó bheith ag féachaint ar
chainéal nó ar chlár, is féidir leat cainéil a ghlasáil nó
cláir a bhfuil rátáil aoise orthu a ghlasáil.
Is féidir leat cainéal a ghlasáil chun nach mbeidh
leanaí in ann féachaint air. Chun féachaint ar chainéal
atá glasáilte, ní mór duit an Cód Glais Leanaí a chur
isteach. Ní féidir leat cláir a ghlasáil ó ghléasanna
nasctha.
Chun cainéal a ghlasáil. . .
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse,
brúigh LIST chun an Liosta Cainéal a oscailt.
2. In aon cheann de na liostaí, roghnaigh an cainéal a
bhfuil uait é a ghlasáil.
3. Brúigh OPTIONS agus roghnaigh GlasáilCainéal. Marcáltar cainéal glasáilte le i liosta
cainéal.
Iarrfaidh an teilifís ort an cód a chur isteach chun an
clár a dhíghlasáil. Ní ghlasálann an teilifís ach cláir a
bhfuil rátáil níos airde acu i gcás roinnt
craoltóirí/oibritheoirí.
Chun an cód glais a shocrú nó a athrú
Chun an cód glais a shocrú nó chun an cód reatha a
athrú. . .
1. Brúigh , roghnaigh Glas leanaí agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh Athraigh cód agus brúigh (deas)
chun an roghchlár a oscailt.
3. Má tá cód socraithe cheana féin, cuir isteach an cód
Glais Leanaí reatha agus ansin cuir isteach an cód nua
faoi dhó.
4. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Tá an cód nua socraithe.
An bhfuil do chód dearmadtha agat?
Chun an cód glais leanaí a shárú má tá sé
dearmadtha agat agus ceann nua a chur isteach, cuir
isteach 8888.
Chun cainéal a dhíghlasáil, roghnaigh an cainéal atá
glasáilte sa liosta cainéal, brúigh OPTIONS , ansin
roghnaigh Díghlasáil cainéal. Beidh ort an cód Glais
Leanaí a chur isteach.
Rátáil tuismitheorií
Is féidir leat rátáil aoise a úsáid chun leanaí a stopadh
ó bheith ag féachaint ar chlár nach bhfuil feiliúnach
dá n-aois.
Tá rátáil aoise curtha ag roinnt craoltóirí digiteacha ar
a gcuid clár. Nuair atá rátáil aoise cláir cothrom le nó
níos airde ná an aois atá socraithe agat mar rátáil
aoise do do leanbh, beidh an clár glasáilte.
Ní mór duit an cód glais leanaí a chur isteach chun
féachaint ar chlár atá glasáilte. Socraítear an rátáil
aoise tuismitheora do gach cainéal.
Chun rátáil aoise a shocrú. . .
1. Brúigh , roghnaigh Glas leanaí agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
2. Roghnaigh Rátáil tuismitheora agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3. Cuir isteach Cód glais leanaí a bhfuil 4 digit
ann. Cuir isteach Cód glais leanaí a bhfuil 4 digit ann
agus dearbhaigh. Anois is féidir leat rátáil aoise a
shocrú.
4. Socraigh an aois agus brúigh OK. Chun rátáil aoise
tuismitheora a chasadh as, roghnaigh Gan aonaoismar shocrú aoise.
5. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
6.4
Téacs / Teilithéacs
Leathanaigh téacs
Chun Téacs/Teilitéacs a oscailt agus tú ag féachaint
ar chainéil teilifíse, brúigh TEXT.
Chun Téacs a dhúnadh, brúigh TEXT arís.
Roghnaigh leathanach téacs
Chun leathanach a roghnú... . .
1. Cuir isteach uimhir an leathanaigh leis na
heochracha uimhreacha.
2. Úsáid na heochracha saighde chun nascleanúint.
3. Brúigh eochair datha chun ábhar atá dathchódaithe
a roghnú ag bun an scáileáin.
Foleathanaigh téacs
Tá roinnt foleathanach in ann a bheith ag leathanach
téacs. Taispeántar uimhreacha na bhfoleathanach ar
bharra in aice le huimhir an phríomhleathanaigh.
Chun foleathanach a roghnú, brúigh nó .
T.O.P. Leathanaigh téacs
Tairgeann roinnt craoltóirí Téacs T.O.P. Téacs.
Chun T.O.P. a oscailt Leathanaigh Téacs laistigh de
Théacs, brúigh OPTIONS agus roghnaigh
forbhreathnú T.O.P.
20
Loading...
+ 44 hidden pages
You need points to download manuals.
1 point = 1 manual.
You can buy points or you can get point for every manual you upload.