Philips 32PHS4203/12, 43PFT4203/12 user manual

Register your product and get support at
www.philips.com/TVsupport
4203 series
Lámhleabhar
32PHS4203 32PHT4203
43PFT4203
50PFT4203
1 Faigh Tacaíocht 3
1.1 Aithin agus Cláraigh do theilifís 3
1.2 Cabhair teilifíse agus Treoir Úsáideora 3
1.3 Cabhair Ar Líne agus Treoir Úsáideora 3
1.4 Cúram Custaiméirí / Athdheisiú 3
2 Bogearaí 5
2.1 Nuashonrú Bogearraí 5
2.2 Leagan Bogearraí 5
3 Mear-Treoir 6
3.1 Cianrialtán 6
3.2 Braiteoir IR 7
3.3 Luamhán stiúrtha - Rialú áitiúil (má tá fáil air) 7
3.4 Nasc Bluetooth (do na sraitheanna 5703) 8
4 Suiteáil 9
4.1 Léigh Sábháilteacht 9
4.2 Lonnú Teilifíse 9
4.3 Cas air an teilifís 11
5 Naisc 13
5.1 Treoir maidir le nascacht 13
5.2 Aeróg 13
5.3 Satailít (má tá fáil air) 13
5.4 Gléas Físeáin 14
5.5 Gléas Fuaime 16
5.6 Stáisiún fuaime Bluetooth (do na sraitheanna 5703)
17
5.7 Ríomhaire 18
5.8 CAM le Cárta Cliste - CI+ 19
5.9 Gléas USB 20
5.10 Líonra do Freeview (Is do mhúnlaí na Ríochta Aontaithe amháin an port líonra) 20
6 Athraigh Foinse 22
6.1 Liosta Foinse 22
6.2 Athainmnigh Gléas 22
7 Cainéil 23
7.1 Maidir le Cainéil agus Athraigh Cainéil 23
7.2 Suiteáil Cainéal 23
7.3 Liosta Cainéal 29
7.4 Roghnaigh Scagaire Cainéal 30
7.5 Cainéil Cheanáin 30
8 Eolaire Teilifíse 33
8.1 A bhfuil de dhíth ort 33
8.2 An Eolaire Teilifíse a Úsáid 33
9 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos
35
9.1 A bhfuil de dhíth ort 35
9.2 Taifeadadh 35
9.3 Cuir teilifís ar sos 36
10 Meáin 38
10.1 Ó Nasc USB 38
10.2 Grianghraif 38
10.3 Físeáin 38
10.4 Ceol 39
11 Oscail na Roghchláir Socruithe Teilifíse
40
11.1 Forbhreathnú ar an Roghchlár Baile 40
11.2 Roghchlár Áirgí 40
11.3 Mearsocruithe agus Gach Socrú 40
11.4 Gach Socrú 40
12 Comhshaol 48
12.1 Lipéad Fuinnimh na hEorpa 48
12.2 Deireadh Úsáide 48
13 Sonraíochtaí 49
13.1 Cumhacht (don tsraith 4503, 5303, 5503, 5703)
49
13.2 Cumhacht (don tsraith 5403) 49
13.3 Glacacht 49
13.4 Taifeach Taispeána 49
13.5 Taifeach taispeána: 50
13.6 Fuaim 50
13.7 Ilmheáin 50
13.8 Nascacht 51
14 Fadhbanna 52
14.1 Leideanna 52
14.2 Cas As 52
14.3 Cianrialtán 52
14.4 Cainéil 53
14.5 Pictiúr 53
14.6 Fuaim 53
14.7 HDMI 53
14.8 USB 54
15 Sábháilteacht agus Cúram 55
15.1 Sábháilteacht 55
15.2 Cúram Scáileáin 56
15.3 Téarmaí Úsáide 56
16 Cóipchearta 58
16.1 HDMI 58
16.2 Fuaim Dolby 58
16.3 DTS 2.0 + Digital Amach™ 58
16.4 Trádmharcanna Eile 58
17 Foinse Oscailte 59
17.1 Bogearraí Foinse Oscailte 59
17.2 Ceadúnas Foinse Oscailte 59
Innéacs 62
2
1
1.3
Faigh Tacaíocht
1.1
Aithin agus Cláraigh do theilifís
Aithin do theilifís - múnla agus sraithuimhir an táirge teilifíse
D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an táirge teilifíse agus an tsraithuimhir a thabhairt. Aimsigh na huimhreacha seo ar an lipéad pacáistithe nó ar an lipéad cineáil ar chúl nó ar bhun na teilifíse.
Cláraigh do theilifís
Cláraigh do theilifís agus bain leas as raon tairbhí lena n-áirítear tacaíocht iomlán (íoslódálacha san áireamh), rochtain phribhléideach a fháil ar fhaisnéis maidir le táirgí nua, tairiscintí agus lascainí eisiacha agus an deis duaiseanna a bhuachan agus fiú páirt a ghlacadh i suirbhéanna speisialta faoi eisiúintí nua.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport
Cabhair Ar Líne agus Treoir Úsáideora
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt arwww.philips.com/TVsupport. Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil
linn i do thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta, chomh maith le freagraí do cheisteanna coitianta (CCanna). I roinnt tíortha is féidir leat labhairt le duine dár gcomhghleacaithe agus do cheist a chur go díreach nó trí ríomhphost. Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil nó an treoirleabhar chun é a léamh ar do ríomhaire.
Chun níos mó eolais faoi fhabhtcheartú teilifíse agus ceisteanna a chuirtear go minic a fháil (CCanna)...
Téigh go dtí http://philips-tvconsumercare.kxondemand.com/
portal/en/ModelSelect
1.2
Cabhair teilifíse agus Treoir Úsáideora
Brúigh Socruithe > Cabhair Is féidir leat na bogearraí a nuashonrú go héasca sa
roghchlár Cabhair, mar aon leis an teilifís a athshocrú go dtí na réamhshocruithe, agus an treoir úsáideora a léamh.
- Nuashonraigh bogearraí: Seiceáil na nuashonruithe bogearraí atá ar fáil.
- Treoir úsáideora: Léigh an treoir úsáideorafor le haghaidh faisnéise faoin teilifís.
- Fabhtcheartú: Aimsigh réiteach do cheisteanna a chuirtear go minic.
- Réamhshocruithe: Athshocraigh gach socrú go dtí na réamhshocruithe.
- Athshuiteáil teilifís: Athshuiteáil agus déan an tsuiteáil teilifíse arís.
- Eolas teagmhála: Taispeáin an uimhir theileafóin nó suíomh gréasáin do do thír nó do réigiún.
Cabhair teilifíse ar do tháibléad, d'fhón cliste nó do ríomhaire
Chun go n-éascófaí seichimh fada treoracha, is féidir leat Cabhar teilifís a íoslódáil i bhformáid PDF le haghaidh a léite ar d'fhón cliste, taibléad nó ríomhaire. Mar rogha air sin, is féidir leat an leathanach ábhartha ó Chabhair ó do ríomhaire. Chun Cabhair (lámhleabhar úsáideora) a íoslódáil, tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport
1.4
Cúram Custaiméirí / Athdheisiú
Is féidir leat glaoch ar an mbeolíne Chúram Custaiméirí i do thír chun tacaíocht nó athdheisiú a fháil. Déanfaidh ár n-innealltóirí seirbhíse athdheisiú, más gá.
Aimsigh an uimhir theileafóin sa cháipéisíocht phriontáilte a tháinig leis an teilifís. Nó tabhair cuairt ar ár láithreán gréasáin www.philips.com/TVsupport agus roghnaigh do thír más gá.
Uimhir mhúnla agus sriathuimhir na teilifíse
D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an táirge teilifíse agus an tsraithuimhir a thabhairt. Aimsigh na huimhreacha seo ar an lipéad pacáistithe nó ar an lipéad cineáil ar chúl nó ar bhun na teilifíse.
3
Rabhadh
Ná triail an teilifís a athdheisiú tú féin. D'fhéadfá tú féin a ghortú go dona, damáiste nach féidr é a leigheas a dhéanamh do do theilifís nó do bharánta a chur ar ceal.
4
2
Nuashonruithe Áitiúla
Bogearaí
2.1
Nuashonrú Bogearraí
Déan cuardach do Nuashonruithe
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe.
Teastaíonn ríomhaire agus gléas cuimhne USB uait chun na bogearraí a uaslódáil ar an teilifís. Úsáid gléas cuimhne USB a bhfuil 256MB de spás saor air. Bí cinnte go bhfuil cosaint ar scríobh casta as.
1. Tosaigh an nuashonrú ar an teililfís
- (Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe.
2. Aithin an teilifís
- Cuir an chuimhne USB isteach i gceann de na naisc USB ar an teilifís. Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK. Scríobhtar comhad aitheantais ar an gnléas cuimhne USB.
3. Íoslódáil bogearraí na teilifíse
- Cuir an chuimhne USB isteach i do ríomhaire.
- Ar an ngléas cuimhne USB, aimsigh an comhad update.htm agus cliceáil faoi dhó air.
- Cliceáil ar Seol ID.
- Roghnaigh do réigiún
- Má tá bogearraí nua ar fáil, íoslódáil an comhad .zip.
Do mhiondíoltóirí agus sainúsáideoirí.…
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Nuashonruithe áitiúla.
Déan cuardach do nuashonruithe OAD (Íoslódáil tríd an aer)
Déan scan chun cuardach a dhéanamh do nuashonrú bogearraí tríd an aer.
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe OAD.
2.2
Leagan Bogearraí
Chun féachaint ar leagan reatha na mbogearraí teilifíse…
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí > Faisnéis bogearraí reatha
I ndiaidh na híoslódála, dízipeáil agus cóipeáil an comhad autorun.upg go dtí an gléas cuimhne USB.
4. Nuashonraigh bogearraí na teilifíse
- Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach sa teilifís arís. Tosaíonn an nuashonrú go huathoibríoch. Casann an teilfís í féin as ar feadh 10 soicind agus ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Ná. . . . .
- úsáid an cianrialtán
- bain an gléas cuimhne USB amach ón teilifís Má chliseann ar an gcumhacht i rith an nuashonraithe,
ná bain as an mhéaróg chuimhne USB ón teilifís go deo. Nuair a thiocfaidh an chumhacht ar ais, leanfaidh an nuashonrú ar aghaidh.
5
3
Mear-Treoir
3.1
Cianrialtán
Cadhnraí agus Glanadh
Cadhnraí a athsholáthar
Mura bhfreagraíonn an teilifís do bhrú eochrach ar an gcianrialtán, d'fhéadfadh na ceallraí a bheith caite.
Chun na ceallraí a athsholáthar, oscail raca na gceallraí ar chúl an chianrialtáin.
1. Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léirítear ar an tsaighead.
2. Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra den chineál AAA-R03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí + agus - de na ceallraí isteach i gceart.
3. Cuir doras na gceallraí ar ais arís agus sleamhnaigh é go dtí go gcliceálann sé.
1. Ar Fuireachas / Air Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go Fuireachas.
2. Eochracha Athsheanma
- Brúigh , chun athsheinm.
- Cuir ar sos , chun athsheinnt a chur ar sos
- Brúigh , chun athsheinnt a stopadh
- Brúigh , chun athochras.
- Brúigh , chun mearchasadh Brúigh , chun taifeadadh anois
3. TV GUIDE Chun an tEolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.
4. FORMAT Chun an roghchlár Formáid Pictiúir a oscailt nó a dhúnadh.
5. SETUP Chun an roghchlár Socruithe a oscailt.
Lár
- Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid agat ar feadh tréimhse fada.
- Faigh réidh le do sheancheallraí de réir na dtreoracha a thugtar maidir le deireadh úsáide.
Glanadh
Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán. Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais.
Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná glantóirí tí nó an cianrialtán.
Forbhreathnú ar na hEochracha
Barr
1. HOME
Chun an roghchlár Baile a oscailt nó a dhúnadh.
2. SOURCES Chun an roghchlár Foinsí a oscailt nó a dhúnadh ­liosta na ngléasanna nasctha.
3. Eochracha dathanna Leanann feidhm na gcnaipí na treoracha ar an scáileán.
4. INFO
6
Chun eolas cláir a oscailt nó a dhúnadh.
5. BACK Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a roghnaigh tú roimhe sin. Chun roghchlár a dhúnadh gan socrú a athrú.
6. EXIT Chun athrú ar ais d'fhéachaint teilifíse.
7. OPTIONS Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.
8. Eochair OK Chun rogha nó socrú a dhearbhú.
9. Eochracha saighde/ nascleanúna Chun dul suas, síos, ar chlé nó ar dheas.
10. LIST Chun an liosta cainéal a oscailt nó a dhúnadh.
Bun
Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.
3.2
Braiteoir IR
Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin ar aghaidh na teilifíse.
Rabhadh
Ná cuir aon rud os comhair braiteoir IR na teilifíse mar go bhféadfadh sé an comhartha IR a bhlocáil.
1. Balbhaigh
Chun an fhuaim a chasadh as, nó chun í a chasadh air arís.
2. Airde fuaime Chun airde na fuaime a athrú.
3. Eochracha uimhreach Chun cainéal teilifíse a roghnú go díreach.
4. SUBTITLE Chun fotheidil a chasadh air, as nó Uathoibríoch.
5. Cainéal Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an cainéal roimhe sin, chun an chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin in Téacs/Teilithéacs a oscailt nó chun an chéad chaibidil eile nó an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú. Chun an chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin a oscailt in Téacs/Teilithéacs. Chun an chéad chaibidil eile nó an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú.
3.3
Luamhán stiúrtha - Rialú áitiúil (má tá fáil air)
Méaracha teilifíse
Má tá an cianrialtán caillte agat, nó má tá a cheallraí caite, is féidir leat roinnt oibríochtaí bunúsacha teilifíse a dhéanamh i gcónaí.
Chun an roghchlár bunúsach a oscailt…
1. Agus an teilifís casta air agat, brúigh an eochair luamháin stiúrtha ar chúl na teilifíse chun an roghchlár bunúsach a oscailt.
2. Brúigh clé nó deas chun Airde Fuaime, Cainéal nó Foinsí a roghnú.
6. TEXT
7
Brúigh suas nó síos chun an airde fuaime a athrú nó tiúnáil go dtí an chéad chainéal eile, nó an ceann roimhe sin. Brúigh suas nó síos chun dul trí liosta na bhfoinsí, lena n-áirítear roghnú an tiúnóra.
Imeoidh an roghchlár as amharc go huathoibríoch.
3.4
Nasc Bluetooth (do na sraitheanna 5703)
Tá teicneolaíocht Bluetooth laistigh de do theilifís. Ligeann an teicneolaíocht do naisc éasca gan sreang idir an stáisiún fuaime ionsuite Bluetooth agus gléasanna Bluetooth, cosúil le fóin chliste. Is féidir leat mar sin taitneamh a bhaint as do cheol gan sreang.
Chun an nasc Bluetooth a thógáil, ní mór duit an stáisiún fuaime a phéireáil (nascadh) le do ghléas soghluaiste.
- Nuair atá an teilifís Air, brúigh Foinsí > Bluetooth agus brúigh OK.
- Ba cheart go mbeadh do theilifís inbhraite ag d’fhón soghluaiste anois.
- Beidh péireáil ag teastáil don chéad nasc, cuir isteach “2828” nuair a iarrann do ghléas soghluaiste ort an cód PIN a chur isteach.
8
4
Suiteáil
4.1
Léigh Sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n­úsáideann tú an teilifís.
Chun na treoracha a léamh, sa Treoir úsáideora, féach ar an gcaibidil Sábháilteacht agus cúram.
4.2
Lonnú Teilifíse
Leideanna maidir le Láithriú
- Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go díreach ar an scáileán.
- Socraigh an teilifís suas le 15 cm amach ón mballa.
- Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
- Ná cuir an stáisiún fuaime Bluetooth ar dhromchla bog mar go gcuirfidh sé sin isteach ar éifeacht na fuaime.
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó www.philips.com sa chás gur chaill tú í.
Leideanna maidir le Láithriú (do na sraitheanna 5703)
- Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go díreach ar an scáileán.
- Socraigh an teilifís suas le 15 cm amach ón mballa.
- Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
Úsáid uimhir múnla na teilifíse chun cuardach a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Gléasadh Balla
Sraith teilifíse 4503
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é). Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an gléasadh balla á cheannach agat . . .
9
- 32PHx4503 - VESA MIS-F 100x100, M4 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 14 mm)
Ullmhúchán
Bain na 4 scriú chlaibín plaisteacha amach as na boisc shnáithithe ar chúl na teilifíse. Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh tú an teilifís. Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar thoradh air.
Sraith teilifíse 5303
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é). Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an gléasadh balla á cheannach agat . . .
a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh tú an teilifís. Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar thoradh air.
Sraith teilifíse 5403
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é). Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an gléasadh balla á cheannach agat . . .
- 22PFx5403 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 10.5 mm)
Ullmhúchán
Bain na 4 scriú chlaibín plaisteacha amach as na boisc shnáithithe ar chúl na teilifíse. Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
- 22PFx5303 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 10.5 mm)
- 24PFx5303 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 10.5 mm)
Ullmhúchán
Bain na 4 scriú chlaibín plaisteacha amach as na boisc shnáithithe ar chúl na teilifíse. Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh tú an teilifís. Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar thoradh air.
Sraith teilifíse 5503
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é). Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an
10
gléasadh balla á cheannach agat . . .
- 43PFx5503 - VESA MIS-F 200x100, M6 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 15 mm)
- 50PFx5503 - VESA MIS-F 200x200, M6 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 15 mm)
Ullmhúchán
Bain na 2 scriú chlaibín plaisteacha amach as na boisc shnáithithe ar chúl na teilifíse. Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
Do 22"/24"
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh tú an teilifís. Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar thoradh air.
4.3
Cas air an teilifís
Nasc Cábla Cumhachta (sraith 4503, 5303, 5503, 5703)
- Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER ar chúl na teilifíse.
- Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go daingean sa nascóir.
- Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga cumhachta sa soicéad balla.
- Nuair a dhíphlugálann tú an cábla cumhachta, tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh tréimhse fada.
Nasc Cábla Cumhachta (sraith 5403)
- Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER ar chúl na teilifíse.
- Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go daingean sa nascóir.
- Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga cumhachta sa soicéad balla.
- Nuair a dhíphlugálann tú an cábla cumhachta, tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.
Do 32" nó níos airde
11
Nuair atá an teilifís i bhFuireachas, brúigh ar an gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air.
Athraigh go dtí fuireachas
Chun an teilifís a athrú go dtí Fuireachas, brúigh ar an gcianrialtán.
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh tréimhse fada.
Cas air nó Fuireachas
Sula gcasfaidh tú an teilifís air, cinntigh go bhfuil an príomhlíonra cumhachta plugáilte isteach sa nascóir
POWER ar chúl na teilifíse. Cas As
Brúigh an cnaipe cumhachta ar thaobh nó ar chúl na teilifíse.
Athraigh go dtí fuireachas Chun an teilifís a athrú go dtí Fuireachas, brúigh ar
an gcianrialtán. Bain amach an pluga cumhachta chun an teilifís a
chasadh as ar fad. Nuair a dínascann tú an pluga cumhachta, tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.
Cas as
Chun an teilifís a chasadh as, brúigh an cnaipe cumhachta ar bharr an stáisiúin fuaime Bluetooth. Múchfar solas táscaire na teilifíse. Tá an teilifís nasctha leis an bpríomhlíonra cumhachta i gcónaí ach is beag fuinneamh atá á tomhailt aici.
Bain amach an pluga cumhachta chun an teilifís a chasadh as ar fad. Nuair a dínascann tú an pluga cumhachta, tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.
Cas air nó Fuireachas (do na sraitheanna 5703)
Sula gcasfaidh tú an teilifís air, cinntigh go bhfuil an príomhlíonra cumhachta plugáilte isteach sa nascóir POWER ar chúl na teilifíse.
Má tá an solas táscaire casta as, brúigh an cnaipe cumhachta ar bharr an stáisiúin fuaime Bluetooth chun an teilifís a chasadh air - múchfar an táscaire dearg.
12
5
Naisc
5.1
Treoir maidir le nascacht
Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar chaighdeán maith chun a chinntiú go mbeidh aistriú maith pictiúr agus fuaimeanna ann.
Nuair a nascann tú gléas, aithníonn an teilifís a chineál agus tugann sé ainm cineáil ceart do gach gléas. Is féidir leat an t-ainm cineáil a athrú más mian leat. Má shocraítear ainm cineáil ceart do ghléas, athraíonn an teilifís go huathoibríoch go dtí na socruithe teilifíse is fearr a fheileann di nuair a athraíonn tú go dtí an gléas seo sa roghchlár Foinsí.
5.2
Aeróg
* Is do mhúnlaí na Ríochta Aontaithe amháin an port líonra
** Is don tsraith xxPxSxxx3 amháin an port satailíte
Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa soicéad Aeróige ar chúl na teilifíse.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir DVB-T agus DVB-C.
Do 32" nó níos airde
5.3
Satailít (má tá fáil air)
Ceangail an nascóir satailíte den chineál F leis an nasc satailíte SAT ar chúl na teilifíse.
Do 32" nó níos airde
Do 22"/24"
Do 22"/24"
13
* Is do mhúnlaí na Ríochta Aontaithe amháin an port líonra
* Is do mhúnlaí na Ríochta Aontaithe amháin an port líonra
** Is don tsraith xxPxSxxx3 amháin an port satailíte
5.4
Gléas Físeáin
HDMI
Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.
Do 32" nó níos airde
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn cáblaí HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).
HDMI - DVI
Má tá gléas agat i gcónaí nach bhfuil air ach gléas DVI, is féidir leat an gléas a nascadh le haon ceann de na naisc HDMI 2 le cuibheoir DVI go HDMI.
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do ghléas ach nasc DVI. Úsáid an nasc HDMI 2 agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm) isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na teilifíse.
Do 32" nó níos airde
Do 22"/24"
14
Do 22"/24"
Cas air EasyLink (Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > EasyLink > EasyLink > Air
Oibrigh gléasanna HDMI CEC-comhoiriúnacha le cianrialtán na teilifíse
(Baile) > Socruithe > Socruithe ginearálta > EasyLink > Cianrialtán EasyLink > Air
Tabhair faoi deara:
- Tá an seans ann nach n-oibreoidh EasyLink le gléasanna ó bhrandaí eile.
- Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet, Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink. Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI CEC .
* Is do mhúnlaí na Ríochta Aontaithe amháin an port líonra
** Is don tsraith xxPxSxxx3 amháin an port satailíte
Nasc HDMI CEC - EasyLink
Nasc gléasanna HDMI CEC-comhoiriúnacha le do theilifís, is féidir leat iad a oibriú le cianrialtán na teilifíse. Ní mór EasyLink HDMI CEC a chasadh air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.
SCART
Is nasc ar chaighdeán maith é SCART. Is féidir an nasc SCART a úsáid le haghaidh
comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Tá comharthaí físe agus fuaime sa nasc SCART. Tacaíonn an nasc SCART freisin le hathsheinm NTSC.
15
5.5
Gléas Fuaime
HDMI ARC
Níl HDMI ARC ach ag HDMI 1 ar an teilifís (Cainéal Fillte Fuaime).
Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le HDMI 1 ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.
Do 22"/24"
Fuaim Amach Dhigiteach - Optúil
Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach ­Optúil.
Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ar do ghléas, ar ghnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Fuaime Isteach - Optúil ar an HTS. Seolann an nasc Fuaime Amach - Optúil an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
Do 32" nó níos airde
* Is do mhúnlaí na Ríochta Aontaithe amháin an port líonra
** Is don tsraith xxPxSxxx3 amháin an port satailíte
Cluasáin
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar thaobh na teilifíse. Is mion-seac 3.5mm an nasc. Is féidir leat airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.
16
5.6
Stáisiún fuaime Bluetooth (do na sraitheanna 5703)
A bhfuil de dhíth ort
Ní mór duit an cnaipe Bluetooth ar bharr an stáisiún fuaime Bluetooth a bhrú i dtosach, ansin is féidir leat an gléas a chasadh air.
Nasc trí Bluetooth
Lainseáil leis an gcnaipe Bluetooth
1. Brúigh an cnaipe Bluetooth ar bharr an stáisiún fuaime Bluetooth.
2. Cas air Bluetooth ar do ghléasanna Bluetooth, cosúil le fóin chliste, taibléid nó ríomhairí glúine.
3. Déan cuardach don stáisiún fuaime Bluetooth ar do ghléas Bluetooth, ansin roghnaigh an mhír a thosaíonn le "Philips TV ...".
3. Lasfar solas gorm ar LED an stáisiún fuaime Bluetooth.
4. Tá Bluetooth nasctha agus réidh chun ceol a sheinnt ó do ghléas Bluetooth.
5. Roghnaigh amhrán amháin ar do ghléas Bluetooth, agus ansin cloisfidh tú an fhuaim ón stáisiún fuaime Bluetooth.
Aire - Sioncronú Fuaim le Fís
Tá 'tréimhse folaigh', mar a thugtar air, ard ag go leor córas callairí Bluetooth. Ciallaíonn tréimhse folaigh ard go mbíonn an fhuaim taobh thair den fhís, rud a fhágann nach mbíonn an 'beolbheachtú' sioncronaithe. Sula gceannóidh tú córas callairí Bluetooth gan sreang, bí cinnte go bhfuil tú ar an eolas faoi na múnlaí is nuaí agus aimsigh ceann a bhfuil rátáil tréimhse folaigh íseal aige. Beidh do mhiondíoltóir in ann comhairle a chur ort.
Cas air nó cas as
Chun an stáisiún fuaime a chasadh air...
1. Brúigh SOURCES, roghnaighBluetooth agus brúigh OK.
2. Lasfar solas gorm ar an táscaire LED.
3. Is féidir leat ceol a roinnt ó do ghléasanna Bluetooth, cosúil le fóin chliste, taibléid nó ríomhairí glúine.
Rabhadh
Ná cuir an stáisiún fuaime Bluetooth ar dhromchla bog mar go gcuirfidh sé sin isteach ar éifeacht na fuaime.
Lainseáil tríd an roghchlár Foinse
1. Brúigh SOURCES ar an gcianrialtán, ansin roghnaigh Bluetooth.
2. Cas air Bluetooth ar do ghléasanna Bluetooth devices, cosúil le fóin chliste, taibléid nó ríomhairí glúine.
3. Déan cuardach don stáisiún fuaime Bluetooth ar do ghléas Bluetooth, ansin roghnaigh an mhír a thosaíonn le "Philips TV ...".
3. Lasfar solas gorm ar LED an stáisiún fuaime Bluetooth.
4. Tá Bluetooth nasctha agus réidh chun ceol a sheinnt ó do ghléas Bluetooth.
5. Roghnaigh amhrán amháin ar do ghléas Bluetooth, agus ansin cloisfidh tú an fhuaim ón stáisiún fuaime Bluetooth.
Rabhadh
Ná cuir an stáisiún fuaime Bluetooth ar dhromchla bog mar go gcuirfidh sé sin isteach ar éifeacht na fuaime.
17
Nasc trí chábla fuaime
1. Nasc do ghléas atá comhoiriúnach le AUX leis an teilifís ar sa phortAUDIO IN (DVI/VGA/AUX).
2. Roghnaigh amhrán amháin ar do ghléas Bluetooth, agus ansin cloisfidh tú an fhuaim ón stáisiún fuaime Bluetooth.
Rabhadh
Ná cuir an stáisiún fuaime Bluetooth ar dhromchla bog mar go gcuirfidh sé sin isteach ar éifeacht na fuaime.
5.7
Ríomhaire
HDMI - DVI
Má tá gléas agat i gcónaí nach bhfuil air ach gléas DVI, is féidir leat an gléas a nascadh leis an nasc HDMI le cuibheoir DVI go HDMI.
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do ghléas ach nasc DVI. Úsáid an nasc HDMI 2 agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm) isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na teilifíse.
Do 32" nó níos airde
Do 22"/24"
* Is do mhúnlaí na Ríochta Aontaithe amháin an port líonra
** Is don tsraith xxPxSxxx3 amháin an port satailíte
VGA (má tá fáil air)
Úsáid cábla VGA mura bhfuil ar do ghléas ach nasc VGA. Úsáid an nasc VGA agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm) isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na teilifíse.
Do 22"/24"
18
Cárta cliste
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
* Is do mhúnlaí na Ríochta Aontaithe amháin an port líonra
** Is don tsraith xxPxSxxx3 amháin an port satailíte
Socruithe idéalacha
(Baile) > Socruithe > Pictiúr > Ardsocruithe > Ríomhaire
Athraigh an socrú go Air don socrú pictiúir is fearr nuair atá do theilifís in úsáid mar mhonatóir ríomhaireachta agat.
* Níl fáil air ach amháin d’fhoinsí HDMI agus VGA.
5.8
CAM le Cárta Cliste - CI+
Maidir le CI+
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1. Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus don teilifís.
2. Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.
3. Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé. Fág sa sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste. Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+. Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann oibritheoirí teilifíse na cláir seo agus díscrobhann modúl CI+ réamhíoctha iad. Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá scothchláir. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag an cláir seo.
Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.
Féach ar Chainéal ar Chárta Cliste
Is féidir leat féachaint ar chainéil atá suiteáilte ó chártaí CI/CAM.
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh LIST chun an liosta cainéal a oscailt.
2. Roghnaigh: CI+ Liosta cainéal .
19
Socraigh Pasfhocail agus cóid PIN
uait atá comhoiriúnach le USB agus a bhfuil ar a laghad 4GB de spás air.
Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís a dhíghlasáil.
Chun an cód PIN a shocrú don CAM… (Baile) > Socruithe > Glas leanaí > PIN CAM
5.9
Gléas USB
Méaróg Chuimhne USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha. Cuir isteach méaróg chuimhne USB sa nasc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé liosta a thaispeánann a bhfuil air. Mura bhfuil liosta na n-ábhar le feiceáil go huathoibríoch, brúigh SOURCES agus cliceáil USB.
Chun craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 32GB de spás saor air.
1. Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2. Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3. Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití, brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú.
Lean na treoracha ar an scáileán. Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
Diosca Crua USB
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoltaí teilifíse digití a chur ar sos nó a thaifeadadh (craoltaí DVB nó a leithéid).
Íos-Spás Diosca
- Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait atá comhoiriúnach le USB agus a bhfuil ar a laghad 4GB de spás air.
- Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 32GB de spás saor air.
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.
5.10
Líonra do Freeview (Is do mhúnlaí na Ríochta Aontaithe amháin an port líonra)
Chun craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
20
Loading...
+ 44 hidden pages