Philips 32PFH4101, 32PHH4101, 40PFH4101, 48PFH4101 User Manual [gd]

Register your product and get support at
www.philips.com/welcome
4101 series
Lámhleabhar
32PFH4101 32PHH4101 40PFH4101 48PFH4101
1 Turas Teilifíse 3
1.1 An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí 3
1.2 EasyLink 3
2 Suiteáil 4
2.1 Léigh sábháilteacht 4
2.2 Seastán teilifíse agus gléasadh balla 4
2.3 Leideanna maidir le láithriú 4
2.4 Cábla cumhachta 4
2.5 Cábla na hAeróige 4
2.6 Mias satailíte 5
3 Nasc gléasanna 6
3.1 Maidir le naisc 6
3.2 Comhéadan Coiteann - CAM 8
3.3 Bosca Bairr - STB 8
3.4 Glacadóir satailíte 8
3.5 Córas Amharclainne Baile - HTS 9
3.6 Seinnteoir Diosca Blu-ray 10
3.7 Seinnteoir DVD 11
3.8 Consól cluiche 11
3.9 Diosca Crua USB 11
3.10 Méaróg USB 12
3.11 Ceamthaifeadán - HDMI 12
3.12 Ríomhaire 12
3.13 Cluasáin 13
4 Cas air 14
4.1 Air, Fuireachas nó As 14
4.2 Eochracha ar theilifís (don tsraith 4100, 4200, 4101, 4111, 4201, 6300, 630) 14
4.3 Uaineadóir codlata 14
4.4 Amadóir Casta As 14
5 Cianrialtán 15
5.1 Forbhreathnú ar na heochracha (Don tsraith 4000, 4100, 4200, 4101, 4111, 4201, 5210) 15
5.2 Braiteoir IR 16
5.3 Ceallraí 16
5.4 Glanadh 16
6 Cainéil teilifíse 17
6.1 Liostaí Cainéal 17
6.2 Ag féachaint ar chainéil teilifíse 17
6.3 Cóipeáil liosta cainéal 21
7 Suiteáil Cainéal - Aeróg, Cábla 23
7.1 Cainéil a nuashonrú 23
7.2 Athshuiteáil cainéal 23
7.3 DVB-T nó DVB-C 23
7.4 Suiteáil de Láimh 25
8 Eolaire teilifíse 26
8.1 Na rudaí a bheidh ag teastáil uait 26
8.2 An t-eolaire teilifíse a úsáid 26
9 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos
28
9.1 Taifeadadh 28
9.2 Cuir teilifís ar sos 29
10 Naisc, Liosta 31
10.1 Athraigh go gléas 31
10.2 Ó fhuireachas 31
10.3 EasyLink 31
11 Uaineadóirí agus clog 32
11.1 Uaineadóir codlata 32
11.2 Clog 32
11.3 Cas as an t-amadóir 32
12 Meáin 33
12.1 Ó Nasc USB 33
12.2 Seinn do chuid Físeán 33
12.3 Féach ar do chuid grianghraif 33
12.4 Seinn do cheol 34
13 Socruithe 36
13.1 Pictiúr 36
13.2 Fuaim 39
13.3 Socruithe ginearálta 41
14 Sonraíochtaí 43
14.1 Comhshaol 43
14.2 Glacacht do mhúnlaí PxH 44
14.3 Taispeáint 44
14.4 Cumhacht 45
14.5 Toisí agus Meáchain 45
14.6 Nascacht 45
14.7 Fuaim 45
14.8 Ilmheáin 46
15 Bogearaí 47
15.1 Nuashonrú bogearraí 47
15.2 Leagan bogearraí 47
15.3 Bogearraí foinse oscailte 47
15.4 Open source license 47
16 Fabhtcheartú agus tacaíocht 50
16.1 Fadhbanna 50
16.2 Cláraigh 51
16.3 Cabhair 51
16.4 Cabhair Ar Líne 52
16.5 Cúram Custaiméirí / Athdheisiú 52
17 Sábháilteacht agus cúram 53
17.1 Sábháilteacht 53
17.2 Cúram scáileáin 54
18 Téarmaí Úsáide, cóipchearta agus ceadúnais 55
18.1 Téarmaí Úsáide 55
18.2 Cóipchearta agus ceadúnais 55
Innéacs 57
2
1
Turas Teilifíse
1.1
An teilifís a chur ar sos agus taifeadtaí
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh ó chainéal teilifíse digití.
Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach bíodh briseadh agat i rith cluiche spóirt. Is féidir leat tosú ag féachaint arís ar ball.
Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat craoltaí digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat taifeadadh nuair atá tú ag féachaint ar chlár, nó clár atá le craoladh sa todhchaí a sceidealú.
1.2
EasyLink
Is féidir leat gléas nasctha, cosúil le seinnteoir Diosca Blu-ray, a oibriú le cianrialtán na teilifíse le EasyLink.
Baineann EasyLink úsáid as HDMI CEC chun cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha.
3
2
Suiteáil
2.1
Léigh sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n­úsáideann tú an teilifís.
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifíse. Léigh na réamhchúraim sábháilteachta freisin sula suífidh tú an teilifís. Ní ghlacann TP Vision Europe B.V. le haon fhreagracht as gléasadh míchuí ná aon ghléasadh a mbeidh tionóisc nó gortú mar thoradh air.
In Cabhair, téigh go Sábháilteacht agus cúram > Sábháilteacht.
2.2
Seastán teilifíse agus gléasadh balla
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó www.philips.com sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir chineáil táirge na teilifíse chun cuardach a dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Gléasadh balla
2.3
Leideanna maidir le láithriú
- Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go díreach ar an scáileán.
- Socraigh an teilifís suas le 15 cm ón mballa.
- Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
2.4
Cábla cumhachta
Don tsraith 4101, 4111
Tá do theilifís ullamh freisin do bhrac ghléasadh balla atá oiriúnach le VESA (díoltar as féin é). Bain úsáid as an gcód VESA seo a leanas nuair atá an gléasadh balla á cheannach agat . . . Úsáid scriúnna a bhfuil fad acu atá léirithe sa léaráid chun an brac a ghléasadh go daingean.
- 32Pxx4101 - VESA MIS-F 100x100, M4 (Íosmhéid 10 mm, Uasmhéid 14 mm)
- 40PFx4101, 40PFT4111 - VESA MIS-F 200x200, M4 (Íosmhéid 12 mm, Uasmhéid 16 mm)
- 48PFx4101 - VESA MIS-F 200x200, M6 (Íosmhéid 12 mm, Uasmhéid 16 mm)
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
- Cuir isteach an cábla cumhachta sa nascóir POWER ar chúl na teilifíse.
- Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta curtha isteach go daingean sa nascóir.
- Bí cinnte gur féidir leat rochtain a fháil i gcónaí ar an bpluga cumhachta sa soicéad balla.
- Nuair a díphlugálann tú an cábla cumhachta, tarraing an pluga i gcónaí, ná tarraing an cábla go deo.
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh tréimhse fada.
4
2.5
Cábla na hAeróige
Cuir isteach pluga na haeróige go daingean sa soicéad ANTENNA ar chúl na teilifíse.
Is féidir leat d'aeróg féin a nascadh nó nasc a dhéanamh le comhartha aeróige ó chóras dáilte aeróige. Úsáid nascóir aeróige IEC Coax 75 Ohm RF.
Úsáid an nasc aeróige seo do chomharthaí ionchuir DVB-T agus DVB-C.
2.6
Mias satailíte
- Do mhúnlaí PHK/PFK Ceangail an nascóir satailíte den chineál F leis an
nasc satailíte SAT ar chúl na teilifíse.
5
3
Nasc gléasanna
3.1
Maidir le naisc
Cosaint ar chóipeáil
Treoir maidir le nascacht
Nasc gléas leis an teilifís i gcónaí leis an nasc is airde caighdeáin atá ar fáil. Anuas air sin, úsáid cáblaí ar ardchaighdeán chun a chinntiú go mbeidh aistriú maith pictiúr agus fuaimeanna ann.
Má tá cabhair ag teastáil uait chun roinnt gléasanna a nascadh leis an teilifís, is féidir leat cuairt a thabhairt ar threoir nascachta Philips TV. Tugann an treoir eolas maidir leis an gcaoi nascadh agus maidir leis na cáblaí atá le húsáid.
Téigh go dtí www.connectivityguide.philips.com
Port aeróige
Má tá Bosca bairr (glacadóir digiteach) nó Taifeadán agat, nasc cáblaí na haeróige chun comhartha na haeróige a rith tríd an mBosca bairr agus/nó an Taifeadán i dtosach sula n-iontrálfaidh sé an teilifís. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an aeróg agus an Bosca bairr cainéil bhreise fhéideartha a sheoladh go dtí an Taifeadán le haghaidh a dtaifeadta.
Tacaíonn cáblaí HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).
HDMI ARC
Tá HDMI ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag an nasc HDMI 1 ar an teilifís. Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le HDMI 1 ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.
Sa chás gur fearr leat ARC a chasadh as ar na naisc HDMI, brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh
OK. Roghnaigh Socruithe Teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > HDMI 1 - ARC.
Poirt HDMI
Cáilíocht HDMI
Bíonn an caighdeán pictiúir agus fuaime is fearr ann le nasc HDMI. Úsáid cábla HDMI le haghaidh comhartha teilifíse.
Úsáid cábla HDMI Ardluais chun an t-aistriú comhartha is fearr a fháil agus ná húsáid cábla HDMI níos faide ná 5 m.
HDMI CEC - EasyLink
EasyLink
Is féidir leat gléas nasctha a oibriú le cianrialtán na teilifíse le EasyLink. Úsáideann EasyLink HDMI CEC (Consumer Electronics Control) chun cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna nasctha. Ní mór do ghléasanna tacú le HDMI CEC agus a bheith nasctha le nasc HDMI.
Suiteáil EasyLink
Tagann an teilifís le EasyLink casta air. Bí cinnte go bhfuil na socruithe HDMI CEC suiteáilte i gceart ar na gléasanna EasyLink atá nasctha. Tá an seans ann nach n-oibreoidh EasyLink le gléasanna ó bhrandaí eile.
HDMI CEC ar bhrandaí eile
Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC
6
ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet, Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink.
Is lena n-úinéirí faoi seach ainmneacha branda HDMI CEC .
Gléasanna a oibriú
Chun gléas atá nasctha le HDMI a oibriú agus é a shuiteáil le EasyLink, roghnaigh an gléas - nó a ghníomhaíocht - sa liosta de naisc teilifíse. Brúigh
SOURCES , roghnaigh gléas atá nasctha le nasc
HDMI agus brúigh OK. Chomh luath is a bheidh an gléas roghnaithe, is féidir
le cianrialtán na teilifíse an gléas a rialú. Mar sin féin, ní chuirtear ar aghaidh na heochracha OPTIONS  agus  agus roinnt eochracha teilifíse eile chuig an ngléas. Mura bhfuil an eochair atá uait ar chianrialtán na teilifíse, is féidir leat an eochair a roghnú sa roghchlár Roghanna. Brúigh  OPTIONS agus roghnaigh Rialuithe ar an mbarrachlár. Roghnaigh an eochair gléis atá uait ar an scáileán agus brúigh OK. Tá an seans ann nach mbeidh roinnt méaracha gléis an-sainiúil ar fáil sa roghchlár Rialtáin.
Tabhair faoi deara: Ní fhreagróidh ach gléasanna a thacaíonn leis an bhfeidhm cianrialtán Easylink do chianrialtán na teilifíse.
EasyLink Air nó As
Bíonn na socruithe EasyLink casta air ar an teilifís mar réamhshocrú. Is féidir leat aon socrú EasyLink a chasadh as leis féin.
I roghchlár socruithe EasyLink , roghnaigh Cianrialtán
EasyLink agus roghnaigh As.
DVI go HDMI
Má tá gléas agat i gcónaí nach bhfuil air ach gléas DVI, is féidir leat an gléas a nascadh le haon ceann de na naisc HDMI le cuibheoir DVI go HDMI.
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do ghléas ach nasc DVI. Úsáid ceann de na naisc HDMI agus cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm) isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na teilifíse.
Cosaint ar chóipeáil
Tacaíonn cáblaí DVI agus HDMI le HDCP (Cosaint Ábhar Digiteach Ard-Leitheadbhanda). Is comhartha chosaint ar chóipeáil HDCP a chuireann cosc ar chóipeáil ábhar ó dhiosca DVD nó Diosca Blu-ray. Tagraítear dó fresin mar DRM (Bainistíocht Ceart Digiteach).
Fuaim Amach - Optúil
Nasc fuaime ar ardchaighdeán é Fuaim Amach ­Optúil. Tá an nasc optúil seo in ann 5.1 cainéal fuaime a iompar. Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ar do ghléas, ar ghnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, is féidir leat an nasc seo a úsáid leis an nasc Fuaime Isteach - Optúil ar an HTS. Seolann an nasc Fuaime Amach - Optúil an fhuaim ón teilifís go dtí an HTS.
Chun EasyLink a chasadh as go hiomlán. . .
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Easylink.
3. Roghnaigh EasyLink.
4. Roghnaigh As agus brúigh OK.
5. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.
Cianrialtán EasyLink Cianrialtán EasyLink
Má theastaíonn uait go mbeidh cumarsáid idir gléasanna ach níl tú ag iarraidh iad a oibriú le cianrialtán na teilifíse, is féidir leat cianrialtán EasyLink a chasadh as leis féin. Is féidir leat go leor gléasanna atá oiriúnach le HDMI­CEC a rialú le cianrialtán do theilifíse.
Is féidir leat cineál an chomhartha fuaime amach a shocrú chun dul in oiriúint do chumais fuaime do Chóras Amharclainne Baile.
Mura mbeidh an fhuaim ag meaitseáil an fhís ar an scáileán, is féidir leat an sioncronú fuaime go físe a choigeartú.
7
SCART
Is nasc ar chaighdeán maith é SCART. Is féidir an nasc SCART a úsáid le haghaidh comharthaí físe CVBS agus RGB ach ní féidir é a úsáid le haghaidh comharthaí teilifíse Ardghléine (HD). Tá comharthaí físe agus fuaime sa nasc SCART.
Úsáid an cábla cuibheora SCART chun do ghléas a nascadh.
Úsáid sliotán an Chomhéadain Choitianta ar an teilifís chun an cárta CAM a chur isteach. Agus tú ag féachaint ar aghaidh an chárta, cuir isteach an CAM go réidh chomh fada is atá tú in ann. Fág an cárta sa sliotán go buan.
D'fhéadfadh sé roinnt nóiméad a thógáil sula ngníomhachtófar an CAM. Díghníomhachtófar an tseirbhís craolta ar an teilifís nuair a thógfar an CAM amach. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar táillí suibscríbhinne, (tá modhanna nasctha in ann a bheith éagsúil), is féidir leat féachaint ar an gcraoladh teilifíse. Is do do theilifís amháin an CAM atá curtha isteach.
3.2
Comhéadan Coiteann - CAM
CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+. Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Scrobhann an craoltóir teilifíse na cláir seo agus díscrobhann modúl CI+ réamhíoctha iad. Cuireann craoltóirí teilifíse digití an modúl CI+ (Modúl Rochtana Coinníollaí - CAM) seo ar fáil nuair a cheannaíonn tú suibscríbhinn dá gcuid clár préimhe. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag an cláir seo.
Déan teagmháil le craoltóir teilifíse digití le haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus coinníollacha.
CAM
Cuir isteach modúl CAM
Cas as an teilifís sula gcuirfidh tú CAM isteach. Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus don teilifís.
3.3
Bosca Bairr - STB
Úsáid 2 cábla aeróige chun an aeróg a nascadh leis an mBosca bairr (ar glacadóir digiteach é) agus an teilifís.
Cuir isteach cábla HDMI in aice leis na naisc aeróige chun an Bosca bairr a nascadh leis an teilifís.
Uath-Chasadh as Cas an t-amadóir uathoibríoch seo as mura n-
úsáideann tú ach cianrialtán an Bhosca Bhairr amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Chun an t-uaineadóir Casadh as a chasadh as, brúigh
agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Uaineadóir casadh as agus athraigh an barra sleamhnáin go As.
8
3.4
Glacadóir satailíte
Nasc cábla na méise aeróige leis an nglacadóir Satailíte.
Cuir isteach cábla HDMI in aice leis an nasc aeróige chun an gléas a nascadh leis an teilifís.
Uath-Chasadh as
Cas an t-amadóir uathoibríoch seo as mura n­úsáideann tú ach cianrialtán an Bhosca Bhairr amháin. Mura ndéanfaidh tú é seo, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch tar éis tréimhse 4 huaire gan aon eochair a bheith brúite ar chianrialtán na teilifíse.
Chun an t-uaineadóir Casadh as a chasadh as, brúigh
agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK .
Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Uaineadóir casadh as agus athraigh an barra
sleamhnáin go As.
3.5
Córas Amharclainne Baile -
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.
Nasc le HDMI
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile (HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir diosca ionsuite aige.
Mura bhfuil aon nasc HDMI ARC ag an gCóras Amharclainne Baile, úsáid cábla fuaime optúil (Toslink) chun fuaim na teilifíse a sheoladh go dtí an Córas Amharclainne Baile.
Sioncronú fuaime go físe (sionc)
Mura meaitseálann an fhuaim an fhís ar an scáileán, is féidir leat moill a shocrú ar an gcuid is mó de Chórais Amharclainne Baile a bhfuil seinnteoir diosca acu chun an fhuaim a mheaitseáil leis an fhís.
HTS
Nasc le HDMI ARC
Úsáid an cábla HDMI chun Córas Amharclainne Baile (HTS) a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Philips Soundbar a nascadh nó HTS a bhfuil seinnteoir diosca ionsuite aige.
HDMI ARC
Tá HDMI ARC (Cainéal Fillte Fuaime) ag an nasc HDMI 1 ar an teilifís. Má tá an nasc HDMI ARC ag an ngléas freisin, ar gnách gur Córas Amharclainne Baile (HTS) é, nasc le HDMI 1 ar an teilifís seo é. Ní chaithfidh an cábla fuaime breise a sheolann fuaim na teilifíse go dtí an HTS a bheith agat nuair atá nasc HDMI ARC ann. Tá an dá chomhartha sa nasc HDMI ARC.
Socraithe d'Fhuaim Amach
Moill ar Fhuaim Amach
Nuair atá Córas Amharclainne Baile (HTS) nasctha leis an teilifís, ba cheart go mbeadh an pictiúr ar an teilifís agus an fhuaim ón HTS sioncronaithe.
Sioncronú uathoibríoch fuaime go físe
Bíonn an sioncronú fuaime go físe sioncronaithe go huathoibríoch leis na Córais Amharclainne Baile is nua ó Philips, agus bíonn sé i gcónaí ceart.
Moill sionc Fuaime
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans ann go mbeidh ort an mhoill sionc fuaime a mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an bhfís. Ardaigh an luach moille ar an gCóras Amharclainne Baile go dtí go meaitseálann an pictiúr agus an fhuaim. D'fhéadfadh luach moille de 180ms a bheith ag teastáil. Léigh treoir úsáideora an Chórais Amharclainne Baile. Beidh ort an mhoill ar Fhuaim
9
amach ar an teilifís a chasadh as nuair atá luach moille socraithe ar an gCóras Amharclainne Baile.
Chun an mhoill ar Fhuaim Amach a chasadh as. . .
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse >Fuaim > Ardsocruithe > Moill ar Fhuaim Amach.
3. Roghnaigh As agus brúigh OK.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.
Seach-Chur Fuaim Amach
Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras Amharclainne Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú chun an fhuaim a shioncronú. Is féidir leat seach-chur a shocrú a dhéanann cúiteamh don mhéid ama atá ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim phictiúr na teilifíse a phróiseáil. Is féidir leat an luach a shocrú i gcéimeanna 1ms. Is é 12ms an socrú is airde. Ba cheart an socrú Moill ar Fhuaim amach a chasadh air.
Chun an fhuaim ar an teilifís a shioncronú. . .
Leibhéaladh Fuaime Amach
Úsáid an socrú Leibhéaladh Fuaime Amach chun airde fuaime (treise) na teilifíse agus an Chórais Amharclainne Baile a chothromú nuair a athraíonn tú ó cheann amháin go ceann eile. Is féidir le difríochtaí i bpróiseáil fuaime a bheith in n-údar do dhifríochtaí in airde fuaime.
Chun an difríocht san airde fuaime a leibhéaladh. . .
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > Leibhéaladh Fuaim Amach.
3. Má tá difríocht mhór san airde fuaime, roghnaigh Níos Mó. Má tá difríocht bheag san airde fuaime, roghnaigh Níos Lú. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.
Baineann leibhéaladh Fuaime Amach le comharthaí fuaime Fuaim Amach - Optúil agus HDMI ARC araon.
Fadhbanna le fuaim HTS
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse >Fuaim > Ardsocruithe > Seach-chur Fuaim Amach.
3. Úsáid an barra sleamhnáin chun an seach-chur fuaime a shocrú agus brúigh OK.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.
formáid Fuaim Amach
Má tá Córas Amharclainne Baile agat a bhfuil an cumas aige fuaim ilchainéil a phróiseáil, leithéidí Dolby Digital, DTS® nó a macasamhail, athraigh an socrú don fhormáid Fuaim Amach go Ilchainéal. Ligeann an socrú Ilchainéal don teilifís an comhartha fuaime ilchainéil comhbhrúite a sheoladh ó chainéal teilifíse nó seinnteoir nasctha go dtí an Córas Amharclainne Baile. Má tá Córas Amharclainne Baile agat nach bhfuil próiseáil fuaime ilchainéil aige, roghnaigh Steiréó.
Chun an fhormáid Fuaim Amach a shocrú. . .
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > Formáid Fuaim Amach.
3. Roghnaigh IlchainéalSteiréó.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.
Fuaim le torann ard
Má fhéachann tú ar fhíseán ó mhéaróg chuimhne USB atá plugáilte isteach nó ríomhaire nasctha, d'fhéadfadh an torann ó do Chóras Amharclainne Baile a bheith díchumtha.
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim >
Ardsocruithe > Formáid Fuaim Amach. Níl aon fhuaim ann
Mura bhfuil tú in ann an fhuaim ó do theilifís a chloisteáil ar do Chóras Amharclainne Baile, déan seiceáil do na rudaí seo a leanas: . .
- Seiceáil ar nasc tú an cábla HDMI le nasc HDMI 1 ar an gCóras Amharclainne Baile.
- Seiceáil an bhfuil an socrú HDMI ARC ar an teilifís casta Air. Téigh go dtí  > Suiteáil > Socruithe teilifíse > Fuaim > Ardsocruithe > HDMI1 -ARC.
3.6
Seinnteoir Diosca Blu-ray
Úsáid cábla HDMI ardluais chun an seinnteoir Diosca Blu-ray a nascadh leis an teilifís.
10
Má tá EasyLink HDMI CEC ag an seinnteoir Diosca Blu­ray, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse .
3.7
Seinnteoir DVD
Úsáid an HDMI cábla chun an seinnteoir DVD a nascadh leis an teilifís.
An Socrú is Fearr
Sula dtosóidh tú ag imirt cluiche ó chonsól cluiche nasctha, molaimid duit an teilifís a shocrú go dtí an socrú is fearr Cluiche.
Chun an teilifís a shocrú go dtí an socrú is fearr a fheileann…
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Pictiúr > Ardsocruithe > Stíl gníomhaíochta.
3. Roghnaigh Cluiche, RíomhaireTeilifís. Filleann an socrú Teilifís chuig na socruithe pictiúir chun féachaint ar an teilifís.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.
3.9
Diosca Crua USB
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá EasyLink CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na teilifíse.
3.8
Consól cluiche
HDMI
Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla HDMI Ardluais chun an caighdeán is fearr a fháil
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh teilifíse a chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don chraoladh teilifíse a bheith ina chraoladh digiteach (craoladh DVB nó a mhacasamhail).
Craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a laghad 32GB spás air.
Craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, teastaíonn ar a laghad 250GB spáis ar dhiosca.
Eolaire teilifíse
Sula ndéanfaidh tú an cinneadh Diosca Crua USB a cheannach chun taifeadtaí a dhéanamh, seiceáil an féidir cainéil teilifíse digití a thaifeadadh i do thír. Brúigh TV GUIDE ar an gcianrialtán. Má tá cnaipe chun Taifeadadh ar leathanach an Eolaire Teilifíse, is féidir leat taifeadadh.
Suiteáil
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú.
1. Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2. Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3. Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití,
11
brúigh  (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú.
Lean na treoracha ar an scáileán. Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.
Formáidiú
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach comhad ón Diosca Crua USB.
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta. Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le ríomhaire.
3.10
Méaróg USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha.
Cuir isteach méaróg chuimhne USB i gceann de na naisc USB ar an teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Aimsíonn an teilifís an méaróg USB agus osclaíonn sé liosta a thaispeánann a bhfuil air. Mura dtaispeántar liosta na n-ábhar go huathoibríoch, brúigh  SOURCES , roghnaigh USB agus brúigh OK.
Chun éirí as a bheith ag féachaint ar ábhar ón méaróg chuimhne USB, brúigh  EXIT nó roghnaigh gníomhaíocht eile. Chun an mhéaróg USB a dínascadh, is féidir leat an mhéaróg USB a tharraingt amach am ar bith.
3.11
Ceamthaifeadán - HDMI
Chun an caighdeán is fearr a fháil, úsáid cábla HDMI chun an camthaifeadán a nascadh leis an teilifís.
Chun Diosca Crua USB a fhormáidiú…
1. Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2. Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3. Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse digití, brúigh  (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú. Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág nasctha go buan é.
3.12
Ríomhaire
12
Nasc
Is féidir leat do ríomhaire a nascadh leis an teilifís agus an teilifís a úsáid mar mhonatóir ríomhaire.
Le HDMI
Úsáid cábla HDMI chun an ríomhaire a nascadh leis an teilifís.
DVI go HDMI
Mar rogha air sin, is féidir leat cuibheoir DVI go HDMI a úsáid chun an ríomhaire a nascadh le HDMI agus cábla fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5mm) le AUDIO IN L/R ar chúl na teilifíse.
3.13
Cluasáin
Taobh
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc  ar an teilifís. Is mion-seac 3.5mm an nasc. Is féidir leat airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.
Chun an airde fuaime a athrú. . .
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Fuaim > Airde fuaime cluasán agus brúigh OK.
3. Brúigh  (suas) nó  (síos) chun an airde fuaime a athrú.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.
An Socrú is Fearr
An socrú is fearr don mhonatóir
Má chuirtear do ríomhaire isteach sa roghchlár Foinse (liosta nasc) mar ghléas den chineál Ríomhaire, socraítear an teilifís don socrú is fearr Ríomhaire go huathoibríoch.
Má úsáideann tú do ríomhaire chun féachaint ar scannáin nó cluichí a imirt, b'fhéidir go mbeidh uait socrú na teilifíse a athrú ar ais go dtí an socrú is fearr chun féachaint ar chláir teilifíse nó cluichíochta.
Chun an teilifís a athrú go dtí an socrú is fearr de láimh. . .
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Pictiúr > Ardsocruithe > Stíl gníomhaíochta.
3. Roghnaigh Cluiche, RíomhaireTeilifís. Filleann an socrú Teilifís chuig na socruithe pictiúir chun féachaint ar an teilifís.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.
Ná déan dearmad an socrú Cluiche nó ríomhaire a chur ar ais go Ríomhaire nuair a éiríonn tú as imirt an chluiche.
13
4
Cas air
4.1
Air, Fuireachas nó As
Don tsraith 4100, 4200, 4101, 4111, 4201
Sula gcasfaidh tú an teilifís air, cinntigh go bhfuil an príomhlíonra cumhachta plugáilte isteach sa nascóir POWER ar chúl na teilifíse.
Chun an teilifís a chur ar Fuireachas nuair atá an solas táscaire casta as, brúigh an eochair bheag luamháin stiúrtha ar chúl na teilifíse. Lasfaidh an táscaire.
Nuair atá an teilifís i bhFuireachas, brúigh  ar an gcianrialtán chun an teilifís a chasadh air.
Athraigh go dtí fuireachas
Chun an teilifís a athrú go dtí Fuireachas, brúigh  ar an gcianrialtán.
Cas as
Chun an teilifís a chasadh As, brúigh an eochair luamháin stiúrtha. Casfar an solas táscaire as. Tá an teilifís nasctha leis an bpríomhlíonra cumhachta i gcónaí ach is beag fuinneamh atá á tomhailt aici.
Bain amach an pluga cumhachta chun an teilifís a chasadh as ar fad. Nuair a dínascann tú an pluga cumhachta, tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an seolán. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.
roimhe sin. Brúigh suas nó síos chun dul trí liosta na bhfoinsí, lena n-áirítear roghnú tiúnóra.
4. Imeoidh an roghchlár as amharc go huathoibríoch. Chun an teilifís a chasadh as, roghnaigh  agus brúigh
eochair an luamháin stiúrtha.
4.3
Uaineadóir codlata
Is féidir leat an teilifís a shocrú chun athrú go dtí an staid fuireachais go huathoibríoch tar éis tréimhse ama shainiúil leis an Amadóir Codlata.
Chun an t-uaineadóir codlata a shocrú. . .
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Uaineadóir codlata. Is féidir leat an t-am a shocrú ar feadh suas le 180 nóiméad in eatraimh de 5 nóiméad leis an mbarra sleamhnáin. Má shocraíonn tú an t-uaineadóir codlata go 0 nóiméad, castar as é. Is féidir leat i gcónaí do theilifís a chasadh as níos luaithe nó an t­am a athshocrú i rith an chomhairimh.
3. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.
4.4
Amadóir Casta As
Má fhaigheann an teilifís comhartha teilifíse ach mura mbrúfaidh tú méar ar an gcianrialtán i rith thréimhse 4 uair, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch chun fuinneamh a choigilt. Anuas air sin, mura bhfhaigheann an teilifís comhartha teilifíse nó ordú cianrialtáin ar feadh 10 nóiméad, casfaidh an teilifís as go huathoibríoch.
4.2
Eochracha ar theilifís (don tsraith 4100, 4200, 4101, 4111, 4201, 6300, 630)
Má tá an cianrialtán caillte agat, nó má tá a cheallraí caite, is féidir leat roinnt oibríochtaí bunúsacha teilifíse a dhéanamh i gcónaí.
Chun an roghchlár bunúsach a oscailt…
1. Agus an teilifís casta air agat, brúigh an eochair luamháin stiúrtha ar chúl na teilifíse chun an roghchlár bunúsach a oscailt.
2. Brúigh clé nó deas chun  Airde Fuaime, Cainéal nó  Foinsí a roghnú.
3. Brúigh suas nó síos chun an airde fuaime a athrú nó tiúnáil go dtí an chéad chainéal eile, nó an ceann
Má úsáideann tú an teilifís mar mhonatóir nó má úsáideann tú glacadóir digiteach chun féachaint ar an teilifís (Bosca bairr - STB) agus mura n-úsáideann tú cianrialtán na teilifíse, ba cheart duit an socrú chun an gléas a chasadh as go huathoibríoch a dhíghníomhachtú.
Chun an tAmadóir Casta As a dhíghníomhachtú …
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe teilifíse > Socruithe ginearálta > Cas Uaineadóir codlata as.
3. Brúigh  (suas) nó  (síos) chun an luach a athrú. Díghníomhachtóidh an luach 0 an casadh as uathoibríoch.
4. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.
14
5
Cianrialtán
5.1
Forbhreathnú ar na heochracha (Don tsraith 4000, 4100, 4200, 4101, 4111, 4201, 5210)
Barr
1.  SOURCES Chun an roghchlár Foinsí a oscailt nó a dhúnadh ­liosta na ngléasanna nasctha.
2. Eochracha dathanna Leanann feidhm na gcnaipí na treoracha ar an scáileán.
3.  INFO Chun eolas cláir a oscailt nó a dhúnadh.
1.  Ar Fuireachas / Air
Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go Fuireachas.
2. Eochracha Athsheanma
- Brúigh , chun athsheinm.
- Cuir ar sos , chun athsheinnt a chur ar sos
- Brúigh , chun athsheinnt a stopadh
- Brúigh , chun athochras.
- Brúigh , chun mearchasadh Brúigh , chun taifeadadh anois
3.  TV GUIDE Chun an tEolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.
4.  SETUP Chun an roghchlár Socruithe a oscailt.
5.  FORMAT Chun an roghchlár Formáid Pictiúir a oscailt nó a dhúnadh.
Lár
4.  BACK Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a roghnaigh tú roimhe sin. Chun roghchlár a dhúnadh gan socrú a athrú.
5.  HOME Chun an roghchlár Baile a oscailt nó a dhúnadh.
6.  EXIT Chun athrú ar ais d'fhéachaint teilifíse.
7.  OPTIONS Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.
8. Eochair OK Chun rogha nó socrú a dhearbhú.
9. Eochracha saighde/ nascleanúna Chun dul suas, síos, ar chlé nó ar dheas.
10.  LIST Chun an liosta cainéal a oscailt nó a dhúnadh.
Bun
15
1.  Airde fuaime Chun airde na fuaime a athrú.
2. Eochracha uimhreacha agus eochaircheap téacs Chun cainéal teilifíse a roghnú go díreach nó chun téacs a chur isteach.
3. SUBTITLE Chun fotheidil a chasadh air, as nó Uathoibríoch.
4.  Cainéal Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an cainéal roimhe sin, chun an chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin in Téacs/Teilithéacs a oscailt nó chun an chéad chaibidil eile nó an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú. Chun an chéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin a oscailt in Téacs/Teilithéacs. Chun an chéad chaibidil eile nó an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú.
5.  Balbhaigh
Chun an fhuaim a chasadh as, nó chun í a chasadh air arís.
6. TEXT Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.
5.4
Glanadh
Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán. Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais.
Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná glantóirí tí nó an cianrialtán.
5.2
Braiteoir IR
Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin ar aghaidh na teilifíse.
5.3
Ceallraí
1. Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léirítear ar an tsaighead.
2. Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra den chineál AAA-LR03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí + agus - de na ceallraí isteach i gceart.
3. Cuir doras na gceallraí ar ais.
4. Sleamhnaigh siar é go dtí go gcliceálann sé. Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid
agat ar feadh tréimhse fada. Faigh réidh le do sheancheallraí de réir na dtreoracha a thugtar maidir le deireadh úsáide.
16
6
6.2
Cainéil teilifíse
6.1
Liostaí Cainéal
Maidir le liostaí cainéal
Taispeánfar gach cainéal sa liosta cainéal i ndiaidh suiteáil cainéal. Taispeántar cainéil lena n-ainm agus a lógó má tá an fhaisnéis sin ar fáil.
Agus liosta cainéal roghnaithe, brúigh na saigheada  (suas) nó  (síos) chun cainéal a roghnú, ansin brúigh OK chun féachaint ar an gcainéal atá roghnaithe. Ní thiúnálann tú ach go dtí na cainéil atá sa liosta sin nuair atá na heochracha   nó   á n-úsáid agat.
Deilbhíní cainéal
Marcáltar cainéil nua le  (réiltín) i ndiaidh Uasdátú Cainéil Uathoibríoch ar an liosta cainéal. Má ghlasálann tú cainéal, marcálfar le  (glas) é.
Stáisiúin Raidió
Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin raidió dhigiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal raidió díreach ar an gcaoi chéanna is a athraíonn tú go cainéal teilifíse. Is iondúil go lonaíonn suiteáil cainéal Cábla (DVB-C) stáisiúin raidió ó uimhir cainéil 1001 ar aghaidh.
Ag féachaint ar chainéil teilifíse
Féachaint ar chainéil
Tiúnáil go dtí cainéal
Chun féachaint ar chainéil teilifíse, press . Tiúinfidh an teilfís go dtí an cainéal teilifíse ar fhéach tú go deireanach air.
Cainéil a athrú
- Chun cainéil a athrú, brúigh   nó  .
- Má tá uimhir an chainéil ar eolas agat, clóscríobh an uimhir leis na heochracha uimhreach. Brúigh OK tar éis an uimhir a chur isteach chun athrú láithreach.
Cainéil roimhe sin
- Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúináilte cheana féin, brúigh .
Liosta Cainéal
Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh LIST chun na liostaí cainéal a oscailt.
D'fhéadfadh roinnt leathanach le cainéil a bheith ar an liosta cainéal. Chun féachaint ar an gcéad leathanach eile nó an leathanach roimhe sin, brúigh  + nó  . Chun na liostaí cainéal a dhúnadh gan an cainéal a athrú, brúigh  LIST arís.
Liosta cainéal a oscailt
Chun an liosta cainéal reatha a oscailt…
1. Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.
2. Brúigh  LIST chun an liosta cainéal reatha a oscailt.
3. Brúigh  LIST arís chun an liosta cainéal a dhúnadh.
Liosta cainéal a scagadh
Is féidir leat liosta leis na cainéil ar fad a scagadh. Is féidir leat an liosta cainéal a shocrú chun díreach na cainéil teilifíse nó na stáisiúin Raidió a thaispeáint.
Chun scagaire a shocrú ar liosta a bhfuil gach cainéal air…
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an liosta cainéal a oscailt.
2. Brúigh  OPTIONS chun an roghchlár Roghanna oscailt.
3. Roghnaigh Liosta, ansin is féidir leat Gach Ceann,
Ceanáin, Raidió, agus Cainéil Nua a roghnú.
Cainéil raidió
Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin raidió dhigiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal raidió díreach ar an gcaoi chéanna is a athraíonn tú go cainéal teilifíse.
Cainéal a ghlasáil
Chun cainéal a ghlasáil agus a dhíghlasáil
Chun cosc a chur ar leanaí ó bheith ag féachaint ar chainéal nó ar chlár, is féidir leat cainéil a ghlasáil nó cláir a bhfuil rátáil aoise orthu a ghlasáil.
Is féidir leat cainéal a ghlasáil chun nach mbeidh leanaí in ann féachaint air. Chun féachaint ar chainéal atá glasáilte, ní mór duit an Cód Glais Leanaí a chur isteach. Ní féidir leat cláir a ghlasáil ó ghléasanna nasctha.
Chun cainéal a ghlasáil. . .
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an Liosta cainéal a oscailt.
2. In aon cheann de na liostaí, roghnaigh an cainéal a bhfuil uait é a ghlasáil.
17
3. Brúigh  OPTIONS agus roghnaigh Glasáil Cainéal. Marcáltar cainéal glasáilte le  i liosta cainéal.
Chun cainéal a dhíghlasáil, roghnaigh an cainéal atá glasáilte sa liosta cainéal, brúigh  OPTIONS , ansin roghnaigh Díghlasáil cainéal. Beidh ort an cód Glais Leanaí a chur isteach.
Rátáil tuismitheorií
Is féidir leat rátáil aoise a úsáid chun leanaí a stopadh ó bheith ag féachaint ar chlár nach bhfuil feiliúnach dá n-aois.
Tá rátáil aoise curtha ag roinnt craoltóirí digiteacha ar a gcuid clár. Nuair atá rátáil aoise cláir cothrom le nó níos airde ná an aois atá socraithe agat mar rátáil aoise do do leanbh, beidh an clár glasáilte. Ní mór duit an cód glais leanaí a chur isteach chun féachaint ar chlár atá glasáilte. Socraítear an rátáil aoise tuismitheora do gach cainéal.
Chun rátáil aoise a shocrú. . .
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe cainéil > Glas leanaí > Rátáil tuismitheora agus brúigh OK.
3. Cuir isteach Cód glais leanaí a bhfuil 4 digit ann. Cuir isteach Cód glais leanaí a bhfuil 4 digit ann agus dearbhaigh. Anois is féidir leat rátáil aoise a shocrú.
4. Socraigh an aois agus brúigh OK.
5. Brúigh , arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a dhúnadh.
6. Chun rátáil aoise tuismitheora a chasadh as, roghnaigh Gan aon aoismar shocrú aoise.
Iarrfaidh an teilifís ort an cód a chur isteach chun an clár a dhíghlasáil. Ní ghlasálann an teilifís ach cláir a bhfuil rátáil níos airde acu i gcás roinnt craoltóirí/oibritheoirí.
Chun an cód glais a shocrú nó a athrú
Chun an cód glais a shocrú nó chun an cód reatha a athrú. . .
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe cainéal > Glas leanaí > Athraigh cód agus brúigh OK.
3. Má tá cód socraithe cheana féin, cuir isteach an cód Glais Leanaí reatha agus ansin cuir isteach an cód nua faoi dhó.
Tá an cód nua socraithe.
An bhfuil do chód dearmadtha agat?
Chun an cód glais leanaí a shárú má tá sé dearmadtha agat agus ceann nua a chur isteach, cuir isteach 8888.
Roghanna Cainéal
Roghanna Oscailte
Agus tú ag féachaint ar chainéal, is féidir leat roinnt roghanna a shocrú.
Ag brath ar an gcineál cainéil a bhfuil tú ag féachaint air (analógach nó digiteach) nó ag brath ar na socruithe teilifíse atá déanta agat, tá roinnt roghanna ar fáil.
Chun roghchlár na roghanna a oscailt…
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh
OPTIONS .
2. Brúigh  OPTIONS arís chun é a dhúnadh..
Fotheidil agus teanga fotheideal
Cas As
Chun Fotheidil a chasadh air, brúigh SUBTITLE. Is féidir leat fotheidil a athrú go Fotheidil
As, Fotheidil air, nó Uathoibríoch. Uathoibríoch
Más faisnéis teanga cuid den chraoladh digiteach agus mura bhfuil an clár atá á chraoladh i do theanga (an teanga a socraíodh ar an teilifís), is féidir leis an teilifís fotheidil a thaispeáint go huathoibríoch i gceann amháin de na teangacha fotheideal atá roghnaithe agat. Ní mór do cheann amháin de na teangacha fotheideal sin a bheith ina cuid den chraoladh.
Is féidir leat na teangacha fotheideal is fearr leat a roghnú in Teanga Fotheideal.
Na teangacha fotheideal is fearr leat Fotheidil do chainéil dhigiteacha
Ní gá fotheidil a shocrú do chainéil dhigiteacha sa roghchlár Téacs. Is féidir le cainéil dhigiteacha roinnt teangacha fotheideal a thairiscint do chlár. Is féidir leat príomhtheanga fotheideal agus teanga thánaisteach a shocrú d'fhotheidil. Má tá fotheidil ar fáil i gceann de na teangacha sin, taispeánfaidh an teilifís iad. Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fotheideal is fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fotheideal eile atá ar fáil a roghnú.
Chun an phríomhtheanga fotheideal agus an teanga thánaisteach fotheideal a shocrú. . .
1. Brúigh  agus roghnaigh Suiteáil agus brúigh OK.
2. Roghnaigh Socruithe cainéal agus roghnaigh Teangacha.
3. Roghnaigh Teanga fotheideal phríomhúil
18
Loading...
+ 40 hidden pages