Philips 32PFL3118K, 32PFL3078T User manual

GA Lámhleabhar an Úsáideora
www.philips.com/welcome
Clár Ábhar
1 Tábhachtach 3
Sábháilteacht 3 Cúram 5 Dlíthiúil 6 Inbhuanaitheacht 7 Cabhair agus tacaíocht 9
2 Úsáid do theilifíseán 10
Rialuithe teilifíseáin 10 Féach ar teilifís 12 Féach eolaire na gclár 15 Féach ar 3D 16 Seinn comhaid ilmheáin 17
3 Do theilifíseán: gnéithe eile a
d'fhéadfá a úsáid 20
Pause TV 20 Seónna teilifíse a thaifeadadh 21 Cluichí a imirt 24 Féach ar Teilithéacs 25 Socraigh glais agus amadóirí 26
4 Athraigh do shocruithe teilifíse 28
Pictiúr agus fuaim 28 Cainéil 30 Socruithe satailíte 33 Socruithe teanga 34 Socruithe rochtana uilíoch 34 Socruithe eile 36 Nuashonraigh na bogearraí 36 Athshocraigh gach rud 37
5 Ceangail do theilifíseán 38
6 Fabhtcheartú 51
Fadhbanna ginearálta 51 Fadhbanna cainéil 52 Fadhbanna pictiúir 52 Fadhbanna fuaime 53 Fadhbanna ceangail 53 Déan teagmháil le Philips 54
7 Sonraíochtaí 55
Cumhacht agus glacadh 55 Taispeáint agus fuaim 55 Taispeáin taifigh 55 Ilmheáin 56 Nascacht 58 Leagan cabhrach 59
8 Innéacs 60
Mar gheall ar cháblaí 38 Ceangail an aeróg 39 Nasc gléasanna 39 Ceangail gléasanna eile 46 Féach ar ghléasanna ceangailte 47 Cumraigh gléasanna EasyLink 47 Ceangal CAM (Modúl Rochtana Teagmhasaigh) 50
GA 2
Gaeilge

1 Tábhachtach

Sábháilteacht

Réamhchúraimí

Léigh agus bí cinnte go dtuigeann tú gach treoir sula n-úsáideann tú do theilifíseán. Má dhéantar damáiste toisc nach leantar na treoracha, ní bheidh feidhm leis an mbaránta.
Riosca turrainge leictrí nó dóiteáin! Ná nocht an teilifíseán riamh do
bháisteach ná d'uisce. Ná cuir gabhdán ina bhfuil leacht, vása mar shampla, in aice an teilifíseáin riamh. Má dhoirtear leacht ar an teilifíseán nó isteach ann, dícheangal an teilifíseán láithreach den asraon cumhachta. Iarr ar Philips Consumer Care an teilifíseán a sheiceáil sula n-úsáideann tú arís é.
Ná cuir an teilifíseán, an cianrialtán ná
na cadhnraí gar do lasair nochta ná d'aon fhoinse eile teochta riamh. Áirítear air sin solas díreach ón ngrian. Chun nach leathfar dóiteáin, coimeád coinnle agus gach lasair eile amach i gcónaí ón teilifíseán, ón gcianrialtán agus ó chadhnraí.
Ná sáigh rud ar bith riamh isteach sa
slota aeraithe ná in aon oscailt eile sa teilifíseán.
Ná nocht an cianrialtán ná na cadhnraí
riamh do bháisteach, d'uisce ná do theas iomarcach.
Seachain brú ag teacht ar phlocóidí
cumhachta. Bí cinnte go mbíonn an phlocóid chumhachta ionsáite go hiomlán sa soicéad cumhachta. Is féidir le plugaí scaoilte cumhachta bheith ina gcúis le stuáil nó le dóiteán.
Agus an teilifíseán á sclóineadh, bí
cinnte nach gcuirtear straidhn ar an gcorda cumhachta. D'fhéadfadh straidhn ar an gcorda bheith ina chúis le ceangal scaoilte as a leanfadh stuáil.
Ní mór plocóid chumhachta an
teilifíseáin a dhícheangal chun an teilifíseán a dhícheangal den phríomhlíne chumhachta. Agus an chumhacht á dhícheangal, bí cinnte gurb í an phlocóid chumhachta seachas an corda a tharraingíonn tú amach. Bí cinnte i gcónaí go bhfuil teacht iomlán agat ar an bpluga cumhachta, ar an gcorda cumhachta agus ar an soicéad asraoin.
Riosca damáiste don teilifíseán! Teastaíonn beirt chun teilifíseán ina bhfuil
breis is 25kg nó 55pt meáchain, a iompar.
Agus teilifíseán á fheistiú de sheastán, ná
húsáid aon seastán ach an ceann a chuirtear ar fáil. Daingnigh an seastán go docht den teilifíseán. Cuir an teilifíseán ar dhromchla réidh cothrom ar féidir leis meáchan an teilifíseáin agus an seastáin in éineacht a thógáil.
Agus an teilifíseán á dhaingniú den
bhalla, bí cinnte gur féidir leis an bhfeiste balla meáchan teilifíseáin a iompar. Daingnigh an feiste ball de bhalla ar féidir leis meáchan an teilifíseáin agus an fheiste bhalla araon a thacú. Ní ghlacann TP Vision Netherlands B.V. aon fhreagacht as feistiú mícheart de bhalla as a leanann timpiste, gortú nó damáiste.
Más gá duit an teilifíseán a stóráil, bain
an seastán den teilifíseán. Ná luigh an teilifíseán ar a chúl riamh agus an seastán feistithe de.
Sula gceanglaíonn tú an teilifíseán den
asraon cumhachta, bí cinnte go bhfuil an voltas cumhachta ar aon dul leis an voltas atá priontáilte ar chúl an teilifíseáin. Ná ceangail an teilifíseán den asraon cumhachta riamh murab ionann an voltas.
D'fhéadfadh codanna den táirge seo
bheith déanta as gloine. Láimhsigh go cúramach chun gortú agus damáiste a sheachaint.
GA 3
Riosca gortaithe do leanaí! Déan na réamhchúraimí seo ionas nach dtitfidh an teilifíseán, rud a d'fhéadfadh gortú a dhéanamh do leanbh: Ná cuir an teilifíseán riamh ar
dhromchla ar a bhfuil éadach nó ábhar eile a d'fhéadfaí a tharraingt.
Bí cinnte nach mbíonn aon chuid den
teilifíseán ag gobadh amach ón dromchla.
Ná cuir teilifíseán riamh ar mhír ard
troscáin, ar nós leabhragáin, gan an mhír troscáin agus an teilifís araon a dhaingniú den bhall nó de thaca oiriúnach.
Cuir leanaí ar an eolas mar gheall ar a
dhainséaraí atá sé dreapadh suas ar throscán chun an teilifíseán a shroichint.
Riosca cadhnraí a shlogadh siar! D'fhéadfadh cadhnra atá cosúil le bonn
airgid a bheith sa táirge/sa chianrialtán, rud a d'fhéadfaí a shlogadh siar. Ná lig do leanaí lámh a chur ar an gcadhnra riamh!
Riosca róthéimh! Ná suiteáil an teilifíseán i spás cúng
riamh. Bí cinnte i gcónaí go mbíonn 4 orlach nó 10 cm timpeall ar an teilifíseán le haghaidh aerú. Bí cinnte nach mbíonn slotaí aeraithe an teilifíseáin clúdaithe riamh ag cuirtíní ná ag aon rud eile.
Riosca gortaithe, dóiteáin nó damáiste den chorda cumhachta!
Ná cuir an teilifíseán ná aon rud eile
anuas ar an gcorda cumhachta.
Dícheangal an teilifíseán den asraon
cumhachta agus den aeróg roimh stoirm thintrí. Ná cuir lámh ar aon chuid den teilifíseán, den chorda cumhachta ná den chábla aeróige riamh le linn stoirme tintrí.
Riosca de dhamáiste don éisteacht! Cluasáin as a bhfuil fuaim ard ag teacht,
ná caith iad ar feadh tréimhsí fada ama.
Teochta ísle Má iompraítear an teilifíseán i dteochtaí
is ísle ná 5°C or 41°F, díphacáil an teilifíseán agus fan go mbíonn teocht an teilifíseáin ar theocht an tseomra sula gceanglaítear an teilifíseán den asraon cumhachta.

Foláireamh sláinte 3D

Le haghaidh teilifíseáin 3D amháin.
Má tá titimeas ort féin nó ar dhuine éigin
eile sa teaghlach, nó má tharla taomanna fótamhothálacha d'aon duine agaibh, labhair le dochtúir sula nochtann tú tú féin d'fhoinsí solais gealánacha, do sheichimh d'íomhánna tapúla nó pictiúir 3D.
Chun míchompord ar nós meadhrán,
tinneas cinn agus mearbhall a sheachaint, molaimid duit gan féachaint ar 3D ar feadh tamaill fhada gan sos. Má thagann aon mhíchompord ort, stad de bheith ag féachaint ar 3D agus ná déan aon rud láithreach a d'fhéadfadh a bheith dainséarach (m.sh. carr a thiomáint) go dtí go mbíonn an míchompord imithe. Mura n-imíonn na comharthaí míchompoird, ná féach ar 3D arís gan tuairim dochtúra a fháil ar dtús.
Ba cheart do thuismitheoirí súil a
choimeád ar a bpáistí fad atá siad ag féachaint ar phictiúir 3D le bheith cinnte nach dtagann aon mhíchompord orthu, faoi mar a mhínítear thuas. Ní mholtar ligean do pháistí faoi bhun sé bliana d'aois féachaint ar 3D toisc nach mbeadh an córas amhairc iontu lánfhorbartha go fóill.
Ná húsáid spéaclaí 3D ar aon chúis
seachas chun féachaint ar theilifís 3D.
Agus tú ag féachaint ar inneachar 3D le
spéaclaí gníomhacha 3D faoi shoilsiú fluaraiseach nó soilsiú LED, seans go bhfeicfidh tú na soilse a caochaíl. Má fheiceann, múch na soilse.
GA 4
Gaeilge

Cúram

Scáileán

Riosca damáiste do scáileán an teilifíseáin!
Ná buail, brúigh ná cuimil an scáileán le rud ar bith.
Díphlugáil an teilifíseán sula nglanann tú é. Glan an teilifíseán agus an fráma le
héadach bog tais agus cuimil go séimh é. Ná húsáid alcól, ceimiceán ná glantóir teaghlaigh riamh ar an teilifíseán.
Cuimil braonta uisce de a luaithe is
féidir, chun dífhoirmiú agus tréigean datha a sheachaint.
Seachain íomhánna seasmhacha a
mhéad is féidir. Íomhánna is ea íomhánna seasmhacha a fhanann ar an scáileán ar feadh tamaill fhada. Áirítear orthu roghchláir scáileáin, barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Más gá íomhá seasmhach a úsáid, laghdaigh codarsnacht agus gile an scáileáin chun damáiste don scáileán a sheachaint.

Spéaclaí 3D

Le haghaidh teilifíseán a gcuirtear spéaclaí 3D ar fáil in éineacht leo.
Lean na treoracha seo a leanas chun aire a thabhairt do do spéaclaí:
Glan na lionsaí le héadach bog
(micreashnáithín nó flainín cadáis chun nach scrabhfar iad. Ná spréáil glantóir díreach ar na spéaclaí 3D. Is féidir úsáid a bhaint éadaí glantacháin réamhthaisithe ó dhéantóirí aitheanta líonraí spéaclaí gréine.
Ná nocht gloiní 3D do sholas díreach
na gréine, do thine ná d'uisce. D'fhéadfadh mífheidhm nó tine bheith ina thoradh air.
Ná lig do na spéaclaí 3D titim, ná lúb
iad agus ná brúigh na lionraí.
Ná húsáid ceimiceáin ghlantacháin ina
bhfuil alcól, tuaslagóir, dromchlaghníomhaí, ná céir, beinséin, tanaitheoir, éarthach corrmhíl ná bealadh. D'fhéadfadh dídhathú nó scoilteanna tarlú dá mbarr.
GUAIS THÁBHACHTACH - Ná lig do
pháistí faoi thrí bliana d'aois greim a fháil ar an táirge riamh! Tá codanna beaga sa táirge a d'fhéadfaí a shlogadh.

Leideanna suímh

Suigh an teilifíseán in áit nach lonraíonn
an ghrian díreach ar an scáileán.
Is fad amhairc a mholtar i gcás an
teilifíseáin seo trí oiread thrasnán an scáileáin. Mar shampla, más é 81cm/32" trasnán an scáileáin, ba cheart don amharcóir bheith ~2.5m / ~92" amach ón scáileán.
Ba cheart do shúile a bheith leibhéal le
lár an scáileáin, agus tú i do shuí.
Suíomh an teilifíseáin Is féidir na socruithe fuaime is fearr a roghnú don teilifíseán trí shuíomh an teilifíseáin a roghnú (feistithe de bhalla nó de sheastán).
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Suíomh an teilifíseáin].
4. Roghnaigh [Ar sheastán teilifíseáin] or
[Daingnithe de bhalla], ansin brúigh OK.

Glasáil an teilifíseán

Tá slota slándála Kensington suite i mbun an teilifíseáin. Chun an teilifíseán a dhaingniú, ceannaigh glas frithghadaíochta Kensington (a dhíoltar mar mhír ar leith).
GA 5

Dlíthiúil

Fógra

2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart ar cosaint. D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan fógra a bheith tugtha. Maoin de chuid Koninklijke Philips Electronics N.V. nó a n-úinéirí faoi seach is ea trádmharcanna. Coimeádann TP Vision Netherlands B.V. aige féin an ceart táirgí a athrú uair ar bith gan bheith faoi oibleagáid soláthairtí níos luaithe a choigeartú dá réir.
Creidtear gur leor an t-ábhar sa lámhleabhar seo chun an córas a úsáid mar atá ceaptha. Má bhaintear úsáid as an táirge, nó as a mhodúil nó a ghnásanna aonair, chun críocha seachas na gcríoch atá sonraithe anseo, ní mór deimhniú a fháil go bhfuil na húsáidí sin bailí agus oiriúnach. Barántaíonn Netherlands B.V. nach sáraíonn an t-ábhar féin aon phaitinn de chuid na Stát Aontaithe. Ní thugtar aon bharánta eile le tuiscint ná ní chuirtear aon cheann in iúl.
Ní féidir le TP Vision Netherlands B.V. bheith freagrach as aon earráid sa doiciméad seo ná as aon fhadhb de thoradh a bhfuil sa doiciméad seo. Déanfar earráidí a thuairiscítear do Philips a oiriúnú agus a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin tacaíochta Philips a luaithe is féidir.
Téarmaí an bharánta Riosca gortaithe, damáiste don teilifíseán
nó cealú baránta! Ná déan iarracht riamh an teilifíseán a dheisiú tú féin.
Bain úsáid as an teilifíseán agus as na
hoiriúintí ar an tslí a cheap an déantóir agus ar an tslí sin amháin.
Cuireann an rabhadh atá priontáilte ar
chúl an teilifíseáin in iúl go bhfuil riosca turrainge leictrí ann. Ná bain an clúdach den teilifíseán riamh. Iarr ar Philips Customer Care gach seirbhísiú agus deisiú a dhéanamh.
Cuirfear an baránta ar neamhní má dhéantar
rud ar bith atá coiscthe go sainráite sa lámhleabhar seo, nó má déantar athrú nó cóimeáil ar bith nach bhfuil molta nó údaraithe sa lámhleabhar seo.
Saintréithe picteilín Tá líon ard picteilín datha sa táirge LCD/LED seo. Cé go bhfuil picteilíní éifeachtacha de
99.999% aige, d'fhéadfadh spotaí dubha nó pointí geala solais (dearg, glas nó gorm) bheith le feiceáil i gcónaí ar an scáileán. Saintréith struchtúrach den taispeáint is ea é sin (laistigh de chomhchaighdeáin an tionscail) agus ní mífheidhm é.
Comhlíonadh AE Comhlíonann an táirge seo riachtanais agus forálacha ábhartha eile na dTreoracha 2006/95/EC (Voltas Íseal), 2004/108/EC (EMC) agus 2011/65/EU (ROHS).
Comhlíonadh EMF Déanann TP Vision Netherlands B.V. mórchuid táirgí dírithe ar thomhaltóirí a mhonarú agus a dhíol, agus dála aon trealaimh leictreonaigh eile, féadfaidh siad, i gcoitinne, comharthaí leictreamaighnéadacha a chur amach agus a ghlacadh.
Tá sé i measc phríomh-Phrionsabail Ghnó Philips gach beart riachtanach sláinte agus sábháilteachta a dhéanamh maidir lenár dtáirgí, chun géilleadh do gach riachtanas dlíthiúil is infheidhme agus chun bheith go maith laistigh de chaighdeáin na Réimse Leictreamaighnéadaí is infheidhme an tráth a tháirgtear na táirgí.
Geallann Philips táirgí nach mbeidh aon drochthoradh acu ar an tsláinte a fhorbairt, a tháirgeadh agus a chur ar an margadh. Deimhníonn TP Vision go bhfuil a tháirgí sábháilte d'úsáid an duine de réir na fianaise eolaíche atá ar fáil inniu, ach iad a láimhsiú i gceart chun na críche dár ceapadh iad.
Tá Philips gníomhach ó thaobh caighdeáin idirnáisiúnta EMF agus sábháilteachta a fhorbairt, rud a chumasaíonn dó bheith ag coinne le forbairtí eile i gcaighdeánú agus slánchuid a dhéanamh dóibh ag céim luath dá tháirgí.
GA 6
Gaeilge

Foinse oscailte

Gheofar sa táirge seo bogearraí a cheadúnaítear faoi cheadúnas foinse oscailte. Chun aitheantais agus téacsanna ceadúnais a fháil, féach, le do thoil, i lámhleabhar úsáideora an intáirge leictreonaigh. Leis seo tairgeann TP Vision Netherlands B.V. cóip den chód foinse comhfhreagrach iomlán maidir leis na pacáistí bogearraí foinse oscailte faoi chóipcheart a úsáideadh sa táirge seo a sheachadadh, ar iarratas, i gcás go n-iarrtar a leithéid faoi na ceadúnais faoi seach.
Mairfidh an tairiscint seo trí bliana tar éis dháta ceannaigh an táirge d'aon duine a fhaigheann an t-eolas seo. Chun an cód foinse a fháil, seol d'iarratas i mBéarla in éineacht leis an uimhir táirge chuig:
“Intellectual Property Department, TP Vision Netherlands B.V., P.O. Box 80077, 5600 KA Eindhoven, The Netherlands”.

Trádmharcanna agus cóipchearta

Trádmharc cláraithe nó trádmharc de chuid Microsoft Corporation sna Stáit Aontaithe agus/nó i dtíortha eile is ea Windows Media.
Déantar faoi cheadúnas ó Dolby Laboratories. Trádmharcanna de chuid Dolby Laboratories is ea Dolby agus an tsiombail D-dúbailte.
Trádmharcanna nó trádmharcanna cláraithe de chuid HDMI Licensing LLC sna Stáit Aontaithe nó i dtíortha eile is ea na téarmaí HDMI agus HDMI High-Definition Multimedia Interface, agus lógó HDMI.
Trádmharcanna cláraithe sna Stáit Aontaithe de chuid ACCO World Corporation is ea Kensington agus Micro Saver a bhfuil cláruithe eisithe agus iarratais ar feitheamh acu i dtíortha eile ar fud an domhain.
Trádmharcanna DivX®, DivX Certified® and associated logos are trademarks of Rovi Corporation or its subsidiaries and are used under license.
DivX Certified® chun físeán DivX® suas go HD 1080p a sheinm, agus ard-inneachar ar áireamh.
MAR GHEALL AR DIVX VIDEO: Formáid dhigiteach físeáin a chruthaigh DivX, fochuideachta de Rovi Corporation, is ea DivX®. Gléas oifigiúil Deimhnithe DivXe® a sheinneann físeáin DivX is ea é seo. Gheofar tuilleadh eolais ag divx.com agus uirlisí bogearraí chun do chomhaid a thiontú go físeáin DivX.
MAR GHEALL AR DIVX VIDEO-ON-DEMAND: Ní mór an gléas Deimhnithe DivX® seo a bheith cláraithe chun scannáin DivX Video-on-Demand cheannaithe a sheinm. Aimsigh an roinn DivX VOD ar do roghchlár cumraíochta gléis chun do chód clárúcháin a fháil. Gheofar tuilleadh eolais ar conas do chlárú a dhéanamh ar vod.divx.com.
Maoin de chuid a n-úinéirí faoi seach is ea gach trádmharc eile cláraithe agus neamhchláraithe.

Inbhuanaitheacht

Tíosacht ar fhuinneamh

Dearadh an teilifíseán seo le gnéithe tíosacha ar fhuinneamh. Brúigh an Cnaipe glas ar an
gcianrialtán, chun teacht ar na gnéithe sin.
Socruithe pictiúir tíosacha ar
fhuinneamh: Is féidir meascán de
shocruithe pictiúir tíosach ar fhuinneamh a úsáid. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe
glas agus roghnaigh [Tíosach ar fhuinneamh]. Ansin roghnaigh an socrú
pictiúir [Tíosach ar fhuinneamh].
GA 7
Scáileán as: Mura dteastaíonn uait ach
éisteacht le fuaim ón teilifís, is féidir an taispeáint teilifíse a athrú. Oibreoidh na feidhmeanna eile mar is gnáth. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh [Scáileán as].
Braiteoir solais: Nuair a dhorchaíonn
an solas mórthimpeall, íslíonn an braiteoir solais timpeallaigh gile an scáileáin teilifíse. Chun an braiteoir a chur air, brúigh an Cnaipe glas agus tú ag féachaint ar teilifís agus roghnaigh [Braiteoir solais].
Cumhacht íseal fuireachais: Laghdaíonn
an ardchiorcadra cumhachta ídiú cumhachta an teilifíseáin go leibhéal fíor-íseal, gan an fheidhmiúlacht leanúnach fuireachais a chailliúint.
Uathmhúch: Chun fuinneamh a
chaomhnú, socraigh an teilifíseán chun múchadh sa ghnáthchúrsa ag deireadh tréimhse díomhaointis. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh [Uathmhúch]. Ansin roghnaigh an tréimhse a múchfaidh an teilifíseán ina diaidh.
Múch gléasanna díomhaoine: Múch
gléasanna géilliúla EasyLink HDMI-CEC (Rialú Leictreonach Tomhaltóirí) atá díomhaoin. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh [Múch gléasanna díomhaoine].
Bainistíocht cumhachta: Cabhraíonn
ardbhainistíocht cumhachta chun an fuinneamh a ídíonn an teilifíseán seo a laghdú. Chun féachaint ar an tionchar atá ag do shocruithe pearsantaithe teilifíse ar ídiú cumhachta coibhneasta an teilifíseáin, brúigh , ansin roghnaigh
[Cumraíocht] > [Féach ar fhíseáin taispeána] > [Físeán taispeána Active Control].

Athchúrsáil

Rinneadh do tháirge a dhearadh agus a mhonarú le hábhair agus comhpháirteanna ar ardchaighdeán, ar féidir iad a athchúrsáil agus a athúsáid.
Nuair a bhíonn an tsiombail seo de araid ar rothaí agus líne tríd le feiceáil ar tháirge, ciallaíonn sé go bhfuil an táirge sin clúdaithe ag an Treoir Eorpach 2002/96/CE. Iarrtar ort fáil amach faoin gcóras bailiúcháin leithscartha áitiúil le haghaidh táirgí leictreacha agus leictreonacha.
Gníomhaigh de réir na rialacha áitiúla agus ná caith amach do sheantáirgí le do ghnáthdhramhaíl teaghlaigh. Ach do sheantáirge a dhiúscairt ar an tslí mholta cabhraíonn sé chun iarmhairtí diúltacha féideartha ar an timpeallacht agus ar shláinte an duine a sheachaint.
Tá cadhnraí atá clúdaithe ag Treoir Eorpach 2006/66/CE i do tháirge, agus ní féidir iad a dhiúscairt le do ghnáthdhramhaíl teaghlaigh. Iarrtar ort fáil amach faoi na rialacha áitiúla i dtaobh bailiú leithscartha cadhnraí toisc go gcabhraíonn sé le hiarmhairtí diúltacha féideartha ar an timpeallacht agus ar shláinte an duine a sheachaint ach iad a dhiúscairt ar an tslí cheart.
GA 8
Gaeilge

Lipéad fuinnimh

Insíonn an Lipéad Eorpach Fuinnimh duit cad é aicme tíosachta ar fhuinneamh an táirge. Dá ghlaise an aicme tíosachta ar fhuinneamh, is lú an méid fuinnimh a ídíonn sé.
Ar an lipéad feicfidh tú an aicme tíosach ar fhuinneamh, meánídiú cumhacht an táirge in úsáid agus an meánídiú fuinnimh i gcaitheamh bliana. Gheobhaidh tú luachanna ídithe cumhachta an táirge ar shuíomh Gréasáin Philips do thíre ag www.philips.com/TV.

Cabhair agus tacaíocht

Cabhair don Úsáideoir

Chun teacht a fháil ar an roghchlár [Cabhair] ar scáileán, brúigh an Cnaipe gorm.
Chun dul amach as an roghchlár [Cabhair], brúigh .

Tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Philips

Murar féidir leat a bhfuil uait a fháil sa [Cabhair]ar scáileán, tabhair cuairt ar
shuíomh Gréasáin Philips ag www.philips.com/support.
Seo rudaí eile is féidir a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin Philips:
Freagraí a fháil ar Cheisteanna Coitianta
(CC)
Leagan inchlóite PDF den lámhleabhar
seo a íoslódáil
Ceist ar leith a chur orainn i r-phost Labhairt ar líne le Philips Consumer
Care (ar fáil i dtíortha áirithe amháin)

Cuardaigh an fóram teilifíse

D'fhéadfadh sé gur fhreagair pobal úsáideoirí teilifíseán Philips do cheist cheana féin. Téigh chuig www.supportforum.philips.com.

Déan teagmháil le Philips

Is féidir tacaíocht a fháil ach glaoch ar Philips Consumer Care i do thír féin. Gheobhaidh tú an uimhir sa bhileog in éineacht leis an táirge seo, nó ar líne ag www.philips.com/support.
Sula gcuireann tú glao ar Philips, scríobh síos uimhir mhúnla agus sraithuimhir do theilifíseáin. Gheobhaidh tú na huimhreacha sin ar chúl do theilifíseáin nó ar an bpacáistíocht ina raibh an teilifíseán.

Bain úsáid as treoir nascachta Philips

Sa treoir shoiléir seo ar nascacht, gheobhaidh tú treoir faoin tslí le do theilifíseán a cheangal le gléasanna eile. Téigh chuig http://www.connectivityguide.philips.com.
GA 9
2 Úsáid do
theilifíseán

Rialuithe teilifíseáin

Rialuithe cúil

1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó as.
2. CH +/-: Athraigh go dtí an chéad chainéal
eile nó an cainéal roimhe.
3. (SOURCE): Féach ar ghléas ceangailte.
4. +/- (Airde): Méadaigh nó laghdaigh
an airde.

Braiteoirí agus táscairí

Le haghaidh PFL4xx8
1. Braiteoir cianrialaithe
Dírigh an cianrialtán ar an mbraiteoir. Bí cinnte nach bhfuil aon rud sa bhealach ar an líne amhairc idir an cianrialtán agus an teilifíseán.
GA 10
Le haghaidh PFL3xx8
1. Braiteoir cianrialaithe
Dírigh an cianrialtán ar an mbraiteoir. Bí cinnte nach bhfuil aon rud sa bhealach ar an líne amhairc idir an cianrialtán agus an teilifíseán.
Gaeilge

Cianrialú

1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó
ar fuireachas.
2. Cnaipí seanma: Rialaigh athsheinm na gcomhad ilmheáin.
3. SOURCE: Féach ar ghléas ceangailte.
4. TREOIR: Féach eolaire na gclár.
5. TV: Féach ar teilifís.
6. (Baile): Téigh chuig an roghchlár Baile.
7. OK: Deimhnigh iontráil nó rogha.
8. (Cnaipí nascleanúna): Déan
nascleanúint trí roghchláir agus roghnaigh míreanna.
9. LIST: Tar ar an liosta cainéal teilifíse.
10. FORMAT: Athraigh formáid an
phictiúir ar mhaithe leis an bhfoinse físeáin.
11. INFO: Taispeáin eolas mar gheall ar ghníomhaíocht reatha.
12. OPTIONS: Tar ar na roghanna atá ar fáil, agus ar na roghchláir pictiúir agus fuaime.
13. (Siar): Chun filleadh ar an leathanach roghchláir roimhe nó éalú as feidhm theilifíse.
14. CH +/-: Athraigh cainéal
15. +/- (Airde): Ceartaigh an airde.
16. (Gan fuaim): Cealaigh an fhuaim nó
cuir ann í.
17. Cnaipí datha: Roghnaigh tascanna nó roghanna. Feidhmíonn na cnaipí de réir na seirbhísí a thairgeann an soláthraí seirbhíse.
18. SUBTITLE: Cuir fotheidil ann nó as.
19. 0-9 (Cnaipí uimhriúla): Roghnaigh cainéil
theilifíse nó cuir isteach téacs.
20. TEXT: Cumasaigh nó díchumasaigh teilithéacs.

Rialuithe EasyLink

Má cheanglaíonn tú do theilifíseán de ghléasanna cumasaithe HDMI-CEC, ar nós seinnteoir Blu-ray nó amharclann bhaile, beidh tú ábalta iad a rialú ag an am céanna le cianrialtán amháin. Ní gá ach EasyLink a chur ann tar éis ceangal.
Léigh tuilleadh mar gheall ar Easylink i
Ceangail do theilifís > Cumraigh gléasanna Easylink > Rialaigh gléasanna (Lch 49).
GA 11

Cianrialú scáileáin

Slí eile le gléasanna cumasaithe ceangailte HDMI-CEC a rialú ná trí chnaipí eile a gheofar ar an gcianrialú scáileáin. Bí cinnte go gcuirtear EasyLink ann tar éis ceangal. Léigh tuilleadh mar gheall ar Easylink i Ceangail do
theilifís > Cumraigh gléasanna Easylink > Rialaigh gléasanna (Lch 49).
Chun teacht ar an gcianrialú scáileáin
1. Agus tú ag féachaint ar ghléas ceangailte, brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Taispeáin cianrialú], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh cnaipe ar an scáileán, ansin brúigh OK.

Féach ar teilifís

Cuir an teilifís ann nó as

Cuir an teilifís as
Brúigh ar an teilifíseán. Múchann an LED fuireachais.
Nóta: Cé gur beag fuinneamh a ídíonn an teilifíseán agus é ar fuireachas nó as, úsáideann sé fuinneamh éigin. Mura bhfuil i gceist agat an teilifíseán a úsáid go ceann tamaill fhada, dícheangal é den phlocóid phríomhchumhachta.
Uathmhúchadh Is féidir fuinneamh a spáráil le socruithe tíosach ar fhuinneamh an teilifíseáin seo, socruithe atá cumasaithe de réir réamhshocrú. Mura ndéanann úsáideoir gníomh (ar nós cnaipe cianrialtáin nó rialú ar an teilifíseán a bhrú) ar feadh ceithre huaire an chloig, rachaidh an teilifíseán ar fuireachas sa ghnáthchúrsa.
Chun múchadh uathoibríoch a dhíchumasú
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas ar an gcianrialtán.
2. Roghnaigh [Uathmhúchadh], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [As], ansin brúigh OK.

Ceartaigh an airde

Cuir an teilifís ann
Ceangail an teilifíseán den asraon
príomhchumhachta agus cuir an phríomhchumhacht ann.
Mura bhfuil an teilifíseán curtha ann,
fanfaidh an LED fuireachais as. Brúigh ar an teilifíseán.
Má tá an LED fuireachais lasta, brúigh
ar an gcianrialtán./
Nóta: Beidh moill bheag ann sula bhfreagraíonn an teilifíseán.
Leid: Más mian leat an teilifís a chur ann ó fhuireachas ach ní féidir leat teacht ar an gcianrialtán, brúigh cnaipe ar bith ar an teilifíseán.
Cuir an teilifíseán ar fuireachas Brúigh ar an gcianrialtán. Athraíonn an LED fuireachais ar an teilifíseán go dearg.
GA 12
Méadaigh nó laghdaigh airde an teilifíseáin
Brúigh +/- ar an gcianrialtán. Brúigh +/- ar an teilifíseán.
Cealaigh fuaim an teilifíseáin nó athchuir í
Brúigh ar an gcianrialtán chun an
airde a chealú.
Brúigh arís chun an fhuaim a athchur.
Gaeilge
Ceartaigh airde na gcluasán
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Fuaim] > [Airde na gcluasán], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh leibhéal.

Athraigh cainéil teilifíse

Brúigh CH+/- ar an gcianrialtán nó
ar an teilifíseán.
Brúigh na Cnaipí uimhriúla ar an
gcianrialtán chun uimhir cainéil a chur isteach.

Bainistigh cainéil roghnaithe

Is féidir féachaint ar gach cainéal nó díreach ar liosta de chainéil roghnaithe.
Cruthaigh liosta de do chainéil roghnaithe
1. Brúigh LIST. Tá an liosta cainéal ar taispeáint.
2. Roghnaigh na cainéil le marcáil ina gceanáin, ansin brúigh OPTIONS.
3. Select [Cuir ceanáin leis/bain ceanáin], ansin brúigh OK. Tá an cainéal roghnaithe marcáilte le réiltín.
Chun cainéal a bhaint de liosta na gceanán, roghnaigh [Cuir ceanán leis/bain ceanán de], agus ansin brúigh OK.
Taispeáin do liosta cainéal roghnaithe
1. Brúigh LIST, ansin brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Liosta] > [Ceanáin] chun cainéil i liosta na gceanán a thaispeáint.
3. Brúigh OK mar dheimhniú.

Bainistigh liostaí cainéal

Nuair a bheidh na cainéil suiteáilte, beidh tú ábalta
:
Cainéil a scagadh. Athrú idir cainéal aeróige agus cainéal cábla. Cainéil a athainmniú. Cainéil a chur in ord nua. Cainéal a ghlasáil. Éisteacht le raidió digiteach.
Cainéil a scagadh
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST.
2. Brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Scag].
3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK. [Digiteach + Analógach]: Taispeáin
gach cainéal sa liosta cainéal.
[Cainéil dhigiteacha teilifíse]: Taispeáin
cainéil dhigiteacha amháin.
[Cainéil analógacha]: Taispeáin cainéil
analógacha amháin.
[Saor / scrofa]: Taispeáin gach cainéal
sa liosta cainéal.
[Cainéil scrofa]: Taispeáin cainéil scrofa
amháin.
[Cainéil shaor in aisce]: Taispeáin
cainéil shaor in aisce amháin.
Nóta: D'fhéadfadh na roghanna scagtha a bheith éagsúil, ag brath ar do chraoltóir.
Athraigh idir cainéil aeróige agus cainéil chábla
Agus tú ag féachaint ar teilifís, is féidir athrú idir cainéil aeróige agus cainéil chábla.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] > [Suiteáil cainéil] > [Ceangal aeróige].
3. Roghnaigh [Aeróga (DVB-T)] chun féachaint ar chainéil aeróige nó [Cábla (DVB-C)] chun féachaint ar chainéil chábla, ansin brúigh OK.
GA 13
Cainéil a athainmniú Nuair a roghnaíonn tú cainéal, tagann ainm an chainéil sin aníos. Is féidir an t-ainm sin a athrú.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST.
Taispeántar an liosta cainéal.
2. Roghnaigh cainéal le hathainmniú, ansin
roghnaigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Athainmnigh], ansin brúigh OK.
Taispeántar an méarchlár scáileáin.
4. Brúigh na Cnaipí treoleanúna chun gach
carachtar a roghnú, ansin brúigh OK.
5. A luaithe a bhíonn sé déanta, roghnaigh
[Déanta], ansin brúigh OK mar dheimhniú.
Cainéil a chur in ord nua
Tar éis na gcainéal a shuiteáil, is féidir ord nua a chur ar an liosta cainéal.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST.
Taispeántar an liosta cainéal.
2. Brúigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Cuir in ord nua], ansin brúigh OK.
4. Roghnaigh na cainéil le cur in ord nua,
ansin brúigh OK.
5. Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun an
cainéal aibhsithe a bhogadh go háit eile, ansin brúigh OK.
6. Nuair a bhíonn sé déanta, brúigh
OPTIONS.
7. Roghnaigh [Fág athordaigh'], ansin
brúigh OK.
Glasáil cainéal Is féidir teacht neamhúdaraithe ar chainéil a chosc trí hiad a ghlasáil.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST.
Tá an liosta cainéal ar taispeáint.
2. Roghnaigh an cainéal atá le glasáil, ansin
brúigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Glasáil cainéal], ansin brúigh
OK.
4. Má iarrtar é, cuir isteach d'uimhir
aitheantais pearsanta. Beidh an cainéal marcáilte le híocón glais sa liosta cainéal.
Leid: Chun féachaint ar chainéal glasáilte, cuir isteach an cód aitheantais nuair a iarrtar é.
Éist le raidió digiteach Is féidir éisteacht le cainéil dhigiteacha raidió, ach iad a bheith ar fáil. Suiteáiltear iad sa ghnáthchúrsa nuair a shuiteálann tú na cainéil teilifíse.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST.
Taispeántar an liosta cainéal.
2. Brúigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Scagaire] > [Raidió], ansin
brúigh OK.
4. Roghnaigh cainéal raidió, ansin brúigh OK.

Féach ar ghléasanna ceangailte

Ní mór an gléas a cheangal den teilifís sular féidir féachaint air. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail gléasanna (Lch 39). Roghnaigh gléas le SOURCE
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK.
Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh an gléas, ansin brúigh OK.
Chun cur le do ghléasanna ceangailte nó iad a bhainistiú, féach Ceangal do theilifíseán >
Féach ar ghléasanna ceangailte > Athraigh socruithe gléis (Lch 47).

Úsáid réamhshocruithe pictiúir agus fuaime

Faightear socruithe réamhshainithe pictiúir agus fuaime in éineacht le do theilifíseán. Is féidir na socruithe sin a chur i bhfeidhm nó iad a shaincheapadh.
Roghnaigh do rogha socruithe pictiúir
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Stíl phictiúir], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK:
[Pearsanta]: Cuir do shocruithe
pearsantaithe pictiúir i bhfeidhm.
[Beoga]: Socruithe saibhre dinimiciúla,
oireann siad do dhaoine a fhéachann ar teilifís i rith an lae.
[Nádúrtha]: Socruithe nádúrtha pictiúir.
GA 14
Gaeilge
[Caighdeánach]: Réamhshocruithe a
oireann do gach timpeallacht agus do gach cineál físeáin, nach mór.
[Scannán]: Socruithe a oireann do
scannáin.
[Grianghraf]: Socruithe a oireann do
ghrianghraif.
[Tíosach ar fhuinneamh]: Na socruithe
is mó a chaomhnaíonn fuinneamh.
Roghnaigh do rogha socruithe fuaime
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Stíl fuaime], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK:
[Pearsanta]: Cuir do shocruithe
pearsantaithe fuaime i bhfeidhm.
[Bunaidh]: Réamhshocruithe a oireann
do gach timpeallacht agus do gach cineál comhad fuaime, nach mór.
[Scannán]: Socruithe a oireann do
scannáin.
[Ceol]: Socruithe a oireann chun
éisteacht le ceol.
[Cluiche]: Socruithe a oireann do chluichí. [Nuacht]: Socruithe a oireann do
chomhaid fuaime, ar nós na nuachta.

Athraigh formáid pictiúir

Athraigh formáid an phictiúir ar mhaithe leis an bhfoinse físeáin.
1. Brúigh FORMAT.
2. Roghnaigh formáid phictiúir, ansin brúigh OK.
Braitheann na formáidí pictiúir atá ar fáil ar fhoinse an fhíseáin: [Uathlíon]: Ceartaigh an pictiúr chun an
scáileán a líonadh (bíonn na fotheidil le feiceáil i gcónaí). Moltar é chun saobhadh scáileáin a sheachaint a mhéid is féidir ach ní haghaidh HD ná PC.
[Uathzúmáil]: Méadaigh an pictiúr chun
an scáileán a líonadh. Moltar é chun saobhadh scáileáin a sheachaint a mhéid is féidir ach ní haghaidh HD ná PC.
[Forzúmáil]: Bain na barraí dubha ar
thaobhanna craoltaí 4:3. Ní mholtar é le haghaidh HD ná PC.
[Leathnaigh scannán 16:9]: Scálaigh
formáid 4:3 go 16:9. Ní mholtar é le haghaidh HD ná PC.
[Scáileán leathan]: Taispeánann sé
inneachar scáileán leathan gan é a bheith sínte. Ní mholtar é le haghaidh HD ná PC.
[Díscálaithe]: Soláthair a mhéid sonraí
is féidir le haghaidh PC. Ní bhíonn sé ar fáil ach amháin nuair a roghnaítear mód PC sa roghchlár Pictiúr.
[4:3]: Taispeáin an formáid
chlasaiceach 4:3.

Féach eolaire na gclár

An méid is féidir leat a dhéanamh

Is féidir féachaint ar sceidil clár agus ar achoimrí clár le haghaidh cainéil digiteacha teilifíse in eolairí clár a sholáthraíonn na craoltóirí. Braitheann infhaighteacht na n-eolairí clár ar do chraoltóir.
Ní féidir féachaint ar eolas i dtreoir clár cainéil más amhlaidh: go bhfuil rátáil aoise an chainéil
cothrom leis an rátáil aoise atá socraithe ar do theilifíseán, nó níos airde.
má tá an cainéal glasáilte.

Ón gcraoltóir

Roghnaigh treoir clár an chraoltóra
Sula n-úsáideann tú an treoir clár, seiceáil na socruithe seo:
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Treoir theilifíse].
3. Roghnaigh [Ón gcraoltóir], ansin brúigh OK. Tar ar treoir clár an chraoltóra
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Treoir theilifíse], ansin brúigh OK.
3. Má tá tú ag féachaint ar threoir clár den chéad uair, lean na treoracha ar an scáileán chun an treoir a thabhairt cothrom le dáta.
GA 15
Saincheap treoir clár an chraoltóra Is féidir an t-eolas ar taispeáint a shaincheapadh chun: Meabhrúchán a thabhairt duit go bhfuil
clár ar tí tosú.
Cainéil roghnaithe amháin a thaispeáint. An lá taispeána a athrú. Taifeadtaí clár a sceidealadh. Féach Bain
níos mó úsáide as do theilifíseán > Taifead seónna teilifíse > Sceideal taifeadtaí (Lch 22).
Nóta: Braithfidh na roghanna ar an eolas clár
atá ar fáil ón gcraoltóir.
1. Sa treoir clár, brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK:
[Nuashonraigh an Treoir theilifíse]:
Tabhair eolas treorach chun dáta.
[Athraigh an lá]: Roghnaigh an lá ar a
dtaispeánfar an treoir clár.
[Cuardaigh de réir seánra]: Cuardaigh
cláir de réir seánra.
[Gach meabhrúchán]: Taispeáin liosta
de na meabhrúcháin clár ar fad.

Féach ar 3D

An méid a bheidh uait

Le haghaidh PFL43x8 amháin.
Teilifíseán 3D is ea do theilifíseán. Sula bhféachann tú ar 3D, léigh an foláireamh sláinte in Tábhachtach > foláireamh sláinte 3D (Lch 4). Chun féachaint ar 3D ar an teilifíseán seo, teastóidh spéaclaí Philips Active 3D PTA508 or PTA518 (a dhíoltar mar mhíreanna ar leithligh).
Nóta: D'fhéadfadh spéacslaí 3D ó bhrandaí eile
an éifeacht 3D a laghdú nó a chailleadh.
Ní thacaítear le formáidí 3D áirithe. Agus tú ag féachaint ar inneachar 3D le
spéaclaí gníomhacha 3D faoi shoilsiú fluaraiseach nó soilsiú LED, seans go bhfeicfidh tú na soilse a caochaíl. Má fheiceann, múch na soilse.
Chun an eispéireas 3D is fearr a bheith agat agus tú ag feachaint ar chláir 3D:
Suigh fad trí oiread airde teilifíseáin ón
teilifíseán, ar a laghad. Ná suigh níos faide ná 6m ón teilifíseán.

Tosaigh 3D

Uathchumasaigh 3D
Braitheann an teilifíseán é nuair a bhíonn 3D ar fáil agus iarrann sé ort do spéaclaí 3D a chur ort sula bhféachann tú air. Chun freagairt an teilifíseáin nuair a bhraitear comhartha 3D a shocrú:
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [3D] > [Athraigh go 3D].
3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK. [Uathoibríoch]: Athraíonn an teilifíseán
go 3D as a stuaim féin.
[Fógra amháin] Taispeánann an
teilifíseán fógra ar dtús.
[Ná taispeáin riamh]: Fógra ar bith.
Roghnaigh foinse le 3D
I gcás dioscaí 3D:
1. Seinn an diosca ar sheinnteoir dioscaí 3D Blu-ray atá ceangailte de nascóir HDMI an teilifíseáin.
2. Brúigh SOURCE, ansin roghnaigh an seinnteoir dioscaí 3D Blu-ray.
Le haghaidh clár teilifíse 3D:
1. Roghnaigh [Féach ar teilifís], ansin athraigh go cainéal teilifíse a chraolann inneachar 3D.
GA 16
Gaeilge
Nóta:
Chun athrú ar ais go 2D, brúigh
OPTIONS. Roghnaigh [Pictiúr
agus fuaim] > [Socruithe 3D] > [2D].
Má athraíonn tú go cainéal eile nó go gléas
ceangailte, athraíonn an teilifís go 2D.
Roghnaigh formáid ionchuir 3D Braitheann an teilifíseán é nuair a bhíonn 3D ar fáil agus iarrann ort sé do spéaclaí 3D a chur ort sula bhféachann tú air. Murar féidir leis an teilifíseán an comhartha 3D a bhrath toisc clibín comhartha 3D a bheith ar iarraidh, taispeánann sé an íomhánna a bhfuil forluí eatarthu.
Chun athrú ó íomhánna forluiteacha go 3D, athraigh an fhormáid 3D.
1. Brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Socruithe 3D].
3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK.
[3D - Taobh le taobh]: Roghnaigh má
thaispeánann an teilifíseán pictiúir a bhfuil forluí ingearach eatarthu.
[3D - Barr / bun]: Roghnaigh má
thaispeánann an teilifíseán pictiúir a bhfuil forluí cothrománach eatarthu.
[3D - Barr / bun aisiompaithe][3D -
Na taobhanna aisiompaithe]: Roghnaigh
má thaispeánann an teilifíseán íomhánna as riocht, ar nós cuma ar an gcúlra go bhfuil sé níos gaire duit.

Tiontaigh 2D go 3D

Is féidir clár 2D ar bith a thiontú chun féachaint air in 3D.
1. Brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Socruithe 3D] > [Tiontú 2D go 3D]. Chun an doimhneacht 3D a cheartú.
1. Brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Éifeachdt 3D].
3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK.
Chun tiontú 2D go 3D a mhúchadh:
1. Brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Socruithe 3D] > [2D], ansin brúigh OK.
Nóta: Má athraíonn tú go gníomhaíocht eile,
bíonn deireadh leis an tiontú.

Seinn comhaid ilmheáin

An méid is féidir leat a dhéanamh

Is féidir leat físeáin, grianghraif agus ceol a sheinm ar do theilifíseán ó ghléas USB atá ceangailte den teilifíseán.

Seinn comhaid ó ghléas USB

Má tá grianghraif, físeáin nó comhaid cheoil agat ar ghléas stórála USB, is féidir na comhaid a sheinm ar teilifís.
Rabhadh: Ní bheidh TP Vision freagrach mura
dtacaítear leis an ngléas stórála USB, nó má chailltear sonraí sa ghléas, nó má dhéantar damáiste dó.
Ná déan an port USB a ró-ualú. Má
cheanglaíonn tú gléas stórála USB a ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí cinnte go mbíonn sé ceangailte dá sholáthar cumhachta seachtrach féin.
Brabhsáil gléas USB
1. Ceangail an gléas USB den nascóir USB ar an teilifíseán.
2. Brúigh SOURCE, roghnaigh [USB], agus ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh comhad ón mbrabhsálaí inneachair, ansin brúigh OK chun an tseinm
a thosú.
4. Brúigh na Cnaipí seanma chun an tseinm a rialú.
5. Roghnach: Chun gléas USB eile a roghnú, roghnaithe [gléas USB] ag bun scáileán na
teilifíse. Leideanna: Roghnaigh an barra uachtarach chun do
chomhaid a scagadh de réir cineáil.
Roghnaigh [Sórtáil] chun na comhaid a
shocrú de réir ainm, de réir dáta, nó de réir réimse eile.
GA 17

Roghanna seanma

Féach ar fhíseán
1. Roghnaigh sa bharra uachtarach.
2. Roghnaigh físeán, ansin brúigh OK.
3. Roghnach: Chun gach físeán i bhfillteán a
sheinm, roghnaigh físeán, ansin roghnaigh [Seinn gach ceann].
Chun dul go dtí an chéad fhíseán eile nó
an físeán deireanach, brúigh CH+ nó CH-.
Brúigh OK chun an físeán a chur ar sos.
Brúigh OK arís chun an tseinm a atosú.
Chun dul ar aghaidh nó siar 10 soicind,
brúigh nó .
Chun cuardach ar aghaidh nó siar, brúigh
. Brúigh an cnaipe arís agus arís
eile chun scoránú idir luasanna difriúla.
Chun físeán a stopadh, Brúigh . Roghanna físeáin
Agus físeán á sheinm agat, brúigh
OPTIONS, ansin brúigh OK chun rogha
a roghnú: [Fotheidil]: Roghnaigh na socruithe
fotheidil ata ar fáil.
[Teanga fotheideal]: Roghnaigh teanga
na bhfotheideal má tá sin ar fáil.
[Sraith carachtar]: Roghnaigh an tsraith
carachtar a oireann do na fotheidil.
[Teanga fuaime]: Roghnaigh teanga
fuaime.
[Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn]
chun comhad físeáin a sheinm arís agus arís eile nó [Seinn uair amháin] chun an
comhad físeáin a sheinm uair amháin.
[Freastalaí meán]: Agus inneachar ó
fhreastalaí meán á sheinm agat, is féidir freastalaí meán eile a roghnú.
[Suaitheadh ann] / [Suaitheadh as]:
Cumasaigh nó díchumasaigh comhaid físeáin a sheinm go randamach.
[DivX(R) VOD]: Taispeáin cód
clárúcháin agus an cód díchlárúcháin DivX an teilifíseáin seo.
Nóta: Chun féachaint ar eolas mar gheall ar fhíseán (mar shampla, suíomh seinnte, fad, teideal, nó dáta), roghnaigh an físeán, ansin brúigh
INFO.
Chun an t-eolas a cheilt, brúigh INFO arís.
Éist le ceol
1. Roghnaigh sa bharra uachtarach.
2. Roghnaigh rian, ansin brúigh OK.
3. Roghnach: Chun gach rian i bhfillteán a sheinm, roghnaigh rian, ansin roghnaigh [Seinn gach ceann].
Chun dul go dtí an chéad rian eile nó an
rian deireanach, brúigh CH+ nó CH-.
Brúigh OK chun an rian a chur ar sos.
Brúigh OK arís chun an tseinm a atosú.
Chun dul ar aghaidh nó siar 10 soicind,
brúigh nó .
Chun cuardach ar aghaidh nó siar,
brúigh . Brúigh arís agus arís eile chun scoránú idir luasanna difriúla.
Chun an ceol a stopadh, Brúigh . Roghanna ceoil
Agus ceol á sheinm agat, brúigh
OPTIONS, ansin brúigh OK chun rogha
a roghnú: [Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn]
chun rian nó albam a sheinm arís agus arís eile, nó roghnaigh [Seinn uair amháin] chun rian a sheinm uair amháin.
[Freastalaí meán]: Agus inneachar ó
fhreastalaí meán á sheinm agat, is féidir freastalaí meán eile a roghnú.
[Suaitheadh ann] / [Suaitheadh as]:
Cumasaigh nó díchumasaigh rianta a sheinm go randamach.
Nóta: Chun féachaint ar eolas mar gheall ar amhrán (mar shampla, teideal, amhránaí nó fad), roghnaigh an t-amhrán, ansin brúigh
INFO.
Chun an t-eolas a cheilt, brúigh INFO arís.
Féach ar ghrianghraif
1. Roghnaigh sa bharra uachtarach.
2. Roghnaigh mion-ghrianghraif, ansin brúigh OK. Tosaigh taispeántas sleamhnán
Má tá líon mór grianghraf i bhfillteán, roghnaigh grianghraf, ansin roghnaigh [Taispeántas sleamhnán].
Chun dul go dtí an chéad ghrianghraf
eile nó an ghrianghraf deireanach, brúigh CH+CH-.
GA 18
Gaeilge
Chun an taispeántas sleamhnán a
stopadh nó an grianghraf a dhúnadh, brúigh LIST nó .
Roghanna taispeántas sleamhnán Agus seó sleamhnán á sheinm agat, brúigh
OPTIONS, ansin brúigh OK chun rogha a
roghnú: [Suaitheadh as] / [Suaitheadh ann]:
Cumasaigh nó díchumasaigh pictiúir i dtaispeántas sleamhnán a thaispeáint go randamach.
[Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn]
chun féachaint ar sheó sleamhnán arís agus arís eile nó [Seinn uair amháin]
chun féachaint air uair amháin.
[Tráth an taispeántais sleamhnán]:
Roghnaigh am taispeána le haghaidh gach grianghraif sa taispeántas sleamhnán.
[Athruithe sa taispeántas sleamhnán]:
Roghnaigh an t-athrú ó ghrianghraf amháin go dtí an chéad cheann eile.
[Freastalaí meán]: Agus inneachar ó
fhreastalaí meán á sheinm agat, is féidir freastalaí meán eile a roghnú.

Seinn DivX® VOD (Video On Demand)

Teilifíseán DivX Certified(R) is ea é seo agus seinntear físeáin ardchaighdeán DivX Video-On-Demand air.
Chun físeáin DivX VOD a sheinm ón ríomhaire, ní mór DivX VOD a ghníomhachtú ar dtús ar an teilifíseán. Gheobhaidh tú an chéad ghníomhachtú saor in aisce.
Cláraigh an teilifíseán Mura bhfuil an teilifíseán gníomhachtaithe nuair a thosaíonn tú ag athsheinm físeán DivX ar cíos, taispeánfaidh an teilifís an cód clárúcháin DivX a theastaíonn chun an teilifíseán seo a ghníomhachtú.
Lean na céimeanna seo a leanas chun clárú.
1. Nuair a thaispeánann an teilifís an cód clárúcháin 8 ndigit nó 10 ndigit, scríobh síos an cód agus téigh chuig http://vod.divx.com.
2. Íoslódáil bogearraí an tseinnteora DivX ar do ríomhaire agus déan na bogearraí a shuiteáil.
3. Tosaigh bogearraí an tseinnteora DivX agus cruthaigh Cuntas DivX: Cliceáil VOD > Cruthaigh Cuntas DivX.
4. Ar an tseinnteoir DivX cláraigh an teilifíseán le cód clárúcháin an teilifíseáin. Cliceáil VOD > Cláraigh Gléas Deimhnithe DivX.
5. Nuair a fhaigheann tú an nod, íoslódáil agus sábháil an físeán clárúcháin ar mhearóg USB nó ar do fhreastalaí meán ceangailte.
6. Téigh chuig an teilifíseán agus seinn an físeán clárúcháin air. Sin deireadh leis an gclárú agus tá DivX gníomhachtaithe ar do theilifíseán.
Gheofar tacaíocht mhionsonraithe ar shuíomh Gréasáin DivX.
Chun an teilifíseán seo a dhíchlárú:
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh [Brabhsáil USB], ansin brúigh OK.
3. Brúigh OPTIONS, roghnaigh [DivX(R) VOD], agus ansin brúigh OK.
4. Lean na treoracha ar an scáileán.
GA 19
Loading...
+ 44 hidden pages