Philips 39PFL3088H, 32PFL3148H User manual

Cláraigh do tháirge agus faigh tacaíocht ag

www.philips.com/welcome

GA Lámhleabhar an Úsáideora

Clár Ábhar

1

Tábhachtach

2

 

Sábháilteacht

2

 

Cúram

4

 

Dlíthiúil

5

 

Inbhuanaitheacht

6

 

Cabhair agus tacaíocht

7

2

Úsáid do theilifíseán

9

 

Rialuithe teilifíseáin

9

 

Féach ar teilifís

10

 

Féach eolaire na gclár

13

 

Féach ar 3D

13

 

Seinn comhaid ilmheáin

15

3

Do theilifíseán: gnéithe eile a

 

 

d'fhéadfá a úsáid

17

 

Féach ar Theilithéacs

17

 

Socraigh glais agus amadóirí

17

4

Athraigh do shocruithe teilifíse

20

 

Pictiúr agus fuaim

20

 

Cainéil

21

 

Socruithe teanga

24

 

Socruithe eile

25

 

Nuashonraigh bogearraí

25

 

Athshocraigh gach rud

26

5

Ceangal do theilifíseán

27

 

Mar gheall ar cháblaí

27

 

Ceangail an aeróg

28

 

Ceangail gléasanna

28

 

Ceangail gléasanna eile

33

 

Féach ar ghléasanna ceangailte

34

 

Cumraigh gléasanna EasyLink

34

 

Ceangal CAM (Modúl Rochtana

 

 

Teagmhasaigh)

35

6

Fabhtcheartú

37

 

Fadhbanna ginearálta

37

 

Fadhbanna cainéil

37

 

Fadhbanna pictiúir

38

 

Fadhbanna fuaime

39

 

Fadhbanna ceangail

39

 

Déan teagmháil le Philips

40

7

Sonraíochtaí

41

 

Cumhacht agus glacadh

41

 

Taispeáint agus fuaim

41

 

Taispeáin taifigh

41

 

Ilmheáin

42

 

Nascacht

43

 

Leagan cabhrach

43

8

Innéacs

44

GA 1

Gaeilge

1 Tábhachtach

Sábháilteacht

Réamhchúraimí

Léigh agus bí cinnte go dtuigeann tú gach treoir sula n-úsáideann tú do theilifíseán. Má dhéantar damáiste toisc nach leantar na

treoracha, ní bheidh feidhm leis an mbaránta.

Riosca turrainge leictrí nó dóiteáin!

Ná nocht an teilifíseán riamh do bháisteach ná d'uisce. Ná cuir gabhdán ina bhfuil leacht, vása mar shampla, in aice an teilifíseáin riamh. Má dhoirtear leacht

ar an teilifíseán nó isteach ann, dícheangal an teilifíseán láithreach den asraon cumhachta. Iarr ar Philips TV Consumer Care an teilifíseán a sheiceáil sula n-úsáideann tú arís é.

Ná cuir an teilifíseán, an cianrialtán ná na cadhnraí gar do lasair nochta ná d'aon fhoinse eile teochta riamh. Áirítear air sin solas díreach ón ngrian. Chun nach leathfar dóiteáin, coimeád coinnle agus gach lasair eile amach i gcónaí ón teilifíseán, ón gcianrialtán agus ó chadhnraí.

Ná sáigh rud ar bith riamh isteach sa slota aeraithe ná in aon oscailt eile sa teilifíseán.

Ná nocht an cianrialtán ná na cadhnraí riamh do bháisteach, d'uisce ná do theas iomarcach.

Seachain brú ag teacht ar phlocóidí cumhachta. Bí cinnte go mbíonn an phlocóid chumhachta ionsáite go hiomlán sa soicéad cumhachta. Is féidir le plugaí scaoilte cumhachta bheith ina gcúis le stuáil nó le dóiteán.

GA 2

Agus an teilifíseán á sclóineadh, bí cinnte nach gcuirtear straidhn ar an gcorda cumhachta. D'fhéadfadh straidhn ar an gcorda bheith ina chúis le ceangal scaoilte as a leanfadh stuáil.

Ní mór plocóid chumhachta an teilifíseáin a dhícheangal chun an teilifíseán a dhícheangal den phríomhlíne chumhachta. Agus an chumhacht á dhícheangal, bí cinnte gurb í an phlocóid chumhachta seachas an corda a tharraingíonn tú amach. Bí cinnte i gcónaí go bhfuil teacht iomlán agat ar an bpluga cumhachta, ar an gcorda cumhachta agus ar an soicéad asraoin.

Riosca damáiste don teilifíseán!

Teastaíonn beirt chun teilifíseán ina bhfuil breis is 25kg nó 55pt meáchain, a iompar.

Agus teilifíseán á fheistiú de sheastán, ná húsáid aon seastán ach an ceann a chuirtear ar fáil. Daingnigh an seastán go docht den teilifíseán. Cuir an teilifíseán ar dhromchla réidh cothrom ar féidir leis meáchan an teilifíseáin agus an tseastáin in éineacht a thógáil.

Agus an teilifíseán á dhaingniú den bhalla, bí cinnte gur féidir leis an bhfeiste balla meáchan teilifíseáin a iompar. Daingnigh an feiste balla de bhalla ar féidir leis meáchan an teilifíseáin agus an fheiste bhalla araon a thacú. Ní ghlacann TP Vision Netherlands B.V. aon fhreagacht as feistiú mícheart de bhalla as a leanann timpiste, gortú nó damáiste.

Más gá duit an teilifíseán a stóráil, bain an seastán den teilifíseán. Ná luigh an teilifíseán ar a chúl riamh agus an seastán feistithe de.

Sula gceanglaíonn tú an teilifíseán den asraon cumhachta, bí cinnte go bhfuil an voltas cumhachta ar aon dul leis an voltas atá priontáilte ar chúl an teilifíseáin. Ná ceangal an teilifíseán den asraon cumhachta riamh más rud é nach ionann an voltas.

D'fhéadfadh codanna den táirge seo bheith déanta as gloine. Láimhsigh go cúramach chun gortú agus damáiste a sheachaint.

Riosca gortaithe do leanaí!

Déan na réamhchúraimí seo ionas nach dtitfidh an teilifíseán, rud a d'fhéadfadh gortú dhéanamh do leanbh:

Ná cuir an teilifíseán riamh ar dhromchla ar a bhfuil éadach nó ábhar eile a d'fhéadfaí a tharraingt.

Bí cinnte nach mbíonn aon chuid den teilifíseán ag gobadh amach ón dromchla.

Ná cuir teilifíseán riamh ar mhír ard troscáin, ar nós leabhragáin, gan an mhír troscáin agus an teilifís araon a dhaingniú den bhall nó de thaca oiriúnach.

Cuir leanaí ar an eolas mar gheall ar a dhainséaraí atá sé dreapadh suas ar throscán chun an teilifíseán a shroicheadh.

Riosca cadhnraí a shlogadh siar!

D'fhéadfadh cadhnra atá cosúil le bonn airgid a bheith sa táirge nó sa chianrialtán, rud a d'fhéadfaí a shlogadh siar. Ná lig do leanaí lámh a chur ar an gcadhnra riamh!

Riosca róthéimh!

Ná suiteáil an teilifíseán i spás cúng riamh. Bí cinnte i gcónaí go mbíonn 4 orlach nó 10 cm timpeall ar an teilifíseán le haghaidh aerú. Bí cinnte nach mbíonn slotaí aeraithe an teilifíseáin clúdaithe riamh ag cuirtíní ná ag aon rud eile.

Riosca gortaithe, dóiteáin nó damáiste den chorda cumhachta!

Ná cuir an teilifíseán ná aon rud eile anuas ar an gcorda cumhachta.

Dícheangal an teilifíseán den asraon cumhachta agus den aeróg roimh stoirm thintrí. Ná cuir lámh ar aon chuid den teilifíseán, den chorda cumhachta ná den chábla aeróige riamh le linn stoirm thintrí.

Riosca de dhamáiste don éisteacht!

Cluasáin as a bhfuil fuaim ard ag teacht, ná caith iad ar feadh tréimhsí fada ama.

Teochta ísle

Má iompraítear an teilifíseán i dteochtaí is ísle ná 5°C nó 41°F, díphacáil an teilifíseán agus fan go mbíonn teocht an teilifíseáin ar theocht an tseomra sula gceanglaítear an teilifíseán den asraon cumhachta.

D foláireamh sláinte

Le haghaidh teilifíseáin 3D amháin.

Má tá titimeas ort féin nó ar dhuine éigin eile sa teaghlach, nó má tharla taomanna fótamhothálacha d'aon duine agaibh, labhair le dochtúir sula nochtann tú tú féin d'fhoinsí solais gealánacha, do sheichimh d'íomhánna tapúla nó pictiúir 3D.

Chun míchompord ar nós meadhrán, tinneas cinn agus mearbhall a sheachaint, molaimid duit gan féachaint ar 3D ar feadh tamall fada gan sos. Má thagann aon mhíchompord ort, stad de bheith ag féachaint ar 3D agus ná déan aon rud láithreach a d'fhéadfadh a bheith dainséarach (m.sh. carr a thiomáint) go dtí go mbíonn an míchompord imithe. Mura n-imíonn na comharthaí míchompoird, ná féach ar 3D arís gan tuairim dochtúra a fháil ar dtús.

Ba cheart do thuismitheoirí súil a choimeád ar a bpáistí fad atá siad ag féachaint ar phictiúir 3D le bheith cinnte nach dtagann aon mhíchompord orthu, faoi mar a mhínítear thuas. Ní mholtar ligean do pháistí faoi bhun sé bliana d'aois féachaint ar 3D toisc nach mbeadh an córas amhairc iontu lánfhorbartha go fóill.

Ná húsáid spéaclaí 3D ar aon chúis seachas chun féachaint ar an teilifíseán 3D.

Gaeilge

GA 3

Cúram

Scáileán

Riosca damáiste do scáileán an teilifíseáin! Ná buail, brúigh ná cuimil an scáileán le rud ar bith.

Díphlugáil an teilifíseán sula nglanann tú é.

Glan an teilifíseán agus an fráma le héadach bog tais agus cuimil go séimh é. Ná húsáid alcól, ceimiceán ná glantóir teaghlaigh riamh ar an teilifíseán.

Cuimil braonta uisce de a luaithe is féidir, chun dífhoirmiú agus tréigean datha a sheachaint.

Seachain íomhánna seasmhacha a mhéad is féidir. Íomhánna is ea íomhánna seasmhacha a fhanann ar an scáileán

ar feadh tamaill fhada. Áirítear orthu roghchláir scáileáin, barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Más gá íomhá seasmhach a úsáid, laghdaigh codarsnacht agus gile an scáileáin chun damáiste don scáileán a sheachaint.

3D glasses

Le haghaidh teilifíseán a gcuirtear spéaclaí 3D ar fáil in éineacht leo.

Lean na treoracha seo a leanas chun aire a thabhairt do do spéaclaí:

Glan na lionsaí le héadach bog (micreashnáithín nó flainín cadáis chun nach scrabhfar iad. Ná spréáil glantóir díreach ar na spéaclaí 3D. Is féidir úsáid a bhaint éadaí glantacháin réamhthaisithe ó dhéantóirí aitheanta líonraí spéaclaí gréine.

Ná nocht gloiní 3D do sholas díreach na gréine, do thine ná d'uisce. D'fhéadfadh mífheidhm nó tine bheith ina thoradh air.

Ná lig do na spéaclaí 3D titim, ná lúb iad agus ná brúigh na lionraí.

Ná húsáid ceimiceáin ghlantacháin ina bhfuil alcól, tuaslagóir, dromchlaghníomhaí, ná céir, beinséin, tanaitheoir, éarthach corrmhíl ná bealadh. D'fhéadfadh dídhathú nó scoilteanna tarlú dá mbarr.

GA 4

Leideanna suímh

Suigh an teilifíseán in áit nach lonraíonn an ghrian díreach ar an scáileán.

Is fad amhairc a mholtar i gcás an teilifíseáin seo trí oiread thrasnán an scáileáin. Mar shampla, más é 81cm/32" trasnán an scáileáin, ba cheart don amharcóir bheith ~2.5m / ~92" amach ón scáileán.

Ba cheart do shúile a bheith leibhéal le lár an scáileáin, agus tú i do shuí.

Suíomh an teilifíseáin

Is féidir na socruithe fuaime is fearr a roghnú don teilifíseán trí shuíomh an teilifíseáin a roghnú (feistithe de bhalla nó de sheastán).

1.Brúigh .

2.Roghnaigh [Cumraíocht], ansin brúigh OK.

3.Roghnaigh [socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [suíomh an teilifíseáin].

4.Roghnaigh [Ar sheastán teilifíseáin] nó [Daingnithe de bhalla], ansin brúigh OK.

Glasáil an teilifíseán

Tá slota slándála Kensington suite i mbun an teilifíseáin. Chun an teilifíseán a dhaingniú, ceannaigh glas frithghadaíochta Kensington (a dhíoltar mar mhír ar leith).

Dlíthiúil

Fógra

2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart ar cosaint.

Is é TP Vision Netherlands B.V. nó ceann dá chuideachtaí cleamhnaithe a thug an táirge seo go margadh. Tagraítear dó sa doiciméad seo, leis, mar TP Vision, arb é a rinne an táirge. Is é TP Vision ráthóir an teilifíseáin ar cuireadh an leabhrán seo i bpacáiste in éineacht leis. Trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke Philips N.V. is ea Philips agus Feathal Scéithe Philips.

D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan fógra a bheith tugtha. Forchoimeádann TP Vision an ceart táirge a athrú uair ar bith gan é bheith d'oibleagáid air soláthairtí roimhe sin a cheartú dá réir.

Meastar an t-ábhar scríofa atá pacáistithe leis an teilífseán agus an lámhleabhar atá stóráilte i gcuimhne an teilifíseáin nó ar fáil le híoslódáil ó shuíomh Gréasáin Philips, a bheith dóthanach don úsáid atá ceaptha a bhaint as an gcóras.

Má úsáidtear an táirge le haghaidh cuspóirí seachas na cuspóirí a shonraítear anseo, ní féidir le TP Vision feidhmiú ceart agus sábháilteacht an táirge a ráthú.

Ní féidir freagracht a chur ar TP Vision as aon earráid sa doiciméad seo ná as aon fhadhb a d'eascródh as ábhar an doiciméid seo. Déanfar earráidí a thuairiscítear do TP Vision a oiriúnú agus a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin tacaíochta Philips a luaithe is féidir.

Téarmaí an bharánta

Is féidir téarmaí an bharánta a íoslódáil ó shuíomh Gréasáin tacaíochta Philips. Ná déan iarracht riamh an teilifíseán a dheisiú tú féin toisc go bhféadfadh gortú, damáiste don teilifíseán nó baránta neamhbhailí a bheidh de thoradh air!

Bain úsáid as an teilifíseán agus as na hoiriúintí ar an tslí a cheap an déantóir agus ar an tslí sin amháin.

 

Comhartha de bhaol turrainge leictrigh is

 

 

ea an comhartha rabhaidh atá priontáilte

Gaeilge

 

den teilifíseán riamh. Iarr ar Philips TV

 

ar chúl an teilifíseáin. Ná bain an clúdach

 

 

Customer Care gach seirbhísiú agus

 

 

deisiú a dhéanamh.

 

 

Cuirfear an baránta ar neamhní má

 

 

dhéantar rud ar bith atá coiscthe go

 

 

sainráite sa lámhleabhar seo, nó má

 

 

déantar athrú nó cóimeáil ar bith nach

 

 

bhfuil molta nó údaraithe sa lámhleabhar

 

 

seo.

 

Saintréithe picteilín

Tá líon ard picteilín datha sa táirge LCD/LED seo. Cé go bhfuil picteilíní éifeachtacha de 99.999% aige, d'fhéadfadh spotaí dubha nó pointí geala solais (dearg, glas nó gorm) a bheith le feiceáil i gcónaí ar an scáileán. Saintréith struchtúrach den taispeáint is ea é sin (laistigh de chomhchaighdeáin an tionscail) agus ní mífheidhm é.

Comhlíonadh AE

Comhlíonann an táirge seo riachtanais agus forálacha ábhartha eile na dTreoracha 2006/95/EC (Voltas Íseal), 2004/108/EC (EMC) agus 2011/65/EU (ROHS).

Comhlíonadh EMF

Déanann TP Vision mórchuid táirgí dírithe ar thomhaltóirí a mhonarú agus a dhíol, agus dála aon trealaimh leictreonaigh eile, féadfaidh siad, i gcoitinne, comharthaí leictreamaighnéadacha a chur amach agus a ghlacadh.

Tá sé i measc phríomh-Phrionsabail Ghnó TP Vision gach beart riachtanach sláinte agus sábháilteachta a dhéanamh maidir leis na táirgí, chun géilleadh do gach riachtanas dlíthiúil is infheidhme agus chun bheith go maith laistigh de chaighdeáin na Réimse Leictreamaighnéadaí is infheidhme an tráth a tháirgtear na táirgí.

GA 5

Geallann TP Vision táirgí a fhorbairt, a tháirgeadh agus a mhargú, táirgí nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach acu ar an tsláinte. Deimhníonn TP Vision go bhfuil a tháirgí sábháilte d'úsáid an duine de réir na fianaise eolaíche atá ar fáil inniu, ach iad a láimhsiú i gceart chun na críche dár ceapadh iad.

Tá ról gníomhach ag Philips agus TP Vision i bhforbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta EMF agus sábháilteachta, rud a chumasaíonn do Philips coinne a bheith aige le forbairtí eile i gcaighdeánú, lena gcomhtháthú go luath sna táirgí.

Bogearraí fhoinse oscailte

Leis seo tairgeann TP Vision Netherlands B.V. cóip den chód foinse comhfhreagrach iomlán maidir leis na pacáistí bogearraí foinse oscailte faoi chóipcheart a úsáideadh sa táirge seo a sheachadadh, ar iarratas, i gcás go n-iarrtar a leithéid faoi na ceadúnais faoi seach. Mairfidh an tairiscint seo trí bliana tar éis dháta ceannaigh an táirge d'aon duine a fhaigheann an t-eolas seo. Gheofar an cód foinse ach scríobh i mBéarla chuig:

“Intellectual Property Department, TP Vision

Netherlands B.V., P.O. Box 80077, 5600 KA

Eindhoven, The Netherlands”.

Trádmharcanna agus cóipchearta

Trádmharc cláraithe nó trádmharc de chuid Microsoft Corporation sna Stáit Aontaithe agus/nó i dtíortha eile is ea Windows Media.

Monaraithe faoi cheadúnas ó Dolby Laboratories. Trádmharcanna de chuid Dolby Laboratories is ea Dolby agus an tsiombail D dúbailte.

Trádmharcanna nó trádmharcanna cláraithe de chuid HDMI Licensing LLC sna Stáit Aontaithe nó i dtíortha eile is ea na téarmaí HDMI agus HDMI High-Definition Multimedia Interface, agus lógó HDMI.

GA 6

Trádmharcanna cláraithe sna Stáit Aontaithe de chuid ACCO World Corporation is ea Kensington agus Micro Saver a bhfuil cláruithe eisithe agus iarratais ar feitheamh acu i dtíortha eile ar fud an domhain.

Maoin de chuid a n-úinéirí faoi seach is ea gach trádmharc eile cláraithe agus neamhchláraithe.

Inbhuanaitheacht

Tíosacht ar fhuinneamh

Dearadh an teilifíseán seo le gnéithe tíosacha ar fhuinneamh. Brúigh an Cnaipe glas ar an

gcianrialtán, chun teacht ar na gnéithe sin.

Socruithe pictiúir tíosacha ar fhuinneamh: Is féidir meascán de shocruithe pictiúir tíosach ar fhuinneamh

a úsáid. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh

[Tíosach ar fhuinneamh]. Ansin roghnaigh an socrú pictiúir [Tíosach ar fhuinneamh].

Scáileán as: Mura dteastaíonn uait ach éisteacht le fuaim ón teilifís, is féidir an taispeáint teilifíse a athrú. Oibreoidh na

feidhmeanna eile mar is gnáth. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh [Scáileán as].

Uathmhúch: Chun fuinneamh a chaomhnú, socraigh an teilifíseán chun múchadh sa ghnáthchúrsa ag deireadh

tréimhse díomhaointis. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh [Uathmhúch]. Ansin roghnaigh an tréimhse a múchfaidh an teilifíseán ina diaidh.

Múch gléasanna díomhaoine Múch gléasanna géilliúla EasyLink HDMI-CEC (Rialú Leictreonach Tomhaltóirí) atá

díomhaoin. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh

[Gléas díomhaoin múchta].

Athchúrsáil

Rinneadh do tháirge a dhearadh agus a mhonarú le hábhair agus comhpháirteanna ar ardchaighdeán, ar féidir iad a athchúrsáil agus a athúsáid.

Nuair a bhíonn an tsiombail seo de araid ar rothaí agus líne tríd le feiceáil ar tháirge, ciallaíonn sé go bhfuil an táirge sin clúdaithe ag an Treoir Eorpach 2002/96/CE. Iarrtar ort fáil amach faoin gcóras bailiúcháin leithscartha áitiúil le haghaidh táirgí leictreacha agus leictreonacha.

Gníomhaigh de réir na rialacha áitiúla agus ná caith amach do sheantáirgí le do ghnáthdhramhaíl teaghlaigh. Ach do sheantáirge a dhiúscairt ar an tslí mholta cabhraíonn sé chun iarmhairtí diúltacha féideartha ar an timpeallacht agus ar shláinte an duine a sheachaint.

Tá cadhnraí atá clúdaithe ag Treoir Eorpach 2006/66/CE i do tháirge, agus ní féidir iad a dhiúscairt le do ghnáthdhramhaíl teaghlaigh. Iarrtar ort fáil amach faoi na rialacha áitiúla i dtaobh bailiú leithscartha cadhnraí toisc go gcabhraíonn sé le hiarmhairtí diúltacha féideartha ar an timpeallacht agus ar shláinte an duine a sheachaint ach iad a dhiúscairt ar an tslí cheart.

Lipéad fuinnimh

Insíonn an Lipéad Eorpach Fuinnimh duit cad é aicme tíosachta ar fhuinneamh an táirge. Dá ghlaise an aicme tíosachta ar fhuinneamh, is lú an méid fuinnimh a ídíonn sé.

Ar an lipéad feicfidh tú an aicme tíosach ar fhuinneamh, meánídiú cumhacht an táirge in úsáid agus an meánídiú fuinnimh i gcaitheamh bliana. Gheobhaidh tú luachanna ídithe cumhachta an táirge ar shuíomh Gréasáin Philips do thíre ag www.philips.com/TV.

Cabhair agus tacaíocht

Tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Philips

Gheofar breis eolais ar shuíomh Gréasáin tacaíochta Philips ag www.philips.com/support.

Seo rudaí eile is féidir a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin Philips:

Freagraí a fháil ar Cheisteanna Coitianta (CC)

Leagan inchlóite PDF den lámhleabhar seo a íoslódáil

Ceist ar leith a chur orainn i r-phost

Labhair ar líne le Philips TV Consumer Care (ar fáil i dtíortha áirithe amháin)

Bain úsáid as treoir nascachta Philips

Sa treoir shoiléir seo ar nascacht, gheobhaidh tú treoir faoin tslí le do theilifíseán a cheangal le gléasanna eile. Téigh chuig http://www.connectivityguide.philips.com.

Cuardaigh an fóram teilifíse

D'fhéadfadh sé gur fhreagair pobal úsáideoirí teilifíseán Philips do cheist cheana féin. Téigh chuig www.supportforum.philips.com.

Gaeilge

GA 7

Déan teagmháil le Philips

Is féidir tacaíocht a fháil ach glaoch ar Philips TV Consumer Care i do thír féin. Gheobhaidh tú an uimhir sa bhileog in éineacht leis an táirge seo, nó ar líne ag www.philips.com/support.

Sula gcuireann tú glao ar Philips, scríobh síos uimhir mhúnla agus sraithuimhir do theilifíseáin. Gheobhaidh tú na huimhreacha sin ar chúl do theilifíseáin nó ar an bpacáistíocht ina raibh an teilifíseán.

GA 8

Philips 39PFL3088H, 32PFL3148H User manual

2Úsáid do theilifíseán

Rialuithe teilifíseáin

Braiteoirí agus táscairí

5. TV: Athraigh foinse chun féachaint ar teilifís.

Gaeilge

1. LED táscaire fuireachais agus braiteoir cianrialaithe

Taispeánann an LED fuireachais go bhfuil an teilifíseán ar fuireachas. Dírigh an cianrialtán ar an mbraiteoir. Bí cinnte nach bhfuil aon rud sa bhealach ar an líne amhairc idir an cianrialtán agus an teilifíseán.

Cianrialú

1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó ar fuireachas.

2.Cnaipí seanma: Rialaigh athsheinm na gcomhad meáin.

3. SOURCE: Téigh chuig gléas ceangailte.

4. FORMAT: Athraigh formáid pictiúir.

6. (Baile): Téigh chuig an roghchlár Baile.

7.OK: Deimhnigh iontráil nó rogha.

8. Cnaipí nascleanúna Déan

nascleanúint trí roghchláir agus roghnaigh míreanna.

9. LIST: Téigh isteach sa liosta cainéal teilifíse.

10. INFO: Taispeáin eolas mar gheall ar

ghníomhaíocht reatha.

11. ADJUST: Ceartaigh na socruithe

teilifíse.

12. OPTIONS: Téigh chuig na roghanna atá ar fáil faoi láthair.

13. (Siar): Chun filleadh ar an leathanach

roghchláir roimhe nó éalú as feidhm theilifíse. 14. CH - / CH +: Athraigh cainéil.

GA 9

15.+/- (Airde): Ceartaigh an airde.

16. (Gan fuaim): Cealaigh an fhuaim nó

athchuir í.

17.Cnaipí datha: Roghnaigh tascanna nó roghanna.

Feidhmíonn na cnaipí de réir na seirbhísí a thairgeann an soláthraí seirbhíse.

18.SUBTITLE: Cuir fotheidil ann nó as.

19.0-9 (Cnaipí uimhriúla): Roghnaigh cainéil

theilifíse nó cuir isteach téacs.

20. TEXT: Cumasaigh nó díchumasaigh teilithéacs.

Rialuithe EasyLink

Má cheanglaíonn tú do theilifíseán de ghléasanna cumasaithe HDMI-CEC, ar nós seinnteoir Blu-ray nó amharclann bhaile, beidh tú ábalta iad a rialú ag an am céanna le cianrialtán amháin. Ní gá ach EasyLink a chur air tar éis ceangal.

Féach ar teilifís

Cuir an teilifís ann nó as

GA 10

Cuir an teilifís air

Ceangail an teilifíseán den asraon príomhchumhachta agus cuir an phríomhchumhacht ann.

Má tá an LED fuireachais lasta, brúigh ar an gcianrialtán.

Nóta: Beidh moill bheag ann sula

bhfreagraíonn an teilifíseán.

Leid: Más mian leat an teilifís a chur air ó fhuireachas ach ní féidir teacht ar an gcianrialtán, brúigh ar an teilifíseán.

Cuir an teilifíseán ar fuireachas

Brúigh ar an gcianrialtán.

Athraíonn an LED fuireachais ar an teilifíseán go dearg.

Cuir an teilifís as

Brúigh ar an teilifíseán. Múchann an LED fuireachais.

Nóta: Cé gur beag fuinneamh a ídíonn an teilifíseán agus é ar fuireachas nó as, úsáideann sé fuinneamh éigin. Mura bhfuil i gceist agat an teilifíseán a úsáid go ceann tamaill fhada, dícheangal é den phlocóid phríomhchumhachta.

Ceartaigh an airde

Méadaigh nó laghdaigh airde an teilifíseáin

Brúigh +/- ar an gcianrialtán.

Cealaigh fuaim an teilifíseáin nó athchuir í

Brúigh ar an gcianrialtán chun an airde a chealú.

Brúigh arís chun an fhuaim a athchur.

Ceartaigh airde na gcluasán

1.Brúigh .

2.Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe

teilifíse] > [Fuaim] > [Airde na gcluasán], ansin brúigh OK.

3. Roghnaigh leibhéal.

Athraigh cainéil teilifíse

Brúigh CH +/- ar an gcianrialtán.

Brúigh na cnaipí uimhriúla chun uimhir cainéil a chur isteach.

Bainistigh cainéil roghnaithe

Is féidir féachaint ar gach cainéal nó díreach ar liosta de chainéil roghnaithe.

Cruthaigh liosta de do chainéil roghnaithe

1. Brúigh LIST.

Tá an liosta cainéal ar taispeáint.

2.Roghnaigh na cainéil le marcáil ina gceanáin, ansin brúigh OPTIONS.

3.Select [Cuir ceanáin leis/bain ceanáin], ansin brúigh OK.

Tá an cainéal roghnaithe marcáilte le réiltín.

Chun cainéal a bhaint de liosta na gceanán, roghnaigh [Cuir ceanán leis/bain ceanán de],

agus ansin brúigh OK.

Taispeáin do liosta cainéal roghnaithe

1.Brúigh LIST, ansin brúigh OPTIONS.

2.Roghnaigh [Liosta] > [Ceanáin] chun

cainéil i liosta na gceanán a thaispeáint. 3. Brúigh OK mar dheimhniú.

Cuir ord nua ar do liosta cainéal roghnaithe

1.Agus do liosta cainéal roghnaithe ar taispeáint, brúigh OPTIONS.

2.Roghnaigh [Cuir ord nua air], ansin brúigh

OK.

3.Roghnaigh an cainéal le cur in ord nua, ansin brúigh OK.

4.Brúigh na cnaipí nascleanúna chun cainéal

aibhsithe a bhogadh go háit eile, ansin brúigh

OK.

5.Nuair a bheidh tú críochnaithe, brúigh

OPTIONS.

6.Roghnaigh [Fág cuir ord nua air], ansin brúigh OK.

Bainistigh liostaí cainéal

 

 

Nuair a bheidh na cainéil suiteáilte, beidh tú

Gaeilge

ábalta:

 

 

Cainéil a scagadh.

 

 

Athrú idir cainéal aeróige agus cainéal

 

 

cábla.

 

 

Athainmnigh cainéil.

 

 

Cainéal a ghlasáil.

 

 

Éisteacht le raidió digiteach.

 

Cainéil a scagadh

1.Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh

LIST.

2.Brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Scag].

3.Déan rogha, ansin brúigh OK.

[Digiteach + Analógach]: Taispeáin gach cainéal sa liosta cainéal.

[Cainéil dhigiteacha teilifíse]: Taispeáin cainéil dhigiteacha amháin.

[Cainéil analógacha]: Taispeáin cainéil analógacha amháin.

[Saor + scrofa]: Taispeáin gach cainéal sa liosta cainéal.

[Cainéil shaor in aisce]: Taispeáin cainéil shaor in aisce amháin.

[Cainéil scrofa]: Taispeáin cainéil scrofa amháin.

Nóta: D'fhéadfadh na roghanna scagtha a bheith éagsúil, ag brath ar do chraoltóir.

Athraigh idir cainéil aeróige agus cainéil chábla

Agus tú ag féachaint ar teilifís, is féidir athrú idir cainéil aeróige agus cainéil chábla.

1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .

2.Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] > [Suiteáil cainéil] > [Ceangal aeróige].

3.Roghnaigh [Aeróga (DVB-T)] chun féachaint ar chainéil aeróige nó [Cábla (DVB-C)] chun féachaint ar chainéil chábla, ansin brúigh OK.

Cainéil a athainmniú

Nuair a roghnaíonn tú cainéal, tagann ainm an chainéil sin aníos. Is féidir an t-ainm sin a athrú.

GA 11

1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh

LIST.

Taispeántar an liosta cainéal.

2.Roghnaigh an cainéal atá le hathainmniú, ansin brúigh OPTIONS.

3.Roghnaigh [Athainmnigh], ansin brúigh OK.

Taispeántar an méarchlár scáileáin.

4.Brúigh na Cnaipí treoleanúna chun gach carachtar a roghnú, ansin brúigh OK.

5.A luaithe a bhíonn sé déanta, roghnaigh [Déanta], ansin brúigh OK mar dheimhniú.

Glasáil cainéal

Is féidir teacht neamhúdaraithe ar chainéil a chosc trí hiad a ghlasáil.

1.Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. Tá an liosta cainéal ar taispeáint.

2.Roghnaigh an cainéal atá le glasáil, ansin brúigh OPTIONS.

3.Roghnaigh [Glasáil cainéal], ansin brúigh

OK.

4.Má iarrtar é, cuir isteach d'uimhir aitheantais pearsanta.

Beidh an cainéal marcáilte le híocón glais sa liosta cainéal.

Leid: Chun féachaint ar chainéal glasáilte, cuir isteach an cód aitheantais nuair a iarrtar é.

Éist le raidió digiteach

Is féidir éisteacht le cainéil dhigiteacha raidió, ach iad a bheith ar fáil. Suiteáiltear iad sa ghnáthchúrsa nuair a shuiteálann tú na cainéil teilifíse.

1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. Taispeántar an liosta cainéal.

2.Brúigh OPTIONS.

3.Roghnaigh [Scagaire] > [Raidió], ansin brúigh OK.

4.Roghnaigh cainéal raidió, ansin brúigh OK.

Féach ar ghléasanna ceangailte

Ní mór an gléas a cheangal den teilifís sular féidir féachaint air.

Roghnaigh gléas le SOURCE

1.Brúigh SOURCE.

2.Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK.

Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile

1.Brúigh .

2.Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK.

3.Roghnaigh an gléas, ansin brúigh OK.

GA 12

Úsáid réamhshocruithe pictiúir agus fuaime

Faightear socruithe réamhshainithe pictiúir agus fuaime in éineacht le do theilifíseán. Is féidir na socruithe sin a chur i bhfeidhm nó iad a shaincheapadh.

Roghnaigh do rogha socruithe pictiúir

1.Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh

OPTIONS.

2.Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl phictiúir], ansin brúigh OK.

3.Déan rogha, ansin brúigh OK:

[Pearsanta]: Cuir do shocruithe pearsantaithe pictiúir i bhfeidhm.

[Beoga]: Socruithe saibhre dinimiciúla, oireann siad do dhaoine a fhéachann ar teilifís i rith an lae.

[Nádúrtha]: Socruithe nádúrtha pictiúir.

[Caighdeánach]: Réamhshocruithe a oireann do gach timpeallacht agus do gach cineál físeáin, nach mór.

[Scannán]: Socruithe a oireann do scannáin.

[Grianghraf]: Socruithe a oireann do ghrianghraif.

[Tíosach ar fhuinneamh]: Na socruithe is mó a chaomhnaíonn fuinneamh.

Roghnaigh do rogha socruithe fuaime

1.Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh

OPTIONS.

2.Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl fuaime], ansin brúigh OK.

3.Déan rogha, ansin brúigh OK:

[Pearsanta]: Cuir do shocruithe pearsantaithe fuaime i bhfeidhm.

[Bunaidh]: Réamhshocruithe a oireann do gach timpeallacht agus do gach cineál comhad fuaime, nach mór.

[Scannán]: Socruithe a oireann do scannáin.

[Ceol]: Socruithe a oireann chun éisteacht le ceol.

[Cluiche]: Socruithe a oireann do chluichí.

[Nuacht]: Socruithe a oireann do chomhaid fuaime, ar nós na nuachta.

2. Roghnaigh [Treoir theilifíse], ansin brúigh
OK.
1. Brúigh
.
Ón gcraoltóir
Tar ar threoir clár craoltóra
má tá an cainéal glasáilte.
go bhfuil rátáil aoise an chainéil cothrom leis an rátáil aoise atá socraithe ar do theilifíseán, nó níos airde.
4:3.
Féach eolaire na gclár
An méid is féidir leat a dhéanamh
Is féidir féachaint ar sceidil clár agus ar achoimrí clár le haghaidh cainéil digiteacha teilifíse in eolairí clár a sholáthraíonn na craoltóirí. Braitheann infhaighteacht na n-eolairí clár ar do chraoltóir.
Ní féidir féachaint ar eolas i dtreoir clár cainéil más amhlaidh:
féidir le haghaidh PC. Ní bhíonn sé ar fáil ach amháin nuair a roghnaítear mód PC sa roghchlár Pictiúr.
[4:3]: Taispeáin an formáid chlasaiceach
inneachar scáileán leathan gan é a bheith sínte. Ní mholtar é le haghaidh HD ná PC. [Díscálaithe]: Soláthair a mhéid sonraí is
formáid 4:3 go 16:9. Ní mholtar é le haghaidh HD ná PC.
[Scáileán leathan]: Taispeánann sé
thaobhanna craoltaí 4:3. Ní mholtar é le haghaidh HD ná PC.
[Leathnaigh scannán 16:9]: Scálaigh
2. Roghnaigh formáid phictiúir, ansin brúigh
OK.
Braitheann na formáidí pictiúir atá ar fáil ar fhoinse an fhíseáin.
[Uath]: Ceartaigh formáid an phictiúir de réir na foinse ionchuir.
[Forzúmáil]: Bain na barraí dubha ar
1. Brúigh
FORMAT.
Athraigh formáid pictiúir
Athraigh formáid an phictiúir ar mhaithe leis an bhfoinse físeáin.

3. Má tá tú ag féachaint ar threoir clár den chéad uair, lean na treoracha ar

an scáileán chun an treoir a thabhairt cothrom le dáta.

Treoir clár craoltóra a shaincheapadh

Is féidir an t-eolas a thaispeántar a shaincheapadh chun:

Meabhrúchán a thabhairt duit go bhfuil clár ar tí tosú.

Cainéil roghnaithe amháin a thaispeáint.

An lá taispeána a athrú.

Nóta: Braithfidh na roghanna ar an eolas clár atá ar fáil ón gcraoltóir.

1.Sa treoir clár, brúigh OPTIONS.

2.Déan rogha, ansin brúigh OK:

[Nuashonraigh an Treoir theilifíse]: Tabhair eolas treorach chun dáta.

[Athraigh an lá]: Roghnaigh an lá ar a dtaispeánfar an treoir clár.

[Cuardaigh de réir seánra]: Cuardaigh cláir de réir seánra.

[Gach meabhrúchán]: Taispeáin liosta de na meabhrúcháin clár ar fad.

Féach ar 3D

An méid a bheidh uait

Múnlaí áirithe amháin.

Teilifíseán 3D is ea do theilifíseán. Sula

bhféachann tú ar 3D, léigh an rabhadh sláinte i Tábhachtach > Sábháilteacht > Rabhadh

sláinte 3D (Lch 3).

Chun féachaint ar 3D ar an teilifíseán seo, úsáid spéaclaí éighníomhacha Philips Easy 3D a cuireadh ar fáil le do theilifíseán.

Nóta:

Má tá spéaclaí breise uait, cinntigh go gceannaíonn tú spéaclaí

éighníomhacha 3D Philips. D'fhéadfadh spéacslaí 3D ó bhrandaí eile an éifeacht 3D a laghdú nó a chailleadh.

Ní thacaítear le formáidí 3D áirithe.

Gaeilge

GA 13

Loading...
+ 34 hidden pages