Léigh agus bí cinnte go dtuigeann tú gach
treoir sula n-úsáideann tú do theilifíseán.
Má dhéantar damáiste toisc nach leantar na
treoracha, ní bheidh feidhm leis an mbaránta.
Riosca turrainge leictrí nó dóiteáin!Ná nocht an teilifíseán riamh do
bháisteach
ná d'uisce. Ná cuir gabhdán ina bhfuil
leacht, vása mar shampla, in aice an
teilifíseáin riamh. Má dhoirtear leacht
ar an teilifíseán nó isteach ann, dícheangal
an teilifíseán láithreach den asraon
cumhachta. Iarr ar Philips TV Consumer
Care an teilifíseán a sheiceáil sula
n-úsáideann tú arís é.
Ná cuir an teilifíseán, an cianrialtán ná na
cadhnraí gar do lasair nochta ná d'aon
fhoinse eile teochta riamh. Á irítear air sin
solas díreach ón ngrian. Chun nach
leathfar dóiteáin, coimeád coinnle agus
gach lasair eile amach i gcónaí ón
teilifíseán, ón gcianrialtán agus ó chadhnraí.
Ná sáigh rud ar bith riamh isteach sa slota
aeraithe ná in aon oscailt eile sa teilifíseán.
Ná nocht an cianrialtán ná na cadhnraí
riamh do bháisteach, d'uisce ná do theas
iomarcach.
Seachain brú ag teacht ar phlocóidí
cumhachta. Bí cinnte go mbíonn an
phlocóid chumhachta ionsáite go hiomlán
sa soicéad cumhachta. Is féidir le plugaí
scaoilte cumhachta bheith ina gcúis le
stuáil nó le dóiteán.
Agus an teilifíseán á sclóineadh, bí cinnte
nach gcuirtear straidhn ar an gcorda
cumhachta. D'fhéadfadh straidhn ar an
gcorda bheith ina chúis le ceangal scaoilte
as a leanfadh stuáil.
Ní mór plocóid chumhachta an
teilifíseáin a dhícheangal chun an
teilifíseán a dhícheangal den phríomhlíne
chumhachta. Agus an chumhacht á
dhícheangal, bí cinnte gurb í an phlocóid
chumhachta seachas an corda a
tharraingíonn tú amach. Bí cinnte i gcónaí
go bhfuil teacht iomlán agat ar an bpluga
cumhachta, ar an gcorda cumhachta agus
ar an soicéad asraoin.
Riosca damáiste don teilifíseán!Teastaíonn beirt chun teilifíseán ina bhfuil
breis is 25kg nó 55pt meáchain, a iompar.
Agus teilifíseán á fheistiú de sheastán,
ná húsáid aon seastán ach an ceann a
chuirtear ar fáil. Daingnigh an seastán go
docht den teilifíseán. Cuir an teilifíseán ar
dhromchla réidh cothrom ar féidir leis
meáchan an teilifíseáin agus an tseastáin
in éineacht a thógáil.
Agus an teilifíseán á dhaingniú den bhalla,
bí cinnte gur féidir leis an bhfeiste balla
meáchan teilifíseáin a iompar. Daingnigh
an feiste balla de bhalla ar féidir leis
meáchan an teilifíseáin agus an fheiste
bhalla araon a thacú. Ní ghlacann TP
Vision Netherlands B.V. aon fhreagacht
as feistiú mícheart de bhalla as a leanann
timpiste, gortú nó damáiste.
Más gá duit an teilifíseán a stóráil, bain
an seastán den teilifíseán. Ná luigh an
teilifíseán ar a chúl riamh agus an seastán
feistithe de.
Sula gceanglaíonn tú an teilifíseán den
asraon cumhachta, bí cinnte go bhfuil
an voltas cumhachta ar aon dul leis an
voltas atá priontáilte ar chúl an teilifíseáin.
Ná ceangal an teilifíseán den asraon
cumhachta riamh más rud é nach ionann
an voltas.
D'fhéadfadh codanna den táirge seo
bheith déanta as gloine. Láimhsigh go
cúramach chun gortú agus damáiste a
sheachaint.
GA 2
Gaeilge
Riosca gortaithe do leanaí!
Déan na réamhchúraimí seo ionas nach
dtitfidh an teilifíseán, rud a d'fhéadfadh gortú
dhéanamh do leanbh:
Ná cuir an teilifíseán riamh ar dhromchla
ar a bhfuil éadach nó ábhar eile a
d'fhéadfaí a tharraingt.
Bí cinnte nach mbíonn aon chuid den
teilifíseán ag gobadh amach ón dromchla.
Ná cuir teilifíseán riamh ar mhír ard
troscáin, ar nós leabhragáin, gan an mhír
troscáin agus an teilifís araon a dhaingniú
den bhall nó de thaca oiriúnach.
Cuir leanaí ar an eolas mar gheall ar a
dhainséaraí atá sé dreapadh suas ar
throscán chun an teilifíseán a shroicheadh.
Riosca cadhnraí a shlogadh siar!D'fhéadfadh cadhnra atá cosúil le bonn
airgid a bheith sa táirge nó sa chianrialtán,
rud a d'fhéadfaí a shlogadh siar. Ná lig do
leanaí lámh a chur ar an gcadhnra riamh!
Riosca róthéimh!Ná suiteáil an teilifíseán i spás cúng riamh.
Bí cinnte i gcónaí go mbíonn 4 orlach
nó 10 cm timpeall ar an teilifíseán le
haghaidh aerú. Bí cinnte nach mbíonn
slotaí aeraithe an teilifíseáin clúdaithe
riamh ag cuirtíní ná ag aon rud eile.
Riosca gortaithe, dóiteáin nó damáiste den
chorda cumhachta!
Ná cuir an teilifíseán ná aon rud eile
anuas ar an gcorda cumhachta.
Dícheangal an teilifíseán den asraon
cumhachta agus den aeróg roimh stoirm
thintrí. Ná cuir lámh ar aon chuid den
teilifíseán, den chorda cumhachta ná den
chábla aeróige riamh le linn stoirm thintrí.
Riosca de dhamáiste don éisteacht!Cluasáin as a bhfuil fuaim ard ag teacht,
ná caith iad ar feadh tréimhsí fada ama.
Teochta ísleMá iompraítear an teilifíseán i dteochtaí
is ísle ná 5°C nó 41°F, díphacáil an
teilifíseán agus fan go mbíonn teocht an
teilifíseáin ar theocht an tseomra sula
gceanglaítear an teilifíseán den asraon
cumhachta.
Cúram
Scáileán
Riosca damáiste do scáileán an teilifíseáin!
Ná buail, brúigh ná cuimil an scáileán le
rud ar bith.
Díphlugáil an teilifíseán sula nglanann
tú é.
Glan an teilifíseán agus an fráma le
héadach bog tais agus cuimil go séimh é.
Ná húsáid alcól, ceimiceán ná glantóir
teaghlaigh riamh ar an teilifíseán.
Cuimil braonta uisce de a luaithe is féidir,
chun dífhoirmiú agus tréigean datha a
sheachaint.
Seachain íomhánna seasmhacha a mhéad
is féidir. Íomhánna is ea íomhánna
seasmhacha a fhanann ar an scáileán
ar feadh tamaill fhada. Á irítear orthu
roghchláir scáileáin, barraí dubha,
taispeáintí ama, srl. Más gá íomhá
seasmhach a úsáid, laghdaigh
codarsnacht agus gile an scáileáin chun
damáiste don scáileán a sheachaint.
Leideanna suímh
Suigh an teilifíseán in áit nach lonraíonn
an ghrian díreach ar an scáileán.
Is fad amhairc a mholtar i gcás an
teilifíseáin seo trí oiread thrasnán an
scáileáin. Mar shampla, más é 81cm/32"
trasnán an scáileáin, ba cheart don
amharcóir bheith ~2.5m / ~92" amach
ón scáileán.
Ba cheart do shúile a bheith leibhéal le lár
an scáileáin, agus tú i do shuí.
Suíomh an teilifíseáin
Is féidir na socruithe fuaime is fearr a roghnú
don teilifíseán trí shuíomh an teilifíseáin a
roghnú (feistithe de bhalla nó de sheastán).
4. Roghnaigh [Ar sheastán teilifíseáin] nó [Daingnithe de bhalla], ansin brúigh OK.
GA 3
Glasáil an teilifíseán
Tá slota slándála Kensington suite i mbun an
teilifíseáin. Chun an teilifíseán a dhaingniú,
ceannaigh glas frithghadaíochta Kensington
(a dhíoltar mar mhír ar leith).
Is é TP Vision Netherlands B.V. nó ceann dá
chuideachtaí cleamhnaithe a thug an táirge seo
go margadh. Tagraítear dó sa doiciméad seo,
leis, mar TP Vision, arb é a rinne an táirge. Is é
TP Vision ráthóir an teilifíseáin ar cuireadh an
leabhrán seo i bpacáiste in éineacht leis.
Trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke
Philips N.V. is ea Philips agus Feathal Scéithe
Philips.
D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan fógra a
bheith tugtha. Forchoimeádann TP Vision an
ceart táirge a athrú uair ar bith gan é bheith
d'oibleagáid air soláthairtí roimhe sin a cheartú
dá réir.
Meastar an t-ábhar scríofa atá pacáistithe leis
an teilífseán agus an lámhleabhar atá stóráilte i
gcuimhne an teilifíseáin nó ar fáil le híoslódáil ó
shuíomh Gréasáin Philips, a bheith dóthanach
don úsáid atá ceaptha a bhaint as an gcóras.
Má úsáidtear an táirge le haghaidh cuspóirí
seachas na cuspóirí a shonraítear anseo, ní
féidir le TP Vision feidhmiú ceart agus
sábháilteacht an táirge a ráthú.
Ní féidir freagracht a chur ar TP Vision as aon
earráid sa doiciméad seo ná as aon fhadhb a
d'eascródh as ábhar an doiciméid seo.
Déanfar earráidí a thuairiscítear do TP Vision a
oiriúnú agus a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin
tacaíochta Philips a luaithe is féidir.
Téarmaí an bharántaIs féidir téarmaí an bharánta a íoslódáil ó
shuíomh Gréasáin tacaíochta Philips. Ná
déan iarracht riamh an teilifíseán a
dheisiú tú féin toisc go bhféadfadh gortú,
damáiste don teilifíseán nó baránta
neamhbhailí a bheidh de thoradh air!
Bain úsáid as an teilifíseán agus as na
hoiriúintí ar an tslí a cheap an déantóir
agus ar an tslí sin amháin.
Comhartha de bhaol turrainge leictrigh is
ea an comhartha rabhaidh atá priontáilte
ar chúl an teilifíseáin. Ná bain an clúdach
den teilifíseán riamh. Iarr ar Philips TV
Customer Care gach seirbhísiú agus
deisiú a dhéanamh.
Cuirfear an baránta ar neamhní má
dhéantar rud ar bith atá coiscthe go
sainráite sa lámhleabhar seo, nó má
déantar athrú nó cóimeáil ar bith nach
bhfuil molta nó údaraithe sa lámhleabhar
seo.
Saintréithe picteilín
Tá líon ard picteilín datha sa táirge LCD/LED
seo. Cé go bhfuil picteilíní éifeachtacha de
99.999% aige, d'fhéadfadh spotaí dubha nó
pointí geala solais (dearg, glas nó gorm) a
bheith le feiceáil i gcónaí ar an scáileán.
Saintréith struchtúrach den taispeáint is ea é
sin (laistigh de chomhchaighdeáin an tionscail)
agus ní mífheidhm é.
Comhlíonadh AE
Comhlíonann an táirge seo riachtanais agus
forálacha ábhartha eile na dTreoracha
2006/95/EC (Voltas Íseal), 2004/108/EC
(EMC) agus 2011/65/EU (ROHS).
GA 4
Gaeilge
Comhlíonadh EMF
Déanann TP Vision mórchuid táirgí dírithe ar
thomhaltóirí a mhonarú agus a dhíol, agus dála
aon trealaimh leictreonaigh eile, féadfaidh siad,
i gcoitinne, comharthaí leictreamaighnéadacha
a chur amach agus a ghlacadh.
Tá sé i measc phríomh-Phrionsabail Ghnó TP
Vision gach beart riachtanach sláinte agus
sábháilteachta a dhéanamh maidir leis na táirgí,
chun géilleadh do gach riachtanas dlíthiúil is
infheidhme agus chun bheith go maith laistigh
de chaighdeáin na Réimse Leictreamaighnéadaí
is infheidhme an tráth a tháirgtear na táirgí.
Geallann TP Vision táirgí a fhorbairt, a
tháirgeadh agus a mhargú, táirgí nach mbeidh
aon éifeacht dhíobhálach acu ar an tsláinte.
Deimhníonn TP Vision go bhfuil a tháirgí
sábháilte d'úsáid an duine de réir na fianaise
eolaíche atá ar fáil inniu, ach iad a láimhsiú i
gceart chun na críche dár ceapadh iad.
Tá ról gníomhach ag Philips agus TP Vision i
bhforbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta EMF
agus sábháilteachta, rud a chumasaíonn do
Philips coinne a bheith aige le forbairtí eile i
gcaighdeánú, lena gcomhtháthú go luath sna
táirgí.
Bogearraí fhoinse oscailte
Leis seo tairgeann TP Vision Netherlands B.V.
cóip den chód foinse comhfhreagrach iomlán
maidir leis na pacáistí bogearraí foinse oscailte
faoi chóipcheart a úsáideadh sa táirge seo a
sheachadadh, ar iarratas, i gcás go n-iarrtar a
leithéid faoi na ceadúnais faoi seach. Mairfidh
an tairiscint seo trí bliana tar éis dháta
ceannaigh an táirge d'aon duine a fhaigheann
an t-eolas seo. Gheofar an cód foinse ach
scríobh i mBéarla chuig:
“Intellectual Property Department, TP Vision
Netherlands B.V., P.O. Box 80077, 5600 KA
Eindhoven, The Netherlands”.
Trádmharcanna agus cóipchearta
Trádmharc cláraithe nó trádmharc de chuid
Microsoft Corporation sna Stáit Aontaithe
agus/nó i dtíortha eile is ea Windows Media.
Monaraithe faoi cheadúnas ó Dolby
Laboratories. Trádmharcanna de chuid Dolby
Laboratories is ea Dolby agus an tsiombail D
dúbailte.
Trádmharcanna nó trádmharcanna cláraithe
de chuid HDMI Licensing LLC sna Stáit
Aontaithe nó i dtíortha eile is ea na téarmaí
HDMI agus HDMI High-Definition Multimedia
Interface, agus lógó HDMI.
Trádmharcanna cláraithe sna Stáit Aontaithe
de chuid ACCO World Corporation is ea
Kensington agus Micro Saver a bhfuil cláruithe
eisithe agus iarratais ar feitheamh acu i dtíortha
eile ar fud an domhain.
Maoin de chuid a n-úinéirí faoi seach is ea gach
trádmharc eile cláraithe agus neamhchláraithe.
GA 5
Inbhuanaitheacht
Tíosacht ar fhuinneamh
Dearadh an teilifíseán seo le gnéithe tíosacha
ar fhuinneamh. Brúigh an Cnaipe glas ar an
gcianrialtán, chun teacht ar na gnéithe sin.
Socruithe pictiúir tíosacha ar
fhuinneamh: Is féidir meascán de
shocruithe pictiúir tíosach ar fhuinneamh
a úsáid. Agus tú ag féachaint ar teilifís,
brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh
[Tíosach ar fhuinneamh]. Ansin
roghnaigh an socrú pictiúir [Tíosach ar fhuinneamh].
Scáileán as: Mura dteastaíonn uait ach
éisteacht le fuaim ón teilifís, is féidir an
taispeáint teilifíse a athrú. Oibreoidh na
feidhmeanna eile mar is gnáth. Agus tú ag
féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas
agus roghnaigh [Scáileán as].
Uathmhúch: Chun fuinneamh a
chaomhnú, socraigh an teilifíseán chun
múchadh sa ghnáthchúrsa ag deireadh
tréimhse díomhaointis. Agus tú ag
féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas
agus roghnaigh [Uathmhúch]. Ansin
roghnaigh an tréimhse a múchfaidh an
teilifíseán ina diaidh.
Múch gléasanna díomhaoine Múch
gléasanna géilliúla EasyLink HDMI-CEC
(Rialú Leictreonach Tomhaltóirí) atá
díomhaoin. Agus tú ag féachaint ar teilifís,
brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh
[Gléas díomhaoin múchta].
Nuair a bhíonn an tsiombail seo de araid ar
rothaí agus líne tríd le feiceáil ar tháirge,
ciallaíonn sé go bhfuil an táirge sin clúdaithe ag
an Treoir Eorpach 2002/96/CE. Iarrtar ort fáil
amach faoin gcóras bailiúcháin leithscartha
áitiúil le haghaidh táirgí leictreacha agus
leictreonacha.
Gníomhaigh de réir na rialacha áitiúla agus
ná caith amach do sheantáirgí le do
ghnáthdhramhaíl teaghlaigh. Ach do
sheantáirge a dhiúscairt ar an tslí mholta
cabhraíonn sé chun iarmhairtí diúltacha
féideartha ar an timpeallacht agus ar shláinte
an duine a sheachaint.
Tá cadhnraí atá clúdaithe ag Treoir Eorpach
2006/66/CE i do tháirge, agus ní féidir iad a
dhiúscairt le do ghnáthdhramhaíl teaghlaigh.
Iarrtar ort fáil amach faoi na rialacha áitiúla i
dtaobh bailiú leithscartha cadhnraí toisc go
gcabhraíonn sé le hiarmhairtí diúltacha
féideartha ar an timpeallacht agus ar shláinte
an duine a sheachaint ach iad a dhiúscairt ar an
tslí cheart.
Athchúrsáil
Rinneadh do tháirge a dhearadh agus a
mhonarú le hábhair agus comhpháirteanna ar
ardchaighdeán, ar féidir iad a athchúrsáil agus a
athúsáid.
GA 6
Lipéad fuinnimh
Insíonn an Lipéad Eorpach Fuinnimh duit cad é
aicme tíosachta ar fhuinneamh an táirge. Dá
ghlaise an aicme tíosachta ar fhuinneamh, is lú
an méid fuinnimh a ídíonn sé.
Ar an lipéad feicfidh tú an aicme tíosach ar
fhuinneamh, meánídiú cumhacht an táirge in
úsáid agus an meánídiú fuinnimh i gcaitheamh
bliana. Gheobhaidh tú luachanna ídithe
cumhachta an táirge ar shuíomh Gréasáin
Philips do thíre ag www.philips.com/TV.
Gaeilge
Cabhair agus tacaíocht
Tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin
Philips
Gheofar breis eolais ar shuíomh Gréasáin
tacaíochta Philips ag www.philips.com/support.
Seo rudaí eile is féidir a dhéanamh ar shuíomh
Gréasáin Philips:
Freagraí a fháil ar Cheisteanna Coitianta
(CC)
Leagan inchlóite PDF den lámhleabhar
seo a íoslódáil
Ceist ar leith a chur orainn i r-phost
Labhair ar líne le Philips TV Consumer
Care (ar fáil i dtíortha áirithe amháin)
Bain úsáid as treoir nascachta Philips
Sa treoir shoiléir seo ar nascacht, gheobhaidh
tú treoir faoin tslí le do theilifíseán a cheangal le
gléasanna eile. Téigh chuig
http://www.connectivityguide.philips.com.
Cuardaigh an fóram teilifíse
D'fhéadfadh sé gur fhreagair pobal úsáideoirí
teilifíseán Philips do cheist cheana féin. Téigh
chuig www.supportforum.philips.com.
Déan teagmháil le Philips
Is féidir tacaíocht a fháil ach glaoch ar Philips
TV Consumer Care i do thír féin. Gheobhaidh
tú an uimhir sa bhileog in éineacht leis an
táirge seo, nó ar líne ag
www.philips.com/support.
Sula gcuireann tú glao ar Philips, scríobh
síos uimhir mhúnla agus sraithuimhir do
theilifíseáin. Gheobhaidh tú na huimhreacha
sin ar chúl do theilifíseáin nó ar an
bpacáistíocht ina raibh an teilifíseán.
GA 7
2 Ú sáid do
theilifíseán
Rialuithe teilifíseáin
Braiteoirí agus táscairí
1. LED táscaire fuireachais agus braiteoir
cianrialaithe
Taispeánann an LED fuireachais go bhfuil an
teilifíseán ar fuireachas. Dírigh an cianrialtán ar
an mbraiteoir. Bí cinnte nach bhfuil aon rud sa
bhealach ar an líne amhairc idir an cianrialtán
agus an teilifíseán.
Cianrialú
5. TV: Athraigh foinse chun féachaint ar teilifís.
6. (Baile): Téigh chuig an roghchlár Baile.
7. OK: Deimhnigh iontráil nó rogha.
8. Cnaipí nascleanúna Déan
nascleanúint trí roghchláir agus roghnaigh
míreanna.
9. LIST: Téigh isteach sa liosta cainéal
teilifíse.
10. INFO: Taispeáin eolas mar gheall ar
ghníomhaíocht reatha.
11. ADJUST: Ceartaigh na socruithe
teilifíse.
12. OPTIONS: Téigh chuig na roghanna atá
ar fáil faoi láthair.
1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó ar
fuireachas.
2. Cnaipí seanma: Rialaigh athsheinm na
gcomhad meáin.
3. SOURCE: Téigh chuig gléas ceangailte.
4. FORMAT: Athraigh formáid pictiúir.
GA 8
13. (Siar): Chun filleadh ar an leathanach
roghchláir roimhe nó éalú as feidhm theilifíse.
14. CH - / CH +: Athraigh cainéil.
Gaeilge
15. +/- (Airde): Ceartaigh an airde.
16. (Gan fuaim): Cealaigh an fhuaim nó
athchuir í.
17. Cnaipí datha: Roghnaigh tascanna nó
roghanna.
Feidhmíonn na cnaipí de réir na seirbhísí a
thairgeann an soláthraí seirbhíse.
18. SUBTITLE: Cuir fotheidil ann nó as.
19. 0-9 (Cnaipí uimhriúla): Roghnaigh cainéil
theilifíse nó cuir isteach téacs.
20. TEXT: Cumasaigh nó díchumasaigh
teilithéacs.
Rialuithe EasyLink
Má cheanglaíonn tú do theilifíseán de ghléasanna
cumasaithe HDMI-CEC, ar nós seinnteoir
Blu-ray nó amharclann bhaile, beidh tú ábalta
iad a rialú ag an am céanna le cianrialtán
amháin. Ní gá ach EasyLink a chur air tar éis
ceangal.
Cuir an teilifís airCeangail an teilifíseán den asraon
príomhchumhachta agus cuir an
phríomhchumhacht ann.
Má tá an LED fuireachais lasta, brúigh
ar an gcianrialtán.
Nóta: Beidh moill bheag ann sula
bhfreagraíonn an teilifíseán.
Leid: Más mian leat an teilifís a chur air
ó fhuireachas ach ní féidir teacht ar an
gcianrialtán, brúigh ar an teilifíseán.
Cuir an teilifíseán ar fuireachas
Brúigh ar an gcianrialtán.
Athraíonn an LED fuireachais ar an teilifíseán
go dearg.
Cuir an teilifís as
Brúigh ar an teilifíseán.
Múchann an LED fuireachais.
Nóta: Cé gur beag fuinneamh a ídíonn
an teilifíseán agus é ar fuireachas nó as,
úsáideann sé fuinneamh éigin. Mura bhfuil
i gceist agat an teilifíseán a úsáid go ceann
tamaill fhada, dícheangal é den phlocóid
phríomhchumhachta.
Ceartaigh an airde
Féach ar teilifís
Cuir an teilifís ann nó as
Méadaigh nó laghdaigh airde an teilifíseáin
Brúigh +/- ar an gcianrialtán.
Cealaigh fuaim an teilifíseáin nó athchuir í
Brúigh ar an gcianrialtán chun an
airde a chealú.
Brúigh arís chun an fhuaim a athchur.
Ceartaigh airde na gcluasán
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Fuaim] > [Airde na gcluasán],
ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh leibhéal.
GA 9
Athraigh cainéil teilifíse
Brúigh CH +/- ar an gcianrialtán.
Brúigh na cnaipí uimhriúla chun uimhir
cainéil a chur isteach.
Bainistigh cainéil roghnaithe
Is féidir féachaint ar gach cainéal nó díreach ar
liosta de chainéil roghnaithe.
Cruthaigh liosta de do chainéil roghnaithe
1. Brúigh LIST.
Tá an liosta cainéal ar taispeáint.
2. Roghnaigh na cainéil le marcáil ina gceanáin,
ansin brúigh OPTIONS.
3. Select [Cuir ceanáin leis/bain ceanáin],
ansin brúigh OK.
Tá an cainéal roghnaithe marcáilte le réiltín.
Chun cainéal a bhaint de liosta na gceanán,
roghnaigh [Cuir ceanán leis/bain ceanán de],
agus ansin brúigh OK.
Taispeáin do liosta cainéal roghnaithe
1. Brúigh LIST, ansin brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Liosta] > [Ceanáin] chun
cainéil i liosta na gceanán a thaispeáint.
3. Brúigh OK mar dheimhniú.
Cuir ord nua ar do liosta cainéal roghnaithe
1. Agus do liosta cainéal roghnaithe ar
taispeáint, brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Cuir ord nua air], ansin brúigh
OK.
3. Roghnaigh an cainéal le cur in ord nua, ansin
brúigh OK.
4. Brúigh na cnaipí nascleanúna chun cainéal
aibhsithe a bhogadh go háit eile, ansin brúigh
OK.
5. Nuair a bheidh tú críochnaithe, brúigh
OPTIONS.
6. Roghnaigh [Fág cuir ord nua air], ansin
brúigh OK.
Bainistigh liostaí cainéal
Nuair a bheidh na cainéil suiteáilte, beidh tú
ábalta:
Cainéil a scagadh.
Athrú idir cainéal aeróige agus cainéal
cábla.
Athainmnigh cainéil.
Cainéal a ghlasáil.
Éisteacht le raidió digiteach.
Cainéil a scagadh
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
LIST.
2. Brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Scag].
3. Déan rogha, ansin brúigh OK.
[Digiteach + Analógach]: Taispeáin gach
cainéal sa liosta cainéal.
[Cainéil dhigiteacha teilifíse]: Taispeáin
cainéil dhigiteacha amháin.
[Cainéil analógacha]: Taispeáin cainéil
analógacha amháin.
[Saor + scrofa]: Taispeáin gach cainéal sa
liosta cainéal.
[Cainéil shaor in aisce]: Taispeáin cainéil
shaor in aisce amháin.
[Cainéil scrofa]: Taispeáin cainéil scrofa
amháin.
Nóta: D'fhéadfadh na roghanna scagtha a
bheith éagsúil, ag brath ar do chraoltóir.
Athraigh idir cainéil aeróige agus cainéil
chábla
Agus tú ag féachaint ar teilifís, is féidir athrú idir
cainéil aeróige agus cainéil chábla.
3. Roghnaigh [Aeróga (DVB-T)] chun
féachaint ar chainéil aeróige nó [Cábla (DVB-C)] chun féachaint ar chainéil chábla,
ansin brúigh OK.
Cainéil a athainmniú
Nuair a roghnaíonn tú cainéal, tagann ainm an
chainéil sin aníos. Is féidir an t-ainm sin a athrú.
GA 10
Gaeilge
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
LIST.
Taispeántar an liosta cainéal.
2. Roghnaigh an cainéal atá le hathainmniú,
ansin brúigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Athainmnigh], ansin brúigh OK.
Taispeántar an méarchlár scáileáin.
4. Brúigh na Cnaipí treoleanúna chun gach
carachtar a roghnú, ansin brúigh OK.
5. A luaithe a bhíonn sé déanta, roghnaigh
[Déanta], ansin brúigh OK mar dheimhniú.
Glasáil cainéal
Is féidir teacht neamhúdaraithe ar chainéil a
chosc trí hiad a ghlasáil.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST.
Tá an liosta cainéal ar taispeáint.
2. Roghnaigh an cainéal atá le glasáil, ansin
brúigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Glasáil cainéal], ansin brúigh OK.
4. Má iarrtar é, cuir isteach d'uimhir aitheantais
pearsanta.
Beidh an cainéal marcáilte le híocón glais sa
liosta cainéal.
Leid: Chun féachaint ar chainéal glasáilte, cuir
isteach an cód aitheantais nuair a iarrtar é.
Éist le raidió digiteach
Is féidir éisteacht le cainéil dhigiteacha raidió,
ach iad a bheith ar fáil. Suiteáiltear iad sa
ghnáthchúrsa nuair a shuiteálann tú na cainéil
teilifíse.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST.
Taispeántar an liosta cainéal.
2. Brúigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Scagaire] > [Raidió], ansin
brúigh OK.
4. Roghnaigh cainéal raidió, ansin brúigh OK.
Féach ar ghléasanna ceangailte
Ní mór an gléas a cheangal den teilifís sular
féidir féachaint air.
Roghnaigh gléas le SOURCE
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK.
Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh an gléas, ansin brúigh OK.
Ú sáid réamhshocruithe pictiúir agus
fuaime
Faightear socruithe réamhshainithe pictiúir
agus fuaime in éineacht le do theilifíseán. Is
féidir na socruithe sin a chur i bhfeidhm nó iad
a shaincheapadh.
Roghnaigh do rogha socruithe pictiúir
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl phictiúir], ansin brúigh OK.
3. Déan rogha, ansin brúigh OK:
[Pearsanta]: Cuir do shocruithe
pearsantaithe pictiúir i bhfeidhm.
[Beoga]: Socruithe saibhre dinimiciúla,
oireann siad do dhaoine a fhéachann ar
teilifís i rith an lae.
[Nádúrtha]: Socruithe nádúrtha pictiúir.
[Caighdeánach]: Réamhshocruithe a
oireann do gach timpeallacht agus do
gach cineál físeáin, nach mór.
[Scannán]: Socruithe a oireann do
scannáin.
[Grianghraf]: Socruithe a oireann do
ghrianghraif.
[Tíosach ar fhuinneamh]: Na socruithe
is mó a chaomhnaíonn fuinneamh.
Roghnaigh do rogha socruithe fuaime
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl fuaime], ansin brúigh OK.
3. Déan rogha, ansin brúigh OK:
[Pearsanta]: Cuir do shocruithe
pearsantaithe fuaime i bhfeidhm.
[Bunaidh]: Réamhshocruithe a oireann
do gach timpeallacht agus do gach cineál
comhad fuaime, nach mór.
[Scannán]: Socruithe a oireann do
scannáin.
[Ceol]: Socruithe a oireann chun
éisteacht le ceol.
[Cluiche]: Socruithe a oireann do chluichí.
[Nuacht]: Socruithe a oireann do
chomhaid fuaime, ar nós na nuachta.
GA 11
Athraigh formáid pictiúir
Athraigh formáid an phictiúir ar mhaithe leis
an bhfoinse físeáin.
1. Brúigh FORMAT.
2. Roghnaigh formáid phictiúir, ansin brúigh
OK.
Braitheann na formáidí pictiúir atá ar fáil ar
fhoinse an fhíseáin.
[Uath]: Ceartaigh formáid an phictiúir de
réir na foinse ionchuir.
[Forzúmáil]: Bain na barraí dubha ar
thaobhanna craoltaí 4:3. Ní mholtar é
le haghaidh HD ná PC.
[Leathnaigh scannán 16:9]: Scálaigh
formáid 4:3 go 16:9. Ní mholtar é le
haghaidh HD ná PC.
[Scáileán leathan]: Taispeánann sé
inneachar scáileán leathan gan é a bheith
sínte. Ní mholtar é le haghaidh HD ná PC.
[Díscálaithe]: Soláthair a mhéid sonraí is
féidir le haghaidh PC. Ní bhíonn sé ar fáil
ach amháin nuair a roghnaítear mód PC
sa roghchlár Pictiúr.
[4:3]: Taispeáin an formáid chlasaiceach
4:3.
3. Má tá tú ag féachaint ar threoir clár
den chéad uair, lean na treoracha ar
an scáileán chun an treoir a thabhairt cothrom
le dáta.
Treoir clár craoltóra a shaincheapadh
Is féidir an t-eolas a thaispeántar a
shaincheapadh chun:
Meabhrúchán a thabhairt duit go bhfuil
clár ar tí tosú.
Cainéil roghnaithe amháin a thaispeáint.
An lá taispeána a athrú.
Nóta: Braithfidh na roghanna ar an eolas clár
atá ar fáil ón gcraoltóir.
1. Sa treoir clár, brúigh OPTIONS.
2. Déan rogha, ansin brúigh OK:
[Nuashonraigh an Treoir theilifíse]:
Tabhair eolas treorach chun dáta.
[Athraigh an lá]: Roghnaigh an lá ar
a dtaispeánfar an treoir clár.
[Cuardaigh de réir seánra]: Cuardaigh
cláir de réir seánra.
[Gach meabhrúchán]: Taispeáin liosta
de na meabhrúcháin clár ar fad.
Seinn comhaid ilmheáin
Féach eolaire na gclár
An méid is féidir leat a dhéanamh
Is féidir féachaint ar sceidil clár agus ar achoimrí
clár le haghaidh cainéil digiteacha teilifíse in
eolairí clár a sholáthraíonn na craoltóirí.
Braitheann infhaighteacht na n-eolairí clár ar
do chraoltóir.
Ní féidir féachaint ar eolas i dtreoir clár cainéil
más amhlaidh:
go bhfuil rátáil aoise an chainéil cothrom
leis an rátáil aoise atá socraithe ar do
theilifíseán, nó níos airde.
má tá an cainéal glasáilte.
Ó n gcraoltóir
Tar ar threoir clár craoltóra
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Treoir theilifíse], ansin brúigh OK.
GA 12
An méid is féidir leat a dhéanamh
Is féidir leat físeáin, grianghraif, comhaid ceoil
agus téacs a sheinm ar do theilifíseán ó ghléas
USB atá ceangailte den teilifíseán.
Seinn comhaid ó ghléas USB
Má tá grianghraif, físeáin nó comhaid cheoil
agat ar ghléas stórála USB, is féidir na comhaid
a sheinm ar teilifís.
Rabhadh:Ní bheidh TP Vision freagrach mura
dtacaítear leis an ngléas stórála USB,
nó má chailltear sonraí sa ghléas,
nó má dhéantar damáiste dó.
Ná déan an port USB a ró-ualú. Má
cheanglaíonn tú gléas stórála USB a
ídíonn breis is 500mA cumhachta,
bí cinnte go mbíonn sé ceangailte dá
sholáthar cumhachta seachtrach féin.
Loading...
+ 32 hidden pages
You need points to download manuals.
1 point = 1 manual.
You can buy points or you can get point for every manual you upload.